Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach-Samhain 2023
EPUB159kPDF726k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA
leagan a thiocfaidh i bhfeidhm an 16 Iúil 2024PDF

TEIDEAL VI:CAIDREAMH LE PARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA

Riail 150:Malartú faisnéise, teagmhálacha agus saoráidí cómhalartacha

1.Déanfaidh an Pharlaimint parlaimintí náisiúnta na mBallstát a choimeád ar an eolas go rialta faoina cuid gníomhaíochtaí.

2.Déanfar eagrú agus cur chun cinn éifeachtúil tráthrialta an chomhair idirpharlaimintigh san Aontas, de bhun Airteagal 9 den Phrótacal Uimh.1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a chaibidil ar bhonn sainordú a thabharfaidh Comhdháil na nUachtarán, tar éis di dul i gcomhairle le Comhdháil Chathaoirligh na gCoistí.

Déanfaidh an Pharlaimint aon chomhaontuithe ar nithe den sórt sin a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i Riail 148.

3.Féadfaidh coiste dul i mbun cainteanna díreacha leis na parlaimintí náisiúnta ar leibhéal coiste, ach sin laistigh de theorainneacha na leithreasaí buiséadacha a bheidh curtha i leataobh chun na críche sin. D’fhéadfadh cineálacha cuí comhair réamhreachtaigh agus iar-reachtaigh a bheith i gceist leis sin.

4.Déanfar aon doiciméad a bhaineann le nós imeachta reachtach ar leibhéal an Aontais agus a tharchuirfidh parlaimint náisiúnta go hoifigiúil chuig Parlaimint na hEorpa, a chur ar aghaidh chuig an gcoiste atá freagrach as an ábhar a ndéileáiltear leis sa doiciméad sin.

5.Féadfaidh Comhdháil na nUachtarán sainordú a thabhairt don Uachtarán chun dul i mbun caibidlíocht faoi shaoráidí do pharlaimintí náisiúnta na mBallstát, ar bhonn cómhalartach, agus aon bhearta eile a mholadh chun teagmháil leis na parlaimintí náisiúnta sin a éascú.

An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais