Gradam Scannánaíochta LUX buaite ag Collective
Ag searmanas an 9 Meitheamh 2021, bhronn Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli Gradam Scannánaíochta LUX ar an scannán faisnéise Collective.
Agus Gradam Scannánaíochta LUX á bhronnadh aige, dúirt an tUachtarán Sassoli: “Tar éis na tréimhse a bhí againn le déanaí, tá ag méadú ar fhonn na ndaoine teacht le chéile, ní hamháin i bhfóraim dhíospóireachta ach in áiteanna cosúil leis na pictiúrlanna." Tionóladh an searmanas bronnta in Strasbourg agus ar líne.
Ina óráid ag an searmanas, thug Alexander Nanau, stiúrthóir agus léiritheoir an scannáin bhuaitigh, aitheantas d’íospartaigh agus do na teaghlaigh a raibh tionchar ag an tine thragóideach ag club oíche Collectiv orthu. Thug sé moladh chomh maith don phreas neamhspleách a d’fhiosraigh an tragóid: “Is mian linn caimiléireacht a chomhrac san Eoraip agus saorphreas a áirithiú. [..] Ní fhorbraíonn sochaithe in éagmais cultúr, oideachas agus saorphreas. Tá dualgas oraibhse tacú lenár saoránaigh, caiteachas ar chultúr agus ar oideachas a rialú, agus iriseoireacht a chosaint.”
An scannán buaiteach
Is clár faisnéise fíorspéisiúil leis an stiúrthóir Rómánach Alexander Nanau é a bhaineann le calaois mhillteach agus an bealach a dtiteann gréasán ceilge agus caimiléireachta ó chéile. Ainmníodh Collective do Dhuais an Acadaimh don ghnéchlár idirnáisiúnta is fearr agus don scannán faisnéise is fearr i mbliana.
In 2015, faigheann 27 nduine bás agus gortaítear 180 duine eile mar thoradh ar thine i gclub oíche i mBúcairist. Go luath ina dhiaidh sin, faigheann níos mó daoine a gortaíodh sa dóiteán bás san ospidéal de bharr créachtaí nach raibh baol báis ag baint leo. Nochtann dochtúir an scéal ansin d’fhoireann iriseoirí iniúchta. De réir a chéile, tagann rudaí uafásacha chun solais nuair a thosaíonn na hiriseoirí ag nochtadh caimiléireacht ollmhór sa chúram sláinte. Nuair a cheaptar aire sláinte nua, tugann sé rochtain nach bhfacthas cheana ar a chuid iarrachtaí an córas cam a athchóiriú, ach ar na constaicí atá os a chomhair freisin. Trí na hiriseoirí, na daoine a nochtann an scéal, íospartaigh an dóiteáin agus oifigigh rialtais a leanúint, tugann Collective léargas ar an tionchar a bhíonn ag iriseoireacht iniúchta den chéad scoth.
Comórtas 2021
Is iad na scannáin eile a bhí san iomaíocht do Ghradam LUX 2021 ná (Druk) de chuid Thomas Vinterberg agus ((Boże Ciało) de chuid Jan Komasa. Cinneadh an buaiteoir trí vóta poiblí agus vóta fheisirí na Parlaiminte a chur le chéile, agus b’fhiú 50% an vóta a bhí ag gach grúpa.
Tá paindéim Covid-19 tar éis tionchar thar na bearta a bheith aici ar an tionscal cruthaitheach agus ar thionscal na scannánaíochta. In go leor tíortha, níor taispeánadh na scannáin a bhí san iomaíocht do Ghradam LUX ach ar líne. Bhí an lucht féachana in ann na scannáin a rátáil go dtí an 23 Bealtaine, bhí go dtí an 8 Meitheamh ag feisirí Eorpacha.
Preasócáid agus imeachtaí eile
Is féidir súil siar a chaitheamh ar an bpreasócáid leis an mbuaiteoir, ionadaithe na scannán eile a ainmníodh don Ghradam, cathaoirleach Acadamh Scannán na hEorpa Mike Downey agus cathaoirleach an choiste cultúir Sabine Verheyen (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Ghearmáin) trí chliceáil .
Amharc chomh maith ar leis an mbuaiteoir ar Facebook, agus ar maidir le todhchaí na scannánaíochta san Eoraip.
Maidir leis an ngradam
Cuireann Parlaimint na hEorpa agus i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach agus le Europa Cinemas gradam úrnua i láthair – Gradam Lucht Féachana LUX. Tá an gradam nua bunaithe ar Dhuais LUX, gradam scannánaíochta Pharlaimint na hEorpa a bunaíodh in 2007 mar shiombail de thiomantas Pharlaimint na hEorpa don chultúr, agus ar Ghradam an Aitheantais Pobail de chuid Acadamh Scannán na hEorpa.
Leanann sé d’athmhuintearas a chothú ar fud na hEorpa, mar cheann de chuspóirí Dhuais LUX, trí aird a tharraingt ar scannáin a théann go croílár na díospóireachta poiblí san Eoraip. Is é is cuspóir don ghradam nua naisc idir an pholaitíocht agus na saoránaigh a threisiú, trína iarraidh ar lucht féachana na hEorpa a bheith ina bpríomhphearsana gníomhacha trí vótáil ar son na scannán is fearr leo.
Lena chois sin, is deis neamhchoitianta atá i ngradam scannánaíochta na Parlaiminte chun fotheidil 24 theanga oifigiúla an Aontais a chur ar scannáin Eorpacha, agus cuirfear an buaiteoir in oiriúint dóibh siúd a bhfuil lagú amhairc nó éisteachta acu.