Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0377/2018

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0377/2018

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV29/11/2018-8.6

Téacsanna arna nglacadh :

P8_TA(2018)0471

Téacsanna atá glactha
PDF137kWORD53k
Déardaoin, 29 Samhain 2018-Brussels
An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh: iarratas - CECD/2018/003 EL/Attica publishing
P8_TA(2018)0471A8-0377/2018
ú
í󾱲Բ

ú ó Pharlaimint na hEorpa an 29 Samhain 2018 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a úsáid iarratas ón nGréig – EGF/2018/003 EL/Attica publishing) ( – C8-0430/2018 – )

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ( – C8‑0430/2018),

–ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh.1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17Nollaig2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh.1927/2006(1) (Rialachán maidir le CECD),

–ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh.1311/2013 ón gComhairle an 2Nollaig2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020(2), agus go háirithe Airteagal 12 de,

–ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais(3) (IIA an 2Nollaig2013), agus go háirithe pointe13 de,

–ag féachaint don nós imeachta tríthaobhach dá bhforáiltear i bpointe13 de IIA an 2Nollaig2013,

–ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

–ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A8-0377/2018),

A.de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair;

B.de bhrí gur cheart cúnamh airgeadais an Aontais d’oibrithe arna gcur ar iomarcaíocht a bheith dinimiciúil agus gur cheart é a chur ar fáil chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir;

C.de bhrí gur chuir an Ghréig isteach iarratas CED/2018/003 EL/Attica publishing, ar iarratas é ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, de dheasca 550 iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi Rannán NACE 58 Athbhreithniú 2 (Gníomhaíochtaí foilsitheoireachta) sa réigiún leibhéal 2 NUTS in Attica (EL30) na Gréige.

D.de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(1)(b) den Rialachán maidir le CED, lena gceanglaítear 500 oibrí ar a laghad a bheith curtha ar iomarcaíocht le linn thréimhse thagartha naoi mí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna arna sainiú ar leibhéal na rannán de NACE Athbhreithniú 2 agus iad lonnaithe i réigiún amháin nó in dhá réigiún chomhtheagmhálacha nó níos mó arna sainiú ag NUTS leibhéal 2 ar choinníoll go bhfuil níos mó ná 500 oibrí thíos leis an iomarcaíocht in dhá cheann de na réigiúin le chéile i mBallstát amháin;

1.Ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal4(1)(b) den Rialachán maidir le CED comhlíonta agus go bhfuil an Ghréig i dteideal ranníocaíocht airgeadais de EUR2308500 faoin Rialachán sin, arb ionann an méid sin agus 60% den chostas iomlán de EUR3847500;

2.Ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Gréige an t-iarratas isteach an 22 Bealtaine 2018, agus i ndiaidh don Ghréig faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 4 Deireadh Fómhair 2018 agus gur thug sé fógra don Pharlaimint faoi an lá céanna; an spriocdháta 12 sheachtain a urramú;

3.Ag tabhairt dá haire go n-áitíonn an Ghréig go bhfuil nasc idir na hiomarcaíochtaí agus an ghéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, go háirithe a héifeachtaí ar gheilleagar na Gréige, lena n-áirítear laghdú ar OTI iarbhír per capita, dífhostaíocht atá ag dul i méid, tuarastail atá ag laghdú agus ioncam teaghlaigh laghdaithe rud, mar aon le héabhlóid dhigiteach thapa agus ciorruithe ar chaiteachas fógraíochta a rinne fógróirí tábhachtacha, atá ag athrú na hearnála foilsitheoireachta ó bhun; ag tabhairt dá haire go bhfuil an earnáil ag tabhairt aghaidh ar laghdú in ioncaim fógraíochta agus in ioncam ó dhíolacháin;

4.Ag meabhrú go meastar go mbeidh tionchar díobhálach suntasach ar an ngeilleagar áitiúil de dheasca na n-iomarcaíochtaí a tharla i dtrí fhiontar atá ag oibriú in earnáil foilsitheoireachta na Gréige, agus go bhfuil nasc ag an tionchar a bhí ag an leagan as foirne leis na deacrachtaí a bhaineann le hath-imlonnú mar gheall ar an nganntanas post, easpa cúrsaí gairmoiliúna a chomhfhreagraíonn do riachtanais shainaitheanta sa mhargadh saothair agus leis an líon ard cuardaitheoirí poist;

5.Cuireann sí i bhfáth le himní go bhfuil réigiún Attica ina sciar mór de dhífhostaíocht agus de dhífhostaíocht fhadthéarmach sa Ghréig, áit ina bhfuil an dífhostaíocht fós ard;

6.Ag meabhrú gurb é seo an dara hiarratas ón nGréig ar ranníocaíocht airgeadais ó CED maidir le hiomarcaíochtaí in earnáil ghníomhaíochtaí foilsitheoireachta Attica, tar éis iarratas CECD/2014/018 in 2014 agus cinneadh dearfach ina leith(4);

7.Ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 550 oibrí a fágadh iomarcach, ar mná iad líon mór acu sin (41.82%); ag tabhairt dá haire ina theannta sin go bhfuil 14.73% de na hoibrithe iomarcacha os cionn 55 bliana d’aois agus go bhfuil 1.6% faoi bhun 30 bliain d’aois; ag aithint, i bhfianaise an fhíorais sin, a thábhachtaí atá bearta gníomhacha sa mhargadh saothair arna gcómhaoiniú ag CED chun cur leis na deiseanna do na grúpaí leochaileacha sin ath-imeascadh sa mhargadh saothair;

8.Is díol sásaimh di go léirítear leis an tairiscint maidir le hoiliúint phleanáilte an méid a foghlaimíodh ó chur i bhfeidhm CED-2014-018 GR/Attica a bhfuil rátaí lánpháirtíochta maithe bainte amach aige de réir na meastóireachta leanúnaí;

9.Tugann sí dá haire nach bhfuil bearta beartaithe maidir le daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEET) in ainneoin go bhfuil rátaí NEET fós ar leibhéil airde sa Ghréig;

10.Cuireann sí i dtreis go bhfuil liúntais airgeadais ag brath ar rannpháirtíocht ghníomhach na dtairbhithe spriocdhírithe agus is féidir leo a bheith mar fhíordhreasacht maidir le comhthéacs eacnamaíoch sonrach na Gréige.

11.Tugann sí dá haire go bhfuil liúntais airgeadais agus dreasachtaí, i.e. dreasachtaí fruilithe, liúntais cuardaigh poist agus liúntais oiliúna gar don uasmhéid de 35% a leagtar amach i Rialachán CED;

12.Ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ghréig ag beartú cúig chineál gníomhaíochta do na hoibrithe iomarcacha a thagann faoin iarratas seo: (i) gairmthreoir agus cúnamh cuardaigh poist; (ii) oiliúint, athoiliúint agus gairmoiliúint i gcomhréir le riachtanais an mhargaidh saothair; (iii) ranníocaíocht do ghnólacht nuathionscanta; (iv) liúntas cuardaigh poist agus liúntas oiliúna; (v) dreasachtaí fruilithe;

13.Ag aithint gur dréachtaíodh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le hionadaithe Cheardchumann Iriseoirí na Nuachtán Laethúil san Aithin (ΕΣΗΕΑ), Ceardchumann Fhostaithe na Nuachtán Laethúil san Aithin (ΕΠΗΕΑ) agus an Aireacht Saothair;

14.Ag cur i dtreis go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Gréige nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais agus go gcoiscfear aon mhaoiniú dúbailte;

15.Ag meabhrú gur cheart, i gcomhréir le hAirteagal7 de Rialachán CED, pacáiste comhordaithe na seirbhísí pearsantaithe a leagan amach ar bhealach a chuireann san áireamh na forbairtí ionchais agus na scileanna riachtanacha ionchais ar an margadh saothair amach anseo agus gur cheart go mbeadh an Pacáiste i gcomhréir leis an aistriú i dtreo geilleagar inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de;

16.Ag athdhearbhú nár cheart go gcuirfí cúnamh ó CED in ionad gníomhaíochtaí atá faoi chúram cuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, ná in ionad bearta chun cuideachtaí nó earnálacha a athstruchtúrú agus ag fáiltiú roimh dheimhniú na Gréige dá réir sin;

17.Á iarraidh ar an gCoimisiún na húdaráis náisiúnta a ghríosú le níos mó mionsonraí a chur ar fáil, i dtograí amach anseo, maidir leis na hearnálacha lena mbaineann ionchais fáis agus ar dócha, dá bhrí sin, go bhfostófaí daoine iontu, mar aon le sonraí cuí-réasúnaithe a bhailiú maidir le tionchar mhaoiniú CED, lena n-áirítear ar cháilíocht na bpost agus ar an ráta ath-imeasctha arna bhaint amach trí CED;

18.Ag meabhrú a hachainí ar an gCoimisiún rochtain phoiblí a áirithiú ar na doiciméid ar fad a bhaineann le cásanna CED;

19.Ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

20.Á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

21.Á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh, lena n-áirítear an í󾱲Բ, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO L347, 20.12.2013, lch.884.
(3) IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
(4) Cinneadh (AE)2015/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Aibreán 2015 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a úsáid (iarratas CECD/2014/018 GR/Attica broadcasting ón nGréig) (IO L 106, 24.4.2015, lch.29-30).


鳧Í

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leas a bhaint as an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú tar éis iarratas ón nGréig – EGF/2018/003 EL/Attica publishing

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2019/275.)

An nuashonrú is déanaí: 6 Feabhra 2020Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais