TUARASCÁILar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh
5.12.2024-( – C10‑0148/2024 – )-***
An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe
Rapóirtéir: Veronika Vrecionová
(Nós imeachta simplithe – Riail52(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh ( – C10‑0148/2024 – )
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh )
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (),
–ag féachaint d’Airteagal294(2) agus d’Airteagal43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C10‑0148/2024),
–ag féachaint d’Airteagal294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint don mheasúnú buiséadach ag an gCoiste um Buiséid,
–ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],
–ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2],
–ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 11 Samhain 2024 go ndéanfaí seasamh na Parlaiminte a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do Rialacha 60 agus 58 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A10-0026/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar thogra an Choimisiúin;
2.á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR(22.11.2024)
Dearbhaíonn an Rapóirtéir, faoina freagracht eisiach, nach bhfuair sí ionchur ó aon eintiteas ná ó aon duine a luadh cheana san Iarscríbhinn seo de bhun Airteagal8 d’IarscríbhinnI a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta.
MEASÚNÚ BUISÉADACH ÓN gCOISTE UM BUISÉID
chuig an gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh
( – C10‑0148/2024 – )
Rapóirtéir don mheasúnú buiséadach: Hélder Sousa Silva
Tá meastóireacht ar an togra déanta ag an gCoiste um Buiséid, de bhun Riail58, inar thángthas ar an tátal seo a leanas:
–ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23MeánFómhair2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais[3],
–ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17Nollaig2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027[4],
–ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16Nollaig2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach[5],
A.de bhrí go raibh tionchar uafásach ag na tubaistí nádúrtha atá bainteach leis an athrú aeráide agus a tharla le déanaí san Aontas ar phobail tuaithe atá ina gcónaí agus ag obair sna réigiúin lena mbaineann, ar tubaistí iad a scrios méid suntasach d’acmhainneacht táirgthe talmhaíochta agus foraoiseachta, a d’fhág go raibh caillteanais shuntasacha ioncaim ann d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus do ghnólachtaí tuaithe sna réigiúin sin, lenar géaraíodh ar na leochaileachtaí i gcóras bia na hEorpa de dheasca na dtubaistí sin agus a chuir slándáil bia an Aontais agus infhaighteacht táirgí traidisiúnta i mbaol;
B. de bhrí go ndéantar scrúdú sa mheasúnú buiséadach ar an tionchar láithreach agus ar na himpleachtaí níos indírí a bhaineann le tionscnamh nó le togra reachtach ó thaobh an bhuiséid de;
C.de bhrí, de réir na Rialacha Nós Imeachta, go ndéanfaidh an measúnú buiséadach scrúdú i dtaobh an ndéanann an togra le haghaidh gníomh atá ceangailteach ó thaobh dlí foráil maidir le hacmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna, agus go ndéanfaidh sé meastóireacht ar thionchar féideartha an mhaoinithe atá beartaithe ar chláir nó ar bheartais eile de chuid an Aontais; de bhrí go bhfuil ar a chinneadh freisin an bhfuil an togra comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil, leis an gcóras acmhainní dílse agus leis an gcomhaontú idirinstitiúideach comhfhreagrach, chomh maith leis na prionsabail bhuiséadacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[6];
D.de bhrí go ndéanann Parlaimint na hEorpa a dícheall a hinniúlachtaí reachtacha agus buiséadacha a ailíniú chun a ról institiúideach sa phróiseas cinnteoireachta a neartú;
E.de bhrí gur iarr Parlaimint na hEorpa tionscnaimh roimhe seo agus gur thacaigh sí le tionscnaimh roimhe seo chun feabhas a chur ar acmhainneacht bhuiséad an Aontais freagairt ar ghéarchéimeanna trí na critéir incháilitheachta a mhodhnú, i bhfianaise athrú cuspóra leithdháiltí faoi chistí bainistíochta comhroinnte; de bhrí gur tuigeadh nár cheart go mbeadh tionchar ag na modhnuithe sin ar réamh-leithdháiltí náisiúnta chistí an bheartais chomhtháthaithe agus an chomhbheartais talmhaíochta;
F.de bhrí go bhfuil cuid de ghealltanais chlár oibríochtúil CETFT, lena n-áirítear gealltanais a chistítear le hioncam atá sannta faoi scéim iasachtaíochta NGEU, scaipthe ar fud 10 mBallstát agus, amhail ó mhí Dheireadh Fómhair2024, i mbaol saortha faoi riail N+3 de chreat dlíthiúil is infheidhme CETFT don tréimhse 2014-2022;
G.de bhrí go bhfuil sé i gceist leis an leasú reachtach lamháil do sholúbthacht bhuiséadach mhéadaithe chun cistiú a ath-leithdháileadh le haghaidh bearta nua faoi CETFT, chun cúnamh breise spriocdhírithe agus solúbthacht a sholáthar do na Ballstáit atá buailte ag tubaistí nádúrtha a tharla ón 1Eanáir2024 i leith;
H.de bhrí gurb é príomhchuspóir an rialacháin leasaithigh cabhrú le feirmeoirí, le sealbhóirí foraoise agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide ar leith (FBManna) is measa atá buailte ag tubaistí nádúrtha trí leachtacht spriocdhírithe a sholáthar, lena n-áirítear i bhfoirm íocaíochtaí cnapshuime suas le EUR42000 in aghaidh an tairbhí;
1.ag tabhairt dá haire go maíonn an Coimisiún go bhfuil an togra neodrach ó thaobh an bhuiséid de ar an iomlán ó thaobh gealltanas de; ag tabhairt faoi deara, mar sin féin, gur ann do shraith impleachtaí buiséadacha;
2.á mheabhrú go bhfuil sé iarrtha go mion minic ag Parlaimint na hEorpa go mbeadh níos mó acmhainní ann do Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais, i bhfianaise líon agus déine na dtubaistí nádúrtha atá ag dul i méid agus i bhfianaise an ghá atá le dlús a chur le nósanna imeachta agus iad a shimpliú ionas go sroichfidh tacaíocht na Ballstáit agus na réigiúin atá buailte ag tubaistí nádúrtha níos tapúla; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le simpliú riaracháin chun lamháil d’imscaradh mear na gcistí agus d’úsáid cnapshuimeanna le haghaidh feirmeoirí, táirgeoirí táirgí traidisiúnta, foraoiseoirí agus FBManna;
3.á mheabhrú gur cháin Parlaimint na hEorpa go mion minic an úsáid a baineadh as cistiú beartaithe roimhe seo mar uirlis phráinnfhreagartha agus á áitiú go bhfuil an baol ann go mbainfí an bonn ó na cuspóirí beartais agus infheistíochta níos fadtéarmaí amhail a leagtar amach i gcreat dlíthiúil CETFT leis an gcur chuige sin; á aithint, áfach, go gcuirtear réiteach pragmatach ar fáil leis an togra seo chun déileáil le solúbthacht bhuiséadach neamhleor agus le hacmhainneacht freagartha ar ghéarchéimeanna i mbuiséad an Aontais, ar mhaithe le freagairt mhear a thabhairt ar riachtanais na bpobal a ndéantar difear dóibh;
4.á aithint, i gcomhthéacs ghlacadh mall na gcistí forbartha tuaithe i mBallstáit áirithe agus na rátaí cur chun feidhme ar lú iad ná 75% ar roinnt línte, gur féidir údar cuí a bheith le bearta solúbthachta;
5.á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon ráiteas airgeadais reachtach ann, ná aon tagairt i Litir Leasaitheach1/2025 atá inchomparáide leis an ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis an togra RESTORE[7], lena ndéanfaí na himpleachtaí don phróifíl íocaíochta a shoiléiriú agus a chainníochtú; á mheabhrú go bhfuil iarmhairtí díreacha aige sin ar ranníocaíochtaí náisiúnta na mBallstát le buiséad an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún an fhaisnéis sin a chur ar fáil;
6.á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht airgeadais inláimhsithe d’fheirmeoirí, lena n-áirítear feirmeoirí beaga, feirmeoirí ar ioncam íseal agus táirgeoirí táirgí traidisiúnta, d’fhoraoiseoirí agus do FBManna atá ina n-íospartaigh tubaistí nádúrtha amhail tuilte, triomaigh agus falscaithe tromchúiseacha, mar léiriú nithiúil ar dhlúthpháirtíocht na hEorpa; á aithint gur gá aghaidh a thabhairt go mear ar na caillteanais ioncaim atá os comhair fheirmeoirí, fhoraoiseoirí agus FBManna na hEorpa atá gníomhach i bpróiseáil, i margú nó i bhforbairt táirgí talmhaíochta agus foraoiseachta mar gheall ar thubaistí uafásacha a tharla le déanaí agus a bhaineann leis an aeráid; á chur in iúl gur geal léi gur cheart, leis an tacaíocht airgeadais a chuirtear ar fáil tríd an togra seo, tosaíocht a thabhairt do bhearta tacaíochta atá bunaithe ar an bprionsabal ‘atógáil chun feabhais’, lena réiteofar an bealach do thacaíocht níos cuimsithí agus níos coiscthí ón Aontas chun ullmhacht agus athléimneacht a chothú i gceantair thuaithe an Aontais; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht airgeadais bhreise do thalmhaíocht leorchothaitheach, d’fheirmeoirí ar ioncam íseal agus do tháirgeoirí táirgí traidisiúnta; á thabhairt chun suntais go bhféadfaí cistiú breise do cheantair thuaithe a chur ar fáil faoi Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta de bhuiséad bliantúil 2025 an Aontais;
7.ag meabhrú na barúla ginearálta, i gcás fhormhór na gcineálacha cistithe deontais ón Aontas, go n-ardaíonn ráta cómhaoinithe 100% ón Aontas, agus torthaí éifeachtacha á mbaint amach ag an am céanna, ceisteanna maidir leis na méideanna foriomlána níos ísle atá ar fáil do chur chun feidhme beartais agus cláir agus ó thaobh úinéireacht náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil de; á chur in iúl go bhfuil sí suite de, áfach, go bhfuil sé thar a bheith inchosanta i gcásanna fóirithinte anachaine agus tacaíochta práinní leachtachta; á thabhairt chun suntais gur gá dul i gcomhairle le feirmeoirí, foraoiseoirí, FBManna agus geallsealbhóirí atá buailte chun tacaíocht réalaíoch agus spriocdhírithe a chur ar fáil;
8.á mheabhrú, dá laghdófaí an tairseach neamh-chúlchéimnithe go deonach, go bhféadfadh leibhéal níos ísle caiteachais a bheith ann a bheadh incháilithe lena chomhaireamh in aghaidh ‘spriocanna príomhshruthaithe’ ábhartha thosaíochtaí cothrománacha bhuiséad an Aontais, agus á aithint ag an am céanna go bhfuil gá leis na solúbthachtaí sin chun cistiú a ath-leithdháileadh don bheart nua agus don fhobheart atá ann cheana chun acmhainneacht táirgeachta talmhaíochta a athbhunú ar bhealach a fheabhsaíonn athléimneacht;
9.á thabhairt faoi deara gur cuspóir tánaisteach de chuid an bhirt é saoradh na ngealltanas buiséadach nár caitheadh go fóill agus a rinneadh sna blianta 2021 agus 2022 a chosc, ar saoradh é atá ar tí tarlú; á mheas go bhfuil iarmhairtí aige sin do leibhéal na n-infhaighteachtaí faoi Chéim3a den sásra Cascáide (urrann an tsaortha d’Ionstraim Speisialta EURI) atá fréamhaithe sa Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil a athbhreithníodh le déanaí;
10.á mheas, san fhadtéarma, gur cheart go lamhálfaí le fíorsholúbthacht bhuiséadach atá níos forbartha, i gcásanna inchomparáide, aistrithe buiséadacha a dhéanamh chun an t-airgead a úsáid faoi ionstraim chaiteachais thiomnaithe ag a bhfuil líne bhuiséid, bunús dlí agus creat rialachais atá níos oiriúnaí d’fhreagairt éigeandála agus do thacaíocht leachtachta.
11.á chur in iúl gurb é a tátal go bhfuil an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2020/2220 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh comhoiriúnach leis na gnéithe dá dtagraítear i Riail58 de na Rialacha Nós Imeachta.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Bearta sonracha faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) chun cúnamh breise a sholáthar do Bhallstáit a ndéanann tubaistí nádúrtha difear dóibh |
|||
ղí |
– C10-0148/2024 – |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
21.10.2024 |
|
|
|
An Coiste Freagrach |
AGRI |
|
|
|
鲹óéí Dáta an cheapacháin |
Veronika Vrecionová 19.11.2024 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
3.12.2024 |
|
|
|
|
BUDG 21.11.2024 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
40 0 0 |
||
í a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Stefano Bonaccini, Mireia Borrás Pabón, Barry Cowen, Carmen Crespo Díaz, Ivan David, Salvatore De Meo, Paulo Do Nascimento Cabral, Herbert Dorfmann, Sebastian Everding, Luke Ming Flanagan, Maria Grapini, Krzysztof Hetman, Céline Imart, Stefan Köhler, Camilla Laureti, Cristina Maestre, Dario Nardella, Maria Noichl, Gilles Pennelle, André Rodrigues, Katarína Roth Neveďalová, Bert-Jan Ruissen, Arash Saeidi, Eric Sargiacomo, Christine Singer, Raffaele Stancanelli, Anna Strolenberg, Jessika Van Leeuwen, Veronika Vrecionová, Thomas Waitz, Maria Walsh |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Benoit Cassart, David Cormand, Vilis Krištopans, Luis-Vicențiu Lazarus, Tilly Metz, Jessica Polfjärd, Christine Schneider, Emma Wiesner |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Vasile Dîncu |
|||
Dáta don chur síos |
5.12.2024 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLASA CHOISTE FREAGRACH
40 |
+ |
ECR |
Bert‑Jan Ruissen, Veronika Vrecionová |
ESN |
Ivan David |
NI |
Luis‑Vicențiu Lazarus, Katarína Roth Neveďalová |
PPE |
Carmen Crespo Díaz, Salvatore DeMeo, Paulo DoNascimento Cabral, Herbert Dorfmann, Krzysztof Hetman, Céline Imart, Stefan Köhler, Jessica Polfjärd, Christine Schneider, Jessika VanLeeuwen, Maria Walsh |
PfE |
Mireia Borrás Pabón, Vilis Krištopans, Gilles Pennelle, Raffaele Stancanelli |
Renew |
Benoit Cassart, Barry Cowen, Christine Singer, Emma Wiesner |
S&D |
Stefano Bonaccini, Vasile Dîncu, Maria Grapini, Camilla Laureti, Cristina Maestre, Dario Nardella, Maria Noichl, André Rodrigues, Eric Sargiacomo |
The Left |
Sebastian Everding, Luke Ming Flanagan, Arash Saeidi |
Verts/ALE |
David Cormand, Tilly Metz, Anna Strolenberg, Thomas Waitz |
0 |
- |
|
|
0 |
0 |
|
|
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] Tuairim an 4 Nollaig 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
- [2] Tuairim an 21 Samhain 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
- [3] IOL, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: .
- [4] IO L433I, 22.12.2020, lch.11, ELI: .
- [5] IO L433I, 22.12.2020, lch.28, ELI: .
- [6] IOL, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: .
- [7] Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21Deireadh Fómhair2024 dar teideal RESTORE – Tacaíocht Éigeandála Réigiúnach don Atógáil lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1058 agus Rialachán (AE) 2021/1057 ().