Cearta na saoránach a chosaint
Tá gach duine ar náisiúnach iad de Bhallstát AE go huathoibríoch ina saoránach Eorpach.
Le saoránacht AE, tugtar áirithe. Liostaítear na cearta sin in Airteagail 18 go 25 den .
Tá sé de cheart ag saoránaigh Eorpacha:
- gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh den Aontas;
- gan idirdhealú a bheith déanta ina leith mar gheall ar a náisiúntacht;
- i dtoghacháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa cibé áit in AE a bhfuil cónaí orthu; agus
- cúnamh a fháil ó ambasáid nó consalacht de chuid thír eile AE i gcás ina bhfuil siad taobh amuigh de AE i dtír nach bhfuil ambasáid ná consalacht de chuid a thíre féin nó de chuid a tíre féin ann. Sna cásanna sin, ba cheart don chonsalacht nó don ambasáid caitheamh le gach saoránach AE go díreach mar a chaithfeadh sí le duine dá cuid saoránach féin.
An ceart chun í a dhéanamh
Tá sé de cheart ag saoránaigh Eorpacha freisin í a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa.
Ní mór go mbainfeadh na híocha sin le hábhair a dhéanann difear go díreach do shaoránaigh agus atá laistigh de réimsí gníomhaíochta an Aontais. Ní mór íocha a ina n-aonar nó i gcomhar le daoine eile.
Tá an ceart sin cumhdaithe i .
Go deimhin, ní hiad saoránaigh AE amháin a bhfuil an ceart sin acu: is féidir le duine ar bith ar a bhfuil cónaí in AE í a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa.
Is é i bParlaimint na hEorpa a fhaigheann na híocha sin agus a dhéanann breathnú orthu.
An ceart chun gearán a dhéanamh faoi dhrochriarachán
Tá sé de cheart ag saoránaigh Eorpacha a iarraidh ar an imscrúdú a dhéanamh ar chásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí AE.
Lena rá arís, ní hiad saoránaigh AE amháin a bhfuil an ceart sin acu: is féidir le duine ar bith ar a bhfuil cónaí in AE a iarraidh ar an Ombudsman imscrúdú a dhéanamh.
Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
Is féidir le saoránaigh Eorpacha freisin a bheith rannpháirteach i dTionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.
Curtha ar bun le , deirtear sa tionscnamh seo go bhféadfaidh milliún saoránach ón – gceathrú cuid ar a laghad de Bhallstáit AE – a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach togra a dhéanamh le haghaidh reachtaíocht AE. Beidh ar an gCoimisiún a dheimhniú an mbaineann an togra le hábhar a bhfuil sé údaraithe obair a dhéanamh air.