Ϸվ

An creat airgeadais ilbhliantúil

Bhí sé cinn de na creataí airgeadais ilbhliantúla (CAInna) ann go nuige seo, lena n-áirítear CAI 2021-2027. Thiontaigh Conradh Liospóin an CAI ó chomhaontú idirinstitiúideach go rialachán. Is ar feadh tréimhse 5 bliana ar a laghad a dhéantar CAI a bhunú, agus tá sé ann lena áirithiú go dtiocfaidh forbairt ar chaiteachas AE ar dhóigh ordúil agus laistigh de theorainneacha a acmhainní dílse. Leagann amach ann forálacha is gá do bhuiséad bliantúil AE a chomhlíonadh. Socraíonn Rialachán CAI uasteorainneacha caiteachais do chatagóirí leathana caiteachais darb ainm ceannteidil. Tar éis na dtograí tosaigh uaidh, an 2Bealtaine 2018, agus i ndiaidh ráig COVID-19, mhol an Coimisiún, an 27𲹱ٲԱ2020, plean téarnaimh (NextGenerationEU) inar áiríodh tograí athbhreithnithe le haghaidh CAI 2021-2027 agus acmhainní dílse, agus bunú ionstraime téarnaimh is fiú EUR750billiún (praghasanna 2018). Glacadh an pacáiste an 16 Nollaig 2020 tar éis caibidlíochtaí idirinstitiúideacha. I bhfianaise forbairtí nua, rinneadh athbhreithniú ar an CAI i mí na Nollag 2022 agus ansin ar bhealach níos substaintiúla arís i mí Feabhra 2024.

Bunús dlí:

  • Airteagal312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
  • an 17Nollaig2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta2021-2027;
  • an 14Nollaig2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú le téarnamh tar éis ghéarchéim COVID-19;
  • idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, chomh maith le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach.

ú

Sna 1980idí, bhí aighneas idir na hinstitiúidí de bharr nach raibh dóthain acmhainní ar fáil do na riachtanais bhuiséadacha a bhí ann. Forbraíodh coincheap de pheirspictíocht airgeadais ilbhliantúil mar iarracht ar an aighneas a laghdú, feabhas a chur ar an smacht buiséadach agus cur chun feidhme a fheabhsú trí phleanáil níos fearr. Cuireadh an chéad chomhaontú idirinstitiúideach (IIA) chuige sin i gcrích in1988. Bhí an pheirspictíocht airgeadais i gcomhair 1988-1992 ann (ar a dtugtar pacáiste DelorsI freisin), a raibh sé mar sprioc aici na hacmhainní a sholáthar a bhí riachtanach le haghaidh cur chun feidhme buiséadach na hIonstraime Eorpaí Aonair. Comhaontaíodh IIA nua an 29DeireadhFómhair1993, mar aon leis an bpeirspictíocht airgeadais i gcomhair 1993-1999 (pacáiste DelorsII), lenar cumasaíodh na Cistí Struchtúracha a dhúbailt agus uasteorainn na n-acmhainní dílse (1.4.1) a mhéadú. Síníodh an tríú IIA maidir le Peirspictíocht airgeadais i gcomhair 2000-2006, ar a dtugtar á Oibre2000 freisin, an 6Bealtaine1999, agus ceann de na spriocanna is mó a bhain leis ná na hacmhainní a bhí riachtanach a áirithiú chun méadú a mhaoiniú. Comhaontaíodh an ceathrú IIA, a ceapadh don tréimhse 2007-2013, an 17Bealtaine2006.

Le Conradh Liospóin, rinneadh an CAI a thiontú ó chomhaontú idirinstitiúideach go rialachán ón gComhairle atá le glacadh d’aon toil, faoi réir toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, faoi nós imeachta reachtach speisialta. I dteannta ‘méideanna na n-uasteorainneacha bliantúla ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de réir catagóir caiteachais agus méideanna na n-uasteorainneacha bliantúla ar leithreasuithe íocaíochta’ a shocrú, luaitear in Airteagal312 CFAE freisin nach mór don chreat airgeadais ilbhliantúil ‘aon fhorálacha eile is gá a leagan síos chun go n-oibreoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil go réidh’.

Ba é an cúigiú CAI, a chumhdaíonn an tréimhse2014-2020, an chéad cheann faoina ndearnadh laghdú iarbhír ar na méideanna foriomlána. Dá bhrí sin, ceann de na réamhchoinníollacha a bhí ag an bParlaimint chun glacadh leis ab ea athbhreithniú meántéarmach éigeantach lena bhféadfaí athmheasúnú a dhéanamh ar riachtanais bhuiséadacha le linn thréimhse CAI agus iad a choigeartú más gá. Baineadh amach leis an gcomhaontú freisin, inter alia, solúbthacht fheabhsaithe chun gur féidir lánúsáid a bhaint as na méideanna atá beartaithe, agus tuiscint ar an mbealach i dtreo fíorchóras acmhainní dílse don Aontas. Glacadh CAI athbhreithnithe do 2014-2020 an 20Meitheamh2017, agus tacaíocht bhreise ag gabháil leis do bhearta a bhaineann leis an imirce, le poist agus leis an bhfás. Treisíodh an Ionstraim Sholúbthachta agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála freisin, rud a d’fhág go bhféadfaí tuilleadh cistí a aistriú idir ceannteidil bhuiséid agus blianta, chun go mbeifí in ann freagairt ar imeachtaí gan choinne agus ar thosaíochtaí nua.

Creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027

An , thíolaic an Coimisiún a thograí reachtacha le haghaidh CAI do na blianta 2021 go 2027. B’ionann an togra ón gCoimisiún agus EUR1134.6billiún (praghsanna2018) mar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, arbh ionann é agus 1.11% d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE-27. Bhí méaduithe ar bhainistiú teorainneacha, imirce, slándáil, cosaint, comhar forbartha agus taighde san áireamh leis. Bhí ciorraithe beartaithe go háirithe don bheartas comhtháthaithe agus don bheartas talmhaíochta. Bhí an struchtúr foriomlán le sruthlíniú (ó 58 go 37 gclár caiteachais) agus mhol an Coimisiún sraith d’ionstraimí speisialta lasmuigh d’uasteorainneacha CAI chun solúbthacht i mbuiséadú AE a fheabhsú. Dhéanfaí an Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) a chomhtháthú sa CAI. Chomh maith leis sin, mhol an Coimisiún go ndéanfaí taobh an ioncaim a nuachóiriú, le tabhairt isteach roinnt catagóirí acmhainní dílse nua.

Ghlac an Pharlaimint rúin maidir le CAI 2021-2027, an agus an . An , leag an Pharlaimint a Դǰú caibidlíochta amach níos mine, lena n-áirítear leasuithe ar Rialachán CAI agus tograí IIA, agus tacar níos iomláine figiúirí le miondealú de réir ceannteidil agus cláir. Sonraíodh ann gur cheart go méadódh uasteorainn CAI do ghealltanais ó1.0% (do AE-28) go1.3% de OIN AE (do AE-27), i.e. EUR 1324bhilliún (praghsanna2018), arb ionann é agus méadú16.7% ar an togra ón gCoimisiún. Ba cheart go bhfanfadh leithdháiltí don chomhbheartas talmhaíochta agus don bheartas comhtháthaithe mar an gcéanna i dtéarmaí réadacha, agus ba cheart roinnt tosaíochtaí a atreisiú tuilleadh, lena n-áirítear Fís Eorpach, Erasmus+ agus LIFE; ba cheart Ráthaíocht nua i dtaobh Leanaí (EUR5.9billiún) agus Ciste um Aistriú Fuinnimh nua (EUR4.8billiún) a chruthú; ba cheart go méadódh maoiniú le haghaidh gníomhaireachtaí díláraithe atá bainteach le himirce agus bainistiú teorainneacha faoi níos mó ná a ceathair (go níos mó ná EUR12bhilliún). Ba cheart go socrófaí rannchuidiú bhuiséad an Aontais le cuspóirí aeráide a bhaint amach ag25% de chaiteachas CAI ar a laghad don tréimhse 2021-2027, agus é a bheith príomhshruthaithe trasna réimsí ábhartha beartais, agus go dtiocfadh méadú 30% air tráth nach déanaí ná 2027. Ba cheart athbhreithniú meántéarma ar an CAI a bheith éigeantach.

An agus an , d’fhoilsigh an Chomhairle ‘dréacht-bhosca caibidlíochta’, ina gcuimsítear freisin saincheisteanna cothrománacha agus earnálacha a bhíonn de ghnáth i réimse inniúlachta na gclár caiteachais atá faoi réir an ghnáthnós imeachta reachtaigh (rud a bhí cáinte ag an bParlaimint, mar shampla, i míreanna 14 go 16 de rún uaithi an 10Deireadh Fómhair2019). Bhí an Chomhairle i bhfabhar méid iomlán CAI de EUR1087mbilliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, i bpraghsanna 2018 (1.07% de OIN AE-27), go mór faoi bhun ionchais na Parlaiminte.

An agus an , rinne an Pharlaimint nuashonrú ar a Դǰú tar éis na dtoghchán Eorpach agus d’iarr sí go ndéanfadh an Coimisiún togra a thíolacadh maidir le plean teagmhasach CAI chun líontán sábhála a chur ar fáil chun tairbhithe chláir AE a chosaint i gcás inar ghá an CAI reatha a shíneadh, agus an t-easaontas laistigh den Chomhairle Eorpach á chur san áireamh.

Idir an dá linn, an , rinne an Coimisiún togra le haghaidh Ciste um Aistriú Cóir a chur ar aghaidh mar ghné bhreise de phacáiste de thograí CAI, mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip.

Tar éis ghéarchéim COVID-19 agus éifeachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha na ndianghlasálacha riachtanacha, d’fhoilsigh an Coimisiún tograí leasaithe an le haghaidh CAI dar luach EUR1100billiún, agus an le haghaidh ionstraim téarnaimh bhreise, NextGenerationEU (NGEU), ionstraim arbh fhiú EUR750billiún í (i bpraghsanna 2018), agus EUR500billiún ag gabhail léi i bhfoirm deontas agus EUR250 billiún mar iasachtaí. Bhain an pacáiste le tograí reachtacha le haghaidh ionstraimí airgeadais nua chomh maith le hathruithe ar chláir CAI atá ar an mbord cheana. Bhí maoiniú an phacáiste bhreise le hurrú trí iasachtaíocht ar na margaí airgeadais. Chun na críche sin, rinne an Coimisiún leasú freisin ar an togra le haghaidh Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse, lena gcumasófaí suas le EUR750billiún a fháil ar iasacht. Ar deireadh, áiríodh sa phacáiste ón gCoimisiún méadú EUR11.5billiún ar uasteorainn ghealltanais CAI2014-2020 don bhliain 2020, d’fhonn tús a chur le tacaíocht a shlógadh roimh an CAI nua.

An , ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí maidir leis an iarracht téarnaimh (NextGenerationEU), maidir le CAI 2021-2027 agus maidir le hacmhainní dílse. Formhuiníodh an iarracht téarnaimh ag EUR750billiún do na blianta 2021-2023. Laghdaíodh comhpháirt na ndeontas, áfach, ó EUR500billiún go 390billiún agus méadaíodh comhpháirt na n-iasachtaí ó EUR250billiún go dtí EUR360billiún. Dhiúltaigh an Chomhairle Eorpach don athbhreithniú aníos ar uasteorainn CAI don bhliain 2020. Socraíodh an uasteorainn fhoriomlán do ghealltanais in CAI 2021-2027 ag EUR1074.3billiún. Ina theannta sin, luadh sna conclúidí go dtabharfaí isteach córas coinníollachta chun an buiséad agus NGEU a chosaint ar sháruithe ar an smacht reachta. Comhaontaíodh acmhainn dhílis nua ón 1Eanáir2021 bunaithe ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte. Beartaíodh obair a dhéanamh chun acmhainní dílse eile a thabhairt isteach le linn CAI 2021-2027, a úsáidfear chun iasachtaí faoi NGEU a aisíoc go luath. Ba é Airteagal122 CFAE an bunús dlí a beartaíodh do NGEU, lena gceadaítear don Aontas Eorpach bearta a bhunú atá iomchuí don staid eacnamaíoch le tromlach cáilithe sa Chomhairle, gan an Pharlaimint a bheith bainteach leis an nós imeachta reachtach.

Thug Parlaimint na hEorpa freagairt láithreach bonn ar na conclúidí sin i rún arna ghlacadh an , ina ndúirt sí gur gníomh stairiúil a bhí i gceist le hionstraim téarnaimh a chruthú, ach chuir sí in iúl gur saoth léi na ciorruithe a rinneadh ar chláir a bhí dírithe ar an todhchaí. D’áitigh sí go ndéanfaí méaduithe spriocdhírithe sa bhreis ar na figiúirí a mhol an Chomhairle Eorpach agus d’athdhearbhaigh sí nach dtabharfadh sí a toiliú do CAI gan comhaontú maidir le hathchóiriú a dhéanamh ar chóras acmhainní dílse an Aontais, agus é mar aidhm leis na costais a bhaineann le NGEU (príomhshuim agus ús) ar a laghad a chumhdach, chun a inchreidteacht agus a inbhuanaitheacht a chinntiú. D’éiligh an Pharlaimint freisin go mbeadh sí rannpháirteach go hiomlán mar údarás buiséadach san ionstraim théarnaimh, i gcomhréir le modh an Chomhphobail.

Thosaigh cainteanna tríthaobhacha ina raibh an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún páirteach i mí Lúnasa 2020 agus tugadh chun críche iad an 10Samhain2020. Glacadh leis an Rialacháin ón gComhairle maidir le CAI 2021-2027 an 17Nollaig2020 tar éis toiliú na Parlaiminte a fháil. Tháinig , rud a bhí ina réamhriachtanas eile do thoiliú na Parlaiminte. Dhaingnigh gach ceann de na 27 mBallstát an Cinneadh maidir le hAcmhainní Dílse faoin 31Bealtaine2021, rud a chuir ar chumas AE tús a chur le fiachas a eisiúint ar na margaí caipitil faoi NGEU.

Creat airgeadais ilbhliantúil (AE-27) (EUR milliún, praghsanna 2018)

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas 2021 2022 2023 2024 2025 2026 2027 Iomlán 2021-2027
1.An margadh aonair, an nuálaíocht agus an saol digiteach 19712 19666 19133 18633 18518 18646 18473 132781
2.dzٳáٳú, athléimneacht agus luachanna 49741 51101 52194 53954 55182 56787 58809 377768
2a.dzٳáٳú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach 45411 45951 46493 47130 47770 48414 49066 330235
2b.Athléimneacht agus luachanna 4330 5150 5701 6824 7412 8373 9743 47533
3.Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol 55242 52214 51489 50617 49719 48932 48161 356374
ar de sin: caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha 38564 38115 37604 36983 36373 35772 35183 258594
4.An imirce agus bainistiú teorainneacha 2324 2811 3164 3282 3672 3682 3736 22671
5.An tslándáil agus an chosaint 1700 1725 1737 1754 1928 2078 2263 13185
6.An chomharsanacht agus an domhan 15309 15522 14789 14056 13323 12592 12828 98419
7.Riarachán poiblí Eorpach 10021 10215 10342 10454 10554 10673 10843 73102
ar de sin: caiteachas riaracháin na n-institiúidí 7742 7878 7945 7997 8025 8077 8188 55852
IOMLÁN NA LEITHREASUITHE FAOI CHOMHAIR GEALLTANAS 154049 153254 152848 152750 152896 153390 155113 1074300
IOMLÁN NA LEITHREASUITHE ÍOCAÍOCHTA 156557 154822 149936 149936 149936 149936 149936 1061058

Bhí an Pharlaimint in ann na nithe seo a leanas, go háirithe, a áirithiú:

  • EUR15bhilliún breise i gcomparáid leis an togra i mí Iúil2020, a théann go dtí cláir shuaitheanta: Fís Eorpach, Erasmus+, EU4Health, InvestEU, an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (NDICI-an Eoraip Dhomhanda), Cabhair Dhaonnúil, Cearta agus Luachanna, agus Eoraip na Cruthaitheachta;
  • treochlár atá ceangailteach ó thaobh dlí chun acmhainní dílse nua AE a thabhairt isteach;
  • méadú forchéimnitheach ar an uasteorainn fhoriomlán do CAI 2021-2027 ó EUR1074.3 go EUR1085.3billiún i bpraghsanna 2018 (mínithe thíos);
  • EUR1 bhilliún sa bhreis don Ionstraim Sholúbthachta;
  • céim nua nós imeachta (an ‘nós imeachta grinnscrúdaithe bhuiséadaigh’) chun sásraí géarchéime a bhunú amach anseo bunaithe ar Airteagal122 CFAE, a bhféadfadh impleachtaí suntasacha buiséadacha a bheith acu;
  • rannpháirtíocht na Parlaiminte in úsáid a bhaint as ioncam sannta seachtrach (EAR) NGEU, athmheasúnú ginearálta a dhéanamh ar EAR agus ar iasachtaíocht agus iasachtú sa chéad athbhreithniú eile ar an Rialachán Airgeadais, agus ar shocruithe maidir le comhar i gcaibidlíochtaí CAI amach anseo;
  • modheolaíocht fheabhsaithe rianaithe aeráide chun an sprioc 30% ar a laghad de chaiteachas CAI/NGEU a bhaint amach ar mhaithe le tacú le cuspóirí aeráide[1];
  • sprioc bhithéagsúlachta bhliantúil nua (7.5% in2024 agus 10% in2026 agus in2027) agus modheolaíocht a dhearadh chun caiteachas inscne a thomhas;
  • athchóiriú ar bhailiú, cáilíocht agus inchomparáideacht na sonraí faoi thairbhithe chun cosaint níos fearr a thabhairt do bhuiséad AE, lena n-áirítear caiteachas NGEU.

Áirítear comhpháirteanna eile CAI 2021-2027 a bhaineann le tosaíochtaí na Parlaiminte:

  • CEF a chomhtháthú i mbuiséad an Aontais;
  • leibhéil fhoriomlána maoinithe don talmhaíocht agus comhtháthú ar mhéid is inchomparáide le2014-2020;
  • an Ciste um Aistriú Cóir a chruthú.

Áirítear leis an EUR15bhilliún breise méadú forchéimnitheach EUR11bhilliún, arb é a phríomhfhoinse sásra nua atá nasctha le fíneálacha arna mbailiú ag an Aontas, as a n-eascraíonn leithdháiltí uathoibríocha breise ar na cláir lena mbaineann in2022-2027. Dá bhrí sin, is de réir a chéile a shroichfidh uasteorainn fhoriomlán an CAI seacht mbliana EUR1085.3 billiún i bpraghsanna 2018, i.e. EUR2bhilliún níos airde i dtéarmaí réadacha ná uasteorainn CAI 2014-2020 (EUR1083.3 billiún i bpraghsanna 2018, gan an Ríocht Aontaithe, le CEF). I measc na bhfoinsí comhlántacha tá: corrlaigh a fágadh gan leithdháileadh laistigh de na huasteorainneacha a shocraigh an Chomhairle Eorpach (EUR2.5billiún); athshreabha ó Shaoráid Infheistíochta ACC (EDF), chun tairbhe NDICI-an Eoraip Dhomhanda (EUR1bhilliún); agus leithreasuithe saortha i réimse an taighde, chun tairbhe Fís Eorpach (EUR0.5billiún)[2].

Faoi IIA, comhaontaíodh in 2020 go maoineofaí aisíocaíochtaí agus ús an fhiachais téarnaimh le buiséad an Aontais faoi uasteorainneacha an CAI don-tréimhse 2021-2027, ‘lena n-áirítear trí fháltais leordhóthanacha ó acmhainní dílse nua a thabharfar isteach tar éis 2021’, gan dochar don chaoi a dtabharfar aghaidh ar an ábhar sin in CAInna amach anseo ó 2028 ar aghaidh. Ba é an aidhm shainráite a bhí ann cláir agus cistí an Aontais a chaomhnú. An 22Nollaig2021, mhol an Coimisiún acmhainní dílse nua agus leasú spriocdhírithe ar Rialachán CAI (a tarraingíodh siar ina dhiaidh sin) a raibh sé mar aidhm leis, inter alia, sásra nua a thabhairt isteach lena gceadófaí uasteorainneacha a mhéadú go huathoibríoch ó 2025 chun freastal ar aon ioncam breise a d’eascródh as acmhainní dílse nua chun fiachas NGEU a aisíoc go luath. Ghlac an Pharlaimint rún eatramhach maidir leis an leasú sin an .

Luaigh an Coimisiún go dtíolacfadh sé athbhreithniú ar fheidhmiú an CAI faoin 1Eanáir2024, agus, de réir mar is iomchuí, tograí le haghaidh athbhreithniú. I , d’aithin sé go bhfuil‘na riachtanais gan choinne a d’eascair as cogadh san Eoraip i bhfad thar na hacmhainní atá ar fáil sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha’. An , d’iarr an Pharlaimint, mar sin, go dtabharfaí isteach ‘togra reachtach le haghaidh athbhreithniú cuimsitheach ar CAI a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an chéad ráithe de2023’.

Mar chéad chéim, leasaíodh an CAI le i mí na Nollag2022 mar chuid de phacáiste a ghlac an Pharlaimint faoi nós imeachta práinne, an . Leis sin, leathnaíodh an cumhdach buiséadach is infheidhme go dtí seo maidir leis na hiasachtaí do na Ballstáit le haghaidh iasachtaí tacaíochta macra-airgeadais don Úcráin, do na blianta2023 agus2024: i gcás mainneachtana, shlógfaí na méideanna is gá ón ‘lamháil’, de bhreis ar uasteorainneacha CAI, suas go dtí teorainneacha uasteorainn na n-acmhainní dílse.

Chun an clár oibre a leagan síos le haghaidh athbhreithniú i bhfad níos cuimsithí, ghlac an Pharlaimint rún an 15Nollaig2022 maidir le ‘’, inar leagtar amach a príomhéilimh.

An 20Meitheamh2023, mhol an Coimisiún lena gcumhdaítear formhór na n-éileamh sin (sé mhí roimh an am a bhí beartaithe don athbhreithniú ar dtús):

  • cúlchiste EUR50billiún chun déileáil leis an gcogadh san Úcráin agus leis na hiarmhairtí daonnúla, eacnamaíocha agus buiséadacha a bhaineann leis (deontais, iasachtaí agus ráthaíochtaí);
  • cistiú breise don imirce, do dhúshláin dhomhanda agus do thubaistí nádúrtha: déanfar uasteorainneacha Cheannteidil 4 agus 6 a mhéadú EUR2bhilliún agus EUR10.5billiún faoi seach, agus déanfar an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála a mhéadú EUR2.5billiún;
  • Ionstraim Théarnaimh nua an Aontais Eorpaigh (EURI) de bhreis ar uasteorainneacha an CAI, chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhaineann le fiachas EURI a aisíoc i gcomhthéacs géarú géar ar bhoilsciú agus ar rátaí úis;
  • Ardán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP) chun uathriail straitéiseach na hEorpa a mhéadú tar éis suaitheadh sa slabhra soláthair domhanda – déanfar uasteorainneacha Cheannteideal 1, 3 agus 5 faoi seach a mhéadú EUR3.5billiún, EUR5bhilliún agus EUR1.5billiún, agus bainfear tuilleadh úsáide as saoradh taighde i gCeannteideal 1;
  • méadú EUR3bhilliún ar chistiú don Ionstraim Sholúbthachta chun níos mó spáis bhuiséadaigh a chruthú chun freagairt d’imthosca gan choinne;
  • cistiú breise don riarachán (EUR1.9billiún), lena n-ardaítear uasteorainn Cheannteideal 7 dá réir.

An 3Deireadh Fómhair2023, ghlac an Pharlaimint a agus chuir sí i bhfios go láidir nach mór an CAI athbhreithnithe a bheith i bhfeidhm faoin 1Eanáir2024. Mar sin féin, tháinig Comhairle Eorpach an 15Nollaig2023 chun deiridh agus í i sáinn.

Nuair a thángthas ar chomhaontú polaitiúil ar deireadh, rinneadh an a fhoilsiú an 29Feabhra2024. Áirítear ann ciorruithe ar an gclár Fís Eorpach (ní dhéantar iad a fhritháireamh ach go páirteach trí athúsáid a bhaint as an saoradh taighde CAI deireanach), EU4Health (arna mhaolú ag sásra Airteagal 5 CAI) agus bainistiú díreach ar an gcomhbheartas talmhaíochta agus ar an mbeartas comhtháthaithe, chomh maith le hairgead úr teoranta do STEP.

Mar sin féin, is é seo an chéad uair a tháinig glanmhéadú ar na huasteorainneacha caiteachais as athbhreithniú meántéarma ar an CAI. I measc na bpríomhthorthaí dearfacha tá: EUR50billiún don Úcráin le haghaidh 2024-2027, cistiú méadaithe don imirce agus do ghníomhaíocht sheachtrach agus don Chiste Eorpach Cosanta (faoi STEP), méadú do na hionstraimí speisialta (an Ionstraim Sholúbthachta agus Cúlchiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh le haghaidh atógála tar éis teagmhais adhaimsire agus tubaistí nádúrtha, atá ar leithligh anois ón gCúlchiste um Chabhair Éigeandála le haghaidh cúnamh éigeandála do thíortha neamh-AE), ionstraim speisialta EURI neamhchaidhpeáilte a bhunú lena gcosnaítear cláir ar chiorruithe suntasacha. Tá cuid de chostais comhiasachtaíochta an Aontais le cumhdach sa nós imeachta buiséadach bliantúil (shocraigh an Chomhairle Eorpach 50% mar thagarmharc neamhcheangailteach). Chun an ionstraim speisialta EURI a úsáid chun na gcríoch sin, caithfear thart ar leath de na costais a chumhdach le hionstraimí speisialta nó le hath-imscaradh ó chláir. Feidhmíonn an dara ceann in dhá chéim: is é an chéad cheann acmhainní a shlógadh atá coibhéiseach le méid na gcistí saortha, is é an dara ceann sásra ‘rogha deiridh’ maidir le ranníocaíochtaí náisiúnta breise.

Tá tuilleadh sonraí le fáil sa .

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an ábhar seo, féach an suíomh gréasáin don Choiste um Buiséid.

[1]An 21Meitheamh2022, d’fhoilsigh an Coimisiún a chur chuige maidir le príomhshruthú an athraithe aeráide in CAI 2021-2027 agus in NGEU i .
[2]Airteagal15(3) den Rialachán Airgeadais.

Alix Delasnerie