Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Eanáir 2020 maidir le fíorú na ndintiúr ()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint d’Airteagail10(1), 14(2) agus 14(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
–ag féachaint d’Ionstraim an 20Meán Fómhair1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20Meán Fómhair1976(1), arna leasú agus athuimhriú le Cinneadh 2002/772/CE, Euratom ón gComhairle an 25Meitheamh2002 agus an 23Meán Fómhair2002(2),
–ag féachaint dá Cinneadh2005/684/CE, Euratom an 28Meán Fómhair2005 lena nglactar Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa(3), go háirithe Airteagail2(1) agus 3(1) de,
–ag féachaint do Threoir93/109/CE ón gComhairle an 6Nollaig1993 lena leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir leis an gceart chun vótáil agus seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa a fheidhmiú do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad(4), arna leasú le Treoir2013/1/AE ón gComhairle an 20Nollaig2012(5),
–ag féachaint do Threoir2013/312/AE ón gComhairle Eorpach an 28Meitheamh2013 lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa(6) agus do Chinneadh (AE)2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28Meitheamh2018 lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa(7),
–ag féachaint do bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 7Iúil2005, an 30Aibreán2009 agus an 19Nollaig2019(8),
–ag féachaint do na fógraí oifigiúla ó údaráis inniúla na mBallstát maidir le torthaí na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa,
–ag féachaint do chinneadh an 13Meitheamh2019 ó Junta Electoral Central na Spáinne lena bhfógraítear na hiarrthóirí a toghadh do Pharlaimint na hEorpa sna toghcháin a reáchtáladh an 26Bealtaine2019 agus a foilsíodh in Boletín Oficial del Estado an 14Meitheamh2019(9);
–ag féachaint do Rialacha3, 4 agus 11 agus d’íԲ I a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0015/2020),
A.de bhrí, de bhun Airteagal12 d’Ionstram an 20Meán Fómhair1976, go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa dintiúir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a fhíorú agus chun na críche sin go dtabharfaidh sí dá haire na torthaí arna ndearbhú go hoifigiúil ag na Ballstáit agus go dtabharfaidh sí rialú ar aon díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn as forálacha Ionstraim1976 seachas na díospóidí sin a eascraíonn as na forálacha náisiúnta dá dtagraítear in Ionstraim1976;
B.de bhrí go ndearna na Ballstáit uile fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa maidir le hainmneacha a bhFeisirí tofa de bhun Riail3(1) de na Rialacha Nós Imeachta, níor cuireadh na hainmneacha go léir in iúl;
C.de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal3 de Chinneadh2013/312/AE ón gComhairle Eorpach an 28Meitheamh2013 agus Airteagal3(2) de Chinneadh (AE)2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28Meitheamh2018, gurb é 54 faoi láthair an líon ionadaithe i bParlaimint na hEorpa atá leithdháilte ar an Spáinn, cé nach luaitear san fhógra ó údaráis inniúla na Spáinne ach 51ainm; de bhrí, ar bhonn chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh(10) agus i gcomhréir le hAirteagal12 d’Ionstraim an20 Meán Fómhair1976, go dtugann Parlaimint na hEorpa dá haire cinneadh an 13Meitheamh2019 ó Junta Electoral Central lena bhfógraítear na hiarrthóirí a toghadh do Pharlaimint na hEorpa sna toghcháin a reáchtáladh an 26Bealtaine2019 agus a foilsíodh in Boletín Oficial del Estado an 14Meitheamh2019 chun críche liosta de na Feisirí tofa a bhunú; de bhrí, dá bhrí sin, gurb é 54líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a toghadh sa Spáinn;
D.de bhrí go bhféadfaí agóidí i gcoinne toghadh roinnt Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a bhreithniú sna Ballstáit i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta agus go bhféadfaí toghadh na bhFeisirí lena mbaineann a neamhniú mar thoradh ar na himeachtaí sin;
E.de bhrí go raibh roinnt Ballstát déanach ag cur ar aghaidh na liostaí d’aon chomhaltaí ionaid, mar aon lena rangú i gcomhréir le torthaí na vótála, mar a éilítear faoi Riail3(3) de na Rialacha Nós Imeachta, agus gurb ann do Bhallstáit eile nár chuir liostaí den sórt sin ar aghaidh in aon chor;
F.de bhrí, i gcomhréir le Riail3(3) de na Rialacha Nós Imeachta, nach féidir bailíocht sainordú Feisire de Pharlaimint na hEorpa a dheimhniú mura ndearnadh an dearbhú i scríbhinn maidir le heaspa aon oifige neamhréirí agus an dearbhú i scríbhinn maidir le leasanna airgeadais a éilítear faoi Riail3 de na Rialacha Nós Imeachta agus faoi íԲI a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta a thíolacadh;
G.de bhrí go leagtar amach go soiléir in Airteagal7(1) agus (2) d'Ionstraim 1976 na hoifigí atá ar neamhréir le hoifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa;
H.de bhrí, faoi Riail11 de na Rialacha Nós Imeachta agus faoi íԲI a ghabhann leo, go n-éilítear ar gach Feisire de Pharlaimint na hEorpa dearbhú mionsonraithe a thabhairt maidir leis na hítimí seo a leanas: (a) a shlite beatha nó a slite beatha le linn na tréimhse trí bliana sula ndeachaigh sé nó sí i mbun oifig le Parlaimint na hEorpa, agus a chomhaltas nó a comhaltas le linn na tréimhse sin d’aon bhoird nó d’aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó comhlachtaí eile arna mbunú leis an dlí; (b) aon tuarastal a fhaigheann an Feisire chun sainordú a fheidhmiú i bparlaimint eile; (c) aon ghníomhaíocht rialta a bhfaigheann an Feisire luach saothair ina leith de bhreis ar ghníomhaíocht a ghabhann sé nó sí air nó uirthi féin agus a oifig nó a hoifig á feidhmiú aige nó aici, bíodh sin mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe; (d) comhaltas d’aon bhoird nó d’aon choistí cuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachas nó aon comhlachtaí eile arna mbunú leis an dlí, nó d’aon ghníomhaíocht ábhartha sheachtrach eile a ghabhann an Feisire air nó uirthi féin, bíodh luach saothair ag dul leis nó ná bíodh; (e) aon ghníomhaíocht sheachtrach ócáideach ar luach saothair, má théann iomlán an luach saothair ar ghníomhaíochtaí seachtracha ócáideacha uile an Fheisire thar EUR5000 i mbliain féilire áirithe; (f) aon sealúchas in aon chuideachta nó in aon chomhpháirtíocht, ar ina leith a d’fhéadfadh impleachtaí a bheith ann ó thaobh beartas poiblí de nó i gcás ina dtugtar leis an sealúchas sin tionchar suntasach don Fheisire i leith ghnóthaí an chomhlachta lena mbaineann; (g) aon tacaíocht, cibé tacaíocht airgeadais nó tacaíocht ó thaobh foirne nó ábhair de, de bhreis ar an tacaíocht sin a sholáthraíonn Parlaimint na hEorpa agus ar tacaíocht í a thugann tríú páirtithe don Fheisire i ndáil lena chuid nó lena cuid gníomhaíochtaí polaitiúla, agus déanfar céannacht na dtríú páirtithe sin a nochtadh; (h) aon leasanna eile airgeadais a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar chomhlíonadh dhualgais an Fheisire. I gcás gach ceann de na hítimí sin, éilítear ar an bhFeisire a léiriú, i gcás inarb iomchuí, an bhfuil nó nach bhfuil luach saothair ag dul leis, agus maidir le hítimí (a), (c), (d), (e) agus (f), léireoidh an Feisire an chatagóir ábhartha ioncaim; de bhrí go bhfoilsítear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa;
I.de bhrí go bhfuil sainordú na n-ionadaithe arna dtoghadh sa Ríocht Aontaithe bunaithe ar a ballraíocht san Aontas Eorpach; de bhrí, mar thoradh agus de bhua Airteagal3(2), an tríú fomhír de Chinneadh (AE)2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28Meitheamh2018, go dtiocfaidh deireadh go huathoibríoch le sainordú na bhFeisirí sin de Pharlaimint na hEorpa má bhíonn éifeacht ó thaobh an dlí de le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus ar an lá a bheidh éifeacht dhlíthiúil leis;
J.de bhrí, de bhua na bhforálacha céanna de Chinneadh (AE)2018/937 ón gComhairle Eorpach, nach mbeidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach ina cúis le folúntas faoi Airteagal13 d’Ionstraim1976 agus faoi Riail4 de na Rialacha Nós Imeachta agus, dá réir sin, go mbeidh deireadh go huathoibríoch le sainordú na n-ionadaithe arna dtoghadh sa Ríocht Aontaithe agus gan gá lena dhearbhú ag Parlaimint na hEorpa;
K.de bhrí, i gcás tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, gur leagadh síos le Cinneadh (AE)2018/937 ón gComhairle Eorpach líon na n-ionadaithe i bParlaimint na hEorpa in aghaidh an Bhallstáit tar éis don tarraingt siar teacht i bhfeidhm agus gurb é a bheidh mar thoradh air go líonfaidh ionadaithe ó roinnt Ballstát na suíocháin bhreise de thoradh líon na suíochán arna leithdháileadh de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír d’Airteagal3(2) den Chinneadh sin;
L.de bhrí go ndearna roinnt Ballstát dlíthe nó rialacháin a ghlacadh lena leagtar síos na coinníollacha maidir le toghcháin le liostaí trasnáisiúnta a eagrú;
M.de bhrí gur féidir an ceart chun vótáil ina mBallstát dúchais a bhaint de náisiúnaigh Ballstát áirithe a bhí ina gcónaí i dtír eile ar feadh tréimhse áirithe (an ceart vótála a bhaint); de bhrí i gcásanna áirithe go bhféadfadh sé freisin go gcaillfí an ceart chun seasamh mar iarrthóir;
1.á dhearbhú, faoi réir aon chinntí ó na húdaráis inniúla a bhféadfadh torthaí an toghcháin a bheith faoi dhíospóid os a gcomhair, go bhfuil sainordú na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa atá liostaithe san íԲ a ghabhann leis an gcinneadh seo bailí;
2.á iarraidh an athuair ar na húdaráis inniúla náisiúnta, ní hamháin ainmneacha uile na n-iarrthóirí tofa a chur in iúl di go mear ach ainmneacha aon chomhaltaí ionaid a chur ar aghaidh freisin, mar aon lena rangú i gcomhréir le torthaí na vótála, agus ag tathant orthu siúd nach ndearna na fógraí ábhartha sin a thabhairt go dtí seo déanamh amhlaidh gan mhoill;
3.á iarraidh ar údaráis inniúla na mBallstát an t-imscrúdú ar na díospóidí féideartha a tarchuireadh chucu a thabhairt chun críche gan mhoill, agus na torthaí a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh go ndéanfar meastóireacht thrédhearcach ar stiúradh na dtoghchán Eorpach;
4.á aithint go dtiocfaidh deireadh go huathoibríoch le sainordú na n-ionadaithe arna dtoghadh sa Ríocht Aontaithe má bhíonn éifeacht ó thaobh an dlí de le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus ar an lá a mbeidh éifeacht dhlíthiúil leis;
5.sa chás sin, ag súil go dtabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát fógraí ábhartha gan moill iomchuí chun na suíocháin bhreise a líonadh;
6.á mheas go bhfuil tionchar ionchasach díspreagthach ag an gceart vótála a bhaint ar na saoránaigh ar mian leo an ceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú laistigh den Aontas Eorpach (Airteagal20(2)(a) CFAE) agus go bhfuil iarmhairtí aige do na saoránaigh sin a rinne an ceart céanna a fheidhmiú; á mheas go ndéanann an ceart vótála a bhaint prionsabal na vótála comhchoitinne a shárú (Airteagal14(3) CAE agus Airteagal1(3) d’Ionstraim 1976); thairis sin, á chur in iúl gur údair imní di na cásanna ina gcuirtear bac ar shaoránaigh a gcearta vótála a fheidhmiú de bharr easpa soiléireachta na nósanna imeachta, lena n-áirítear i ndáil le liostaí vótála, ceanglais maidir le láithreacht fhisiceach, nó na deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar an bhfaisnéis is gá ó na Ballstáit chun a gcearta vótála a fheidhmiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach bhféadfaidh in imthosca ar bith feidhm a bheith ag an gceart vótála a bhaint nó ag ceanglais a chuireann bac go díréireach ar chearta vótála a fheidhmiú maidir leis na toghcháin Eorpacha, agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh aon cheann de na Ballstáit foráil i leith na féidearthachta sin;
7.á iarraidh ar na Ballstáit arb iontu a d’fhéadfadh fadhbanna den sórt sin teacht chun cinn simpliú a dhéanamh ar na foirmiúlachtaí clárúcháin a bhaineann le rannpháirtíocht náisiúnach Ballstát eile sna toghcháin Eorpacha, bíodh sin mar vótálaithe nó mar iarrthóirí, go háirithe trí dheireadh a chur le bacainní riaracháin nach bhfuil gá leo chun go mbeidh na cearta dá dtagraítear faoi Airteagal20(2)(a) agus (b) CFAE éifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh cleachtais na mBallstát dlí an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh;
8.á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig na húdaráis inniúla náisiúnta agus chuig parlaimintí na mBallstát.
Le Pen v Parlaimint na hEorpa, C-208/03, AE:C:2005:429; an Iodáil agus Donnici v Parlaimint na hEorpa, C-393/07 agus C-9/08, AE:C:2009:275: agus Junqueras Vies, C-502/19, AE:C:2019:1115.
IARSCRÍBHINN: Liosta d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa a ndearbhaítear a sainordú a bheith bailí
(2Iúil2019)
an Bheilg (21 Fheisire)
ANNEMANS Gerolf
ARENA Maria
ARIMONT Pascal
BOTENGA Marc
BOURGEOIS Geert
BRICMONT Saskia
CHASTEL Olivier
DE MAN Filip
DE SUTTER Petra
FRANSSEN Cindy
KANKO Assita
LAMBERTS Philippe
LUTGEN Benoît
PEETERS Kris
RIES Frédérique
TARABELLA Marc
VAN BREMPT Kathleen
VAN OVERTVELDT Johan
VANDENDRIESSCHE Tom
VAUTMANS Hilde
VERHOFSTADT Guy
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Bhulgáir (17 bhFeisire)
ADEMOV Asim
ALEXANDROV YORDANOV Alexander
ALIEVA-VELI Atidzhe
DZHAMBAZKI Angel
HRISTOV Ivo
KANEV Radan
KOVATCHEV Andrey
KYUCHYUK Ilhan
MAYDELL Eva
MIHAYLOVA Iskra
NOVAKOV Andrey
PENKOVA Tsvetelina
RADEV Emil
SLABAKOV Andrey
STANISHEV Sergei
VITANOV Petar
YONCHEVA Elena
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
Poblacht na Seice (21 Fheisire)
BLAŠKO Hynek
CHARANZOVÁ Dita
DAVID Ivan
DLABAJOVÁ Martina
GREGOROVÁ Markéta
HLAVÁČEK Martin
KNOTEK Ondřej
KOLAJA Marcel
KONEČNÁ Kateřina
KOVAŘÍK Ondřej
MAXOVÁ Radka
NIEDERMAYER Luděk
PEKSA Mikuláš
POLČÁK Stanislav
POSPÍŠIL Jiří
ŠOJDROVÁ Michaela
TOŠENOVSKÝ Evžen
VONDRA Alexandr
VRECIONOVÁ Veronika
ZAHRADIL Jan
ZDECHOVSKÝ Tomáš
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Danmhairg (13 Fheisire)
AUKEN Margrete
CHRISTENSEN Asger
FUGLSANG Niels
GADE Søren
KOFOD Peter
LØKKEGAARD Morten
MELCHIOR Karen
PETER-HANSEN Kira Marie
PETERSEN Morten
SCHALDEMOSE Christel
VILLUMSEN Nikolaj
VIND Marianne (*)
WEISS Pernille
(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 2Iúil2019, i.e. an dáta a sonraíodh san fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Marianne VIND, Uas. in ionad Jeppe KOFOD, Uas., a ndearna údaráis náisiúnta na Danmhairge fógra a thabhairt an 27Meitheamh2019 i leith a chinnidh dul i mbun oifig Aire de chuid rialtas na Danmhairge agus dá thoradh sin, gan a shainordú mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a thionscnamh.
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Ghearmáin (96 Fheisire)
ANDERSON Christine
ANDRESEN Rasmus
BARLEY Katarina
BECK Gunnar
BEER Nicola
BENTELE Hildegard
BERG Lars Patrick
BERGER Stefan
BISCHOFF Gabriele
BLOSS Michael
BOESELAGER Damian
BREYER Patrick
BUCHHEIT Markus
BUCHNER Klaus
BULLMAN Udo
BURKHARDT Delara
BUSCHMANN Martin
BÜTIKOFER Reinhard
CASPARY Daniel
CAVAZZINI Anna
DEMIREL Özlem
DEPARNAY-GRUNENBERG Anna
DOLESCHAL Christian
DÜPONT Lena
EHLER Christian
ERNST Cornelia
EROGLU Engin
ERTUG Ismail
FERBER Markus
FEST Nicolaus
FRANZ Romeo
FREUND Daniel
GAHLER Michael
GEBHARDT Evelyne
GEESE Alexandra
GEIER Jens
GEUKING Helmut
GIEGOLD Sven
GIESEKE Jens
GLÜCK Andreas
HAHN Henrike
HAHN Svenja
HÄUSLING Martin
HERBST Niclas
HERZBERGER-FOFANA Pierrette
HOHLMEIER Monika
JAHR Peter
KAMMEREVERT Petra
KELLER Ska
KÖRNER Moritz
KÖSTER Dietmar
KRAH Maximilian
KREHL Constanze
KUHS Joachim
LAGODINSKY Sergey
LANGE Bernd
LANGENSIEPEN Katrin
LIESE Peter
LIMMER Sylvia
LINS Norbert
MARQUARDT Erik
McALLISTER David
MEUTHEN Jörg
MICHELS Martina
MORTLER Marlene
MÜLLER Ulrike
NEUMANN Hannah
NEUSER Norbert
NIEBLER Angelika
NIENASS Niklas
NOICHL Maria
OETJEN Jan-Christoph
PAULUS Jutta
PIEPER Markus
RADTKE Dennis
REIL Guido
REINTKE Terry
SCHIRDEWAN Martin
SCHNEIDER Christine
SCHOLZ Helmut
SCHULZE Sven
SCHUSTER Joachim
SCHWAB Andreas
SEEKATZ Ralf
SEMSROTT Nico
SIMON Sven
SIPPEL Birgit
SONNEBORN Martin
VERHEYEN Sabine
VON CRAMON-TAUBADEL Viola
VOSS Axel
WALSMANN Marion
WEBER Manfred
WIELAND Rainer
WÖLKEN Tiemo
ZIMNIOK Bernhard
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Eastóin (6 Fheisire)
ANSIP Andrus
KALJURAND Marina
MADISON Jaak
MIKSER Sven
PAET Urmas
TOOM Yana
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
Éire (11 Fheisire)
CARTHY Matt
CUFFE Ciarán
DALY Clare
FITZGERALD Frances
FLANAGAN Luke Ming
KELLEHER Billy
KELLY Seán
McGUINNESS Mairead
O’SULLIVAN Grace
WALLACE Mick
WALSH Maria
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Ghréig (21 Fheisire)
ANDROULAKIS Nikos
ARVANITIS Konstantinos
ASIMAKOPOULOU Anna-Michelle
FRAGKOS Emmanouil (*)
GEORGOULIS Alexis
KAILI Eva
KEFALOGIANNIS Manolis
KOKKALIS Petros
KONSTANTINOU Athanasios
KOULOGLOU Stelios
KOUNTOURA Elena
KYMPOUROPOULOS Stelios
KYRTSOS Georgios
LAGOS Ioannis
MEIMARAKIS Vangelis
NIKOLAOU-ALAVANOS Lefteris
PAPADAKIS Kostas
PAPADIMOULIS Dimitrios
SPYRAKI Maria
VELOPOULOS Kyriakos (**)
VOZEMBERG-VRIONIDI Elissavet
ZAGORAKIS Theodoros
(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 10Iúil2019, i.e. dáta an fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Emmanouil FRAGKOS, Uas. in ionad Kyriakos VELOPOULOS, Uas.
(**) Tháinig deireadh le sainordú Kyriakos VELOPOULOS, Uas. an 6Iúil2019.
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Spáinn (54 Fheisire)
AGUILAR Mazaly
AGUILERA Clara
ARIAS ECHEVERRÍA Pablo
BARRENA ARZA Pernando
BAUZÁ DÍAZ José Ramón
BENJUMEA BENJUMEA Isabel
BILBAO BARANDICA Izaskun
BUXADÉ VILLALBA Jorge
CAÑAS Jordi
del CASTILLO VERA Pilar
DURÁ FERRANDIS Estrella (*)
ESTARÀS FERRAGUT Rosa
FERNÁNDEZ Jonás
GÁLVEZ MUÑOZ Lina
GARCÍA DEL BLANCO Ibán
GARCÍA-MARGALLO Y MARFIL José Manuel
GARCÍA MUÑOZ Isabel
GARCÍA PÉREZ Iratxe
GARDIAZABAL RUBIAL Eider
GARICANO Luis
GONZÁLEZ Mónica Silvana
GONZÁLEZ CASARES Nicolás
GONZÁLEZ PONS Esteban
HOMS GINEL Alicia
LÓPEZ Javi
LÓPEZ AGUILAR Juan Fernando
LÓPEZ GIL Leopoldo
LÓPEZ-ISTÚRIZ WHITE Antonio
LUENA César
MAESTRE MARTÍN DE ALMAGRO Cristina
MALDONADO LÓPEZ Adriana
MILLÁN MON Francisco José
MONTSERRAT Dolors
MORENO SÁNCHEZ Javier
NART Javier
PAGAZAURTUNDÚA Maite
PINEDA Manu
REGO Sira
RIBA I GINER Diana
RODRÍGUEZ PALOP Eugenia
RODRÍGUEZ-PIÑERO Inma
RODRÍGUEZ RAMOS María Soraya
RUIZ DEVESA Domènec
SÁNCHEZ AMOR Nacho
SOLÍS PÉREZ Susana
TERTSCH Hermann
URBÁN CRESPO Miguel
URTASUN Ernest
VILLANUEVA RUIZ Idoia
ZARZALEJOS Javier
ZOIDO ÁLVAREZ Juan Ignacio
(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 2Iúil2019 de bhun an fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Estrella DURÁ FERRANDIS, Uas. in ionad Josep BORRELL FONTELLES, Uas., a thréig a shuíochán an 26Meitheamh2019 agus nach ndearna na dearbhuithe is gá a thíolacadh chun a dhintiúir a fhíorú.
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Fhrainc (74 Fheisire)
ALFONSI François
ANDRIEU Eric
ANDROUËT Mathilde
AUBRY Manon
BARDELLA Jordan
BAY Nicolas
BEIGNEUX Aurelia
BELLAMY François-Xavier
BIJOUX Stéphane
BILDE Dominique
BITEAU Benoît
BOMPARD Manuel
BOYER Gilles
BRUNA Annika
BRUNET Sylvie
CANFIN Pascal
CARÊME Damien
CHABAUD Catherine
CHAIBI Leïla
COLIN-OESTERLÉ Nathalie
COLLARD Gilbert
CORMAND David
DANJEAN Arnaud
DECERLE Jérémy
DELBOS-CORFIELD Gwendoline
DELLI Karima
DIDIER Geoffroy
DURAND Pascal
EVREN Agnès
FARRENG Laurence
GARRAUD Jean-Paul
GLUCKSMANN Raphaël
GRISET Catherine
GRUDLER Christophe
GUETTA Bernard
GUILLAUME Sylvie
HAYER Valerie
HORTEFEUX Brice
JADOT Yannick
JALKH Jean-François
JAMET France
JORON Virginie
JUVIN Herve
KARLESKIND Pierre
KELLER Fabienne
LALUCQ Aurore
LAPORTE Hélène
LARROUTUROU Pierre
LEBRETON Gilles
LECHANTEUX Julie
LOISEAU Nathalie
MARIANI Thierry
MAUREL Emmanuel
MÉLIN Joëlle
MORANO Nadine
OLIVIER Philippe
OMARJEE Younous
PELLETIER Anne-Sophie
PIRBAKAS Maxette
RIQUET Dominique
RIVASI Michèle
RIVIÈRE Jérôme
ROOSE Caroline
ROUGÉ André
SANDER Anne
SATOURI Mounir
SÉJOURNÉ Stéphane
TOLLERET Irène
TOUSSAINT Marie
TRILLET-LENOIR Véronique
VEDRENNE Marie-Pierre
YENBOU Salima
YON-COURTIN Stéphanie
ZACHAROPOULOU Chrysoula
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Chróit (11 Fheisire)
BORZAN Biljana
FLEGO Valter
GLAVAK Sunčana (*)
KOLAKUŠIĆ Mislav
MATIĆ Predrag Fred
PICULA Tonino
RESSLER Karlo
SINČIĆ Ivan Vilibor
SOKOL Tomislav
ŠUICA Dubravka (**)
TOMAŠIĆ Ruža
ZOVKO Željana
(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 1 Nollaig2019, an dáta a sonraíodh san fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Sunčana GLAVAK, Uas. in ionad Dubravka ŠUICA, Uas.
tháinig deireadh le sainordú Dubravka ŠUICA, Uas. an 30Samhain2019.
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
An Iodáil (73 Fheisire)
ADINOLFI Isabella
ADINOLFI Matteo
BALDASSARRE Simona
BARTOLO Pietro
BASSO Alessandra
BEGHIN Tiziana
BENIFEI Brando
BERLUSCONI Silvio
BIZZOTTO Mara
BONAFÈ Simona
BONFRISCO Anna
BORCHIA Paolo
CALENDA Carlo
CAMPOMENOSI Marco
CAROPPO Andrea
CASANOVA Massimo
CASTALDO Fabio Massimo
CECCARDI Susanna
CHINNICI Caterina
CIOCCA Angelo
CONTE Rosanna
CORRAO Ignazio
COZZOLINO Andrea
D’AMATO Rosa
DANTI Nicola (*)
DA RE Gianantonio
DE CASTRO Paolo
DONATO Francesca
DORFMANN Herbert
DREOSTO Marco
EVI Eleonora
FERRANDINO Giuseppe
FERRARA Laura
FIDANZA Carlo
FIOCCHI Pietro
FITTO Raffaele
FURORE Mario
GANCIA Gianna
GEMMA Chiara
GIARRUSSO Dino
GRANT Valentino
GUALMINI Elisabetta
GUALTIERI Roberto (**)
LANCINI Danilo Oscar
LIZZI Elena
MAJORINO Pierfrancesco
MARTUSCIELLO Fulvio
MILAZZO Giuseppe
MORETTI Alessandra
PANZA Alessandro
PATRICIELLO Aldo
PEDICINI Piernicola
PICIERNO Pina
PIGNEDOLI Sabrina
PISAPIA Giuliano
PROCACCINI Nicola
REGIMENTI Luisa
RINALDI Antonio Maria
ROBERTI Franco
RONDINELLI Daniela
SALINI Massimiliano
SARDONE Silvia
SASSOLI David Maria
SMERIGLIO Massimiliano
STANCANELLI Raffaele
TAJANI Antonio
TARDINO Annalisa
TINAGLI Irene
TOIA Patrizia
TOVAGLIERI Isabella
VUOLO Lucia
ZAMBELLI Stefania
ZANNI Marco
ZULLO Marco
(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 5MeánFómhair2019, an dáta a sonraíodh san fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Nicola DANTI, Uas. in ionad Roberto GUALTIERI, Uas.
(**) Tháinig deireadh le sainordú Roberto GUALTIERI, Uas. an 4Meán Fómhair2019.
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Chipir (6 Fheisire)
CHRISTOFOROU Lefteris
FOURLAS Loukas
GEORGIOU Giorgios
KIZILYÜREK Niyazi
MAVRIDES Costas
PAPADAKIS Demetris
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Laitvia (8 bhFeisire)
AMERIKS Andris
IJABS Ivars
KALNIETE Sandra
MELBĀRDE Dace
UŠAKOVS Nils
VAIDERE Inese (*)
ZĪLE Roberts
ŽDANOKA Tatjana
(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 2Iúil2019 de bhun an fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Inese VAIDERE, Uas. in ionad Valdis DOMBROVSKIS, Uas., a thréig a shuíochán roimh thús an 9ú Téarma Parlaiminteach agus nach ndearna na dearbhuithe is gá a thíolacadh chun a dhintiúir a fhíorú.
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Liotuáin (11 Fheisire)
AUŠTREVIČIUS Petras
BLINKEVIČIŪTĖ Vilija
JAKELIŪNAS Stasys
JUKNEVIČIENĖ Rasa
KUBILIUS Andrius
MALDEIKIENĖ Aušra
MAŽYLIS Liudas
OLEKAS Juozas
ROPĖ Bronis
TOMAŠEVSKI Valdemar
USPASKICH Viktor
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
Lucsamburg (6 Fheisire)
ANGEL Marc (*)
GOERENS Charles
HANSEN Christophe
METZ Tilly
SCHMIT Nicolas (**)
SEMEDO Monica
WISELER-LIMA Isabel
(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 10Nollaig2019, an dáta a sonraíodh san fhógra oifigiúil ó na húdaráis náisiúnta maidir le toghadh Marc ANGEL, Uas. in ionad Nicolas SCHMIT, Uas.
(**) Tháinig deireadh le sainordú Nicolas SCHMIT, Uas. an 30Samhain2019.
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Ungáir (21 Fheisire)
ARA-KOVÁCS Attila
BOCSKOR Andrea
CSEH Katalin
DELI Andor
DEUTSCH Tamás
DOBREV Klára
DONÁTH Anna Júlia
GÁL Kinga
GYÖNGYÖSI Márton
GYŐRI Enikő
GYÜRK András
HIDVÉGHI Balázs
HÖLVÉNYI György
JÁRÓKA Lívia
KÓSA Ádám
MOLNÁR Csaba
RÓNAI Sándor
SZÁJER József
TÓTH Edina
TRÓCSÁNYI László
UJHELYI István
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
Málta (6 Fheisire)
AGIUS SALIBA Alex
CASA David
CUTAJAR Josianne
DALLI Miriam
METSOLA Roberta
SANT Alfred
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Ísiltír (26 Fheisire)
AZMANI Malik
BERENDSEN Tom
CHAHIM Mohammed
van DALEN Peter
EICKHOUT Bas
EPPINK Derk Jan
HAZEKAMP Anja
HUITEMA Jan
JONGERIUS Agnes Maria
de LANGE Esther
LENAERS Jeroen
MANDERS Antonius
NAGTEGAAL Caroline
PIRI Kati
RAFAELA Samira
ROOKEN Rob
ROOS Rob
RUISSEN Bert-Jan
SCHREIJER-PIERIK Annie
SCHREINEMACHER Liesje
van SPARRENTAK Kim
STRIK Tineke
TANG Paul
TAX Vera
in 't VELD Sophia
WOLTERS Lara (*)
(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 4 Iúil2019, an dáta a sonraíodh ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Lara WOLTERS, Uas. in ionad Frans TIMMERMANS, Uas., nach ndearna na dearbhuithe is gá a thíolacadh chun a dhintiúir a fhíorú agus a roghnaigh fanacht i seilbh oifig an Choimisinéara Eorpaigh.
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Ostair (18 bhFeisire)
BERNHUBER Alexander
EDTSTADLER Karoline (*)
GAMON Claudia
HAIDER Roman
HEIDE Hannes
KARAS Othmar
MANDL Lukas
MAYER Georg
REGNER Evelyn
SCHIEDER Andreas
SCHMIEDTBAUER Simone
SIDL Günther
THALER Barbara
VANA Monika
VILIMSKY Harald
VOLLATH Bettina
WIENER Sarah
WINZIG Angelika
(*) tháinig deireadh le sainordú Karoline EDTSTADLER, Uas. an 6 Eanáir 2020.
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
An Pholainn (51 Fheisire)
ADAMOWICZ Magdalena
ARŁUKOWICZ Bartosz
BALT Marek Paweł
BELKA Marek
BIEDROŃ Robert
BIELAN Adam
BRUDZIŃSKI Joachim Stanisław
BUZEK Jerzy
CIMOSZEWICZ Włodzimierz
CZARNECKI Ryszard
DUDA Jarosław
FOTYGA Anna
FRANKOWSKI Tomasz
HALICKI Andrzej
HETMAN Krzysztof
HÜBNER Danuta Maria
JAKI Patryk
JARUBAS Adam
JURGIEL Krzysztof
KALINOWSKI Jarosław
KARSKI Karol
KEMPA Beata
KLOC Izabela-Helena
KOHUT Łukasz
KOPACZ Ewa
KOPCIŃSKA Joanna
KRASNODĘBSKI Zdzisław
KRUK Elżbieta
KUŹMIUK Zbigniew
LEGUTKO Ryszard Antoni
LEWANDOWSKI Janusz
LIBERADZKI Bogusław
ŁUKACIJEWSKA Elżbieta Katarzyna
MAZUREK Beata
MILLER Leszek
MOŻDŻANOWSKA Andżelika Anna
OCHOJSKA Janina
OLBRYCHT Jan
PORĘBA Tomasz Piotr
RAFALSKA Elżbieta
RZOŃCA Bogdan
SARYUSZ-WOLSKI Jacek
SIKORSKI Radosław
SPUREK Sylwia
SZYDŁO Beata
THUN UND HOHENSTEIN Róża
TOBISZOWSKI Grzegorz
WASZCZYKOWSKI Witold Jan
WIŚNIEWSKA Jadwiga
ZALEWSKA Anna
ZŁOTOWSKI Kosma
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Phortaingéil (21 Fheisire)
AMARO Álvaro
CARVALHAIS Isabel (*)
CARVALHO Maria de Graça
CERDAS Sara
DIONÍSIO BRADFORD André Jorge (**)
FERNANDES José Manuel
FERREIRA João
GUERREIRO Francisco
GUSMÃO José
LEITÃO MARQUES Maria Manuel
MARQUES Margarida
MARQUES Pedro
MATIAS Marisa
MELO Nuno
MONTEIRO DE AGUIAR Cláudia
PEREIRA Lídia
PEREIRA Sandra
PIZARRO Manuel
RANGEL Paulo
SANTOS Isabel
SILVA PEREIRA Pedro
ZORRINHO Carlos
(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 3Meán Fómhair2019, dáta an fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Isabel CARVALHAIS, Uas. in ionad André Jorge DIONÍSIO BRADFORD, Uas..
Tháinig deireadh le sainordú André Jorge DIONÍSIO BRADFORD, Uas. an 18 Iúil 2019.
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Rómáin (32 Fheisire)
ARMAND Clotilde
AVRAM Carmen
BĂSESCU Traian
BENEA Adrian-Dragoş
BLAGA Vasile
BOGDAN Ioan-Rareş
BOTOŞ Vlad-Marius
BUDA Daniel
BUŞOI Cristian-Silviu
CIOLOŞ Dacian
CIUHODARU Tudor
CREŢU Corina
FALCĂ Gheorghe
GHINEA Cristian
GRAPINI Maria
HAVA Mircea-Gheorghe
MANDA Claudiu
MARINESCU Marian-Jean
MOTREANU Dan-Ştefan
MUREȘAN Siegfried
NICA Dan
NISTOR Gheorghe-Vlad (*)
PÎSLARU Dragoş
PLUMB Rovana
ŞTEFĂNUȚĂ Nicolae
STRUGARIU Ramona
TERHEŞ Cristian
TOMAC Eugen
TUDORACHE Dragoş
TUDOSE Mihai
VĂLEAN Adina-Ioana (**)
VINCZE Loránt
WINKLER Iuliu
(*) Sainordú bailí le héifeacht ón 2Nollaig2019, an dáta a sonraíodh san fhógra ón údarás inniúil náisiúnta maidir le toghadh Gheorghe-Vlad NISTOR, Uas. in ionad Adina-Ioana VĂLEAN, Uas.
(**) Tháinig deireadh le sainordú Adina-Ioana VĂLEAN, Uas. an 30 Samhain 2019.
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an tSlóivéin (8 bhFeisire)
BOGOVIČ Franc
BRGLEZ Milan
FAJON Tanja
GROŠELJ Klemen
JOVEVA Irena
NOVAK Ljudmila
TOMC Romana
ZVER Milan
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an tSlóvaic (13 Fheisire)
BEŇOVÁ Monika
BILČÍK Vladimír
ČÍŽ Miroslav
ĎURIŠ NICHOLSONOVÁ Lucia
HAJŠEL Robert
HOJSÍK Martin
JURZYKA Eugen
POLLÁK Peter
RADAČOVSKÝ Miroslav
ŠIMEČKA Michal
ŠTEFANEC Ivan
UHRÍK Milan
WIEZIK Michal
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Fhionlainn (13 Fheisire)
HAKKARAINEN Teuvo
HAUTALA Heidi
HEINÄLUOMA Eero
HUHTASAARI Laura
KATAINEN Elsi
KUMPULA-NATRI Miapetra
MODIG Silvia
NIINISTÖ Ville
PEKKARINEN Mauri
PIETIKÄINEN Sirpa
SARVAMAA Petri
TORVALDS Nils
VIRKKUNEN Henna
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an tSualainn (20 Feisire)
AL-SAHLANI Abir
BERGKVIST Erik
BJÖRK Malin
DANIELSSON Johan
FEDERLEY Fredrick
FRITZON Heléne
GUTELAND Jytte
HOLMGREN Pär
INCIR Evin
KARLSBRO Karin
KOKALARI Arba
KUHNKE Alice
LEGA David
LUNDGREN Peter
POLFJÄRD Jessica
SKYTTEDAL Sara
STEGRUD Jessica
TOBÉ Tomas
WARBORN Jörgen
WEIMERS Charlie
FEISIRÍ DE PHARLAIMINT NA hEORPA DE RÉIR AN BHALLSTÁIT
(2Iúil2019)
an Ríocht Aontaithe (73 Fheisire)
AINSLIE Scott
ALLARD Christian
ANDERSON Martina
BEARDER Catherine
BENNION Phil
BROPHY Jane
BULL David
BULLOCK Jonathan
BUNTING Judith
CHOWNS Ellie
CORBETT Richard
DANCE Seb
DAUBNEY Martin Edward
DAVIES Chris
DE LUCY Belinda
DHAMIJA Dinesh
DODDS Diane
DOWDING Gina
ENGLAND KERR Andrew
EVANS Jill
FARAGE Nigel
FORMAN Lance
FOX Claire
GIBSON Barbara Ann
GILL Nathan
GILL Neena
GLANCY James Alexander
GRIFFIN Theresa
HABIB Ben
HANNAN Daniel
HARRIS Lucy Elizabeth
HEAVER Michael
HOOK Anthony
HORWOOD Martin
HOWARTH John
JONES Jackie
JORDAN Christina Sheila
KIRTON-DARLING Jude
LONG Naomi
LONGWORTH John
LOWE Rupert
MAGID Magid
McINTYRE Anthea
McLEOD Aileen
MOBARIK Nosheena
MOHAMMED Shaffaq
MONTEITH Brian
MORAES Claude
MUMMERY June Alison
NETHSINGHA Lucy
NEWTON DUNN Bill
OVERGAARD NIELSEN Henrik
PALMER Rory
PATTEN Matthew
PHILLIPS Alexandra Lesley
PHILLIPS Alexandra Louise Rosenfield
PORRITT Luisa
PUGH Jake
REES-MOGG Annunziata Mary
RITCHIE Sheila
ROWETT Catherine
ROWLAND Robert
SCOTT CATO Molly
SMITH Alyn (*)
STEDMAN-BRYCE Louis
TENNANT John David Edward
TICE Richard
VAN ORDEN Geoffrey
VOADEN Caroline
VON WIESE Irina
WARD Julie
WELLS James
WIDDECOMBE Ann
(*) Tháinig deireadh le sainordú Alyn Smith, Uas. an 12 Nollaig 2019.