Grafaic faisnéise: céard is cúis le meath na mbeach agus pailneoirí eile?
Céard is pailneoir ann? Cén tábhacht a bhaineann leo? Agus céard is cúis leis an meath atá tagtha orthu? Caith súil ar ár ngrafaicí faisnéise.
Le blianta beaga anuas, tá beachairí ag tabhairt le fios go bhfuil a gcoilíneachtaí ag dul i léig, go háirithe , amhail an Fhrainc, an Bheilg, an Ghearmáin, an Ríocht Aontaithe, an Iodáil, an Spáinn agus an Ísiltír. Ach os rud é go bhfuil an fhadhb seo le feiceáil i dtíortha eile amhail na Stáit Aontaithe, an Rúis agus an Bhrasaíl, is léir gur ceist dhomhanda atá inti.
Mar go bhfuil ról riachtanach ag beacha agus ag pailneoirí eile d’éiceachórais agus don bhithéagsúlacht, beidh tionchar ag an meath atá ag teacht orthu ar shlándáil an tsoláthair bhia agus ar tháirgiúlacht earnáil na talmhaíochta.
Chun dul i ngleic leis an bhfadhb, agus chun cur le bearta AE agus náisiúnta, foilsíodh sa bhliain 2018. Cuirtear in iúl i straitéis an Choimisiúin go gcaithfear daoine a chur ar an eolas faoin laghdú atá ag teacht ar líon na bpailneoirí agus go gcaithfear dul i ngleic le bunchúiseanna an laghdaithe sin (an t-athrú aeráide, dianfheirmeoireacht agus caillteanas gnáthóige, cuir i gcás).
I rún an 18 Nollaig 2019, chuir feisirí in iúl go bhfuil moltaí an Choimisiúin “easnamhach” agus d’iarr ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbearta reatha atá ann chun freagairt níos éifeachtaí agus níos comhordaithe a chinntiú ar leibhéal AE chun dul i ngleic leis an bhfadhb.
D’fhonn bithéagsúlacht plandaí agus slándáil an tsoláthair bhia a chur chun cinn, tá feisirí den tuairim gur cheart úsáid lotnaidicídí a laghdú.
Tá feisirí den tuairim chomh maith go gcaithfear tuilleadh airgid a chur ar fáil d’fhonn taighde a mhaoiniú maidir le bunchúiseanna an laghdaithe ar bheacha. Ba cheart freisin monatóireacht a dhéanamh ar speicis agus ar dhaonraí pailneoirí san Aontas Eorpach. Chomh maith leis sin, tá feisirí i bhfách le forbairt lotnaidicídí íseal-riosca nach mbeadh contúirteach do phailneoirí.
Uasdátú: I vóta iomlánach an 8 Meitheamh 2021, thug feisirí Eorpacha le fios go dteastaíonn saghas ‘Comhaontú Pháras’ le haghaidh na bithéagsúlachta agus Dlí ٳéúa AE le haghaidh éiceachórais athshlánaithe, athléimneacha agus leorchosanta faoi 2050. Chuir siad in iúl go gcaithfear limistéir chosanta a dhéanamh de 30% de thalamh agus muir an Aontais agus go bhfuil gá le bearta práinneacha chun stop a chur leis an meath ar bheacha agus pailneoirí eile.
Tuilleadh eolais maidir le cosaint na bithéagsúlachta
- Stad a chur le meath na bithéagsúlachta
- Athchóiriú an dúlra: aire níos fearr a thabhairt do ghnáthóga in AE
- Speicis atá i mbaol san Eoraip: fíricí agus figiúirí (grafaic faisnéise)
- Caomhnú na bithéagsúlachta