Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach-Samhain 2023
EPUB159kPDF726k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA
leagan a thiocfaidh i bhfeidhm an 16 Iúil 2024PDF

TEIDEAL I:FEISIRÍ, COMHLACHTAÍ PARLAIMINTE AGUS GRÚPAÍ POLAITIÚLA
CAIBIDIL 2:OIFIGIGH NA PARLAIMINTE

Riail 17:Toghadh na Leas-Uachtarán

1.Déanfar na Leas-Uachtaráin a thoghadh ansin ar bhallóid aonair. Maidir leis na daoine sin, suas go dtí ceithre dhuine dhéag, arb iad na daoine iad a gheobhaidh tromlach glan de na vótaí a chaitear ar an gcéad bhallóid, dearbhófar iad a bheith tofa in ord uimhriúil a gcuid vótaí. I gcás ina bhfuil an líon iarrthóirí a thoghtar níos lú ná an líon suíochán atá le líonadh, seolfar an dara ballóid faoi na coinníollacha céanna chun na suíocháin atá fágtha a líonadh. Má tá gá le tríú ballóid, is leor tromlach coibhneasta chun na suíocháin atá fágtha a líonadh. I gcás comhionannas vótaí, dearbhófar gurb é nó í an t-iarrthóir is sine atá tofa.

2.Faoi réir fhorálacha Riail 20(1), beidh tosaíocht ag na Leas-Uachtaráin san ord ina dtoghtar iad agus, i gcás comhionannas vótaí, de réir aoise.

I gcás ina dtoghtar d'aon gháir na Leas-Uachtaráin, tionólfar ballóid rúnda chun a n-ord tosaíochta a chinneadh.

An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais