Cén fáth a mbogann an Pharlaimint idir an ܾé agus Strasbourg?
Chinn rialtais náisiúnta an Aontais d’aon toil in 1992 suíomhanna oifigiúla institiúidí an Aontais a leagan síos i .
Nuair a bunaíodh an (CEGC) in 1952, cúpla bliain tar éis an Dara Cogadh Domhanda, agus sa chaoi sin, nuair a bunaíodh comhbhainistiú ar chúltaiscí cruach agus guail de chuid sé thír, an Ghearmáin agus an Fhrainc ina measc, bhí a institiúidí lonnaithe i Lucsamburg. Cuireadh (ar chomhlacht idir-rialtasach í de 46 thír ag tacú go láidir le cearta an duine agus leis an gcultúr, ar bun díreach tar éis an Dara Cogadh Domhanda). Bhí sí lonnaithe i Strasbourg cheana agus chuir sí a seomra tionóil ar fáil do chruinnithe de ‘’ CEGC, agus ba as sin a tháinig Parlaimint na hEorpa ní b'fhaide anonn. De réir a chéile, rinneadh príomháit na seisiún iomlánach de Strasbourg, cé go mbíodh seisiúin bhreise ar siúl i Lucsamburg freisin i rith na 1960idí agus na 1970idí.
Tar éis chruthú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa in 1958, thosaigh cuid mhaith den obair a dhéanadh an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na nAirí a bheith lonnaithe go príomha sa ܾé. De bhrí go mbíonn dlúthfhaireachán agus caidreamh leis an dá institiúid sin mar chuid d’obair na Parlaiminte, le himeacht ama, chinn na í níos mó dá gcuid oibre a eagrú sa ܾé. Go luath sna nóchaidí, bhí an socrú atá ann faoi láthair i bhfeidhm, a bheag nó a mhór, le cruinnithe na gcoistí agus na ngrúpaí polaitiúla sa ܾé agus leis na príomhsheisiúin iomlánacha in Strasbourg. Tá cuid mhór d’fhoireann na Parlaiminte i Lucsamburg.
Bhí iarmhairtí tábhachtacha ag cinneadh 1992 ar na socruithe oibre don Pharlaimint: rinneadh Strasbourg a cheapadh go hoifigiúil mar a suíomh oifigiúil agus mar an t-ionad don chuid is mó de na seisiúin iomlánacha; bhí cruinnithe na gcoistí parlaiminteacha le bheith sa ܾé; agus bhí Rúnaíocht na Parlaiminte (a foireann) lonnaithe go hoifigiúil i Lucsamburg. In 1997, rinneadh an socrú sin ar fad a ionchorprú sa Chonradh ar an Aontas Eorpach.
Bheadh athrú sa chonradh ag teastáil chun aon athrú a dhéanamh ar an gcóras atá ann faoi láthair, rud lena gceanglaítear aontoilíocht i measc rialtais na mBallstát ar fad agus daingniú ag gach ceann dá bparlaimintí náisiúnta.