ú reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Ionstraim Eorpach um Shliseanna) ( – C9-0039/2022 – )
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (),
–ag féachaint d’Airteagal294(2) agus d’Airteagail173(3), 182(1), 183 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0039/2022),
–ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá molta,
–ag féachaint d’Airteagal 294(3) agus Airteagail 173(3) agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad na Seice, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
–ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Meitheamh 2022(1),
–ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 12 Deireadh Fómhair 2022(2),
–ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Bealtaine 2023 chun seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do Rialacha 40 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (9‑0014/2023),
1.ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2.ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
3.á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Iúil 2023 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2023/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóiraí na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2023/1781.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas comhpháirteach polaitiúil maidir le cistí arna saoradh i Fís Eorpach a athúsáid
Cur in áirithe san imchlúdach reatha EUR 500 milliún
Leis an Dearbhú Comhpháirteach maidir le cistí arna saoradh a athúsáid i ndáil leis an gclár taighde(1), chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís chun tairbhe an chláir taighde, leithreasuithe a chomhfhreagraíonn don mhéid suas go EUR0,5 billiún (i bpraghsanna2018) sa tréimhse2021-2027 de shaoradh, a eascraíonn as neamh-chur chun feidhme iomlán nó páirteach tionscadal a bhaineann leis an gclár réime ‘Fís Eorpach’ nó leis an gclár ‘Fís2020’(2), a tháinig roimhe., de réir mar a fhoráiltear dó sin in Airteagal15(3) den Rialachán Airgeadais.
Gan dochar do chumhachtaí an údaráis bhuiséadaigh faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil ná do chumhachtaí an Choimisiúin an buiséad a chur chun feidhme, comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, laistigh de leithdháileadh EUR 0,5 billiún (i bpraghsanna 2018) a eascraíonn as an Dearbhú Comhpháirteach maidir le hathúsáid na gcistí saortha thuasluaite, go ndéanfar méid táscach EUR 75 mhilliún (i bpraghsanna reatha) a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí taighde Sliseanna don Eoraip, agus ag an am céanna na leithdháiltí braislí(3) nach bhfuil dlúthbhaint acu le sliseanna a chaomhnú a mhéid is féidir.
Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Gníomh Eorpach um Shliseanna)
Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi chuimsiú na nósanna imeachta buiséadacha bliantúla a bheidh ann amach anseo, agus i gcomhréir lena ngealltanas buiséadach don Ghníomh Eorpach um Shliseanna a chuirtear in iúl go coitianta, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún féachaint, mar ábhar tosaíochta, ar thograí chun an buiséad don Ghníomh Eorpach um Shliseanna a threisiú agus beidh aon chistiú faoi Cheannteideal 1 ar fáil chun EUR 50 milliún a bhaint amach chun an t-imchlúdach airgeadais de EUR 3,3 billiún dá dtagraítear sa Rialachán maidir le Gníomh Eorpach um Shliseanna a chomhlánú.
Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíoacht (2014-2020) agus lena n‐aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).