ú reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Aibreán 2018 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 87/217/CEE ón gComhairle, Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 86/278/CEE ón gComhairle agus Treoir 94/63/CE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta i réimse an tuairiscithe comhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 91/692/CEE ón gComhairle ( – C8-0526/2016 – )
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (),
–ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0526/2016),
–ag féachaint d’Airteagal294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Feabhra 2017(1),
–tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
–ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 69f(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 13 Nollaig 2017 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, de réir Airteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0253/2017),
1.ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2.á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig an bParlaimint arís má chuireann sé téacs eile in ionad a thogra, má leasaíonn sé go suntasach é nó má tá sé ar intinn aige é a leasú go suntasach;
3.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Aibreán 2018 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2018/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ▌agus Treoracha 94/63/CE agus 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 86/278/CEE agus ir 87/217/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha nós imeachta i réimse an tuairiscithe comhshaoil agus lena n-aisghairtear Treoir 91/692/CEE ón gComhairle
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2018/853.)