Duais Sakharov 2023: na craobhiomaitheoirí
I measc na gcraobhiomaitheoirí don duais tá mná san Iaráin atá ag troid ar son a gcearta, cosantóirí chearta an duine arb as Nicearagua dóibh agus gníomhaithe don ghinmhilleadh dlíthiúil.
Is iad seo a leanas craobhiomaitheoirí na bliana seo i gcomhair Dhuais Sakharov Pharlaimint na hEorpa um Shaoirse Smaointeoireachta, a roghnaíodh trí chomhvóta rúnda sna Ǿí um Ghnóthaí Eachtracha agus um Fhorbairt an 12 Deireadh Fómhair.
- Jina Mahsa Amini agus an Ghluaiseacht "Bean, Beatha, Saoirse" san Iaráin
- Vilma Núñez de Escorcia agus an tEaspag Rolando José Álvarez Lagos ó Nicearagua
- Mná ag troid ar son ginmhillte saor in aisce, shábháilte agus dhlíthiúil sa Pholainn, in El Salvador agus i SAM.
Jina Mahsa Amini agus an Ghluaiseacht "Bean, Beatha, Saoirse" san Iaráin
Bhí Jina Mahsa Amini, bean Choirdíneach 22 bliain d'aois, ar cuairt in Tehran i mí Mheán Fómhair 2022, nuair a ghabh agus a bhuail na póilíní morálta í toisc nach raibh an hijab á chaitheamh sa tslí "ceart" aici. Is é a bás cúpla lá níos déanaí a mhúscail agóidí ollmhóra san Iaráin, le mná chun tosaigh iontu. Is faoin mana "Bean, Beatha, Saoirse" a bhí said ag déanamh agóidíochta in aghaidh dlíthe maidir leis an hijab agus dlíthe idirdhealaitheacha eile.
Vilma Núñez de Escorcia agus an tEaspag Rolando José Álvarez Lagos ó Nicearagua
Tá Vilma Núñez ag troid le deich mbliana anuas ar son chearta daonna dóibh siúd i Nicearagua. In ainneoin géarleanúna, is ina tír féin atá sí fós. Ceann de na cáinteoirí is mó de réimeas Uachtarán Daniel Ortega ná Rolando Álvarez, Easpag Matagalpa. I mí Feabhra 2023, tar éis dó diúltiú a thír féin a fhágail, gearradh téarma príosúnachta 26 bliain air agus cuireadh a náisiúntacht ar fionraí.
Mná ag troid ar son ginmhillte saor in aisce, shábháilte agus dhlíthiúil sa Pholainn, in El Salvador agus i SAM
Is cosantóir chearta na mban Pholannach agus ball den Scothfhoireann Ginmhillte í Justyna Wydrzyńska, a gearradh ocht mí de sheirbhís pobail uirthi toisc di cuidiú le bean ginmhilleadh a fháil sa Pholainn. Is feiminíneach agus gníomhaí sóisialta í Morena Herrera, atá ar son rochtain shábháilte agus dhlíthiúil ar an nginmhilleadh in El Salvador. Is obstatraí-ginéiceolaí Meiriceánach í Colleen McNicholas a bhfuil dea-theist uirthi de chúram othar den scoth agus d'abhchóideacht shláinte atáirgthe a bhfuil tionchar mór aici.
Is grúpa FPE (í de Pharlaimint na hEorpa) a roghnaigh cé acu a raibh áit sa bhabhta ceannais ó liosta níos faide d'ainmniúcháin a chruthaigh grúpaí polaitiúla nó grúpaí ina raibh ar a laghad 40 FPE mar bhall. Breis eolas ar fáil faoi ainmniúcháin Dhuais Sakharov 2023.
Eolas cúlra
Is ón mbliain 1988 ar aghaidh a bhronntar an Duais Sakharov um Shaoirse, Smaointeoireachta ar dhaoine agus ar eagraíochtaí a bhíonn ag cosaint chearta daonna. Ainmníodh an Duais i ndiadh Andrei Sakharov, fisiceoir Sóivéideach agus easaontóir polaitíochta, agus tá luach airgid €50,000 i gceist don bhuaiteoir.
íԱ
- 19 Deireadh Fómhair: Roghnaíonn an tUachtarán Roberta Metsola agus ceannairí an ghrúpa polaitíochta an buaiteoir.
- 12 Nollaig: Tarlaíonn searmanas bronnta Sakharov in Strasbourg.