íá: deireadh a chur leis an bhearna phá idir na hinscní

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan ar siúl an 8 Márta, faigh amach faoi obair Pharlaimint na hEorpa chun an bhearna phá idir na hinscní a laghdú.

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Cé go bhfuil comhionannas inscne mar bhunphrionsabal de chuid an Aontais Eorpaigh, agus gur tugadh isteach prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann breis agus 60 bliain ó shin, ar an meán, saothraíonn mná in AE fós beagnach 15% níos lú san uair i gcomparáid le fir.


Tá Parlaimint na hEorpa ag iarraidh é sin a athrú, agus i ú an 30 Eanáir 2020, d’éiligh feisirí Eorpacha ar an gCoimisiún straitéis uaillmhianach um chomhionannas inscne a ullmhú, le bearta chun dul i ngleic leis an bhearna phá idir na hinscní.


Ǿíǻ ar an ábhar an 5 Márta 2020, agus tá pá comhionann as obair chomhionann mar bhunchloch na straitéise.


Spriocanna ceangailteacha agus bearta trédhearcachta

Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh go mbeidh forálacha ann maidir leis an bhearna phá idir na hinscní agus trédhearcacht phá, ar forálacha iad a bheadh ina gceangal ar na hearnálacha poiblí agus príobháideach araon. Tá gá chomh maith, dar leo, le feidhmiú láidir, spriocanna soiléire agus le monatóireacht chun dul chun cinn a mheas.


Lena chois sin, tá feisirí ag iarraidh an a leasú roimh dheireadh 2020, agus go mbeidh spriocanna soiléire ann do thíortha AE chun an bhearna a laghdú sa chúig bliana amach romhainn.


Ag tabhairt faoi bhunchúiseanna an phá chomhionainn

D’fhonn dul i ngleic le heaspa rannpháirtíochta na mban i margadh an tsaothair - ceann de na cúiseanna leis an bhearna phá idir na hinscní - tá feisirí ag iarraidh go ndéanfar níos mó a infheistiú san oideachas luath-óige, i seirbhísí cúraim agus i socruithe oibre atá oiriúnach do theaghlaigh.


Tá siad ag iarraidh freisin mná a spreagadh i dtreo postanna le pá níos fearr trí réimse leathan bearta, mar shampla cailíní scoile a spreagadh le staidéar a dhéanamh ar na heolaíochtaí agus ar an teicneolaíocht, fiontraíocht na mban a chur chun cinn, agus foghlaim fad saoil a spreagadh.


Pinsin


Ar an meán tá pinsin na mban 30% níos lú ná pinsin na bhfear. Chun deireadh a chur leis an éagothroime sin, molann feisirí bearta amhail creidmheasanna cúraim agus íosphinsin a thabhairt isteach.

Ailt ghaolmhara