Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
Nós Imeachta :
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : B9-0267/2023

Téacsanna arna gcur síos :

B9-0267/2023

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV15/06/2023-7.7

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2023)0246

Téacsanna atá glactha
PDF117kWORD44k
Déardaoin, 15 Meitheamh 2023-Strasbourg
Aontachas na hÚcráine le Coinbhinsiún an 2 Iúil 2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála
P9_TA(2023)0246B9-0267/2023

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Meitheamh 2023 maidir le tacaíocht a thabhairt d’aontachas na hÚcráine le Coinbhinsiún an2Iúil2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála ()

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint d’Airteagal218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–ag féachaint d’Airteagail24 agus29 den Choinbhinsiún an2Iúil2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála (‘an Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais’),

–ag féachaint don cheist ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle maidir le haontachas na hÚcráine le Coinbhinsiún an2Iúil2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála,

–ag féachaint do rún uaithi an16Feabhra2023 maidir le bliain amháin a bheith caite ó chuir an Rúis tús lena hionradh agus cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine(1) agus do rún uaithi an1Márta2022 maidir le fogha na Rúise faoin Úcráin(2),

–ag féachaint don cheist ar an gCoimisiún maidir le tacaíocht a thabhairt d’aontachas na hÚcráine le Coinbhinsiún an2Iúil2019 maidir le hAithint agus Forfheidhmiú Breithiúnas Coigríche in Ábhair Shibhialta agus Thráchtála (O-00000024/2023 – B9‑0025/2023),

–ag féachaint do Rialacha136(5) agus132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–ag féachaint don tairiscint i gcomhair rún ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

A.de bhrí gurb é cuspóir reachtúil Chomhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach (‘Comhdháil na Háige’) oibriú i dtreo rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh a aontú de réir a chéile;

B.de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach ina pháirtí i gComhdháil na Háige ón3Aibreán2007 i leith;

C.de bhrí go n-éascaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais cúrsaíocht idirnáisiúnta éifeachtach breithiúnas in ábhair shibhialta nó thráchtála trí dheimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht a sholáthar do pháirtithe a bhfuil baint acu le hidirbhearta trasteorann agus soiléireacht i dtaobh an ndéanfar breithiúnas a aithint agus a fhorfheidhmiú i ndlínse eile agus a mhéid a dhéanfar é a aithint agus a fhorfheidhmiú; de bhrí, trí aithint agus forfheidhmiú breithiúnas coigríche a áirithiú, gur cheart go bhfeabhsófaí leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais rochtain ar cheartas trí thréimhsí ama, costais agus rioscaí dlíthiúla in imthosca trasteorann a laghdú;

D.de bhrí, de bhun Airteagal24 den Choinbhinsiún maidir le Breithiúnais, go bhféadfaidh aon tríú stát aontú don Choinbhinsiún; de bhrí nach gcruthóidh an t-aontachas sin caidreamh conarthach idir dhá pháirtí chonarthacha ach amháin i gcás nach mbeidh fógra tugtha ag ceachtar acu don taiscí nár cheart go mbeadh sé d’éifeacht ag an aontachas caidreamh conarthach a bhunú leis an bpáirtí eile; de bhrí go gcaithfear an fógra sin a thíolacadh laistigh de thréimhse 12mhí tar éis an dáta ar tugadh fógra faoin aontachas;

E.de bhrí, faoin gcleachtas atá ann faoi láthair, nach ndéanann an Coimisiún nós imeachta foirmiúil a thionscnamh i gcomhréir le hAirteagal218(6) CFAE le haghaidh na gcoinbhinsiún ina bhfuil sásra neamhagóide, ach nach gcuireann sé ach an Chomhairle agus an Pharlaimint ar an eolas faoi aon iarraidh ó thríú tír aontú d’ionstraim áirithe de chuid na Háige;

F.de bhrí, de réir cásdlí seanbhunaithe, nach féidir le comhaontú idirnáisiúnta difear a dhéanamh do leithdháileadh na gcumhachtaí a shocraítear leis na Conarthaí, agus, dá bhrí sin, nuair a ghlactar nós imeachta an tosta ar an leibhéal idirnáisiúnta chun aontachas tríú stáit a éascú, nár cheart go mbeadh aon iarmhairt aige ar phróiseas cinnteoireachta inmheánach AE;

G.de bhrí gur aontaigh an tAontas Eorpach don Choinbhinsiún maidir le Breithiúnais an29Lúnasa2022;

H.de bhrí go bhfuil an Coinbhinsiún maidir le Breithiúnais sínithe agus daingnithe ag an Úcráin;

I.de bhrí gur chomhaontaigh an Chomhairle, an24Aibreán2023, caidreamh conarthach a bhunú leis an Úcráin faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin maidir le Breithiúnais;

J.de bhrí, má ghlacann an tAontas le haontachas na hÚcráine leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais, go dtiocfaidh sé i bhfeidhm an1Meán Fómhair2023 agus go mbeidh sé infheidhme idir an dá pháirtí;

1.á athdhearbhú a dlúthpháirtíochta buanseasmhaí le muintir na hÚcráine agus le ceannaireacht na hÚcráine agus a tacaíochta do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta;

2.á chur in iúl gur geal léi na measúnuithe dearfacha a rinne an Coimisiún agus an Chomhairle d’fhonn caidreamh conarthach a bhunú leis an Úcráin faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin maidir le Breithiúnais;

3.ag tabhairt tacaíocht d’aontachas na hÚcráine leis an gCoinbhinsiún maidir le Breithiúnais;

4.ag tabhairt dá haire go bhfuil an rún sin gan dochar don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal218(6) CFAE, ar cheart é a leanúint in ábhair a bhaineann le seasamh AE a bhunú maidir le haontachas tríú stáit le Coinbhinsiúin Chomhdháil na Háige;

5.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0056.
(2) IOC125, 18.3.2022, lch.2.

An nuashonrú is déanaí: 10 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais