An bhearna phá idir na hinscní: sainmhíniú, fíricí agus cúiseanna
Tuilleann mná san Aontas Eorpach 12% níos lú ná fir ar an meán. Cuir eolas ar staitisticí in aghaidh na tíre agus léigh faoi na cúiseanna taobh thiar den bhearna phá idir na hinscní.
Leagadh an bunphrionsabal “” síos i gConradh na Róimhe siar sa bhliain 1957 agus cé go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta ó shin ó thaobh chur chun cinn an chomhionannais de, tá bearna ann fós.
Conas a ríomhtar an bhearna phá?
Is é atá sa bhearna phá idir na hinscní ná an difríocht idir meán-olltuilleamh na bhfear in aghaidh na huaire agus na mban in aghaidh na huaire á sé bunaithe ar thuarastail a íoctar go díreach le fostaithe sula n-asbhaintear cáin ioncaim agus ranníocaíochtaí slándála sóisialta. Ní chuirtear ach cuideachtaí ina bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó san áireamh sna ríomhanna seo. .
D’fhéadfadh go leor cúiseanna a bheith leis an mbearna phá idir na hinscní a bheith ann. D’fhéadfadh baint a bheith ag cuid acu le leibhéal an oideachais, le taithí oibre, nó le bheith ag obair go páirtaimseartha. á níos mó ban ná fear i roinnt earnálacha eacnamaíocha ina bhfuil an meánphá níos ísle. Cúis eile a d’fhéadfadh a bheith leis gur minic a bhíonn poist ar phá níos fearr ag fir ná mar a bhíonn ag mná in earnáil ar leith.
Sonraí maidir leis an mbearna phá
Ba é 12 % an meánbhearna phá idir na hinscní san Aontas in 2023. Ríomhadh é d’fhiontair a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu.
Ar fud an Aontais, tá difríocht mhór idir an bhearna phá. Bhí sé ar an gceann is airde sna tíortha seo a leanas in 2023: An Laitvia (19.0 %), an Ostair (18.3 %), an tSeicia (18.0 %), an Ungáir (17.8 %) agus an Ghearmáin (17.6 %). Dhún Lucsamburg an bhearna phá idir na hinscní. Seo a leanas tíortha eile a raibh bearnaí beaga pá idir na hinscní acu in 2023: An Bheilg (0.7 %), an Iodáil (2.2 %), an Rómáin (3.8 %), Málta (5.1 %) agus an tSlóivéin (5.4 %).
Méadaíonn an bhearna phá idir na hinscní de réir aoise: d’fhéadfadh méadú teacht air mar thoradh ar shosanna gairme ag mná, cé go bhfuil na patrúin sin éagsúil ó thír go tír. á an bhearna éagsúil freisin de réir tionscail agus, in 2023, bhí sí níos airde san earnáil phríobháideach ná san earnáil phoiblí i bhformhór thíortha an Aontais.
Ciallaíonn an bhearna phá idir na hinscní go mbíonn mná níos mó i mbaol bochtaineachta agus iad ag dul in aois. In 2020, fuair mná san Aontas os cionn 65 bliana d’aois pinsin a bhí 28.3 % níos ísle ar an meán ná pinsin a fuair fir.
Cúiseanna leis an mbearna phá
Obair pháirtaimseartha
Ar an meán, déanann mná níos mó uaireanta oibre gan phá, amhail cúram leanaí nó obair tí.
Fágann sé sin níos lú ama le haghaidh obair íoctha. De réir na bh, oibríonn beagnach aon trian de mhná (28 %) go páirtaimseartha, agus ní oibríonn ach 8 % d’fhir go páirtaimseartha. Nuair a chuirtear obair gan phá agus obair le pá san áireamh, oibríonn mná níos mó uaireanta in aghaidh na seachtaine ná fir.
Roghanna gairme a bhfuil tionchar ag freagrachtaí teaghlaigh orthu
Cé go gcríochnaíonn níos mó ban ná fear an t-ardoideachas san Aontas, is lú an ionadaíocht atá acu ar mhargadh an tsaothair. Is mó an seans gurb iad na mná a bhfuil sosanna gairme acu: in 2018, bhí briseadh san obair ag aon trian de mhná fostaithe san Aontas ar chúiseanna cúraim leanaí, i gcomparáid le 1.3 % d’fhir. Bíonn tionchar ag freagrachtaí cúraim agus teaghlaigh ar roinnt roghanna gairme a dhéanann oibrithe baineanna.
Níos mó ban in earnálacha ar phá íseal
Is féidir thart ar an gceathrú cuid den bhearna phá iomlán idir na hinscní a mhíniú trí ró-ionadaíocht na mban in earnálacha atá réasúnta íseal ó thaobh pá de, amhail earnáil an chúraim, earnáil na sláinte nó earnáil an oideachais.
á , earnálacha ar phá íseal go traidisiúnta, agus níl ach 8 % d’fhir fostaithe sna hearnálacha sin. Ar an taobh eile, tá beagnach aon trian de na fir fostaithe in earnálacha na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice, ar earnálacha iad a bhfuil pá níos airde ag baint leo.
á méadú tagtha ar líon na mban san eolaíocht, sa teicneolaíocht agus san innealtóireacht. Ba mhná iad 41 % den lucht saothair .
Na buntáistí a bhaineann le laghdú sa bhearna phá
Tríd an mbearna phá idir na hinscní a laghdú, cruthaítear níos mó comhionannais inscne agus, ag an am céanna, laghdaítear an bhochtaineacht agus spreagtar an geilleagar, toisc go mbeadh níos mó le caitheamh ag mná. Mhéadódh sé sin an bonn cánach agus mhaolódh sé cuid den ualach ar chórais leasa shóisialta. Léirítear sna go dtiocfadh méadú 0.1 % ar an olltáirgeacht intíre dá laghdófaí an bhearna phá idir na hinscní faoi phointe céatadáin amháin.
Gníomhaíochtaí na Parlaiminte i gcoinne bhearna phá
Chomhaontaigh idirbheartaithe ón bParlaimint agus ó thíortha an Aontais i mí na Nollag 2022 gur cheart ceangal a chur ar chuideachtaí an Aontais faisnéis a nochtadh a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca tuarastail a chur i gcomparáid leo siúd atá ag obair don fhostóir céanna, rud a chuideoidh le bearnaí pá idir na hinscní a nochtadh.
I mí an Mhárta 2023, ghlac an Pharlaimint na rialacha nua sin maidir le bearta ceangailteacha trédhearcachta pá. Má léirítear le tuairisciú pá bearna phá 5 % ar a laghad idir na hinscní, beidh ar fhostóirí measúnú comhpháirteach ar phá a dhéanamh i gcomhar le hionadaithe na n-oibrithe. Beidh ar thíortha AE pionóis, amhail fíneálacha, a ghearradh ar fhostóirí a sháraíonn na rialacha. Ní mór fógraí folúntais agus teidil poist a bheith inscne-neodrach.
Lean an togra le haghaidh na rialacha nua rún na Parlaiminte maidir le Straitéis AE um Chomhionannas Inscne ó mhí Eanáir 2021, inar iarr na feisirí ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta uaillmhianach nua maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a tharraingt suas ina mbeadh spriocanna soiléire do thíortha AE chun an bhearna phá idir na hinscní a laghdú sna cúig bliana amach romhainn.
Ina theannta sin, is mian leis an bParlaimint é a dhéanamh níos éasca do mhná agus do chailíní na poist is sinsearaí a bhaint amach agus borradh a chur faoin gcomhionannas inscne ar bhoird chorparáideacha. I mí na Samhna 2022, d’fhormheas na feisirí rialacha, a bhfuil sé mar aidhm leo nósanna imeachta earcaíochta trédhearcacha a thabhairt isteach, ionas go mbeidh ar a laghad 40 % de na poist stiúrthóra neamhfheidhmiúcháin nó 33 % de na poist stiúrthóra uile ag na mná faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2026.
Foghlaim tuilleadh faoi chomhionannas inscne
- Amlíne: cearta na mban san Aontas Eorpach
- An méid atá á dhéanamh ag AE chun dul i ngleic le foréigean ar bhonn inscne
- Cibearfhoréigean i gcoinne na mban: cad is brí agus conas cosc a chur leis
- Mná i bParlaimint na hEorpa (grafaicí faisnéise)
- Mná i gcothú na síochána: ról níos suntasaí a thabhairt dóibh