Ϸվ

Բé
éanna atá glactha
Déardaoin, 8 Feabhra 2024-Strasbourg
Rabharta nua ollghabhálacha sa Bhealarúis de ghníomhaithe ón bhfreasúra agus dá mbaill teaghlaigh
Méadú ar líon na ndaoine a chuirtear chun báis san Iaráin, go háirithe cás Mohammad Ghobadlou
Ionsaithe le déanaí ar Oíche Nollag i Stát Plateau sa Nigéir
Malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta ('Prüm II')
Tosaíochtaí an Aontais don 68ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan
An staid sa tSeirbia tar éis na dtoghchán
Tuarascáil cur chun feidhme ar straitéis AE um chomhionannas LADTIA 2020-2025
Comhaontuithe comhlachais maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha i gcláir an Aontais
Caibidlíocht iltaobhach i bhfianaise an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála in Abú Daibí, 26-29 Feabhra 2024
Russiagate: líomhaintí maidir le cur isteach na Rúise ar phróisis dhaonlathacha an Aontais Eorpaigh
Leanúint den chur faoi chois i gcoinne na bhfórsaí daonlathacha i Veiniséala: ionsaithe ar iarrthóir uachtaránachta Maria Corina Machado

Rabharta nua ollghabhálacha sa Bhealarúis de ghníomhaithe ón bhfreasúra agus dá mbaill teaghlaigh
PDF81kWORD43k
ú ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 maidir le rabharta nua ollghabhálacha sa Bhealarúis de ghníomhaithe ón bhfreasúra agus dá mbaill teaghlaigh ()
P9_TA(2024)0070RC-B9-0110/2024

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair


Méadú ar líon na ndaoine a chuirtear chun báis san Iaráin, go háirithe cás Mohammad Ghobadlou
PDF84kWORD41k
ú ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 maidir leis an mhéadú ar líon na ndaoine a chuirtear chun báis san Iaráin, go háirithe cás Mohammad Ghobadlou ()
P9_TA(2024)0071RC-B9-0102/2024

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair


Ionsaithe le déanaí ar Oíche Nollag i Stát Plateau sa Nigéir
PDF82kWORD41k
ú ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 maidir leis na hionsaithe le déanaí ar Oíche Nollag i Plateau State sa Nigéir ()
P9_TA(2024)0072RC-B9-0105/2024

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair


Malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta ('Prüm II')
PDF120kWORD52k
ú
é
ú reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta (‘Prüm II’), lena leasaítear Cinntí2008/615/CGB agus Cinneadh2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE)2018/1726, 2019/817 agus 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ((COR1) – C9-0455/2021 – )
P9_TA(2024)0073A9-0200/2023

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ((COR1)),

–ag féachaint d’Airteagal294(2) agus d’Airteagal16(2), d’Airteagal 87(2), pointe(a) agus d’Airteagal88(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0455/2021),

–ag féachaint d’Airteagal294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Samhain 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–ag féachaint do Riail59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0200/2023),

1.ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Feabhra 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cuardach uathoibrithe agus malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta, agus lena leasaítear Cinntí 2008/615/CGB agus 2008/616/CGB ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Rialachán Prüm II)

P9_TC1-COD(2021)0410


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/982).


Tosaíochtaí an Aontais don 68ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan
PDF81kWORD48k
ú ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 maidir le tosaíochtaí an Aontais don 68ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan ()
P9_TA(2024)0074B9-0091/2024

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair


An staid sa tSeirbia tar éis na dtoghchán
PDF81kWORD41k
ú ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 maidir leis an staid sa tSeirbia tar éis na dtoghchán ()
P9_TA(2024)0075RC-B9-0106/2024

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair


Tuarascáil cur chun feidhme ar straitéis AE um chomhionannas LADTIA 2020-2025
PDF167kWORD61k
ú ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 ar chur chun feidhme Straitéis an Aontais um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 ()
P9_TA(2024)0076A9-0030/2024

Tá Parlaimint na hEorpa,

–ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–ag féachaint d’Airteagal2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) agus do chásdlí gaolmhar na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR),

–ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE),

–ag féachaint do bhreithiúnas ó CBAE an 5Meitheamh2018 i gCásC-673/16,

–ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

–ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’), a dhaingnigh an tAontas Eorpach an 28Meitheamh2023,

–ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le hIdirdhealú Ciníoch a Dhíothú, agus do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas,

–ag féachaint do Phrionsabail Yogyakarta maidir le cur i bhfeidhm an Dlí Idirnáisiúnta um Chearta an Duine maidir le Claonadh Gnéasach, Féiniúlacht agus Léiriú Inscne, agus Saintréithe Gnéis,

–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12Samhain2020 dar teideal ‘A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025’ [Aontas Comhionannais: Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025] (),

–ag féachaint do rún uaithi an 14Meán Fómhair2021 maidir le cearta LGBTIQ san Aontas Eorpach(1),

–ag féachaint do thuarascáil ar dhul chun cinn ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025,

–ag féachaint do rún uaithi an 11Márta2021 maidir leis an dearbhú gur Limistéar Saoirse LGBTIQ atá san Aontas Eorpach(2),

–ag féachaint do rún uaithi an 17Meán Fómhair2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir a chinneadh i dtaobh sárú tromchúiseach ag Poblacht na Polainne ar an smacht reachta(3),

–ag féachaint do rún uaithi an 8Iúil2021 maidir le sáruithe ar dhlí AE agus ar chearta saoránach LGBTIQ san Ungáir mar thoradh ar na hathruithe dlíthiúla a ghlac Parlaimint na hUngáire(4),

–ag féachaint do rún uaithi an 20Deireadh Fómhair2022 maidir le coireanna fuatha i gcoinne daoine LGBTIQ+ ar fud na hEorpa atá ag dul i méid i bhfianaise an dúnmharaithe homafóbaigh a tharla le déanaí sa tSlóvaic(5),

–ag féachaint do rún uaithi an 29Aibreán2023 maidir le díchoiriúlú uilíoch na homaighnéasachta i bhfianaise na bhforbairtí a tharla le déanaí in Uganda(6),

–ag féachaint do thogra an 7Nollaig2022 ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aitheantas do chinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla in ábhair tuismíochta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú (),

–ag féachaint don staidéar óna hArd-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh i mí na Nollaig2023 dar teideal ‘An Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 – Forléargas cur chun feidhme’(7),

–ag féachaint do Threoirlínte an Aontais le haghaidh Straitéisí agus Pleananna Gníomhaíochta chun Feabhas a chur ar Chomhionannas daoine LGBTIQ arna n-ullmhú ag an gCoimisiún in 2022,

–ag féachaint do Chinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún (AE) 2024/442 an 24 Eanáir 2024 maidir leis an iarraidh ar chlárú, de bhun Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an tionscnaimh Eorpaigh ó na saoránaigh dar teideal ‘Ban on conversion practices in the European Union’ [Toirmeasc ar chleachtais tiontaithe san Aontas Eorpach](8),

–ag féachaint do Riail54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12Nollaig2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas, agus d’Iarscríbhinn3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,

–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0030/2024),

A.de bhrí gur cearta bunúsacha iad cearta LGBTIQ+, agus go bhfuil srianta agus ceartúcháin maidir leis an smacht reachta agus leis an daonlathas ríthábhachtach chun cearta daoine LGBTIQ a chosaint; de bhrí gurb ionann sábháilteacht agus dínit daoine LGBTIQ+ agus sábháilteacht agus dínit gach duine againn;

B.de bhrí gur ceart bunúsach, atá cumhdaithe sna Conarthaí agus sa Chairt, é an ceart chun na córa comhionainne agus chun neamh-idirdhealú agus gur chóir lán-urraim a thabhairt dó;

C.de bhrí go bhfuil an comhionannas agus cosaint mionlach i measc luachanna an Aontais Eorpaigh a chumhdaítear in Airteagal2 CAE;

D.de bhrí go mbunaítear le hAirteagal21 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go mbeidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát;

E.de bhrí go bhfuil oibleagáidí agus dualgais faoin dlí idirnáisiúnta agus Conarthaí an Aontais glactha orthu féin ag na Ballstáit uile chun cearta bunúsacha a urramú, a ráthú, a chosaint agus a chomhlíonadh;

F.de bhrí go ndearnadh dul chun cinn maidir le cearta daoine LGBTIQ+ a chosaint agus a chur chun cinn i roinnt Ballstát;

G.de bhrí go bhfuil idirdhealú atá bunaithe ar chlaonadh gnéasach iarbhír nó braite, ar fhéiniúlacht agus léiriú inscne, agus ar shaintréithe gnéis (SOGIESC) fós ann ar fud an Aontais Eorpaigh;

H.de bhrí, mar thoradh ar eachtraí a tharla i roinnt Ballstát, gur léir nach féidir talamh slán a dhéanamh den dul chun cinn maidir le cearta daoine LGBTIQ+;

I.de bhrí, in2022, go ndearna an Coimisiún, in éineacht leis an bParlaimint agus le 15Bhallstát, an Ungáir a tharchur chuig CBAE mar gheall ar sháruithe ar chearta LGBTIQ;

J.de bhrí gur cheart don Laitvia a bheith rannpháirteach san Fhoghrúpa um Chomhionannas LGBTIQ a cuireadh ar bun faoin nGrúpa Ardleibhéil um Neamh-idirdhealú, Comhionannas agus Éagsúlacht – ós rud é gurb í an Ballstát deireanach í nach ndearna amhlaidh go fóill tar éis don Chipir a spéis a chur in iúl le déanaí – agus é mar aidhm leis feabhas a chur ar chur chun feidhme na straitéise LGBTIQ sna Ballstáit uile;

K.de bhrí gur cháin an Pharlaimint, sna téarmaí ba láidre ab fhéidir, dlíthe, beartais agus cleachtais idirdhealaitheacha i gcoinne daoine LGBTIQ+, amhail an ‘Bille Frith-Homaighnéasachta’ in Uganda;

L.de bhrí gur chuir Cúirt Uachtarach na Rúise cosc ar ‘ghluaiseacht idirnáisiúnta LGBT’ ar an 30Samhain2023, ag maíomh gur eagraíocht antoisceach í; de bhrí gur ionsaí tromchúiseach é an cinneadh sin ar dhaoine LGBTIQ+ agus ar chosantóirí chearta an duine sa Rúis agus go mbeidh tionchar tromchúiseach aige ar a gcás; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar chiapadh agus ar chinsireacht ar dhaoine LGBTIQ+ sa tSín, lena n-áirítear ar líne;

M.de bhrí gur doiciméadaíodh an líon is mó gníomhartha foréigin i gcoinne daoine LGBTIQ+ le 12bhliain anuas in Athbreithniú Bliantúil2023 don Eoraip ó Chumann Idirnáisiúnta na Leispiach, na nDaoine Aeracha, na nDéghnéasach, na dTrasinscneach agus na nIdirghnéasach (ILGA);

N.de bhrí gur chuir fás na reitrice in aghaidh na gceart, lena n-áirítear ó pholaiteoirí tofa, le timpeallacht naimhdeach a chruthú do dhaoine LGBTIQ+ agus dóibh siúd atá ar son chearta daoine LGBTIQ+;

O.de bhrí go dtugtar le tuiscint trí shochaithe sábháilte, saora, cuimsitheacha a thógáil le haghaidh daoine LGBTIQ+ go gcaithfear díriú ar an iliomad leaganacha, agus ar leaganacha trasnacha, den idirdhealú, den eisiamh agus den fhoréigean;

P.de bhrí go mbíonn ar dhaoine LGBTIQ+ ar fud an domhain cur suas le hidirdhealú agus foréigean;

Q.de bhrí go bhfuil gealltanais tugtha ag an Aontas Eorpach cearta daoine LGBTIQ+ a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain;

R.de bhrí go bhfuil gach cineál agus léiriú fuatha agus éadulaingthe, lena n-áirítear an fhuathchaint agus coireanna fuatha, ar neamhréir le luachanna an Aontais faoi dhínit an duine, faoin tsaoirse, faoin daonlathas, faoin gcomhionannas, faoin smacht reachta agus faoi chearta an duine a urramú, mar a chumhdaítear in Airteagal2 CAE;

S.de bhrí gur féidir le ‘cleachtais tiontaithe’, mar a thugtar orthu, brath ar mhodhanna éagsúla amhail leictri-thrithí, hormóin a ghlacadh nó deasghnátha díbeartha deamhan arb ionann iad agus cleachtais chéastóireachta; agus meastar go ndearnadh na ‘cleachtais tiontaithe’ sin do 2% de dhaoine LGBTIQ+ san Aontas agus gur tairgeadh tiontú do 5% díobh, ach d’fhéadfadh na figiúirí iarbhír a bheith i bhfad níos airde;

T.de bhrí gur cuireadh an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (ECI) dar teideal Ban on conversion practices in the European Union [Toirmeasc ar chleachtais tiontaithe san Aontas Eorpach ] faoi bhráid an Choimisiúin an 27 Samhain 2023; de bhrí go n-iarrann sí ar AE gníomhú chun toirmeasc dlíthiúil ceangailteach a mholadh ar chleachtais tiontaithe atá dírithe ar shaoránaigh LGBTIQ+ san Aontas Eorpach; de bhrí go ndearna an Coimisiún an ECI sin a chlárú go hiomlán an 21 Eanáir 2024;

ʰídz󳦳DzԳúí

1.á chur in iúl gur geal léi Straitéis an Choimisiúin um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025, a ghlac an Coimisiún Eorpach an 12Samhain2020 (), agus an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn uaidh le déanaí maidir le cur chun feidhme na Straitéise; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coimisiún Eorpach tiomanta tacú leis na Ballstáit i gcur chun feidhme na Straitéise, á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na héagothromaíochtaí maidir le hoscailteacht don Straitéis idir na Ballstáit; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin Eorpaigh an comhionannas a chur chun cinn do dhaoine LGBTIQ+ i ngach réimse a áirítear sa Straitéis; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil príomhghníomhaíochtaí áirithe a bhí beartaithe ag an gCoimisiún ar dtús curtha chun feidhme go fóill;

2.ag aithint an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na Straitéise um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 agus á chur i bhfios go láidir ag an am céanna go bhfuil fíor-chomhionannas do dhaoine LGBTIQ+ san Aontas fós i bhfad ó fhírinne an scéil mar atá faoi láthair; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an t-idirdhealú agus an foréigean atá fulaingthe ag daoine LGBTIQ+ san Aontas Eorpach agus iarmhairtí an idirdhealaithe agus an fhoréigin sin maidir le saol faoi shaoirse agus faoi dhínit a bhaint amach;

3.á chur in iúl gur saoth léi gur cuireadh bac ar an treoir chothrománach maidir leis an bhfrith-idirdhealú sa Chomhairle ó2008 i leith; á mheas nach mór le haon nuashonrú a dhéanfaidh an Coimisiún ar an togra sin cur le seasamh na Parlaiminte, aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú trasnach agus toirmeasc sainráite a chur ar an idirdhealú ar aon teaglaim foras a liostaítear sa Chairt; á chur in iúl gur oth léi gur thug an Chomhairle neamhaird ar na hiarrataí sin agus ag tathant ar an gComhairle iad a chomhtháthú ina sainordú agus gach gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun an t-idirdhealú san Aontas a chomhrac;

4.á iarraidh go n-áireofaí na forais uile maidir leis an gclaonadh gnéasach, féiniúlacht agus léiriú inscne agus saintréithe gnéis i reachtaíocht frith-idirdhealaithe an Aontais, bunaithe ar léirmhíniú leathan ar fhorais an chlaonta ghnéasaigh agus an ghnéis agus ar phrionsabal an chomhionannais idir mná agus fir a leagtar amach sna Conarthaí; ag tabhairt dá haire go n-áiritheofar leis sin deimhneacht dhlíthiúil agus cuimsitheacht chosaint na ndaoine LGBTIQ+;

5.á chur i bhfios go láidir go ndéanann easpa dídine, bochtaineacht agus eisiamh socheacnamaíoch difear díréireach do dhaoine LGBTIQ+; á chur in iúl gur cúis bhuartha di éifeachtaí phaindéim COVID-19, agus na géarchéime costais mhaireachtála agus tithíochta, ar shaol daoine LGBTIQ+; á athdhearbhú gur ceart bunúsach í an tithíocht;

6.á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin reachtaíocht an Aontais lena dtoirmisctear idirdhealú bunaithe ar chlaonadh gnéasach san fhostaíocht agus sa tslí bheatha, go bhfuil bacainní fós roimh dhaoine LGBTIQ+ maidir le rochtain a fháil ar fhostaíocht, go háirithe poist chuibhiúla; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb ionann cearta LGBTIQ+ agus cearta oibrithe;

7.á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar suntasach fós ag idirdhealú ar bhonn gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, léiriú inscne agus inscne atá ann nó a mheastar a bheith ann ar shláinte agus ar fholláine fhisiciúil, mheabhrach agus ghnéis daoine LADTIA+; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil idirdhealú fós á dhéanamh ar dhaoine LADTIA+ maidir le rochtain a fháil ar chúram sláinte; á chur i bhfios go láidir gur cheart rochtain ar chúram sláinte a thairiscint mar sheirbhís phoiblí atá uilíoch, tráthúil agus inrochtana;

8.ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hoideachas cuimsitheach agus sábháilte do dhaoine LGBTIQ+ i ngach Ballstát, go háirithe do dhaoine óga LGBTIQ+;

9.á chur in iúl gur oth léi go bhfuil idirdhealú fós á dhéanamh ar dhaoine LGBTIQ+ i roinnt Ballstát maidir le rochtain ar chosaint shóisialta, slándáil shóisialta, rochtain ar sholáthar earraí agus earnálacha nó seirbhísí eile;

10.á chur in iúl gur oth léi go bhfuil tionchar ar leith ag easpa cearta LGBTIQ+ ar dhaoine scothaosta LGBTIQ+, rud a chuireann le braistint aonraithe shóisialta agus le bacainní ar rochtain ar sheirbhísí riachtanacha; á thabhairt chun suntais gur minic a dhéantar faillí i ndearadh beartas poiblí agus tionscadal, lena n-áirítear iad siúd atá saincheaptha do dhaoine LGBTIQ+, ar an daonra LGBTIQ+ scothaosta; á chur i bhfios go láidir go ndéanann an bhochtaineacht agus an easpa rochtana ar thithíocht chuibhiúil agus ar líonraí cúraim leormhaithe difear díréireach don daonra LGBTIQ+ scothaosta; á chur i bhfios go láidir nach féidir le Limistéar Saoirse Eorpach LGBTIQ aon duine a fhágáil ar lár;

11.á chur i bhfáth nach mór do sheirbhísí cúraim do dhaoine LGBTIQ+ dínit, neamhspleáchas, féinriar, folláine agus rannpháirtíocht i saol sóisialta a áirithiú i gcónaí do na daoine a bhaineann leas astu, lena n-áirítear an fhéidearthacht cúram baile agus seirbhísí pobalbhunaithe a sholáthar;

12.ag tabhairt dá haire go bhfuil dúshláin agus bacainní ar leith roimh dhaoine LGBTIQ+ i réigiúin thuaithe, imeallacha agus fhorimeallacha maidir leis an rochtain atá acu ar sheirbhísí bunriachtanacha;

13.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur gá do dhaoine LGBTIQ+ a gceart chun tearmann a iarraidh san Aontas Eorpach a fheidhmiú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbíonn breis bacainní roimh dhaoine trasinscneacha agus idirghnéasacha atá ag déanamh iarratais ar thearmann; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go gcuirfear cás daoine LGBTIQ+ san áireamh agus beartas tearmainn agus imirce an Aontais á cheapadh;

14.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú atá tagtha ar an bhfuathchaint, ar choireanna fuatha agus ar an bhforéigean i gcoinne daoine LGBTIQ+, lena n-áirítear ar ardáin ar líne, toisc go bhféadfadh sárú ar chearta príobháideachais lucht féachana ábhair LGBTIQ+ a bheith mar thoradh air; á mheabhrú go bhfuil gá le beartas poiblí coisctheach agus cosantach maidir le fuathchaint atá spreagtha ag an gclaontacht, coireanna fuatha agus foréigean i gcoinne daoine LGBTIQ+; á aithint go ndéantar tearcthuairisciú ar chásanna fuathchainte agus coireanna fuatha i gcoinne daoine LGBTIQ+, mar gheall ar easpa muiníne agus iontaoibhe sna húdaráis phoiblí chun dul i ngleic leis na coireanna sin;

15.ag cáineadh theacht chun cinn na bhfórsaí polaitiúla atá i bhfad amach ar an eite dheis, rud a spreag méadú ar an stiogmatú, ciapadh, foréigin agus géarleanúint a dhéantar ar dhaoine LGBTIQ+ agus ar eagraíochtaí LGBTIQ+ na sochaí sibhialta agus gníomhaithe LGBTIQ+; ag cáineadh cheapadh milleáin méadaitheach an phobail LGBTIQ+ agus an t-ainmniú díobhálach ar chur chun cinn chearta na ndaoine LGBTIQ+ mar ‘idé-eolaíocht’;

16.á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas aghaidh a thabhairt ar staid daoine LGBTIQ+ le linn caibidlíocht fhoirmiúil le tíortha is iarrthóirí agus tacú le tíortha uile an mhéadaithe bearnaí reachtacha a dhúnadh agus cearta bunúsacha daoine LGBTIQ+ a dhaingniú;

17.á áitiú nach mór don Aontas Eorpach cur chuige comhchoiteann a ghlacadh maidir le haitheantas dlíthiúil do phóstaí comhghnéis agus d’aontais chomhghnéis, agus do thuismitheoirí bogha ceatha, lena n-áirítear tuismitheoirí trasinscneacha, agus maidir le haitheantas inscne dlíthiúil, chun leas leanaí a áirithiú i gcomhréir le cásdlí CBAE agus ECtHR;

18.á thabhairt chun suntais go mbíonn dúshláin os comhair daoine trasinscneacha, neamhdhénártha agus idirghnéasacha san Aontas, go háirithe maidir lena stádas socheacnamaíoch agus sochdhéimeagrafach; á chur i bhfios go láidir, leis an easpa nósanna imeachta dlíthiúla um aitheantas inscne nó leis na bacainní ar rochtain a fháil orthu sna Ballstáit, go sáraítear agus go gcuirtear bac ar chearta daoine trasinscneacha, neamhdhénártha agus idirghnéasacha ar fud an Aontais;

19.á áitiú go bhfuil ceart chun saorghluaiseachta san Aontas Eorpach ag teaghlaigh bogha ceatha, agus nár chóir idirdhealú a dhéanamh ar leanaí na dteaghlach bogha ceatha maidir le saoránacht an Aontais Eorpaigh a bhaint amach;

20.á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh teicneolaíocht aghaidh-aitheanta agus próifílithe rioscaí níos mó a chruthú do dhaoine LGBTIQ+, go háirithe do dhaoine trasinscneacha, daoine neamhdhénártha agus daoine idirghnéasacha;

21.á chur in iúl gur oth léi nach ann d’fhorléargas comhtháite ar chistiú an Aontais don chomhionannas LGBTIQ+ faoi na cláir éagsúla a thacaíonn leis an Straitéis;

22.ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don Choimisiún rochtain ar chistiú a áirithiú go práinneach d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna) a oibríonn ar son chearta na ndaoine LGBTIQ+ san Aontas agus i dtríú tíortha; ag tabhairt dá haire gur coinníoll cumasúcháin bunriachtanach é cistiú leormhaith agus solúbtha do ESSanna a oibríonn ar son cearta LGBTIQ+ chun cearta LGBTIQ+ a chosaint agus a chur chun cinn, san Aontas Eorpach agus i dtríú tíortha;

23.á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh an Aontais atá dírithe ar chosantóirí chearta an duine a chosnaíonn daoine LGBTIQ+ a chosaint agus ar a gcuid oibre a éascú maidir le cearta bunúsacha a chosaint; á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas leanúint de bheith ag dul i ngleic le stiogmatú, imeaglú agus ciapadh chosantóirí chearta an duine a chosnaíonn daoine LGBTIQ+ ar fud an domhain; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht an Choimisiúin do ghníomhaithe LGBTIQ+ san Úcráin, go háirithe tríd an módúlacht ‘dámhachtain dhíreach’ ó thús ionradh agus chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

24.á mheabhrú gur chóir cabhair dhaonnúil Eorpach a bheith íogair i leith inscne, aoise, na cosanta agus daoine LGBTIQ+, agus an trasnachas á chur san áireamh mar phrionsabal trasearnálach, agus i gcomhréir le prionsabail dhaonnúla;

25.á chur i bhfios go láidir nár chóir don Aontas Eorpach duine ar bith a fhágáil ar lár maidir le cearta bunúsacha a chosaint;

ѴDZٲí

26.á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit fíor-phríomhshruthú ar chearta daoine LGBTIQ+ a áirithiú ar fud bheartais an Aontais go léir; á iarraidh go gcumhdófar sna beartais forais ilchineálacha idirdhealaithe agus an idirdhealaithe thrasnaigh, ar féidir iad a bhunú, i measc forais eile, ar stádas socheacnamaíoch, aois, cine, reiligiún, claonadh gnéasach iarbhír nó braite, féiniúlacht inscne, léiriú inscne agus saintréithe gnéis nó míchumas; á iarraidh go ndéanfar comhthéacsanna ar leith na réigiún tuaithe, na réigiún imeallach agus na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh sna beartais;

27.á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit SOGIESC a chuimsiú sna forais a chuirtear san áireamh i reachtaíocht an Aontais i gcoinne an idirdhealaithe, i gcomhréir le sainordú na Parlaiminte maidir leis an togra le haghaidh treoir maidir le caighdeáin do na comhlachtaí comhionannais(9);

28.á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas agus na Ballstáit rannpháirt a thabhairt do dhaoine LGBTIQ+ i gceapadh beartais, lena n-áirítear i ndearadh agus cur chun feidhme na mbeartas socheacnamaíoch agus tithíochta agus oideachais; á iarraidh ar na Ballstáit dul i ngleic le géarchéim an chostais mhaireachtála agus na tithíochta, lena n-áirítear trí bhearta sonracha a shainiú do dhaoine LGBTIQ+;

29.á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir maidir leis an gcóir chomhionann i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha a chur chun feidhme;

30.á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint cinntí agus glacadh ionstraimí barántúla in ábhair tuismíochta agus maidir le Deimhniú Eorpach Tuismíochta a chruthú chun cearta gach linbh a chosaint trína áirithiú go n-aithneofar i mBallstáit uile an Aontais a naisc tuismitheora, lena n-áirítear, go háirithe, tuismitheoirí comhghnéis, atá bunaithe i mBallstát amháin; á iarraidh ar an gCoimisiún plé a dhéanamh ar an acmhainneacht a bhaineann le bunúis dlí eile sna Conarthaí, go háirithe Airteagal19 agus Airteagal21 CFAE, chun a áirithiú go n-aithneoidh na Ballstáit uile póstaí, aontais, tuismíocht agus saol teaghlaigh daoine LGBTIQ+ go hiomlán agus go neamhchoinníollach gan idirdhealú ná bacainní ar shaorghluaiseacht;

31.á chur in iúl gur geal léi cinneadh an 15Iúil2021 ón gCoimisiún maidir le tús a chur le caingean dlí i gcoinne Ballstát mar gheall ar sháruithe ar chearta bunúsacha daoine LGBTIQ+; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme dhlí an Aontais sna Ballstáit agus nósanna imeachta maidir le sárú a sheoladh i gcásanna inar sáraíodh cearta bunúsacha daoine LGBTIQ+ faoi Airteagal2 CAE, faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais nó faoi reachtaíocht thánaisteach, i gcás inarb infheidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i muinín nósanna imeachta brostaithe agus iarratais ar bhearta eatramhacha os comhair CBAE go córasach;

32.á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh na Ballstáit breithiúnais CBAE agus ECtHR, trí aghaidh a thabhairt ar chásanna neamhchomhlíonta trí úsáid a bhaint as na gníomhaíochtaí faoi Airteagal260(2) CFAE agus faoin Rialachán maidir le Coinníollacht an Smachta Reachta, go háirithe maidir le daoine LGBTIQ+ agus teaghlaigh bogha ceatha a thrasnaíonn teorainneacha laistigh den Aontas;

33.á iarraidh ar na Ballstáit uile cloí leis na Treoirlínte le haghaidh Straitéisí agus Pleananna Gníomhaíochta chun Feabhas a chur ar Chomhionannas daoine LGBTIQ(10) arna n-ullmhú ag an bhFoghrúpa um Chomhionannas LGBTIQ;

34.á iarraidh ar na Ballstáit cumhdach na seirbhísí cúraim sláinte a leathnú, agus deis a thabhairt do dhaoine LGBTIQ+ sainchúram a lorg, lena n-áirítear teicneolaíochtaí agus sláinte ghnéis agus atáirgthe; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun idirdhealú in aghaidh daoine LGBTIQ+ in earnáil na sláinte a chomhrac;

35.á iarraidh ar na Ballstáit níos mó cistiú a thabhairt chun seirbhísí d’íospartaigh den fhoréigin inscnebhunaithe agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh LGBTIQ+, go háirithe do mhná LGBTIQ+, agus díriú ar a riachtanais agus ar a n-eispéiris shonracha;

36.á mheabhrú gur gá a áirithiú go mbeidh na teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta agus próifílithe bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta, na hinmhínitheachta, na cothroime agus na cuntasachta chun aghaidh a thabhairt go cuí ar an gclaontacht agus ar na rioscaí a chruthaítear do dhaoine LGBTIQ+;

37.á iarraidh go dtabharfaidh an tAontas Eorpach rochtain ar thearmann do dhaoine LGBTIQ+, lena n-áirítear daoine ó thríú tíortha atá aicmithe mar ‘thíortha sábháilte’;

38.á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a áirithiú don chomhionannas LGBTIQ+ le gníomhaíocht faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, mar a fógraíodh sa Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025, agus an tacaíocht sin a áireamh i gClár Oibre 2023-2025;

39.á iarraidh ar Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA) a treoir phraiticiúil maidir le hiarratasóirí a bhfuil SOGIESC acu a thabhairt chun críche go pras agus á iarraidh ar na Ballstáit cloí leis an treoir sin ansin;

40.á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na tionchair agus cistiú thabhairt do ESSanna agus tionscadail acadúla a imscrúdaíonn an ghluaiseacht frith-inscne, chun aghaidh a thabhairt uirthi go héifeachtach;

41.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leas a bhaint as an eolas eimpíreach agus córasach, atá tógtha ag ESSanna agus taighdeoirí acadúla, agus beartais agus cláir á gceapadh acu chun tacú le daoine LGBTIQ+ san Eoraip agus ar fud an domhain;

42.á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt don chlaonadh gnéasach iarbhír nó braite, don fhéiniúlacht inscne, do léiriú inscne agus do shaintréithe gnéis, mar spreagthaí claontachta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an fhuathchaint, ar choireanna fuatha agus ar fhoréigean arb é claonadh i leith SOGIESC an spreagadh, lena n-áirítear ar líne; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún maidir le liosta choireanna an Aontais in Airteagal83(1) CFAE a leathnú chun an fhuathchaint agus an coireanna fuatha a chumhdach, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí is infheidhme i mBallstáit uile an Aontais a shainiú; á thabhairt chun suntais gur gá freagairt láidir ó dhlí coiriúil an Aontais ar an bhfuathchaint agus ar an gcoireacht fuatha a áirithiú; á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfuil beagnach dhá bhliain caite ó foilsíodh an teachtaireacht ón gCoimisiún agus nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an gComhairle ina leith, cé go raibh sí in ann liosta choireanna an Aontais a leathnú go pras chun críoch eile; á chur in iúl gur oth léi an neamhghníomh sin i bhfianaise an mhéadaithe ar an bhfuathchaint agus ar choireanna fuatha; á iarraidh an athuair ar an gComhairle oibriú go dícheallach i dtreo comhthola ionas gur féidir leis an gCoimisiún tús a chur leis an dara céim den nós imeachta;

43.ag tathant ar an gCoimisiún clár oibre a thabhairt ar aghaidh chun feasacht a mhúscailt agus chun tuairisciú coireanna fuatha arna spreagadh ag an gclaontacht i leith SOGIESC a spreagadh; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear oiliúint ar phóilíní agus ar oifigigh bhreithiúnacha maidir le saincheisteanna LGBTIQ+, chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do dhaoine LGBTIQ+ agus chun cásanna coireanna fuatha a imscrúdú agus a ionchúiseamh go leordhóthanach;

44.á iarraidh ar an gCoimisiún plé a dhéanamh ar chreat dlíthiúil an Aontais agus ar na bealaí a d’fhéadfaí a leanúint chun cleachtais tiontaithe ar leibhéal an Aontais a chomhrac agus a thoirmeasc, agus brú a chur ar na Ballstáit ‘cleachtais tiontaithe’ ar fhorais SOGIESC a thoirmeasc;

45.Á chur in iúl gur geal léi, mar chéad chéim, clárú foirmiúil ECI ag an gCoimisiún dar teideal Ban on conversion practices in the European Union [Toirmeasc ar chleachtais tiontaithe san Aontas Eorpach] mar go n-aithníonn sé sin na forais dhlíthiúla ar an leibhéal Eorpach chun gníomhú ar an tsaincheist sin; cuireann sí a tacaíocht in iúl don ECI sin; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú ina leith agus gníomhartha dlí a mholadh bunaithe ar na Conarthaí agus ar an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh(11);

46.á iarraidh go mbeidh toirmeasc ar chiorrú ball giniúna, go háirithe ciorrú ball giniúna idirghnéasach agus ciorrú ball giniúna ban;

47.á iarraidh ar na Ballstáit leanúint de dhea-chleachtais a mhalartú maidir le cearta bunúsacha leanaí idirghnéasacha a choimirciú;

48.á iarraidh go mbeidh toirmeasc ar an nginmhilleadh éigeantais agus ar an steiriliú éigeantais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ceart na ndaoine LGBTIQ+ chun féinchinntiúcháin, féinriar agus sláinte coirp agus meabhrach; á chur i bhfios go láidir go n-áirítear i seasamh na Parlaiminte i leith an togra le haghaidh treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac ciorrú ball giniúna ban agus ciorrú ball giniúna idirghnéasach agus steiriliú éigeantach a chur le liosta choireanna an Aontais;

49.á iarraidh ar na Ballstáit pósadh agus tuismíocht lánúineacha comhinscneacha a aithint chun críocha cearta arna ndíorthú ó dhlí an Aontais a fheidhmiú, de réir mar a éilíonn CBAE;

50.á iarraidh ar na Ballstáit reachtaíocht agus nósanna imeachta dlíthiúla inrochtana maidir le haitheantas inscne a chur i bhfeidhm, le tacaíocht ón gCoimisiún;

51.ag iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit timpeallachtaí sábháilte agus cuimsitheacha a chur chun cinn san oideachas, sa chultúr, sa spórt agus in earnálacha eile;

52.á iarraidh ar na Ballstáit bearta breise a dhéanamh chun cearta comhionanna a ráthú do dhaoine LGBTIQ+ faoi mhíchumas, trí chosaintí sainráite ar idirdhealú bunaithe ar chlaonadh gnéasach agus ar fhéiniúlacht inscne a bhfuil gá leo i ngach réimse den saol lena n-áirítear san fhostaíocht, tithíocht, oideachas, cóiríocht phoiblí, agus creidmheas;

53.á iarraidh ar na Ballstáit na ѴDZٲí ón gComhairle maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile a chur chun feidhme, agus go háirithe bearta i gcoinne idirdhealú in aghaidh daoine LGBTIQ+, go háirithe daoine óga LGBTIQ+, a áireamh chun oideachas sábháilte agus cuimsitheach a áirithiú;

54.ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le bearta chun aghaidh a thabhairt ar bhulaíocht agus ciapadh leanaí LGBTIQ+ agus daoine óga LGBTIQ+ i scoileanna agus feasacht a mhúscailt maidir leis na cásanna sin; á chur i bhfios go láidir go gcuireann na cásanna sin leis an eisiamh sóisialta;

55.á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú Erasmus+ faoin topaic ‘Comhionannas LGBT+ a chur chun cinn’ a leathnú trí iarrachtaí cumarsáide gníomhacha i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta;

56.á iarraidh ar an Aontas Eorpach bheith ina eiseamláir agus ról ceannaireachta a ghlacadh maidir le cearta daoine LGBTIQ+ a chur chun cinn ar fud an domhain, i gcomhréir lena treoracha um chearta an duine maidir le neamh-idirdhealú sa ghníomhaíocht sheachtrach;

57.á iarraidh ar an gCoimisiún Ionadaí Speisialta le haghaidh Comhionannas LGBTIQ+ a cheapadh sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí chun cur chun feidhme cothrománach na Straitéise um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 a áirithiú thar lear;

58.á chur in iúl gur cúis bhuartha di staid na gceart LGBTIQ+ ar fud an domhain; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) leas a bhaint as an mbeartas forbartha mar uirlis chun athchóirithe a fhorfheidhmiú i dtíortha atá i mbéal forbartha, chun aghaidh a thabhairt ar an gcéim siar maidir leis na cearta sin a aithint agus a chosaint agus chun cearta daoine LGBTIQ+ a áirithiú;

59.á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar tacaíocht do dhaoine LGBTIQ+ mar chuid d’ionstraimí buiséadacha agus cistithe, chomh maith le cláir níos leithne don chúnamh forbartha;

60.á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tíortha is iarrthóirí agus le tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus i gcur chun feidhme reachtaíocht an Aontais, lena n-áirítear i réimse na gceart LGBTIQ+, agus faireachán a dhéanamh ar a ndul chun cinn;

61.á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas breise a chur ar fhéidearthacht an athdheonaithe agus cistiú solúbtha a sholáthar chun cur ar chumas chosantóirí beaga chearta an duine ar leibhéal an phobail, agus ghníomhaithe eile na sochaí sibhialta atá ag obair ar chur chun cinn na gceart LGBTIQ+ chun rochtain a fháil ar an gcistiú sin, san Aontas agus i dtríú tíortha, i gcomhréir le dlí an Aontais;

62.á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas breise a chur ar a chumarsáid maidir le deiseanna cistiúcháin chun comhionannas LGBTIQ+ a chur chun cinn, go háirithe sna Ballstáit ina bhfuil céim siar glactha maidir leis an gcomhionannas;

63.á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbainisteoidh na Ballstáit cistí an Aontais i gcomhréir leis an gCairt, le cuimsiú an chirt chun neamh-idirdhealaithe, mar a cheanglaítear le ‘coinníoll cumasúcháin’ cothrománach faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna(12) (CPR); á chur i bhfáth nach féidir leis an gCoimisiún aon chaiteachas a aisíoc go dtí go mbeidh na coinníollacha cumasúcháin is infheidhme comhlíonta;

64.á iarraidh go leanfaidh an tAontas Eorpach de dhul i ngleic le stiogmatú agus ciapadh chosantóirí chearta an duine (HRDanna) a chosnaíonn daoine LGBTIQ+ agus HRDanna i a chosaint dtríú tíortha; ag tathant ar an Aontas an sásra sin a leathnú chuig cosantóirí chearta an duine in san Aontas, lena gceadaítear HRDanna LGBTIQ+ a chosaint sna Ballstáit;

65.ag tathant ar an Aontas na cosaintí sin a leathnú chuig HRDanna i mBallstáit an Aontais;

66.á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an mbailiú sonraí ar an idirdhealú ar fhorais SOGIESC, agus na sonraí sin a úsáid i gceapadh beartas poiblí cuimsitheach atá saincheaptha do dhaoine LGBTIQ+ agus tacú leis na Ballstáit maidir le húsáid na sonraí sin;

67.á iarraidh ar na Ballstáit uile féinmheasúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta acu i gcur chun feidhme na Straitéise LGBTIQ agus a dtorthaí a roinnt leis an gCoimisiún agus leis an bParlaimint;

68.á iarraidh ar na Ballstáit uile pleananna gníomhaíochta agus straitéisí náisiúnta LGBTIQ+ a ghlacadh go dtí 2025;

69.ag iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis nua um Chomhionannas LGBTIQ+ a tharraingt suas do 2025-2030, bunaithe ar ghealltanais láidre, lena léirítear an Chairt, iarrataí agus ionchais ón bParlaimint, ó ESSanna agus ó dhaoine LGBTIQ+ san Eoraip agus ar fud an domhain; á iarraidh ar an gCoimisiún amlíne a chur in iúl maidir leis an gcéad Straitéis eile maidir le Comhionannas LGBTIQ+ roimh thoghcháin Pharlaimint na hEorpa in 2024;

70.á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an chéad Straitéis eile maidir le Comhionannas LGBTIQ+ bunaithe ar ionstraim níos láidre, lena ngabhfaidh plean cur chun feidhme atá dírithe ar spriocanna, struchtúr láidir príomhshruthaithe lena n-áiritheofar go ndéanfar cearta LGBTIQ+ a phríomhshruthú ar fud bheartais uile an Aontais, lena n-áirítear na forais a bhaineann leis an gclaonadh gnéasach, féiniúlacht inscne, léiriú inscne agus saintréithe gnéis, agus leithdháileadh acmhainní; go mbeidh amlíne agus garspriocanna inti, lena n-áiritheofar na próisis faireacháin, mheastóireachta, chuntasacht, agus foghlama, lena n-áirítear dul i gcomhairle le heagraíochtaí LGBTIQ+; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar ghrúpaí i gcásanna leochaileacha, amhail leanaí agus daoine óige LGBTIQ+;

71.á iarraidh ar an gCoimisiún a dheimhniú go mbeidh punann do Choimisinéir um Chomhionannas agus um Éagsúlacht ann sa chéad téarma eile;

72.ag spreagadh comhordaitheoir um chearta LGBTIQ+ a thabhairt isteach sa Choimisiún Eorpach;

o
oo

73.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí, agus chuig parlaimintí fo-náisiúnta agus údaráis áitiúla na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí.

(1) IOC117, 11.3.2022, lch.2.
(2) IOC474, 24.11.2021, lch.140.
(3) éanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0225.
(4) éanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0362.
(5) éanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0372.
(6) éanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0120.
(7) Staidéar – ‘An Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 – Forléargas cur chun feidhme’, Parlaimint na hEorpa, An Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, 2023.
(8) IO L, 2024/442, 05.02.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/442/oj
(9) Togra an 7Nollaig2022 ón gCoimisiún le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais i réimse na córa comhionainne agus an chomhionannais deiseanna idir mná agus fir i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, agus lena scriostar Airteagal20 de Threoir2006/54/CE agus Airteagal11 de Threoir2010/41/AE ().
(10) Treoir2000/78/CE ón gComhairle an 27Samhain2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IOL303, 2.12.2000, lch.16).
(11) Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 130, 17.5.2019, lch. 55).
(12) Rialachán (AE)2021/1060 an 24Meitheamh2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IOL231, 30.6.2021, lch.159).


Comhaontuithe comhlachais maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha i gcláir an Aontais
PDF81kWORD41k
ú ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 maidir le comhaontuithe comhlachais maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha i gcláir an Aontais ()
P9_TA(2024)0077B9-0096/2024

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair


Caibidlíocht iltaobhach i bhfianaise an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála in Abú Daibí, 26-29 Feabhra 2024
PDF82kWORD42k
ú ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 maidir le caibidlíochtaí iltaobhacha i bhfianaise an 13ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála in Abu Dhabi an 26-29 Feabhra 2024 ()
P9_TA(2024)0078B9-0090/2024

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair


Russiagate: líomhaintí maidir le cur isteach na Rúise ar phróisis dhaonlathacha an Aontais Eorpaigh
PDF81kWORD42k
ú ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 ar Russiagate: líomhaintí maidir le cur isteach na Rúise ar phróisis dhaonlathacha an Aontais Eorpaigh ()
P9_TA(2024)0079RC-B9-0124/2024

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair


Leanúint den chur faoi chois i gcoinne na bhfórsaí daonlathacha i Veiniséala: ionsaithe ar iarrthóir uachtaránachta Maria Corina Machado
PDF82kWORD42k
ú ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Feabhra 2024 maidir leanúint den chur faoi chois i gcoinne na bhfórsaí daonlathacha i Veiniséala: ionsaithe ar iarrthóir uachtaránachta Maria Corina Machado ()
P9_TA(2024)0080RC-B9-0097/2024

Níl an téacs seo ar fáil as Gaeilge faoi láthair

Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais