EYE2025: glac páirt sa chomhrá faoin Eoraip
Gach dhá bhliain, tagann daoine óga le chéile ag an gCruinniú Eorpach um an Óige in Strasbourg chun plé a dhéanamh ar thodhchaí na hEorpa. Is féidir do spéis a léiriú i leagan 2025 anois.
Reáchtálfar an séú heagrán den Chruinniú Eorpach um an Óige, nó EYE (European Youth Event), an 13 agus an 14 Meitheamh 2025 i bParlaimint na hEorpa in Strasbourg agus timpeall uirthi. Tiocfaidh na mílte duine óg ó gach cearn den Aontas agus níos faide i gcéin le chéile chun a gcuid scéalta a roinnt le saineolaithe, gníomhaithe, cruthaitheoirí ábhair agus cinnteoirí, feisirí ina measc.
Má tá tú idir 16 agus 30 bliain d’aois, . Tá sé saor in aisce páirt a ghlacadh in EYE2025 ach ní mór do rannpháirtithe a dtaisteal féin go Strasbourg, chomh maith lena gcóiríocht, a shocrú agus a chlúdach.
Imeachtaí EYE2025
Is deis é an Cruinniú Eorpach um an Óige do dhaoine óga iad féin a chumhachtú, spreagadh a fháil agus páirt a ghlacadh i múnlú ár dtodhchaí choiteann mar dhaoine Eorpacha. Thar an dá lá, beidh ceardlanna bríomhara agus díospóireachtaí painéil ar siúl agus go leor seastán agus gníomhaíochtaí ealaíne ina gheofar tuilleadh eolais maidir leis an Eoraip.
I dteannta na rannpháirtithe beidh eagraíochtaí óige, institiúidí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta mar aon le hionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ó údaráis áitiúla Strasbourg.
Deis faoi leith atá ann chun cairde a dhéanamh ó gach cearn den Eoraip, ach freisin chun labhairt amach, tabhairt faoi dhúshláin agus chun do thuairimí a chur in iúl do chinnteoirí an Aontais.
Eagráin den EYE a tharla roimhe seo
Má bhí deis agat páirt a ghlacadh in eagráin de EYE roimhe seo, beidh a fhios agat cad atá i gceist leis. Mura raibh, chun tuiscint níos fearr a fháil ar spiorad an imeachta.