Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
Na doiciméid roghnaithe :

Téacsanna arna gcur síos :

RC-B9-0063/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV19/01/2023-7.4
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0015

Téacsanna atá glactha
PDF134kWORD51k
Déardaoin, 19 Eanáir 2023-Strasbourg
Binse a bhunú maidir le coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine
P9_TA(2023)0015RC-B9-0063/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Eanáir 2023 maidir le binse a bhunú i dtaca le coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine ()

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an Úcráin agus an Rúis, go háirithe dóibh sin an 19 Bealtaine 2022 maidir leis an gcomhrac i gcoinne saoirse ó phionós i gcás coireanna cogaidh san Úcráin(1) agus an 23 Samhain 2022 maidir le Cónaidhm na Rúise a aithint mar urraitheoir stáit ar an sceimhlitheoireacht(2),

–ag féachaint do Dhearbhú Londain an 13 Eanáir 1942,

–ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,

–ag féachaint do Rúin 3314 (XXIX) ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 14 Nollaig 1974 maidir leis an Sainmhíniú ar Fhogha, agus 377 (V) (an rún ‘Aontú ar son na Síochána’) an 3 Samhain 1950,

–ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC), go háirithe Airteagal 8 bis de agus do Leasuithe Kampala maidir le Coir an Fhogha ina leith agus do Chomhaontú 2006 idir ICC agus an tAontas Eorpach maidir le comhar agus cúnamh,

–ag féachaint do rúin 2433 (2022), 2436 (2022), 2463 (2022) agus 2473 (2022) ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa,

–ag féachaint don ordú ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta an 16Márta2022 maidir le Líomhaintí maidir le Cinedhíothú faoin gCoinbhinsiún maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Phionósú,

–ag féachaint don rún dar teideal ‘The Russian Federation’s war of aggression against Ukraine and its people, and its threat to security across the OSCE region’ [Cogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a muintire, agus a bagairt ar an tslándáil ar fud réigiún ESCE] a glacadh ag an 29ú seisiún bliantúil de Thionól Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE) ón 2 go dtí an 6 Iúil 2022,

–ag féachaint do ráiteas comhpháirteach ó Airí Gnóthaí Eachtracha na hEastóine, na Laitvia agus na Liotuáine, an 16 Deireadh Fómhair 2022, inar iarradh go mbunófaí binse speisialta i ndáil le coir an fhogha in aghaidh na hÚcráine,

–ag féachaint do rúin an 2 Márta 2022 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe dar teideal ‘Fogha i gcoinne na hÚcráine’ agus do rún uaidh an 12 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Iomláine chríochach na hÚcráine: prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a chosaint’,

–ag féachaint do rúin ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Samhain 2022 dar teideal ‘Tuarascáil ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta’ agus an 14 Samhain 2022 dar teideal ‘Leighis agus cúiteamh a chur chun cinn i leith fogha i gcoinne na hÚcráine’,

–ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 20 agus 21 Deireadh Fómhair 2022 agus an 15 Nollaig 2022,

–ag féachaint don ráiteas ó Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen an 30 Samhain 2022 maidir le cuntasacht na Rúise agus úsáid sócmhainní reoite na Rúise, ar ráiteas é ina ndéanann sí tagairt don ghá atá le cúirt speisialaithe a bhunú chun coir an fhogha a rinne an Rúis i gcoinne na hÚcráine a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus ar thacaigh na Náisiúin Aontaithe leis, agus do ráitis ardleibhéil lena mbaineann ina dhiaidh sin ón nGearmáin, ón bPolainn agus ó thíortha eile;

–ag féachaint do Riail132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.de bhrí, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta, go bhfuil ceannasacht chomhionann ag gach stát agus nach mór dóibh staonadh ina gcaidreamh idirnáisiúnta ó fhorneart a bhagairt nó a úsáid i gcoinne iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil aon stáit;

B.de bhrí, ó mhí Feabhra 2014 i leith, gur fhógair an Rúis cogadh foghach neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar i gcoinne na hÚcráine, ar cogadh é a athsheoladh an 24 Feabhra 2022 le hionradh ollmhór ar an Úcráin;

C.de bhrí gurb ionann cogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus sárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe, ar phrionsabail bhunúsacha an dlí idirnáisiúnta agus ar chomhaontuithe idirnáisiúnta éagsúla, amhail Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, Cairt Pháras le haghaidh Eoraip Nua agus Meabhrán Bhúdaipeist;

D.de bhrí, le linn an ama sin, go ndearna fórsaí na Rúise ionsaithe neamh-idirdhealaitheacha ar limistéir chónaithe agus ar bhonneagar sibhialtach, gur mharaigh siad na mílte sibhialtach ón Úcráin agus go ndearna siad gníomhartha sceimhlitheoireachta ar fud na tíre lenar díríodh ar bhonneagar sibhialtach;

E.de bhrí gur dúnmharaíodh na mílte sibhialtach, lena n-áirítear leanaí, cheana féin agus go ndearnadh go leor eile díobh a chéasadh, a chiapadh, a fhuadach nó a easáitiú le lámh láidir nó go ndearnadh ionsaí gnéis orthu; de bhrí go bhfuil neamhaird iomlán á tabhairt ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta leis an iompar mídhaonnachtúil sin ó fhórsaí na Rúise agus óna seach-ionadaithe;

F.de bhrí go léiríonn na hainghníomhartha a tuairiscíodh a rinne fórsaí armtha na Rúise in Bucha, Irpin agus mórán bailte eile san Úcráin le linn fhorghabháil na Rúise brúidiúlacht an chogaidh atá á chur ag Cónaidhm na Rúise ar an Úcráin agus go gcuireann siad béim ar an tábhacht atá le gníomhaíocht chomhordaithe ar bhonn idirnáisiúnta chun cuntasacht i leith choir an fhogha agus na sáruithe uile ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a shuí;

G.de bhrí, an 30 Meán Fómhair 2022, go ndearna an Rúis a hionghabháil ar na réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia de chuid na hÚcráine, atá faoi fhorghabháil i bpáirt ag an Rúis, a dhearbhú go haontaobhach;

H.de bhrí go bhfuil Cónaidhm na Rúise aitheanta ag Parlaimint na hEorpa agus ag go leor parlaimintí agus tionól náisiúnta mar urraitheoir stáit ar an sceimhlitheoireacht agus mar stát a úsáideann modhanna sceimhlitheoireachta;

I.de bhrí gurb é cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine an gníomh ionsaithe is measa a rinne ceannaireacht pholaitiúil aon tíre ar leith san Eoraip ó 1945 agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le freagairt dhlíthiúil leormhaith ar an leibhéal idirnáisiúnta; de bhrí gur aithin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe sna rúin(3) uaidh go bhfuil fogha Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine ina shárú ar Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe agus nach mór Cónaidhm na Rúise a thabhairt chun cuntais as aon sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta san Úcráin nó ina coinne, lena n-áirítear an fogha a rinne sí de shárú ar Chairt na Náisiún Aontaithe; de bhrí nár cheart dóibh siúd atá freagrach as coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine a fhágáil gan pionós a chur orthu;

J.de bhrí go bhfuil fogha na Rúise cáinte go sainráite freisin ag ionadaithe stát agus eagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla, amhail Comhairle na hEorpa, ESCE, AE, Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), an tAontas Afracach, Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar, Fóram Oileáin an Aigéin Chiúin, Eagraíocht na Stát Meiriceánach, Comhphobal Mhuir Chairib, an Chomhairle Nordach agus eile;

K.de bhrí, an 16Márta2022, gur ordaigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta do Chónaidhm na Rúise a cuid oibríochtaí míleata i gcríoch na hÚcráine a chur ar fionraí láithreach;

L.de bhrí go bhfuil imscrúdú á dhéanamh ón 2Márta2022 i leith ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar an staid san Úcráin i ndáil le coireanna a líomhnaítear a rinne Cónaidhm na Rúise san am a chuaigh thart agus atá á ndéanamh aici faoi láthair ón 21Samhain 2013 i leith, lena n-áirítear cinedhíothú, coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna; de bhrí, cé nach bhfuil an Úcráin ina páirtí sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, gur aithin sí dlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus go bhfuil sí ag comhoibriú léi;

M.de bhrí go sainmhínítear, i Rún 3314 (XXIX) ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, fogha mar ‘úsáid fornirt armtha ag Stát i gcoinne cheannasacht, iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil Stáit eile, nó ar aon slí eile nach bhfuil i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe’ agus luaitear ann gur ‘coir in aghaidh na síochána idirnáisiúnta’ é cogadh foghach agus ‘go n-eascraíonn freagracht idirnáisiúnta as an bhfogha’; de bhrí go sainmhínítear, i Rún3314 (XXIX) ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 14Nollaig1974, fogha mar ‘úsáid fornirt armtha ag Stát i gcoinne cheannasacht, iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil Stáit eile, nó ar aon slí eile nach bhfuil i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe’ agus luaitear ann gur ‘coir in aghaidh na síochána idirnáisiúnta’ é cogadh foghach agus ‘go n-eascraíonn freagracht idirnáisiúnta as an bhfogha’. de bhrí go sainmhínítear in Airteagal8 bis de Reacht na Róimhe gurb é ‘coir an fhogha’ ná fogha a bheith á phleanáil, á ullmhú, á thionscnamh nó á chur i gcrích ag duine atá i riocht, go hiarbhír, rialú nó stiúradh a dhéanamh ar ghníomhaíocht pholaitiúil nó mhíleata Stáit, fogha arb ionann é, mar gheall ar a chineál, a thromchúis agus a scála, agus sárú follasach ar Chairt na Náisiún Aontaithe; de bhrí go gciallaíonn ‘fogha’ úsáid fornirt armtha ag Stát in aghaidh ceannasacht, iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil Stáit eile, nó úsáid fornirt armtha ar aon slí eile atá ar neamhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe; de bhrí, de réir Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, nach ionann coir an fhogha agus coireanna cogaidh nó coireanna in aghaidh an chine dhaonna; de bhrí gurb iondúil gur coir cheannaireachta é coir an fhogha sa mhéid nach féidir ach leo siúd a bhfuil sé de chumhacht acu beartas foghach stáit a mhúnlú; de bhrí gur rialaigh an Binse Míleata Idirnáisiúnta ag Nuremberg in 1946, a bhí dírithe ar choir an fhogha, gurbh ionann fogha agus ‘an choir idirnáisiúnta uachtarach’;

N.de bhrí gur coir idirnáisiúnta tromchúiseach é cogadh foghach, go háirithe i gcomhthéacs na húsáide a d’fhéadfaí a bhaint as gach cineál arm ollscriosta as a n-eascraíonn iarmhairtí tubaisteacha don tsíocháin dhomhanda agus do shlí bheatha an duine, chomh maith le damáiste tromchúiseach fadtéarmach don chomhshaol nádúrtha agus don aeráid;

O.de bhrí, i gcás Barcelona Traction, gur chuir an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta in iúl gur oibleagáidí i leith an chomhphobail idirnáisiúnta ina iomláine seachas i leith stáit aonair iad na hoibleagáidí a eascraíonn as cosc a chur ar ghníomhartha foghacha;

P.de bhrí, tar éis dhá dhearbhú adhoc ón Úcráin, go bhfuil dlínse ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta ar choireanna cogaidh, ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna agus ar choir an chinedhíothaithe a rinneadh ar chríoch na hÚcráine ó mhí na Samhna 2013, ach nach bhfuil dlínse ag an gCúirt ar choir an fhogha, mar a shainmhínítear in Airteagal8 bis de Reacht na Róimhe agus Leasuithe Kampala í, sa chás i dtrácht toisc nach bhfuil Reacht na Róimhe agus na leasuithe a bhaineann le coir an fhogha daingnithe ag an Úcráin ná ag Cónaidhm na Rúise; de bhrí go bhfuil imscrúdú ar chúrsaí san Úcráin ar bun ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ón 2Márta2022 i leith; de bhrí nach ndéanfaidh bunú binse speisialta maidir le coir an fhogha difear do dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar choireanna eile ach gurb é an chaoi go gcuirfidh sé léi;

Q.de bhrí go bhfuil rúin glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag Parlaimintí na Seicia, na hEastóine, na Fraince, na Laitvia, na Liotuáine, na hÍsiltíre agus na Polainne lena dtacaítear le binse speisialta idirnáisiúnta ad hoc a bhunú;

R.de bhrí, an 30Samhain2022, gur thíolaic an Coimisiún roghanna malartacha faoin gcaoi a bhféadfaí sásra cuntasachta a shuí le haghaidh choir an fhogha i gcoinne na hÚcráine; de bhrí gur cheart aon chinneadh maidir le sásra den sórt sin a ghlacadh i ndlúthchomhar leis an Úcráin;

S.de bhrí, i gconclúidí uaithi an 15Nollaig2022, gur mhol an Chomhairle Eorpach tuilleadh iarrachtaí chun cuntasacht iomlán i leith coireanna cogaidh a áirithiú agus chun cuntasacht i leith choir an fhogha a bhaint amach agus gur iarr sí ar an gCoimisiún, ar an Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar an gComhairle an obair sin a thabhairt ar aghaidh, i gcomhréir le dlí AE agus an dlí idirnáisiúnta, agus á chur i bhfáth go bhfuil ionchúiseamh choir an fhogha ina údar imní don phobal idirnáisiúnta ina iomláine;

T.de bhrí go nach bhfuil Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in ann aon rud a dhéanamh maidir leis an staid san Úcráin mar gheall ar chumas na Rúise aon ghníomhaíocht shubstainteach a chrosadh; de bhrí gur leagadh síos fasach i Rún377(V) ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe trí bhealach malartach gníomhaíochta a chur ar fáil do na Náisiúin Aontaithe nuair a úsáideann buanchomhalta amháin ar a laghad de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a cheart crosta chun bac a chur ar an gComhairle Slándála a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh mar a shainordaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe;

1.á athdhearbhú go ndéanann sí an cáineadh is géire is féidir ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go dtacaíonn sí go daingean le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh de theorainneacha na tíre a aithnítear go hidirnáisiúnta agus ag athdhearbhú a hiarrata ar an Rúis deireadh a chur láithreach leis na gníomhaíochtaí míleata uile san Úcráin agus na fórsaí agus an trealamh míleata uile a tharraingt siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta;

2.ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil aon cheist faoi ach gur sárú soiléir ar Chairt na Náisiún Aontaithe í coir an fhogha atá á déanamh ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine, sárú nach mór don phobal idirnáisiúnta freagra a thabhairt air ar mhaithe leis an tslándáil dhomhanda agus leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún, ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit tacú le cuntasacht iomlán as na coireanna uile a rinne an Rúis, a comhghuaillithe agus a seach-ionadaithe le linn a gcogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine;

3.á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé go n-iarrfadh AE agus a Bhallstáit, i ndlúthchomhar leis an Úcráin agus leis an gcomhphobal idirnáisiúnta, trí na Náisiúin Aontaithe más féidir, go gcruthófaí binse idirnáisiúnta speisialta chun coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine, arna dhéanamh ag ceannaireacht pholaitiúil agus mhíleata Chónaidhm na Rúise agus ag a cuid comhghuaillithe, a ionchúiseamh agus chun teacht ar bhealach coiteann chun cinn atá fónta ó thaobh an dlí de maidir leis an ábhar sin; á chreidiúint go líonfaí an bhearna mhór sa leagan amach institiúideach idirnáisiúnta atá ann faoi láthair maidir leis an gceartas coiriúil dá mbunófaí binse den sórt sin agus gur cheart é a bheith bunaithe ar na caighdeáin agus ar na prionsabail a bhfuil feidhm acu maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta mar a leagtar amach i Reacht na Róimhe iad;

4.á iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar leis an Úcráin chun tacaíocht pholaitiúil a lorg agus a fhorbairt i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus i bhfóraim idirnáisiúnta eile, lena n-áirítear Comhairle na hEorpa, ESCE agus G7, chun binse speisialta a chruthú maidir le coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine;

5.á mheas go mbeadh bunú an bhinse speisialta ina chomhlánú ar iarrachtaí imscrúdaitheacha na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta agus a hIonchúisitheora, ós rud é go ndíreodh sé ar chinedhíothú líomhnaithe, ar choireanna cogaidh líomhnaithe agus ar choireanna in aghaidh an chine dhaonna a rinneadh san Úcráin; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán leis an imscrúdú atá ar siúl ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar an staid san Úcráin; ag tathant ar an Úcráin Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus na leasuithe air a dhaingniú agus a bheith ina chomhalta de chuid na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar bhonn foirmiúil;

6.á iarraidh go mbainfí úsáid ghníomhach as taidhleoireacht phoiblí an Aontais agus as cumarsáid straitéiseach chun tacú leis an mbinse speisialta a chruthú;

7.á chur i bhfios go láidir, cé go bhfuil comhdhéanamh beacht agus modhanna oibríochta an bhinse speisialta fós le cinneadh, go mbeidh orthu na critéir is airde maidir le trédhearcacht agus neamhchlaontacht a urramú; á mheas, thairis sin, nach mór dlínse a bheith ag an mbinse idirnáisiúnta speisialta chun imscrúdú a dhéanamh ní hamháin ar Vladimir Putin agus ar cheannaireacht pholaitiúil agus mhíleata Chónaidhm na Rúise, ach freisin ar Aliaksandr Lukashenka agus ar an gceannaireacht pholaitiúil agus mhíleata sa hBealarúis, mar stát cumasúcháin, ar óna críoch agus lena tacaíocht lóistíochta a bhfuil Cónaidhm na Rúise i mbun a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine a fhearadh, ós rud é go dtagann sé faoin léirmhíniú ar choir fhoghach de réir Airteagal 8(a) de Reacht na Róimhe;

8.ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart tús a chur le hobair ullmhúcháin an Aontais ar an mbinse speisialta gan mhoill agus díriú ar na socruithe a leagan síos don bhinse speisialta i gcomhar leis an Úcráin agus tacú le húdaráis na hÚcráine agus leis na húdaráis idirnáisiunta chun fianaise a dhaingniú a bheidh le húsáid sa bhinse speisialta a bheidh ann sa todhchaí;

9.á iarraidh ar institiúidí an Aontais, go háirithe an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, tacaíocht a chur ar fáil idir an dá linn chun oifig eatramhach ionchúisitheora a bhunú agus ag tabhairt dá haire gur chéim phraiticiúil thar a bheith tábhachtach a bheadh i mbunú na hoifige sin san imscrúdú agus san ionchúiseamh a dhéanfaidh an binse speisialta a bheidh ann amach anseo ar choir an fhogha i gcoinne na hÚcráine;

10.ag cáineadh chleachtas na Rúise maidir le bac a chur ar aon ghníomhaíocht ar leibhéal na Náisiún Aontaithe lena ndírítear ar í a thabhairt chun cuntais as an gcogadh foghach i gcoinne na hÚcráine;

11.ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag binse speisialta maidir le coir an fhogha i gcoinne na hÚcráine chun ceartas a lorg do mhuintir na hÚcráine, chun gníomhaithe idirnáisiúnta eile a dhíspreagadh ó aithris a dhéanamh ar fhogha neamhdhleathach na Rúise agus chun éascú a dhéanamh ar an éileamh ar chúiteamh agus ar aon athmhuintearas a bheidh ann amach anseo;

12.á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit, chomh maith lena gcomhpháirtithe agus lena gcomhghuaillithe, a bheith rannpháirteach sa phlé maidir leis an bhféidearthacht dhlíthiúil sócmhainní ceannasacha stát na Rúise a úsáid mar chúiteamh as sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta ag an Rúis san Úcráin, lena n-áirítear go hionchasach, trí chosaintí ar dhíolúine cheannasach a dhiúltú nó trí chosaintí den sórt sin a theorannú mar gheall ar ollchineál na sáruithe sin;

13.á chreidiúint go láidir go dtabharfadh bunú an bhinse speisialta sin maidir le coir an fhogha, comhartha thar a bheith soiléir do shochaí na Rúise agus don chomhphobal idirnáisiúnta araon gur féidir Putin agus ceannaireacht pholaitiúil agus mhíleata na Rúise a chiontú as coir an fhogha san Úcráin; á chur i bhfios go láidir go mbeadh bunú an bhinse sin ina chomhartha soiléir don scothaicme pholaitiúil agus ghnó sa Rúis agus do chomhghuaillithe na Rúise nach féidir a thuilleadh le Cónaidhm na Rúise faoi cheannaireacht Putin filleadh ar ‘gnó mar is gnách’ leis an Iarthar;

14.ag tacú leis an moladh ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe mar an chéad chéim i dtreo bunú cláir idirnáisiúnta damáiste ag Ballstáit na Náisiún Aontaithe, i gcomhar leis an Úcráin, chun fónamh mar thaifead le haghaidh cúiteamh amach anseo as damáiste, caillteanas nó díobháil do gach duine nádúrtha agus dlítheanach lena mbaineann, agus as an damáiste fadtéarmach, forleathan agus tromchúiseach don chomhshaol nádúrtha agus don aeráid, chomh maith le do stáit na hÚcráine, arb iad na gníomhartha éagóracha idirnáisiúnta a rinne Cónaidhm na Rúise agus a comhghuaillithe san Úcráin nó ina coinne ba chúis leis, chomh maith le bailiú fianaise a chur chun cinn agus a chomhordú;

15.á iarraidh ar an Aontas comhsheasamh a ghlacadh maidir le coir an fhogha agus maidir le Leasuithe Kampala ar Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta maidir le coir an fhogha; á iarraidh ar an mBulgáir, ar an Danmhairg, ar an bhFrainc, ar an nGréig, ar an Ungáir agus ar an Rómáin Leasuithe Kampala a ghlacadh agus a dhaingniú;

16.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, chuig Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, chuig Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge, chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, chuig tíortha an G7, chuig an Aontas Afracach, chuig Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar, chuig Fóram Oileáin an Aigéin Chiúin, chuig Eagraíocht na Stát Meiriceánach, chuig Comhphobal Mhuir Chairib, chuig Údaráis na Bealarúise, chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Chónaidhm na Rúise agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine.

(1) IOC479, 16.12.2022, lch.68.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0405.
(3) rúin ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022 dar teideal ‘Fogha i gcoinne na hÚcráine’, an 24 Márta 2022 dar teideal Humanmanitarian ‘Iarmhairtí daonnúla an fhogha i gcoinne na hÚcráine’ agus an 15 Samhain 2022 dar teideal ‘Leighis agus cúiteamh a chur chun cinn i leith fogha i gcoinne na hÚcráine’.

An nuashonrú is déanaí: 11 Aibreán 2023Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais