Ϸվ

Caidreamh seachtrach AE

Caidreamh seachtrach AE

Is leis na prionsabail a spreag cruthú, forbairt agus méadú an Aontais féin, agus atá neadaithe i gCairt na Náisiún Aontaithe agus sa dlí idirnáisiúnta chomh maith, a threoraítear gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh ar an ardán idirnáisiúnta. Is gné lárnach é cur chun cinn chearta an duine agus an daonlathais. Cuireann an tAontas béim freisin ar a leasanna agus spriocanna straitéiseacha féin trína ghníomhaíocht idirnáisiúnta. Leanfaidh sé den leathnú agus den fheabhsú ar a chaidreamh polaitiúil agus trádála le tíortha agus réigiúin eile an domhain, lena n-áirítear trí chruinnithe mullaigh rialta a reáchtáil lena pháirtithe straitéiseacha amhail na Stáit Aontaithe, an tSeapáin, Ceanada, an Rúis, an India agus an tSín. Tugann sé tacaíocht freisin don fhorbairt, don chomhar agus don idirphlé polaitiúil i dtíortha i Réigiún na Meánmhara, sa Mheánoirthear, san Áise, i Meiriceá Laidineach, in Oirthear na hEorpa, san Áise Láir agus sna Balcáin Thiar.