Comhaontú AE-na hIorua: lamháltais a mhodhnú ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2025 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta1994 um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) a bhaineann le lamháltais a mhodhnú ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (13817/2023 – C10-0189/2024 – )
(մǾú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13817/2023),
–ag féachaint don dréacht-Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ríocht na hIorua de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta1994 um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) a bhaineann le lamháltais a mhodhnú ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (13818/2023),
–ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal218(6), an dara fomhír, pointe(a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C10-0189/2024),
–ag féachaint do Riail107(1) agus(4), agus do Riail117(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
–ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0017/2025),
1.ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Ríocht na hIorua.