Uachtarán Pharlaimint na hEorpa 

Uachtarán reatha Pharlaimint na hEorpa

Is í Roberta Metsola (EPP, Málta) Uachtarán reatha Pharlaimint na hEorpa. Toghadh ar feadh a dara thréimhse dhá bhliain go leith í i mí Iúil 2024.

Toghtar an tUachtarán ag tús agus i lár gach téarma cúig bliana.

.

.

Ról Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

Seasann an tUachtarán do Pharlaimint na hEorpa vis-à-vis an saol lasmuigh agus sa chaidreamh idir an Pharlaimint agus institiúidí eile AE.

Stiúrann an tUachtarán obair na Parlaiminte agus a comh-chomhlachtaí mar aon leis na díospóireachtaí sa suí iomlánach. Áirithíonn an tUachtarán go n-urramaítear na Rialacha Nós Imeachta.

Ag tús gach cruinnithe de chuid na Comhairle Eorpaí leagann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa amach dearcadh agus imní na Parlaiminte maidir leis na míreanna ar an gclár oibre agus ábhair eile.

Tar éis don Pharlaimint buiséad an Aontais Eorpaigh a ghlacadh, síníonn an tUachtarán é, á dhéanamh oibríochtúil.

Síníonn Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle araon na hionstraimí reachtacha uile arna nglacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach

Físeán: Céard í feidhm Uachtarán Pharlaimint na hEorpa?