CAIBIDIL 3:RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE SUÍONNA A SHEOLADH
Riail 173:Ráitis phearsanta
1.Aon Fheisirí a iarrann ráiteas pearsanta a dhéanamh, tabharfar éisteacht dóibh ag deireadh an phlé ar an mír den chlár oibre a bhfuiltear ag déileáil léi nó nuair atá miontuairiscí an tsuí lena mbaineann an iarraidh ar chead labhartha á mbreithniú lena bhformheas.
Ní fhéadfaidh na Feisirí labhairt ar nithe substainteacha ach teorannóidh siad a gcuid barúlacha do fhrisnéis a dhéanamh maidir le haon ráiteas a rinneadh faoina bpearsa le linn na díospóireachta nó maidir le haon tuairimí a cuireadh ina leith, nó do cheartúchán a dhéanamh maidir le haon bharúlacha a thug siad féin.
2.Mura rud é go gcinnfidh an Pharlaimint a mhalairt, ní bheidh aon ráiteas pearsanta níos faide ná trí nóiméad.