TEIDEAL I:FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 2:OIFIGIGH NA PARLAIMINTE
Riail 16:Toghadh an Uachtaráin – aitheasc tosaigh
(1)
1.Déanfar na hainmniúcháin don Uachtarán a thabhairt don Fheisire atá sa chathaoir go sealadach de bhua Riail 14 agus fógróidh seisean nó sise don Pharlaimint iad. Más rud é, tar éis trí bhallóid, nach mbeidh tromlach glan de na vótaí a chaitear faighte ag aon iarrthóir, ní bheidh sa cheathrú ballóid, de mhaolú ar Riail 15(1), ach an bheirt Fheisirí a fuair an líon is airde vótaí sa tríú ballóid. I gcás comhionannas vótaí, dearbhófar gurb é nó í an t-iarrthóir is sine atá tofa.
2.A luaithe a thoghtar an tUachtarán, fágfaidh an Feisire atá sa chathaoir go sealadach de bhua Riail 14 an chathaoir. Is é an tUachtarán tofa amháin a fhéadfaidh aitheasc tosaigh a thabhairt.