Buann ceannairí an fhreasúra i Veiniséala Duais Sakharov 2024

Bronnadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024 ar María Corina Machado, ceannaire an fhreasúra i Veiniséala, agus ar an Uachtarán toghaí Edmundo González Urrutia.

Bronnann an Pharlaimint Duais Sakharov 2024 ar fhreasúra Veiniséala

Bhronn Parlaimint na hEorpa Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024 ar María Corina Machado, mar cheannaire ar na fórsaí daonlathacha i Veiniséala, agus ar Uachtarán toghaí Edmundo González Urrutia, atá ag seasamh ar son gach Veiniséalach laistigh agus lasmuigh den tír atá ag troid ar son athbhunú an tsaoirse agus an daonlathais.


D'fhreastail González agus Ana Corina Sosa, iníon Machado, ar an searmanas an 17 Nollaig. Labhair Machado le feisirí ó chian toisc go bhfuil sí i bhfolach agus faitíos a bheatha uirthi.

"Ní hamháin aitheantas atá sa ghradam seo, ach meabhrúchán do dhaoine gur fiú i gcónaí a bheith ag troid ar son na saoirse. Is le muintir Veiniséala a thodhchaí agus seasann Parlaimint na hEorpa leis an bpobal sin go bródúil," a dúirt Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola.


Agus an duais seo á bronnadh air, thug Edmundo González Urrutia ómós do mhuintir a thírse: "Is léiriú de spiorad na duaise seo iad muintir [Veiniséala] mar aitheantas dá streachailt mhisniúil ar son athbhunú an tsaoirse agus an daonlathais sa tír."

Ina theannta sin, labhair sé le feisirí, ag rá: "Tá Veiniséala ag brath oraibh, toisc gur ionann an streachailt ar son na saoirse agus an daonlathais inár thírse agus an streachailt ar son na luachanna sin ar fud an domhain. Veiniseála saor abú!"

Dúirt María Corina Machado ina teachtaireacht: "Seasfaidh caithréim Veiniséala do chaithréim an chine dhaonna, gach duine agus gach sochaí a roghnaíonn an tsaoirse dá thodhchaí choiteann."

Maidir leis na buaiteoirí


Fuair María Corina Machado an lámh in uachtar i dtoghcháin tosaigh 2023 agus rith sí mar iarrthóir an fhreasúra daonlathaigh (Unitary Platform) i dtoghcháin uachtaránachta 2024, ach tháinig Edmundo González Urrutia isteach mar an iarrthóir nuair a dhícháiligh an réimeas Veiniséalach í gan aon chúis.


Agus toghcháin Iúil 2024 ag druidim le pobal Veiniséala, bhí an-chuid cos ar bolg, dícháilithe, daoine á ngabháil agus sáruithe á ndéanamh ar chearta an duine. D'fhógair Uachtarán Nicolás Maduro go rabh rath air sna toghcháin, ach chuir breathnóirí neamhspleácha in aghaidh an toradh sin, na Náisiúin Aontaithe san áireamh. Thug Parlaimint na hEorpa aitheantas do González mar fhíor-uachtarán Veiniséala i rún Mheán Fómhair 2024.


Le linn na n-agóidí agus an cos ar bolg ar fad, chuaigh Machado i bhfolach agus faitíos a bheatha uirthi. D'eisigh cúirt Veiniséalach barántas gabhála an 2 Meán Fómhair 2024 le haghaidh González, rud a cháin an domhan ar fad. Bhog sé chun na Spáinne, áit ina bhfuair se tearmann.

D'ainmnigh Páirtí an Phobail Eorpaigh an bheirt acu don Duais agus d'ainmnigh an Grúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa Edmundo González Urrutia di.

Tugann Parlaimint na hEorpa ómós do María Corina Machado agus Edmundo González Urrutia

Craobhiomaitheoirí eile Dhuais Sakharov 2024


B'iad ceannairí an fhreasúra i Veiniséala ceann de na trí chraobhiomaitheoir do dhuais Pharlaimint na hEorpa, a roghnaíodh trí vóta a chaith comhaltaí na gcoistí um ghnóthaí eachtracha agus um fhorbairt an 17 Deireadh Fómhair.


Bhí Dochtúir Gubad Ibadoghlu, acadamh agus gníomhaí frithéillithe san Asarbaiseáin, agus gluaiseachtaí mná Women Wage Peace & Women of the Sun, Iosrael/an Phalaistín, sa bhabhta ceannais freisin. Rinne iníon Dochtúir Ibadoghlu, Zhala Bayramova, ionadaíocht air sa tsearmanas an 17 Nollaig; agus rinne Pascale Chen (Women Wage Peace) agus Reem Al Hajajra (Women of the Sun) ionadaíocht ar ghluaiseachtaí na mban.


Dochtúir Gubad Ibadoghlu


Is acadamh Asairbaiséanach agus gníomhaí frithéillithe é Dochtúir Gubad Ibadoghlu, a d'ainmnigh na Glasaigh/EFA don duais. Gabhadh in 2023 é tar éis dó tionscal ola agus gás na tíre a cháineadh agus carthanacht a bhunú chun acmhainní poiblí a chur ar ais. Tá sé faoi bhraighdeanas baile anois agus tá seans ann go gcuirfear i bpríosún é ar feadh 17 mbliana.

Lena ordú coinneála, cuireadh tús le beart dianteannta i gcoinne an tsaoil acadúil agus na sochaí sibhialta roimh thús fhóram COP29, a bheidh á reáchtáil i mBaki i mí na Samhna. Ghlac an Pharlaimint ag éilliú go dtarraingeofar gach cúis ina choinne agus go mbeidh sé in ann taisteal arís.


Is iad na Glasaigh/EFA a d'ainmnigh Ibadoghlu don Duais.

Women Wage Peace agus Women of the Sun


Is gluaiseacht neamhspleách do mhná Palaistíneacha í Women of the Sun a bunaíodh in 2021 agus ina bhfuil mná, daoine óga agus páistí ón mBruach Thiar, Stráice Gaza agus diaspóra níos forleithne na Palaistíne páirteach. Tá sé mar aidhm ag an ngluaiseacht feasacht chultúrtha agus náisiúnta a scaipeadh faoi shíocháin idir an dá phobal.

Is gluaiseacht Arabach-Giúdach í Women Wage Peace a bunaíodh in 2014. Is é is aidhm don ghluaiseacht réitigh neamhfhoréigneacha a chur chun cinn ar an gcoinbhleacht Iosraelach-Palaistíneach, ina bhfuil meas agus comhaontú frithpháirteach lárnach. Cuirtear guth na mban chun cinn i ngach céim den idirbheartaíocht.


I mí Márta 2022, d'fhógair dhá eagraíocht go dtiocfaidh siad le chéile chun iarracht a dhéanamh stad a chur leis an doirteadh fola ar fad. Tá iliomad gradam buaite ag na ceannairí agus tádar á n-ainmniú do Ghradam Síochána Nobel.


D'ainmnigh na Sóisialaithe agus na Daonlathaithe agus Renew Europe an eagraíocht don Duais.

Na hainmnithigh eile


D'ainmnigh Tírghráthóirí don Eoraip and Eoraip na Náisiún Ceannasach Elon Musk, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin SpaceX, Tesla agus bunaitheoir roinnt cuideachtaí, Neuralink and OpenAI ina measc, chomh maith le húinéir X (ar a tugadh Twitter roimhe seo). Fuair Musk Twitter in 2022, ag rá go bhfuil sé mar aidhm aige saoirse cainte a chosaint. Thug sé le cumhacht do chuntais choiscthe úsáid a bhaint as an ardán arís, ag rá go bhfuil sé de cheart ag daoine tuairimí neamhchoitianta a chur in iúl chun an daonlathas a chosaint.

Tharraing Musk aird ar chleachtais chinsireachta agus d'admhaigh sé go raibh rialacháin de dhíth chun éagsúlacht tuairimí a chosaint ar an ardán. Ina theannta sin, is mian leis go mbíonn rochtain ag daoine in áiteanna iargúlta ar an idirlíon agus go ndéantar cuimsiú digiteach agus comhionannas a chur chun cinn ina measc.


D'ainmnigh Páirtí an Chlé iriseoirí sa Phalaistín (Hamza & Wael Al-Dahdouh, Plestia Alaqad, Shireen Abu Akleh agus Ain Media in ómós do Yasser Murtaja & Roshdi Sarraj). Maraíodh 116 iriseoir ar a laghad, 111 Palaistíneach ina measc, ar Stráice Gaza ó 7 Deireadh Fómhair 2023. Rinneadh ionsaí, coimeádadh lena ceistiú nó rinneadh bagairt ar a lán iriseoirí eile. Tá cuid acu imithe ar strae chomh maith agus iriseoirí eile i mbaol cinsireachta nó cibirionsaithe.


I measc na ndaoine a maraíodh agus an coinbhleacht á clúdach acu, tá Shireen Abu Akleh, Hamza Al-Dahdouh, Yasser Murtaja and Roshdi Sarraj. In ainneoin na ndainséar, leanann iriseoirí orthu ag clúdach an cás i nGaza, le cosaint ar bith acu go han-mhinic.

Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta


Bronnann an Pharlaimint Duais Sakharov, mar aon le gradam eile ar luach €50,000, ar dhaoine agus ar eagraíochtaí faoi leith a chosnaíonn cearta an duine agus saoirsí bunúsacha. Bronnadh duais 2023 ar Jina Mahsa Amini agus an Ghluaiseacht "Bean, Beatha, Saoirse" san Iaráin.

Cuireadh na hainmniúcháin do Dhuais 2024, a roghnaigh na grúpaí polaitiúla nó 40 feisire a laghad, i láthair an 26 Meán Fómhair 2024. Is iad na grúpaí polaitiúla nó 40 feisire ar a laghad a roghnaíonn cé atá bheidh ainmnithe don duais.

Rinneadh an duais a sheoladh den chéad uair in 1988 agus ainmníodh in ómós don fhisiceoir Shóivéadach agus cosantóir láidir daonlathas agus chearta an duine, Andrei Sakharov, í. Bronnadh Duais Nobel na Síochána air in 1975 in ómós dá iarrachtaí chun feasacht a ardú faoi na contúirtí a bhaineann leis an armrás núicléach.

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola in éineacht le buaiteor Dhuais Sakharov 2024 Edmundo González Urrutia agus Ana Corina Sosa, iníon María Corina Machado
(Ó chlé) Edmundo González Urrutia, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola agus Ana Corina Sosa, iníon María Corina Machado.