CAIBIDIL 6:POINTÍ OIRD AGUS TAIRISCINTÍ NÓS IMEACHTA
Riail 204:Tarchur ar ais chuig coiste
1.Féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad a iarraidh go ndéanfar tarchur ar ais chuig coiste nuair atá an clár oibre socraithe nó sula dtosaíonn an díospóireacht.
Tabharfar fógra don Uachtarán 24 huair an chloig ar a laghad roimh ré go bhfuil sé ar intinn tairiscint a thíolacadh ag iarraidh tarchur ar ais chuig coiste agus cuirfidh an tUachtarán an méid sin in iúl don Pharlaimint láithreach.
2.Ina theannta sin, féadfaidh grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairscint a thíolacadh ag iarraidh tarchur ar ais chuig coiste roimh an vótáil nó le linn na vótála. Déanfar vótáil láithreach ar thairiscint den sórt sin.
3.Ní fhéadfar tairiscint den sórt sin a dhéanamh ach uair amháin ag gach ceann de na céimeanna dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2.
4.Cuirfear an breithniú na míre ar fionraí nuair a tharchuirtear ar ais chuig coiste í.
5.Féadfaidh an Pharlaimint teorainn ama a shocrú don choiste le tuairisc a thabhairt ar a chuid conclúidí.