1.Ag an gcéad chruinniú de chuid coiste tar éis cheapadh chomhaltaí an choiste de bhun Riail 209, agus arís dhá bhliain go leith ina dhiaidh sin, toghfaidh an coiste biúró a bheidh comhdhéanta de Chathaoirleach agus de Leas-Chathaoirligh as measc a lánchomhaltaí i mballóidí ar leithligh. Ar bhonn togra ó Chomhdháil na nUachtarán, cinnfidh an Pharlaimint líon na Leas-Chathaoirleach a bheidh le toghadh. Ní mór go léireodh comhdhéanamh bhiúró gach coiste éagsúlacht na Parlaiminte; ní bheidh sé incheadaithe biúró a bheith ann ar fir iad na comhaltaí uile nó ar mná iad na comhaltaí uile nó ní bheidh sé incheadaithe gur ón mBallstát céanna na comhaltaí uile den bhiúró.
2.I gcás an líon ainmniúchán a bheith comhionann leis an líon suíochán atá le líonadh, déanfar na hiarrthóirí a thoghadh d'aon gháir. Má tá níos mó ná iarrthóir amháin ar bhallóid áirithe, áfach, nó má lorgaíonn comhaltaí nó grúpa polaitiúil nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an tairseach ard ar a laghad sa choiste vóta, déanfar an toghchán le ballóid rúnda.
Mura bhfuil ach aon iarrthóir amháin ann, gnóthófar an toghchán le tromlach glan de na vótaí a chaitear agus áirítear sna vótaí sin na vótaí a chaitear i bhfabhar an iarrthóra agus na vótaí a chaitear i gcoinne an iarrthóra.
Má tá níos mó ná aon iarrthóir amháin ann, toghfar an t-iarrthóir a fhaigheann tromlach glan de na vótaí a chaitear sa chéad bhallóid. Ag an dara ballóid, is é an t-iarrthóir a fhaigheann an líon is airde vótaí a thoghfar. I gcás comhionannas vótaí a bheith ann, toghfar an t-iarrthóir is sine.
3.Beidh feidhm
mutatis mutandis maidir le coistí ag na Rialacha seo a leanas a bhaineann le hOifigigh na Parlaiminte: Riail 14 (Cathaoirleach sealadach), Riail 15 (Ainmniúcháin agus forálacha ginearálta), Riail 16 (Toghadh an Uachtaráin - aitheasc tosaigh), Riail 19 (Téarma oifige na nOifigeach) agus Riail 20 (Folúntais).