Ϸվ

Parlaimint na hEorpa: nósanna imeachta toghcháin

Tá na nósanna imeachta chun Parlaimint na hEorpa a thoghadh faoi rialú ag reachtaíocht Eorpach ina leagtar síos rialacha atá coiteann do gach Ballstát agus ag forálacha náisiúnta sonracha atá éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Leagtar síos sna forálacha comhchoiteanna prionsabal na hionadaíochta cionmhaire, rialacha maidir le tairseacha agus neamh-chomhoiriúnachtaí áirithe a ghabhann leis an sainordú mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa. Tá go leor ábhair thábhachtacha eile, amhail an córas toghcháin go díreach a úsáidtear agus an líon toghlach, faoi rialú ag dlíthe náisiúnta.

Bunús dlí

  • Airteagal14 den (CAE);
  • Airteagail20,22 agus223 den (CFAE) agus Airteagal39 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh;
  • maidir le toghadh ionadaithe an Tionóil trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, arna leasú go deireanach le an13 Iúil2018.

Rialacha comhchoiteanna

A. Prionsabail

Luadh sna Conarthaí bunaidh (1.1.1) gurb iad na parlaimintí náisiúnta a cheapfadh 𾱲í de Pharlaimint na hEorpa ar dtús, ach rinneadh foráil iontu do thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach. Rinne an Chomhairle an fhoráil sin a chur chun feidhme roimh na chéad toghcháin dhíreacha in1979 trí Ionstraim an20 Meán Fómhair1976 maidir le toghadh ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (Ionstraim1976). Rinne sí staid institiúideach Pharlaimint na hEorpa a athrú ó bhonn agus is é an doiciméad bunúsach é d’Aontas Eorpach níos daonlathaí.

In1992, rinneadh foráil le Conradh Maastricht (1.1.3) nár mhór toghcháin a reáchtáil i gcomhréir le nós imeachta aonfhoirmeach agus gur cheart do Pharlaimint na hEorpa togra a tharraingt suas chun na críche sin, lena ghlacadh ag an gComhairle d’aon toil. Ós rud é, áfach, nach raibh an Chomhairle in ann teacht ar chomhaontú maidir le haon cheann de na tograí, tugadh isteach le Conradh Amstardam an fhéidearthacht go ndéanfaí ‘prionsabail chomhchoiteanna’ a ghlacadh. , rinneadh Ionstraim1976 a mhodhnú dá réir, nuair a tugadh isteach prionsabal na hionadaíochta cionmhaire agus prionsabal na neamh-chomhoiriúnachta idir sainorduithe náisiúnta agus sainorduithe Eorpacha.

Glacadh na leasuithe deireanacha ar Ionstraim1976 le , a áiríonn forálacha maidir leis an bhféidearthacht modhanna éagsúla vótála a bheith ann (réamhvótáil, vótáil leictreonach, vótáil ar an idirlíon agus vótáil tríd an bpost); maidir le tairseacha; maidir le sonraí pearsanta a chosaint; maidir le pionós a ghearradh le reachtaíocht náisiúnta má dhéantar ‘vótáil dhúbailte’; maidir le vótáil i dtríú tíortha; agus maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh páirtithe polaitiúla Eorpacha feiceálach ar pháipéir bhallóide.

Le Conradh Liospóin (1.1.5) rinneadh ceart bunúsach den cheart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir (Airteagal39 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh).

B. Cur i bhfeidhm: forálacha comhchoiteanna atá i bhfeidhm

1. An ceart chun vótála agus chun bheith ina n-iarrthóirí atá ag neamhnáisiúnaigh

De réir Airteagal22(2) CFAE, ‘beidh ag gach saoránach den Aontas a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é an ceart chun vótála agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air’. Glacadh na socruithe chun an ceart sin a chur chun feidhme faoi Airteagal6 de , ón gComhairle, arna leasú go deireanach le , lena leagtar síos ‘aon saoránach de chuid an Aontais a bhfuil cónaí air i mBallstát nach náisiúnach de é agus a ndearnadh, trí chinneadh breithiúnach aonair nó trí chinneadh riaracháin aonair – ar choinníoll gur féidir an cinneadh riaracháin a bheith faoi réir ag leigheasanna breithiúnacha, an ceart atá aige chun bheith ina iarrthóir faoi dhlí an Bhallstáit cónaithe nó faoi dhlí a Bhallstáit baile a bhaint de, cuirfear bac air an ceart sin a fheidhmiú sa Bhallstát cónaithe i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa’.

2. Córas toghcháin

Faoi Ionstraim1976 arna leasú, is gá toghcháin Eorpacha a bhunú ar ionadaíocht chionmhar agus úsáid a bhaint as an gcóras liostaí nó as córas an vóta inaistrithe aonair. Féadfaidh Ballstáit údarú a dhéanamh freisin ar vótáil atá bunaithe ar chóras liostaí tosaíochta.

Chomh maith leis an tairseach íosta dheonach le haghaidh leithdháileadh suíochán de suas le5% de na vótaí bailí a chaitear ar an leibhéal náisiúnta, bunaítear leis na leasuithe a rinneadh le déanaí ar Ionstraim1976, arna nglacadh le tairseach íosta éigeantach de idir2% agus5% do thoghlaigh (lena n-áirítear Ballstáit aontoghlaigh) a bhfuil níos mó ná35 shuíochán acu i mBallstáit ina n-úsáidtear an córas liostaí. Beidh sé de dhualgas ar na Ballstáit an ceanglas sin a chomhlíonadh in am do thoghcháin2024 ar a dhéanaí.

De bhun an chinnidh sin, féadfaidh na Ballstáit freisin foráil a dhéanamh maidir le réamhvótáil, vótáil tríd an bpost agus vótáil leictreonach agus ar an idirlíon. I gcás ina ndéanann siad amhlaidh, ní mór dóibh bearta a ghlacadh ar leor iad chun a áirithiú go háirithe go mbeidh an toradh iontaofa, go mbeidh an vótáil faoi ú agus go gcosnófar sonraí pearsanta.

3. 𲹳-dzǾúԲٲí

De réir Airteagal7 d’Ionstraim1976, arna leasú le , ón gComhairle, níl oifig Feisire de Pharlaimint na hEorpa ag luí le hoifig comhalta de rialtas Ballstáit, comhalta den Choimisiún, bhreithimh, abhcóide ginearálta nó chláraitheora sa Chúirt Bhreithiúnais, comhalta den Chúirt Iniúchóirí, comhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, comhalta de choistí nó de chomhlachtaí eile arna mbunú de bhun na gConarthaí chun cistí an Aontais a bhainistiú nó chun cúram riaracháin buan díreach a chur i gcrích, comhalta de Bhord Stiúrthóirí, de Choiste Bainistíochta nó d’fhoireann an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, agus oifigigh nó sheirbhísigh ghníomhaigh d’institiúidí an Aontais Eorpaigh nó de na sainchomhlachtaí a ghabhann leo. Is ann fós do neamhréireachtaí do chomhaltaí de Coiste Eorpach na Réigiún (arna chur leis an méid sin in1997); do chomhaltaí de Bhord Stiúrthóirí an Bhainc Ceannais Eorpaigh, d’Ombudsman an Aontais Eorpaigh, agus níos tábhachtaí fós, do chomhaltaí de pharlaimint náisiúnta (arna chur leis an méid sin in2002).

Socruithe atá faoi réir forálacha náisiúnta

I dteannta na rialacha comhchoiteanna sin, tá na socruithe toghcháin faoi rialú ag forálacha náisiúnta, ar féidir an-éagsúlacht a bheith eatarthu; dá bhrí sin, is féidir an córas toghcháin a mheas mar chóras toghcháin ilchruthach.

A. Córas toghcháin agus tairseacha

Baineann gach Ballstát úsáid as córas atá bunaithe ar ionadaíocht chionmhar. Chomh maith leis an tairseach íosta dheonach suas le5% le haghaidh leithdháileadh suíochán ar an leibhéal náisiúnta, bunaítear le tairseach íosta éigeantach de idir2% agus5% do thoghlaigh (lena n-áirítear Ballstáit aontoghlaigh) ina bhfuil níos mó ná35 shuíochán. Ní mór an ceanglas sin a chomhlíonadh in am do thoghcháin Eorpacha2024 ar a dhéanaí.

Is iad na Ballstáit seo a leanas a chuireann tairseacha i bhfeidhm faoi láthair: an Fhrainc, an Bheilg, an Liotuáin, an Pholainn, an tSlóvaic, an tSeicia, an Rómáin, an Chróit, an Laitvia agus an Ungáir (5%); an Ostair, an Iodáil agus an tSualainn (4%); an Ghréig (3%); agus an Chipir (1.8%). Ní chuireann na Ballstáit eile aon tairseach i bhfeidhm, cé go ndearna an Ghearmáin iarracht é sin a dhéanamh, ach in dhá chinneadh in agus in, dhearbhaigh Cúirt Bhunreachtúil na Gearmáine go raibh tairseacha reatha na tíre do thoghcháin AE (arbh ionann iad agus5% ar dtús, ansin3%) míbhunreachtúil.

B. Teorainneacha toghlaigh

Is mar thoghlaigh aonair a fheidhmíonn formhór na mBallstát sna toghcháin Eorpacha. Tá ceithre Bhallstát ann, áfach, (an Bheilg, Éire, an Iodáil agus an Pholainn) a bhfuil a gcríoch náisiúnta roinnte i dtoghlaigh réigiúnacha acu.

C. Teidlíocht chun vótála

Is é18 an aois vótála sa chuid is mó de na Ballstáit, seachas san Ostair, sa Bheilg, sa Ghearmáin agus i Málta, áit arb é16 é agus sa Ghréig, áit arb é17 é.

Tá an vótáil éigeantach i gceathair Bhallstát (an Bheilg, an Bhulgáir, Lucsamburg agus an Ghréig): tá sé d'oibleagáid ar náisiúnaigh mar aon le saoránaigh neamhnáisiúnacha cláraithe de chuid an Aontais vóta a chaitheamh.

1. Vótáil ag neamhnáisiúnaigh ina dtír óstach

Tá sé de cheart ag saoránaigh an Aontais atá ina gcónaí i mBallstát nach náisiúnaigh dá chuid iad vótáil i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina bhfuil siad ina gcónaí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit sin (Airteagal22 CFAE). Tá coincheap an chónaithe éagsúil i gcónaí, áfach, ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. I roinnt tíortha, bíonn ceangal ar vótálaithe a n-áit sainchónaithe nó a ngnátháit chónaithe a bheith laistigh den toghlach (e.g. an Eastóin, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Pholainn, an Rómáin agus an tSlóivéin), a bheith ina ngnáthchónaí ann (an Chipir, an Danmhairg, an Ghréig, Éire, Lucsamburg, an tSlóvaic agus an tSualainn) nó a bheith liostaithe sa chlár daonra (e.g. an Bheilg agus an tSeicia). Chun bheith incháilithe chun vótáil i roinnt tíortha (e.g. an Chipir) ní mór do shaoránaigh AE ceanglas a chomhlíonadh freisin maidir le tréimhse íosta chónaithe a bheith acu. I ngach Ballstát, tá sé de cheangal ar náisiúnaigh ó thíortha eile AE clárú chun vótáil roimh lá na dtoghchán. Bíonn na spriocdhátaí don chlárú éagsúil ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

2. Vótáil ag náisiúnaigh neamhchónaitheacha ina dtír thionscnaimh

Ceadaíonn nach mór gach Ballstát go ndéanfaí vótáil ó thír thar lear sna toghcháin Eorpacha. I roinnt Ballstát, is gá do vótálaithe clárú lena n-údaráis náisiúnta toghcháin ionas go mbeidh siad incháilithe vóta a chaitheamh tríd an bpost agus iad thar lear nó ag ambasáid nó ag consalacht. I mBallstáit eile, féadtar vóta poist a dhéanamh ag ambasáidí nó ag consalachtaí. I roinnt Ballstát, ní thugtar an ceart chun vótála thar lear ach do shaoránaigh atá ag cónaí i mBallstát eile (e.g. an Bhulgáir agus an Iodáil). Thairis sin, tá socruithe speisialta ag formhór na mBallstát le haghaidh taidhleoirí agus pearsanra míleata atá i mbun seirbhíse thar lear.

Ós rud é go bhfuil roinnt neamhnáisiúnach in ann vótáil ina dtír óstach agus mar náisiúnaigh ina dtír thionscnaimh, d’fhéadfadh sé go mbeadh mí-úsáid (an vótáil dhúbailte, ar cion coiriúil é i roinnt Ballstát) ann dá dheasca. Maidir leis sin, ceanglaítear leis na leasuithe is déanaí ar Ionstraim1976, arna glacadh le , go ndéanfadh na Ballstáit a áirithiú go mbeadh an vótáil dhúbailte i dtoghcháin do Parlaimint na hEorpa faoi réir pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

D. An ceart seasamh i dtoghchán

Maidir leis an gceart chun bheith mar iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa in aon Bhallstát cónaithe eile, is ionann é sin freisin agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe idir náisiúnaigh agus neamhnáisiúnaigh a chur i bhfeidhm agus leanann sé ón gceart chun gluaiseachta agus cónaí faoi shaoirse san Aontas Eorpach. Aon duine ar saoránach de chuid an Aontais é agus nach náisiúnach dá Bhallstát cónaithe é, ach a chomhlíonann na coinníollacha céanna i leith an chirt chun bheith ina iarrthóir de réir mar a chuireann an Ballstát sin an dlí i bhfeidhm maidir lena náisiúnaigh féin, tá aige an ceart chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát cónaithe mura rud é go mbaintear na cearta sin de (Airteagal3 de ).

Seachas an ceanglas maidir le saoránacht Ballstáit, atá coiteann do gach Ballstát, tá na coinníollacha éagsúil ó thír amháin go tír eile. Ní fhéadfaidh duine a bheith ina iarrthóir i níos mó ná Ballstát amháin sa toghchán céanna (Airteagal4 de ճǾ93/109/䷡ ón gComhairle). Is é18 an aois íosta chun seasamh i dtoghchán i bhformhór na mBallstát, agus is eisceachtaí iad an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Eastóin, Éire, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an tSeicia agus an tSlóvaic (21), an Rómáin (23), agus an Iodáil agus an Ghréig (25).

E. ԳԾúá

I roinnt Ballstát ní fhéadfaidh ach páirtithe polaitiúla agus eagraíochtaí polaitiúla ainmniúcháin a chur isteach. I mBallstáit eile, féadfar ainmniúcháin a chur isteach má bhíonn siad formhuinithe ag an líon sínithe nó an líon toghthóirí atá ag teastáil, agus, i gcásanna áirithe, bíonn gá le héarlais freisin.

Le an28 Meitheamh2018 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa leagtar síos conas a líontar na suíocháin i bParlaimint na hEorpa dá bhforáiltear in Airteagal14(2) CAE agus prionsabal na ‘comhréireachta céimlaghdaithí’ (1.3.3).

F. Dátaí na dtoghchán

De bhun Airteagal10 agus Airteagal11 d’Ionstraim1976, arna leasú, déantar toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a reáchtáil laistigh den tréimhse chéanna dar tosach maidin Déardaoin agus dar críoch an Domhnach ina dhiaidh sin; déanann gach Ballstát an dáta cruinn agus na hamanna cruinne a shocrú. In1976, ba í an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, a chinn an tréimhse thoghcháin do na chéad toghcháin in1979. Na toghcháin a bhí ann ó1979 i leith, bhíodar ar siúl sa tréimhse chomhfhreagrach le linn na bliana deireanaí den tréimhse cúig bliana dá dtagraítear in Airteagal5 den Ionstraim (1.3.1).

Maidir le toghcháin2014, rinne an Chomhairle, trína cinneadh an14 Meitheamh2013, na dátaí a bhí socraithe do mhí an Mheithimh ar dtús a athrú go22-25 Bealtaine, ionas nach mbeidís ag teacht salach ar laethanta saoire na Cincíse, tríd an bhforáil seo a leanas d’Airteagal11 a chur i bhfeidhm: ‘Mura féidir na toghcháin a chomóradh … sa tréimhse sin, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, bliain amháin ar a laghad roimh dheireadh an téarma cúig bliana dá dtagraítear in Airteagal5, tréimhse toghcháin eile a shocrú nach luaithe ná dhá mhí roimh an tréimhse a shonraítear de bhun na fomhíre roimhe seo ná nach déanaí ná mí tar éis na tréimhse sin’. Comórfar toghcháin iardain sa tréimhse chomhréire sa bhliain deiridh den tréimhse cúig bliana (Airteagal 11 d’Ionstraim 1976). Dá réir sin, bhí toghcháin2019 ar siúl ón23 go26 Bealtaine. Bhí ar siúl idir an6 agus 9Meitheamh.

G. Na roghanna atá ag vótálaithe chun ord na n-iarrthóirí ar liostaí a athrú

I bhformhór na mBallstát, féadfaidh vótálaithe vóta tosaíochta a chaitheamh chun ord na n-ainmneacha ar an liosta a athrú. Is liostaí dúnta (gan vóta tosaíochta), áfach, atá i sé Bhallstát (an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Phortaingéil, an Ungáir agus an Rómáin). I Málta agus in Éirinn, déanann na vótálaithe na hiarrthóirí a liostú in ord tosaíochta (vóta inaistrithe aonair).

H. Suíochán a thagann chun bheith folamh le linn an téarma pharlaimintigh a líonadh

I roinnt Ballstát déantar suíocháin a thagann chun bheith folamh a leithdháileadh ar na chéad iarrthóirí neamhthofa ar an liosta céanna (tar éis coigeartú a dhéanamh, b’fhéidir, chun léiriú a thabhairt ar an líon vótaí a fuair na hiarrthóirí). I mBallstáit eile, déantar suíocháin fholmha a leithdháileadh ar chomhaltaí ionaid agus mura bhfuil comhaltaí ionaid ann, tugtar aird ar ord na n-iarrthóirí ar na liostaí. I roinnt Ballstát eile tá sé de cheart ag 𾱲í de Pharlaimint na hEorpa filleadh ar Pharlaimint na hEorpa a thúisce a scoireann a gcúis fágála d’fheidhm a bheith aici.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Ó na1960idí i leith, arís agus arís eile nocht Parlaimint na hEorpa a tuairim ar shaincheisteanna maidir leis an dlí toghcháin agus chuir sí tograí ar aghaidh i gcomhréir le hAirteagal138 de Chonradh CE (Airteagal223 CFAE anois). Is léiriú ar a dheacra is atá sé traidisiúin náisiúnta éagsúla a chomhchuibhiú nach bhfuil nós imeachta atá go hiomlán aonfhoirmeach ann maidir le toghchán do Pharlaimint na hEorpa. Leis an rogha dá bhforáiltear i gConradh Amstardam chun prionsabail chomhchoiteanna a ghlacadh, ní rabhthas in ann na deacrachtaí sin a shárú ina n-iomláine. Tá an uaillmhian a leagtar amach in Airteagal223 CFAE maidir le nós imeachta aonfhoirmeach a ghlacadh, ar gá toiliú Pharlaimint na hEorpa ina leith, fós le comhlíonadh. Bhí iarrachtaí leanúnacha na Parlaiminte chun an nós imeachta toghchánach comhchoiteann a nuachóiriú agus ‘a Eorpú’ ina gcúis, in1997, le togra le haghaidh nós imeachta aonfhoirmeach; rinneadh a shubstaint a ionchorprú i gCinneadh2002 ón gComhairle. An11 Samhain2015, ghlac Parlaimint na hEorpa maidir le dlí toghcháin an Aontais Eorpaigh a athchóiriú. Sa tionscnamh reachtach ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, moladh leasuithe ar Ionstraim1976 d’fhonn na toghcháin Eorpacha a dhéanamh níos daonlathaí agus chun méadú ar rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas toghcháin. Glacadh leis na leasuithe a mhol an Pharlaimint i bpáirt, agus ionchorpraíodh iad i gCinneadh (AE, Euratom)2018/994 díobh an13 Iúil2018. Níor fhéad an Chomhairle aontú le togra na Parlaiminte, áfach, go mbunófaí toghlach comhpháirteach agus go ndéanfaí príomhiarrthóirí a cheapadh don phost mar Uachtarán an Choimisiúin.

Tar éis ú uaithi an7 Feabhra2018 maidir le comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, vótáil an Pharlaimint i bhfabhar líon na suíochán a laghdú ó751 go705 tar éis don Ríocht Aontaithe AE a fhágáil agus go n-athdháilfí roinnt de na suíocháin sin a bheadh ar fáil mar gheall ar Brexit ar na tíortha sin de chuid an Aontais atá ábhairín tearcionadaithe (1.3.3). An13 Meán Fómhair2023, ghlac Parlaimint na hEorpa ú lena dtugtar a toiliú don dréachtchinneadh ón gComhairle Eorpach lena méadaítear líon na suíochán i bParlaimint na hEorpa do thoghcháin 2024 ó 705 go 720.

An22 Samhain2012, ghlac Parlaimint na hEorpa ina ndéantar tathant ar na páirtithe polaitiúla Eorpacha iarrthóirí a ainmniú don phost mar Uachtarán ar an gCoimisiún le linn thoghcháin2014, ionas go ndéanfaí dlisteanacht pholaitiúil na Parlaiminte agus dlisteanacht pholaitiúil an Choimisiúin a atreisiú. Rinneadh na socruithe sin a chur chun feidhme roimh thoghcháin2014 agus, den chéad uair riamh, bhí na príomhiarrthóirí ina n-iarrthóirí i dtoghcháin2014. Ar deireadh, mar thoradh ar thoghcháin2014, rinne Parlaimint na hEorpa, an22 Deireadh Fómhair2014, duine de na hiarrthóirí sin, Jean-ClaudeJuncker, a thoghadh ina Uachtarán ar an gCoimisiún. I maidir le hathbhreithniú ar an gCreat-Chomhaontú maidir leis an gcaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach, chuir Parlaimint na hEorpa in iúl go raibh sí réidh chun diúltú d’aon iarrthóir le haghaidh oifig Uachtarán an Choimisiúin nach bhfuil ainmnithe mar (‘Spitzenkandidat’) de pháirtí polaitiúil Eorpach roimh thoghcháin Eorpacha2019; tar éis thoghcháin2019, áfach, toghadh Ursula von der Leyen, nach raibh ina Spitzenkandidat, mar Uachtarán ar an gCoimisiún. An 22Samhain2023, vótáil seisiún iomlánach na Parlaiminte ar thograí chun na Conarthaí a leasú, lena n-áirítear athchóiriú ar an gcaoi a dtoghtar an Coimisiún.

In2003, bunaíodh córas chun páirtithe polaitiúla Eorpacha a mhaoiniú, ar córas é lena gceadaítear fondúireachtaí polaitiúla (1.3.3) a chur ar bun ar leibhéal an Aontais. Aisghaireadh Rialachán (CE) Uimh.2004/2003 agus cuireadh an22 Deireadh Fómhair2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ina ionad. Tar éis maidir le páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí polaitiúla a mhaoiniú ar leibhéal na hEorpa, rinneadh Rialachán2014 a leasú. Sa ú, leagadh béim ar easnaimh maidir le leibhéal an chómhaoinithe agus an fhéidearthacht a bhaineann le ballraíocht ilpháirteach na bh𾱲í, agus iarracht á déanamh a áirithiú go n-úsáidfí airgead poiblí go cuí i maoiniú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha trí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3Bealtaine2018.

Léirigh imeachtaí a tharla le déanaí an baol féideartha atá ann do phróisis toghcháin agus don daonlathas ag eascairt ón gcumarsáid ar líne (ionramháil a dhéanamh ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs toghcháin). Chun cosc a chur le húsáid neamhdhleathach sonraí pearsanta, glacadh leasuithe nua le déanaí ar Rialachán2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ( ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an25 Márta2019 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh.1141/2014 i dtaca le nós imeachta fíorúcháin a bhaineann le sáruithe ar rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhthéacs toghcháin do Pharlaimint na hEorpa). Tá sé i gceist leis na rialacha nua, a d’aontaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle, go ndéanfaí an próiseas toghcháin a chosaint ó fheachtais mhífhaisnéise ar líne a bhaineann mí-úsáid as sonraí pearsanta na vótálaithe, agus go dtabharfaí isteach leis na rialacha sin smachtbhannaí a d’fhéadfaí a fhorchur ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus ar fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a dhéanann iarracht tionchar a imirt ar thoradh na dtoghchán Eorpach trí leas a bhaint as sáruithe ar rialacha cosanta sonraí.

Ina theannta sin, tar éis an rúin ón bParlaimint an 15Meitheamh2017 maidir le hardáin ar líne agus leis an margadh aonair digiteach inar iarr sí ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí idirghabháil reachtach a dhéanamh chun leathadh an inneachair bréige a theorannú, d’eisigh Coimisiún, i mí Aibreáin2018, dar teideal ‘Ag dul i ngleic le bréagaisnéis ar líne: cur chuige Eorpach’ agus mhol sí ar fud AE, a shínigh trí ardán ar líne i Meán Fómhair2018. Déanann an Choimisiúin ó mhí na Nollag2018, i measc beart eile, tathant ar na hardáin ar líne na tiomantais a chur chun feidhme go gasta agus go héifeachtach agus díriú ar ghníomhaíochtaí atá práinneach do na toghcháin Eorpacha, lena n-áirítear cuntais bhréige a scriosadh, gníomhaíochtaí teachtaireachtaí a lipéadú trí ‘bhotaí’ agus comhoibriú le seiceálaithe fíricí agus le taighdeoirí chun mífhaisnéis a bhrath agus chun inneachar fíoraithe a dhéanamh níos sofheicthe. Sa tréimhse roimh na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine2019, d’iarr an Coimisiún ar na trí ardán a shínigh an Cód Cleachtais ar na gníomhaíochtaí a rinne siad chun fógraí a chur isteach, chun trédhearcacht a áirithiú maidir le fógraíocht pholaitiúil agus le fógraíocht bunaithe ar shaincheisteanna agus chun dul i ngleic le cuntais bhréige agus le húsáid mhailíseach a bheith á baint as botaí.

I uaithi an 26Samhain2020 maidir le breithniú a dhéanamh ar na toghcháin Eorpacha, mhol an Pharlaimint go ndéanfaí scrúdú ar na nithe seo a leanas d’fhonn feabhas a chur ar an bpróiseas toghchánach Eorpach, go háirithe le linn na Comhdhála maidir le Todhchaí na hEorpa:

  • Modhanna nua cianvótála do shaoránaigh le linn toghcháin Eorpacha in imthosca sonracha nó eisceachtúla;
  • Rialacha coiteanna d’iarrthóirí maidir le critéir iontrála toghcháin agus rialacha coiteanna feachtais agus cistithe;
  • Caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh cearta vótála éighníomhacha agus gníomhacha ar fud na mBallstát, lena n-áirítear machnamh ar aois íosta vótálaithe a laghdú go dtí16;
  • Forálacha maidir le tréimhsí neamhláithreachta d’Fheisirí, mar shampla le haghaidh saoire mháithreachais, saoire do thuismitheoirí nó breoiteacht ghéar;

D’iarr an Pharlaimint ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh gach duine a bhfuil an ceart chun vótála acu, lena n-áirítear saoránaigh AE atá ina gcónaí lasmuigh dá dtír dhúchais, daoine gan dídean agus príosúnaigh dá dtugtar an ceart sin faoin dlí náisiúnta, in ann an ceart sin a fheidhmiú;

Tar éis thuarascáil an 15 Meitheamh 2023 ón gCoiste Fiosrúcháin chun imscrúdú a dhéanamh ar úsáid Pegasus agus earraí spiaireachta faireachais comhchosúla (Coiste PEGA), ghlac an Pharlaimint a moladh ina n-iarrtar ar an gCoimisiún tascfhórsa speisialta a chur ar bun, ina mbeidh na coimisiúin toghcháin náisiúnta rannpháirteach, a bheidh tiomanta do thoghcháin Eorpacha 2024 a chosaint ar fud an Aontais. Mar sin féin, níor thug an Coimisiún freagra air sin.

Athchóiriú a dhéanamh ar an Ionstraim Eorpach um Thoghcháin

Le uaithi an3 Bealtaine2022 maidir le togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, sheol an Pharlaimint athchóiriú ar an Ionstraim Eorpach um Thoghcháin, agus é mar aidhm aici27 dtoghchán ar leith agus a rialacha éagsúla a athrú go toghchán Eorpach aonair le híoschaighdeáin choiteanna. Faoi chóras na Parlaiminte atá beartaithe, bheadh dhá vóta ag gach vótálaí: vóta amháin chun 𾱲í a thoghadh i dtoghlaigh náisiúnta, agus vóta amháin i dtoghcheantar uile-Aontais ina bhfuil28 suíochán breise. Chun ionadaíocht chothrom gheografach a áirithiú laistigh de na liostaí sin, roinnfí na Ballstáit ina dtrí ghrúpa ag brath ar mhéid a ndaonra. Líonfaí na liostaí le hiarrthóirí ó na grúpaí sin ar bhealach comhréireach. Dhéanfadh eintitis toghcháin Eorpacha, amhail comhghuaillíochtaí páirtithe polaitiúla náisiúnta agus/nó comhlachais náisiúnta vótálaithe nó páirtithe polaitiúla Eorpacha, liostaí iarrthóirí ar fud an Aontais a chur isteach.

Áirítear sna tograí eile an méid seo a leanas:

  • An 9Bealtaine mar lá vótála comhchoiteann na hEorpa;
  • An ceart chun seasamh i dtoghchán do gach Eorpach atá18 mbliana d’aois nó níos sine;
  • Tairseach toghcháin3.5% ar a laghad atá éigeantach do thoghlaigh mhóra ina bhfuil60 suíochán nó níos mó;
  • Rochtain chomhionann ar na toghcháin do gach saoránach, lena n-áirítear iad siúd atá faoi mhíchumas, agus rogha vóta a chaitheamh tríd an bpost;
  • Comhionannas inscne éigeantach trí ‘liostaí zipeáilte’ nó cuótaí;
  • ceart na saoránach vótáil d’Uachtarán an Choimisiúin i gcóras príomhiarrthóirí (Spitzenkandidaten) trí liostaí uile-AE.

Chuirfí údarás toghcháin Eorpach nua ar bun chun an próiseas a mhaoirsiú agus chun comhlíonadh na rialacha nua a áirithiú.

Mar a bhunaítear in , bheadh ar an gComhairle tionscnamh reachtach na Parlaiminte a fhormheas d’aon toil. Thiocfadh sé ar ais ansin chuig an bParlaimint ionas go bhféadfadh na 𾱲í a dtoiliú a thabhairt sula bhformheasfadh na Ballstáit go léir iad i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla faoi seach. Cuirfí tús leis an gcaibidlíocht leis an gComhairle a luaithe a ghlacfaidh na Ballstáit a seasaimh.

Tá an dréachtghníomh reachtach á chíoradh faoi láthair ag an gComhairle ina foirmíocht Gnóthaí Ginearálta. sí an chéad díospóireacht bheartais maidir leis an togra an 18Deireadh Fómhair2022. Baineann na forchoimeádais a shainaithin roinnt Ballstát leis na tograí le haghaidh toghlach uile-Aontais bunaithe ar liostaí trasnáisiúnta agus leis na gnéithe den togra lena dtugtar le tuiscint comhchuibhiú ar an gcóras toghcháin a úsáidtear i dtoghcháin Eorpacha.

Pablo Abril Marti / Mariusz Maciejewski