TUARASCÁILmaidir le hiarraidh ar dhíolúine Adam Bielan a tharscaoileadh
21.2.2025-()
An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir: Dainius Žalimas
TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir le hiarraidh ar dhíolúine Adam Bielan a tharscaoileadh
()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Adam Bielan a tharscaoileadh, dar dáta an 5 Iúil 2024 agus a thíolaic an Chúirt Dúiche do Vársá-Śródmieście, Rannán Coiriúil V, i ndáil le himeachtaí coiriúla a tionscnaíodh ina choinne trí dhíotáil phríobháideach arna comhdú ag ionadaí dlíthiúil na gcúisitheoirí príobháideacha, agus a fógraíodh i suí iomlánach an 16 Meán Fómhair 2024,
–tar éis éisteacht a thabhairt d’Adam Bielan an 23 Eanáir 2025 i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta agus ag féachaint don doiciméad a thíolaic sé le linn na héisteachta,
–ag féachaint d’Airteagail8 agus9 de Phrótacal Uimh.7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal6(2) d’Ionstraim an20Meán Fómhair1976 maidir le toghadh Fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,
–ag féachaint do na breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21DeireadhFómhair2008, an 19Márta2010, an 6MeánFómhair2011, an 17Eanáir2013, an 19Nollaig2019 agus an 5Iúil2023[1],
–ag féachaint d’Airteagail105(2) agus(5) de Bhunreacht Phoblacht na Polainne,
–ag féachaint do Riail 5(2), do Riail 6(1) agus do Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A10-0015/2025),
A.de bhrí, an 5 Iúil 2024, gur tharchuir Rannán Coiriúil V den Chúirt Dúiche do Vársá-Śródmieście sa Pholainn iarraidh ar dhíolúine pharlaiminteach Adam Bielan a tharscaoileadh, ar Feisire de Pharlaimint na hEorpa arna thoghadh sa Pholainn é, a chuir páirtí príobháideach faoina bráid ar fhorais ráitis áirithe a rinne Adam Bielan le linn agallamh raidió a craoladh an 10 Márta 2023; de bhrí, i gcomhréir le Riail 9(1) de na Rialacha Nós Imeachta, nach mór ‘d’údarás inniúil Ballstáit’ aon iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh a thíolacadh agus, i gcomhréir le Riail 9(12), gur cheart do na húdaráis bhreithiúnacha í a tharchur, agus nach ionann an dá choincheap; de bhrí, i gcásanna ina dtugtar díotáil phríobháideach faoi dhlí na Polainne, ar cásanna iad nach bhfuil ionchúisitheoir poiblí rannpháirteach iontu, gurb í an chúirt an t-údarás atá inniúil chun iarraidh ó pháirtí príobháideach ar dhíolúine a tharscaoileadh a tharchur;
B.de bhrí go ndearnadh an iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh i ndáil le himeachtaí coiriúla arna dtionscnamh i gcoinne Adam Bielan maidir le clúmhilleadh, ar cion é faoi Airteagal 212(1) agus (2) de Chód Coiriúil na Polainne;
C.de bhrí go ndearna Adam Bielan na ráitis chlúmhillteacha líomhnaithe le linn agallamh le haghaidh cláir ag an stáisiún raidió RMF FM, a craoladh sa Pholainn an 10 Márta 2023, i ndáil le hoibriú agus bainistiú Ionad Náisiúnta na Polainne um Thaighde agus Forbairt, ar gníomhaireacht feidhmiúcháin é d’Aireacht Eolaíochta agus Ardoideachais na Polainne; de bhrí go ndéanann an tAire Cistí Forbraíochta agus Beartais Réigiúnaigh maoirseacht ar an ngníomhaireacht agus go bhfuil sé ar cheann dá príomhchúraimí cistiú poiblí a leithdháileadh ar thionscadail;
D.de bhrí, de réir an bhille phríobháidigh um dhíotáil, go líomhnaítear go ndearna Adam Bielan na ráitis chlúmhillteacha agus é mar aidhm aige dochar a dhéanamh don chlú poiblí atá ar bheirt aonair agus ar chuideachta, a bhfuil a gceanncheathrú i Vársá, agus gur dócha go gcaillfear an iontaoibh riachtanach atá ag daoine astu chun a róil faoi seach a chomhlíonadh agus a ngníomhaíochtaí faoi seach a dhéanamh, agus iad a chlúmhilleadh trí mhodh ollchumarsáide, cion a d’fhéadfaí a ionchúiseamh go príobháideach faoi Airteagal 212(4) de Chód Coiriúil na Polainne;
E.de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a í a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus dualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus ar gníomhaíochtaí iad nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;
F.de bhrí gur toghadh Adam Bielan chuig Parlaimint na hEorpa sna toghcháin Eorpacha in 2019 agus go raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa tráth an chiona líomhnaithe;
G.de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh nach bhfuil ‘í Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh;
H.de bhrí go bhféadfaidh ráiteas ó Fheisire lasmuigh den Pharlaimint a bheith ina thuairim arna cur in iúl i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas, de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, i gcás ina bhfuil measúnú suibiachtúil ann a bhfuil baint dhíreach agus fhollasach aige le comhlíonadh dhualgais pharlaiminteacha an Fheisire sin; de bhrí nach mór, dá bhrí sin, cibé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an cás a chinneadh de réir chineál agus inneachar an ráitis;
I.de bhrí, sa chomhthéacs sin, ag féachaint do na himthosca a thuairiscítear san iarraidh ar dhíolúine a tharscaoileadh, do chomhthéacs agus d’inneachar na ráiteas clúmhillteach líomhnaithe arna ndéanamh ag Adam Bielan, gur cosúil nach ann do nasc díreach agus soiléir idir na ráitis sin agus a shainordú mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
J.de bhrí nach ionann na gníomhartha líomhnaithe, dá bhrí sin, agus tuairim arna tabhairt nó vóta arna chaitheamh ag Adam Bielan i gcomhlíonadh a dhualgas de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;
K.de bhrí, de bhun Airteagal9, an chéad mhír, pointe (a), de Phrótacal Uimh.7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, go dteachtfaidh í de Pharlaimint na hEorpa ar an gcríoch náisiúnta féin na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint a dtíre féin;
L.de bhrí, de réir Airteagal105(2) agus (5) de Bhunreacht na Polainne, ón lá a fhógraítear torthaí na dtoghchán go dtí an lá a rachaidh a shainordú nó a sainordú in éag, nach gcuirfear Feisire faoi chuntasacht choiriúil gan toiliú ón Sejm (teach íochtarach parlaiminte) agus nach gcoinneofar ná nach ngabhfar é nó í gan toiliú ón Sejm, ach amháin i gcásanna inar gabhadh é/í le linn cion a dhéanamh agus inar gá é nó í a choinneáil nó á coinneáil chun conair cheart imeachtaí a áirithiú;
M.de bhrí, sa chás seo, nár aimsigh an Pharlaimint aon fhianaise ar fumus persecutionis, is é sin le rá gnéithe fíorasacha a léiríonn gurb é an rún atá leis na himeachtaí dlíthiúla i dtrácht ná an bonn a bhaint de ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;
N.de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir[2];
1.á chinneadh díolúine Adam Bielan a tharscaoileadh;
2.á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht na Polainne agus chuig Adam Bielan.
IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
Dearbhaíonn an rapóirtéir faoina fhreagracht eisiach nach bhfuair sé ionchur ó aon eintiteas ná ó aon duine atá le lua san Iarscríbhinn seo de bhun Airteagal 8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
18.2.2025 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
15 6 0 |
||
í a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Maravillas Abadía Jover, Tobiasz Bocheński, José Cepeda, Ton Diepeveen, Mario Furore, Mary Khan, Ilhan Kyuchyuk, Sergey Lagodinsky, Mario Mantovani, Pascale Piera, René Repasi, Krzysztof Śmiszek, Dominik Tarczyński, Adrián Vázquez Lázara, Axel Voss, Marion Walsmann, Michał Wawrykiewicz, Lara Wolters, Dainius Žalimas |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Caterina Chinnici, Leire Pajín, Arash Saeidi, Kosma Złotowski |
|||
í faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Niels Geuking, Lara Wolters |
- [1] Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v an Pharlaimint, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C 163/10, ECLI: AE:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v an Pharlaimint, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115. breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 5Iúil2023, Puigdemont i Casamajó agus Páirtithe eile v an Pharlaimint, T-272/21, ECLI:EU:T:2023:373.
- [2] breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266;