Conas a oibríonn an tAontas Eorpach
Tá reachtas agus feidhmeannacht dá chuid féin ag an Aontas Eorpach, chomh maith le cúirteanna dlí neamhspleácha agus banc ceannais. Faigheann siad sin tacaíocht agus comhlánú ó thacar institiúidí agus comhlachtaí, a n-eascraíonn na cumhachtaí a thugtar dóibh ó na Conarthaí bunaidh. Tháinig forás suntasach ar chumhachtaí an Aontais i gcaitheamh na mblianta trí Chonarthaí a glacadh i ndiaidh a chéile. Tháinig forás freisin ar na nósanna imeachta cinnteoireachta, a leanann an Pharlaimint agus an Chomhairle anois agus iad i mbun reachtaithe ar fhormhór na mbeartas AE. Tá buiséad dá chuid féin ag an Aontas freisin chun a chuspóirí a bhaint amach. Le Conradh Liospóin tugadh an guth céanna don Pharlaimint leis an gComhairle chun cinneadh a dhéanamh faoi bhuiséad iomlán AE agus faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil.