IARSCRÍBHINN II:CÓD IOMPAIR IOMCHUÍ DO NA FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS A gCÚRAIMÍ Á bhFEIDHMIÚ ACU
1.Agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu, caithfidh na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa le gach aon duine atá ag obair i bParlaimint na hEorpa le dínit, cúirtéis agus meas agus gan réamhchlaonadh nó idirdhealú.
2.Agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu, déanfaidh na Feisirí iad féin a iompar ar bhealach proifisiúnta agus ní mór dóibh staonadh, ina gcaidreamh leis an bhfoireann, go háirithe, ó theanga atá maslach, tarcaisneach, gránna nó idirdhealaitheach nó aon ghníomhaíochtaí eile atá mí-eiticiúil, dímheasúil nó neamhdhleathach.
3.Maidir leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm, rialacha inmheánacha na Parlaiminte nó an Cód seo, ní fhéadfaidh na Feisirí, trína ngníomhaíochtaí, an fhoireann a ghríosú nó a spreagadh chun iad a shárú, dul timpeall orthu nó neamhaird a dhéanamh díobh, ná ní ghlacfaidh siad le hiompar den sórt sin ó thaobh na foirne a bhfuil siad freagrach astu.
4.Agus é mar aidhm acu go bhfeidhmeoidh Parlaimint na hEorpa go héifeachtach, déanfaidh Feisirí a ndícheall a áirithiú, agus discréid iomchuí á feidhmiú acu, go ndéileálfar le haon easaontú nó coimhlint lena mbeidh baint ag an bhfoireann a bhfuil siad freagrach astu go pras, go cothrom agus go héifeachtach.
5.I gcás inar gá, comhoibreoidh Feisirí go pras agus go hiomlán leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun staideanna coimhlinte nó ciaptha (síceolaíoch nó gnéasach) a láimhseáil, lena n-áirítear freagairt go pras d'aon líomhaintí maidir le ciapadh. Ba cheart d’Fheisirí páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna speisialaithe a eagraítear dóibh a phléann le coimhlint agus ciapadh a chosc san áit oibre agus le dea-bhainistiú oifige.
6.Déanfaidh na Feisirí dearbhú a shíniú lena ndeimhneofar a dtiomantas an Cód seo a chomhlíonadh. Foilseofar gach dearbhú, is cuma má shínítear é nó mura sínítear, ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
7.Ní fhéadfar Feisirí nár shínigh an dearbhú a bhaineann leis an gCód seo a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte nó dá cuid comhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar rapóirtéir ná ní fhéadfaidh siad a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíochtaí idir-institiúideacha.