1.I gcás ina dtarlaíonn comhionannas vótaí faoi Riail 182(1)(b) nó (d), tarchuirfear an téacs ina iomláine ar ais chuig an gcoiste. Beidh feidhm aige sin freisin maidir le vótálacha faoi Riail 3 agus faoi Riail 9.
2.I gcás ina dtarlaíonn comhionannas vótaí maidir le téacs a raibh vótáil dheighilte le déanamh air, faoi Riail 185, measfar an téacs a bheith arna ghlacadh.
3.I ngach cás eile ina dtarlaíonn comhionannas vótaí, measfar an téacs nó an togra a bheith diúltaithe, ach sin gan dochar do na Rialacha sin a éilíonn tromlach cáilithe.
I gcás ina bhfuil comhionannas vótaí ann i ndáil le dréachtmholadh faoi Riail 149(4) gan idirghabháil a dhéanamh in imeachtaí os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tá Riail 189(3) le léirmhíniú ar bhealach nach gciallaíonn comhionannas den sórt sin go bhfuil moladh glactha ar dá réir gur cheart don Pharlaimint idirghabháil a dhéanamh sna himeachtaí sin. I gcás den sórt sin, measfar nach mbeidh aon mholadh curtha in iúl ag an gcoiste freagrach.
Féadfaidh an tUachtarán vótáil, ach ní bheidh vóta réitigh ag an té sin.