Ϸվ

ձ𲹲á

Tráth na gCeisteanna leis an gCoimisiún

Féadfar Tráth na gCeisteanna a sheoladh leis an gCoimisiún ag gach páirtseisiún ar feadh tréimhse suas le 90 nóiméad ar théama cothrománach sonrach amháin nó níos mó, ar téamaí iad a chinnfidh Comhdháil na nUachtarán aon mhí amháin roimh an bpáirtseisiún:

Seo a leanas an fhormáid:

  • Maidir le gach Tráth na gCeisteanna, bíonn téama cothrománach sonrach faoi chaibidil ann agus is ar an nós imeachta um aird a tharraingt, agus ar an nós imeachta sin amháin, atá sé bunaithe, agus cuireann na 𾱲í ceisteanna agus tugann na Coimisinéirí freagra, ceann i ndiaidh a chéile (bíonn nóiméad amháin ag na 𾱲í chun ceist a chur agus bíonn dhá nóiméad ag na Coimisineirí chun freagra a thabhairt).
  • Tugtar cuireadh do Choimisinéirí ag a bhfuil réimse cúraimí a bhaineann leis an topaic a roghnaítear freastal ar Thráth na gCeisteanna. Tá líon na gCoimisineirí teoranta do bheirt in aghaidh an pháirtseisiúin (triúr ar a mhéad, ag brath ar na téamaí a roghnaítear).

Tráth na gCeisteanna leis an gComhairle, le hUachtarán an Choimisiúin, le Leas-Uachtarán an Choimisiúin/an Ardionadaí agus le hUachtarán an Ghrúpa Euro

  • I gcomhréir le treoirlínte arna mbunú ag Comhdháil na nUachtarán, féadfar Tráth na gCeisteanna sonrach a thionól do cheisteanna ar an gComhairle, do cheisteanna ar Uachtarán an Choimisiúin, do cheisteanna ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus do cheisteanna ar Uachtarán an Ghrúpa Euro.