TUARASCÁILar an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: tosaíochtaí fostaíochta agus sóisialta do 2025
27.2.2025-()
An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
Rapóirtéir: Maravillas Abadía Jover
PR_INI
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: tosaíochtaí fostaíochta agus sóisialta do 2025
()
Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint d’Airteagal3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
–ag féachaint d’Airteagail9, 121, 148 agus 149 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
–ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt agus arna shíniú ag an gComhairle, ag an bParlaimint agus ag an gCoimisiún an 17Samhain2017,
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 4Márta 2021 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta’ () agus do na príomhspriocanna atá beartaithe do 2030 maidir le fostaíocht, oiliúint agus laghdú na bochtaineachta,
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17Nollaig 2024 dar teideal ‘Seimeastar Eorpach 2025 – Pacáiste an Fhómhair’ (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26Samhain 2024 dar teideal ‘Seimeastar Eorpach 2025: an creat nua rialachais eacnamaíoch a chur ina bheatha’ (),
–ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an17Nollaig2024 le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht ón gCoimisiún agus ón gComhairle (),
–ag féachaint do mholadh ón gCoimisiún an17Nollaig2024 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (),
–ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 17Nollaig 2024 dar teideal ‘ճܲá2025 maidir leis an Sásra Foláirimh’ (),
–ag féachaint don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 26Samhain 2024 dar teideal ‘Fiscal statistical tables providing relevant background data for the assessment of the 2025 draft budgetary plans’ [Táblaí staidrimh fioscacha lena soláthraítear sonraí ábhartha cúlra maidir le measúnú ar dhréachtphleananna buiséadacha 2025] (SWD(2024)0950),
–ag féachaint don dréacht-doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 17Nollaig 2024 maidir leis na hathbhreithnithe atá beartaithe ar Scórchlár an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha i gcomhthéacs an phróisis athbhreithnithe rialta (SWD(2024)0702),
–ag féachaint don rún uaithi an 22Deireadh Fómhair 2024 ar an seasamh ón gComhairle ar Dhréachtbhuiséad leasaitheach Uimh4/2024 an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024 – nuashonrú ar ioncam (acmhainní dílse) agus coigeartuithe ar roinnt gníomhaireachtaí díláraithe[1],
–ag féachaint do thuarascáil Mario Draghi an 9MeánFómhair2024 dar teideal ‘The future of European competitiveness’, [Todhchaí iomaíochas na hEorpa],
–ag féachaint do thuarascáil Enrico Letta Aibreán2024 ar thodhchaí an mhargaidh aonair[2],
–ag féachaint do Dearbhú La Hulpe maidir le Todhchaí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta arna shíniú ag an bParlaimint, ag an gCoimisiún, ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ag an gComhairle an 16Aibreán 2024,
–ag féachaint do Rialachán (AE)2023/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10Bealtaine 2023 lena mbunaítear Ciste Aeráide Sóisialta agus lena leasaítear Rialachán (AE)2021/1060[3],
–ag féachaint do Rialachán (AE)2024/1263 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29Aibreán 2024 maidir le beartais eacnamaíocha a chomhordú go héifeachtach agus maidir le faireachas buiséadach iltaobhach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh.1466/97[4] ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal3, 4, 13 agus 27 de,
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17Eanáir2023 dar teideal ‘Leas a bhaint as an tallann i réigiúin na hEorpa’ (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20Márta 2023 dar teideal ‘Ganntanais saothair agus scileanna san Aontas Eorpach: plean gníomhaíochta’ (),
–ag féachaint don Chlár Oibre Eorpach um Scileanna 2020,
–ag féachaint do theachtaireacht an 7Meán Fómhair2022 ón gCoimisiun maidir leis an straitéis cúraim Eorpach (),
–i ndáil leis an Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach inacmhainne ar ardchaighdeán[5],
–ag féachaint do Scórchlár Sóisialta an Aontais agus a phríomhtháscairí agus a tháscairí tánaisteacha,
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3Márta 2021 dar teideal ‘Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030’ [Aontas an Chomhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’] (),
–ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 19Meán Fómhair 2024 dar teideal ‘Employment and Social Developments in Europe (ESDE): upward social convergence in the EU and the role of social investment’ [Forbairtí Fostaíochta agus Sóisialta san Eoraip: cóineasú sóisialta aníos san Aontas agus ról an infheistíochta soisialta],
–ag féachaint don Chinneadh ón gComhairle ar Threoirlínte Fostaíochta, arna ghlacadh ag an gComhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí an 2Nollaig 2024, lena mbunaítear tosaíochtaí fostaíochta agus sóisialta atá ailínithe le prionsabail an EPSR,
–ag féachaint do Dhearbhú Trípháirteach le haghaidh Idirphlé Sóisialta Eorpach rathúil agus don chomhshocrú atá le teacht maidir le hidirphlé sóisialta,
–ag féachaint do Threoir (AE)2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach[6] (an Treoir maidir le Pás Íosta),
–ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa (ESC), dá dtagraítear i mbrollach EPSR,
–ag féachaint do chreat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach le haghaidh 2020-2030,
–ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SFInna),
–ag féachaint do Straitéis an Aontais Eorpaigh maidir le Comhionannas Inscne, 2020-2025,
–ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas, 2020-2025,
–ag féachaint don Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025,
–ag féachaint do Riail55 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A10-0023/2025),
A.de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta i dtreo spriocanna fostaíochta an Aontais a bhaint amach, is é sin gur cheart go mbeadh 78% ar a laghad de dhaoine idir 20 agus 64 bliana d’aois i bhfostaíocht faoi 2030, in ainneoin na héiginnteachta a chruthaigh cogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus tionchar an ardbhoilscithe; de bhrí, de réir réamhaisnéis eacnamaíoch an fhómhair 2025 ón gCoimisiún, baineadh ráta fostaíochta 75.3% amach san Aontas; de bhrí gur fhan an fás san fhostaíocht san Aontas láidir in 2023; de bhrí go raibh fás fostaíochta in 2023 ar an mbóthar ceart chun sprioc náisiúnta 2030 a bhaint amach in dhá thrian de na Ballstáit; de bhrí go bhfuil dúshláin shuntasacha ann mar sin féin, amhail rátaí arda dífhostaíochta i roinnt Ballstát, go háirithe i measc daoine óga agus daoine faoi mhíchumas, agus neamhionannais shuntasacha idir earnálacha agus réigiúin, ar féidir leo difear diúltach a dhéanamh do chomhtháthú sóisialta agus d’fholláine saoránach na hEorpa san fhadtéarma;
B.de bhrí go gcomhcheanglaíonn an Seimeastar Eorpach ionstraimí éagsúla i gcreat comhtháite le haghaidh comhordú agus faireachas iltaobhach ar bheartais eacnamaíocha, fostaíochta agus shóisialta laistigh den Aontas agus caithfidh sé a bheith ina phríomhuirlis chun cóineasú sóisialta aníos a chothú; de bhrí gur príomhuirlis é an Creat maidir le Cóineasú Sóisialta chun dúshláin shóisialta agus cóineasú aníos laistigh den Seimeastar Eorpach a mheasúnú agus chun faireachán a dhéanamh ar éagsúlachtaí sóisialta ar fud na mBallstát, agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin a sainaithníodh sa ճܲá Chomhpháirteach ar Fhostaíocht (JER);
C.de bhrí go bhfuil sprioc 2030 glactha ag an Aontas maidir le líon na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta a laghdú 15mhilliún ar a laghad i gcomparáid le 2019, lena n-áirítear 5mhilliún leanbh ar a laghad; de bhrí go bhfuil an treocht ag dul sa treo eile i mbeagnach leath de na Ballstáit; de bhrí go bhfuil leanbh amháin as gach ceathrar san Aontas Eorpach fós i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta; agus de bhrí nach bhfágfaidh an treocht reatha é gur féidir an sprioc 2030 a bhaint amach; de bhrí nach ceart féachaint ar chaiteachas poiblí ar leanaí agus ar an óige mar chaiteachas sóisialta amháin ach mar infheistíocht sa todhchaí; de bhrí nach n-éireoidh le fás eacnamaíoch láidir, inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn ach amháin más féidir leis an gcéad ghlúin eile a n-acmhainneacht iomlán oideachais a fhorbairt chun a bheith ullamh don mhargadh saothair atá ag athrú, agus chun spriocanna Barcelona 2030 maidir le hoideachas agus cúram na luath-óige a bhaint amach, ba cheart don Aontas EUR 11billiún breise a infheistiú in aghaidh na bliana.[7];
D.de bhrí, d’ainneoin laghdú íosta ar líon na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta san Aontas in 2023, go bhfuil tuairim is duine as gach cúigear fós ag tabhairt aghaidh ar an dúshlán sin, agus éagsúlachtaí suntasacha idir leanaí, daoine óga agus daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, LGTBI, daoine aonair nach rugadh san Aontas, agus pobail na Romach;
E.de bhrí go bhfuil éagothromaíochtaí suntasacha le tabhairt faoi deara i measc leanaí ó chúlraí eitneacha nó imirceacha agus leanaí faoi mhíchumas; de bhrí go bhfuil 83% de leanaí Romacha ina gcónaí i dteaghlaigh atá i mbaol bochtaineachta; de bhrí nach leor acmhainní an Aontais agus náisiúnta atá á n-imscaradh faoi láthair chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na bochtaineachta leanaí san Aontas agus, dá bhrí sin, tá ionstraim maoinithe tiomnaithe don Ráthaíocht Eorpach do Leanaí chomh maith le sineirgí le cistí Eorpacha agus náisiúnta eile ríthábhachtach sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha (CAI) agus sa chéad cheann eile;
F.de bhrí nach mór gurb é an EPSR a threoraíonn beartais shóisialta agus eacnamaíocha an Aontais, de bhrí gur cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an EPSR trí úsáid a bhaint as an Scórchlár Sóisialta agus as an gCreat maidir le Cóineasú Sóisialta;
G.de bhrí go bhfuil poist ar dhrochchaighdeán i measc daoine féinfhostaithe go díréireach forleathan agus an ráta féinfhostaíochta ag laghdú, lena n-áirítear i measc daoine óga;
H.de bhrí go bhfuil 1.4milliún duine fós ina gcónaí in institiúidí san Aontas; de bhrí go bhfuil cónaitheoirí institiúidí scoite amach ón bpobal i gcoitinne agus nach bhfuil smacht leordhóthanach acu ar a saol agus ar na cinntí a dhéanann difear dóibh; de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta le fada an lá do phróiseas an díinstitiúidithe, ach tá gá fós le hiarrachtaí ar an leibhéal Eorpach agus ar an leibhéal náisiúnta araon chun a chur ar chumas grúpaí leochaileacha maireachtáil go neamhspleách i dtimpeallacht phobail;
é.de bhrí go gcuireann dúshláin déimeagrafacha, lena n-áirítear daonra atá ag dul in aois, rátaí breithe ísle agus dídhaonrú tuaithe, agus daoine óga go háirithe ag bogadh go ceantair uirbeacha, isteach go mór ar bheogacht eacnamaíoch agus ar tharraingteacht eacnamaíoch réigiún an Aontais, ar mhargaí an tsaothair, agus dá bhrí sin, ar inbhuanaitheacht na gcóras leasa shóisialaigh, agus cuireann siad níos mó leis na héagothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas, agus mar sin is dúshlán struchtúrach iad do gheilleagar an Aontais; agus de bhrí, mar a leagtar béim air i dtuarascáil Draghi, go mbraitheann fás inbhuanaithe agus iomaíochas san Eoraip go mór ar chórais oideachais agus oiliúna a oiriúnú do riachtanais scileanna atá ag teacht chun cinn, tosaíocht a thabhairt don fhoghlaim aosach agus don ghairmoideachas agus don oiliúint, agus do chuimsiú an daonra ghníomhach i margadh an tsaothair agus ar chóras láidir leasa shóisialaigh;
J.de bhrí, mar a léiríodh i dtuarascáil Draghi, gur fachtóir tábhachtach iad oibrithe imirceacha chun ganntanas saothair a laghdú agus gur mó an seans go n-oibreoidh siad i ngairmeacha le ganntanas leanúnach ná oibrithe a rugadh san Aontas;
K.de bhrí go bhfuil 70% d’oibrithe san Eoraip i bpoist ar ardchaighdeán, tá 30% i bpoist a bhfuil brú mór orthu ina mbíonn na héilimh níos líonmhaire ná na hacmhainní atá ar fáil chun iad a chothromú, rud a fhágann droch-chaighdeán foriomlán post; de bhrí go bhfuil sciar na bpost ar ardchaighdeán íseal níos airde ná 30% i go leor gairmeacha ina bhfuil ganntanas leanúnach saothair;
L.de bhrí, luaitear i dtuarascáil Letta, go bhfuil laghdú ar an ráta breithe, ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé creat a chruthú chun tacú le gach teaghlach mar chuid de straitéis fáis chuimsithigh i gcomhréir leis an EPSR; de bhrí go dtugann an tuarascáil dá haire go bhfuil saorghluaiseacht daoine ar an gceann is lú forbartha de na ceithre shaoirse agus áitíonn sí go laghdófar na bacainní ar shoghluaisteacht cheirde laistigh den Aontas agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus pholaitiúla atá roimh na Ballstáit sallchuir agus na réigiúin is mó atá faoi mhíbhuntáiste, chomh maith leis an gceart chun fanachta a chosaint; de bhrí gur gá beartais a thacaíonn le teaghlaigh agus cothromaíocht oibre-saoil a chur chun cinn, lena n-áirithítear córais chúraim inrochtana agus ghairmiúla mar aon le hoideachas de cháilíocht phoiblí, saoire a bhaineann leis an teaghlach agus socruithe solúbtha oibre i gcomhréir le Straitéis Cúraim na hEorpa;
M.de bhrí gur mhéadaigh boilsciú an t-ualach eacnamaíoch ar theaghlaigh, agus tá tionchar an-diúltach aige ar ghrúpaí i gcásanna leochaileacha, amhail tuismitheoirí aonair, teaghlaigh mhóra, daoine scothaosta nó daoine faoi mhíchumas, ach go bhfuil costais tithíochta agus bochtaineacht fuinnimh fós ina bhfadhbanna móra; de bhrí go bhfuil tithíocht ag éirí neamh-incheannaithe dóibh sin a bhfuil cónaí orthu i dteaghlaigh inarb ionann costais tithíochta agus 40% den ioncam indiúscartha iomlán; de bhrí go bhfuil ról lárnach ag infheistíocht i seirbhísí sóisialta, soláthar tithíochta – lena n-áirítear tithíocht shóisialta – agus beartais a éascaíonn inrochtaineacht agus inacmhainneacht tithíochta príomhról i laghdú na bochtaineachta i measc teaghlaigh leochaileach.
N.de bhrí go bhfuil dúshláin ar leith roimh mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus mheánmhéide an Aontais amhail fanacht iomaíoch i gcoinne gníomhaithe tríú tíortha, leibhéil táirgeachta a choinneáil in ainneoin costais fuinnimh atá ag ardú agus na scileanna riachtanacha a aimsiú le haghaidh na n-aistrithe glasa agus digiteacha; de bhrí go bhfuil tacaíocht airgeadais agus theicniúil de dhíth orthu chun ceanglais rialála a chomhlíonadh agus chun leas a bhaint as na deiseanna a chuireann na haistrithe dúbailte ar fáil;
O.de bhrí go bhfuil ganntanas saothair agus scileanna fós ina bhfadhb ag gach leibhéal, agus tuairiscíonn cuideachtaí de gach méid agus earnáil iad; de bhrí go bhfuil ganntanas saothair agus scileanna fós ina bhfadhb ar gach leibhéal, rud atá níos measa mar gheall ar easpa iarrthóirí chun poist chriticiúla a líonadh i bpríomhearnálacha amhail an t-oideachas, an tsláinte agus an tógáil, go háirithe i gceantair atá buailte ag an dídhaonrú; de bhrí gur féidir leis an nganntanas sin teacht as roinnt fachtóirí, amhail coinníollacha deacra oibre, tuarastail neamhtharraingteacha, éileamh ar thacair nua scileanna agus ganntanas oiliúna ábhartha, easpa seirbhísí poiblí, bacainní ar rochtain ar mheánoideachas agus ardoideachas agus easpa aitheantais scileanna agus oideachais;
P.de bhrí go bhfuil an sprioc glactha ag an Aontas gur cheart do 60% ar a laghad de dhaoine fásta a bheith rannpháirteach in oiliúint gach bliain faoi 2030; de bhrí go bhfuil na Ballstáit tiomanta do spriocanna náisiúnta chun an phríomhsprioc sin a bhaint amach agus de bhrí gur chaill formhór na mBallstát talamh agus iad ag saothrú na spriocanna náisiúnta sin; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun a áirithiú go soláthrófar, agus go mbeidh rochtain, ar bheartais oiliúna ardchaighdeáin a chuireann foghlaim ar feadh an tsaoil chun cinn; de bhrí nach mór cláir uas-scilithe, athscilithe agus oiliúna a bheith ar fáil do gach oibrí, lena n-áirítear oibrithe atá faoi mhíchumas, agus gur cheart iad a chur in oiriúint freisin do riachtanais agus do chumais na n-oibrithe;
Q.de bhrí, in 2022, tháinig laghdú 10bpointe ar mheánscór an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) ar fud an ECFE ar thomhais scileanna bunúsacha (léamh, matamaitic agus eolaíocht) leanaí 15 bliana d'aois i gcomparáid leis an chuid dheiridh in 2018; de bhrí go bhfuil tearcghnóthachtáil i measc foghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste, rud a léiríonn méadú ar neamhionannais oideachasúla; de bhrí go bhfuil gá le hathchóirithe agus infheistíochtaí san oideachas agus san oiliúint mar gheall ar an meath imníoch seo;
R.de bhrí go mbeidh cumas an Aontais déileáil le suaitheadh, géarchéimeanna agus ‘ilghéarchéimeanna’ amach anseo agus na haistrithe déimeagrafacha, digiteacha agus glasa á stiúradh ag brath go mór ar na coinníollacha faoina mbeidh oibrithe riachtanacha in ann a gcuid oibre a dhéanamh; de bhrí gur gá dálaí oibre cuí, rochtain ar chórais chosanta sóisialta, agus deiseanna chun scileanna a fhorbairt atá in oiriúint do na riachtanais chun dul i ngleic leis an nganntanas agus gach cineál tallainne a choinneáil; agus de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt ar ghanntanas scileanna chun na haistrithe digiteacha agus glasa a bhaint amach, chun fás cuimsitheach agus inbhuanaithe a áirithiú agus chun iomaíochas an Aontais a threisiú;
S.de bhrí go bhfuil sé sár-riachtanach soghluaisteacht a chur chun cinn laistigh den Aontas agus machnamh a dhéanamh ar oibrithe oilte ó thríú tíortha a mhealladh, agus urraim agus forghníomhú cearta saothair agus sóisialta á áirithiú ag an am céanna agus náisiúnaigh tríú tíortha atá ag teacht isteach san Aontas a threorú trí bhealaí imirce dleathacha i dtreo gairmeacha a bhfuil ganntanais orthu, arna thacú ag beartas lánpháirtithe éifeachtach, i gcomhlántacht iomlán le buanna a bhaint as laistigh den Aontas;
T.de bhrí go bhfuil bearnaí pá inscne fós suntasach i bhformhór na mBallstát de chuid an Aontais agus de bhrí gur fachtóir tábhachtach iad freagrachtaí cúraim a chuireann srian ar mhná dul i mbun fostaíochta páirtaimseartha nó a n-eisiamh ó mhargadh an tsaothair, a fhágann bearna fostaíochta níos leithne idir na hinscní;
U.de bhrí go dtugann an JER an ceart chun dínascadh chun suntais, go háirithe i gcomhthéacs na teilea-oibre, ag aithint ról ríthábhachtach an chirt seo maidir le cothromaíocht oibre is saoil a chinntiú i gcomhthéacs an digitithe agus an chianoibre atá ag méadú;
V.de bhrí gur tháinig dúshláin chun solais in 2024 do go leor earnálacha, amhail monaraíocht mótarfheithiclí agus tionscail dhianfhuinnimh, agus d’fhógair roinnt cuideachtaí athstruchtúrú ar mhórscála;
W.de bhrí go bhfuil éagsúlachtaí i gcumhdach na seirbhísí sóisialta, lena n-áirítear cúram fadtéarmach, cosaint leanaí, tacaíocht d’fhoréigean baile, agus cabhair don easpa dídine, ar gá aghaidh a thabhairt orthu tríd an Seimeastar Eorpach;
X.de bhrí nach bhfuil aon bhailiú rialta sonraí ar fud an Aontais faoi infheistíocht agus clúdach seirbhísí sóisialta faoi láthair; de bhrí gur ríthábhachtach sonraí den sórt sin a bhailiú le haghaidh anailíse fianaise-bhunaithe ar bheartais shóisialta náisiúnta san anailís ar an Seimeastar Eorpach; de bhrí gur cheart aghaidh a thabhairt air sin trí chritéir arna gcomhaontú go comhpháirteach agus trí chaighdeáin bailithe sonraí maidir le hinfheistíocht agus clúdach seirbhísí sóisialta sna Ballstáit; de bhrí gur sampla é Innéacs Seirbhísí Sóisialta Líonra Sóisialta na hEorpa den chaoi ar féidir le bailiú sonraí den sórt sin rannchuidiú le hanailís an tSeimeastair Eorpaigh;
Y.de bhrí gur tháinig méadú ar an mbaol bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta de bharr na géarchéime maidir le hathnuachan glúin, athruithe déimeagrafacha, agus easpa infheistíochta imleor sna seirbhísí poiblí, go háirithe a dhéanann difear do leanaí agus do dhaoine scothaosta, do theaghlaigh aontuismitheora agus do theaghlaigh mhóra, do dhaoine bochta atá ag obair, do dhaoine faoi mhíchumas, agus do dhaoine ó chúlraí imeallaithe; de bhrí go mbeidh straitéis uaillmhianach frithbhochtaineachta de chuid an Aontais ríthábhachtach chun an treocht sin a aisiompú agus chun freagairtí a sholáthar ar fheiniméan iltoiseach na bochtaineachta;
Z.de bhrí go léiríonn taighde Eurofound go bhfuil rátaí féinmharaithe ag ardú ó 2021 i leith, tar éis laghdú le blianta fada; de bhrí gur gá níos mó a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna fadhbanna meabhairshláinte i ndálaí oibre agus maireachtála (go tábhachtach cuimsiú sóisialta), agus go bhfuil rochtain ar thacaíocht do dhaoine a bhfuil drochshláinte mheabhrach orthu fós ina fhadhb;
AA.de bhrí go raibh níos mó ná 3300 tionóisc mharfach agus beagnach 3 milliún tionóisc neamh-mharfach in AE-27 in 2021; de bhrí go bhfaigheann níos mó ná 200000 oibrí bás gach bliain de dheasca tinnis a bhaineann leis an obair; de bhrí nach n-áirítear leis na sonraí sin gach tionóisc a tharla de bharr obair neamhdhearbhaithe, rud a fhágann gur sochreidte glacadh leis go bhfuil an fíorlíon i bhfad níos airde an staidreamh oifigiúil; de bhrí, de réir Eurofound, go raibh 20% de na poist san Eoraip ar ‘drochcháilíocht’ agus gur chuir siad oibrithe i mbaol níos mó maidir lena sláinte fhisiciúil nó mheabhrach; de bhrí gur nochtadh 14% de na hoibrithe do leibhéal ard rioscaí síceasóisialta; de bhrí go gcreideann 23% d’oibrithe na hEorpa go mbíonn a sábháilteacht nó a sláinte i mbaol mar gheall ar a n-obair;
AB.de bhrí go léiríonn torthaí suirbhé Eorabharaiméadair Aibreán2024 ar an Eoraip shóisialta go measann 88% de shaoránaigh na hEorpa go bhfuil an Eoraip shóisialta tábhachtach dóibh go pearsanta; de bhrí gur deimhníodh é sin le Suirbhé Iar-Thoghcháin an Aontais 2024, inar luaigh saoránaigh Eorpacha ardú praghsanna agus costas maireachtála (42%) agus an staid eacnamaíoch (41%) mar na príomhábhair a spreag iad chun vótáil i dtoghcháin Eorpacha 2024;
AC.de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal3 CAE, go bhfuil dul chun cinn sóisialta san Aontas ar cheann de na haidhmeanna atá ag geilleagar margaidh sóisialta atá thar a bheith iomaíoch, mar aon le lánfhostaíocht, ardleibhéal cosanta agus feabhsaithe ar cháilíocht an chomhshaoil, De bhrí, in Airteagal3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), deirtear faoin Aontas ‘Déanfaidh sé an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú a chomhrac agus an ceartas sóisialta agus an chosaint shóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus an chosaint ar chearta an linbh a chur chun cinn’;
AD.de bhrí gur tháinig creat nua rialachais eacnamaíoch an Aontais i bhfeidhm i mí Aibreáin2024 agus tá sé mar aidhm aige fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn agus tuilleadh spáis a thabhairt le haghaidh infheistíochta sóisialta agus cuspóirí an EPSR a bhaint amach; de bhrí, den chéad uair, go n-áirítear san athbhreithniú creat maidir le cóineasú sóisialta mar chuid chomhtháite den Seimeastar Eorpach;
AE.de bhrí, faoi chreat nua rialachais eacnamaíoch an Aontais, nach mór do na Ballstáit go léir athchóirithe agus infheistíochtaí a áireamh ina bpleananna meántéarmacha lena dtabharfar aghaidh ar thosaíochtaí coiteanna an Aontais agus ar dhúshláin a shainaithnítear i moltaí a bhaineann go sonrach le tír i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh; de bhrí go bhfuil athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch san áireamh i gcomhthosaíochtaí an Aontais, lena n-áirítear an EPSR;
AF.de bhrí gur shéan comhpháirtithe sóisialta Eorpacha, le linn Idirphlé Maicreacnamaíoch, easpa rannpháirtíochta na gcomhpháirtithe sóisialta i ndréachtú na bpleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha agus shínigh ETUC, SMEUnited agus SGIEurope ráiteas comhpháirteach maidir le rannpháirtíocht ábhartha agus fhíorasach na gcomhpháirtithe sóisialta sa rialachas eacnamaíoch agus sa Seimeastar Eorpach;
AG.de bhrí go meastar go dtiocfaidh méadú ar infheistíocht phoiblí in 2025 i mbeagnach gach Ballstát, le ranníocaíocht shuntasach ó Shaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta NextGenerationEU (RRF) agus ó chistí an Aontais agus rannchuideoidh sí le caiteachas sóisialta, arb ionann é agus thart ar 25% den chaiteachas iomlán measta faoin RRF, chun fás agus athléimneacht eacnamaíoch a áirithiú[8]; de bhrí gur féidir le hinfheistíochtaí sóisialta agus athchóirithe i bpríomhréimsí borradh a chur faoin bhfostaíocht, faoin gcuimsiú sóisialta, faoin iomaíochas agus faoin bhfás eacnamaíoch[9]; de bhrí go bhfuil comhpháirtithe sóisialta sár-riachtanach chun beartais a cheapadh agus a chur chun feidhme a chuireann fás inbhuanaithe agus cuimsitheach chun cinn, obair chuibhiúil agus ardchaighdeáin, agus aistrithe cothroma agus nach mór dóibh a bheith rannpháirteach ar gach leibhéal rialachais i gcomhréir le CFAE;
AH.de bhrí gur cheart do na Ballstáit an Treoir maidir le Pá Íosta a chur chun feidhme gan mhoill agus pleananna gníomhaíochta a ullmhú chun an cumhdach cómhargála a mhéadú i gcomhréir leis an treoir sin, i gcás inarb infheidhme.
AI.de bhrí, de réir na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), ar an meán ar fud thíortha an ECFE, is ionann na gairmeacha is airde riosca uathoibrithe agus thart ar 28% den fhostaíocht[10]; de bhrí go bhfuil an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil ríthábhachtach sa chomhthéacs sin chun cur chuige rannpháirteach a áirithiú i leith athruithe i ngeall ar fhorbairtí teicneolaíochta a bhainistiú, agus go dtabharfar aghaidh ar nithe a d’fhéadfadh a bheith ina n-údair imní, agus oiriúnú na n-oibrithe a chothú san am céanna (lena n-áirítear trí sholáthar scileanna). de bhrí nach mór go rachadh an digitiú, an róbatú, an t-uathoibriú agus an intleacht shaorga chun tairbhe d’oibrithe agus don tsochaí trí fheabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar an gcáilíocht saoil, trí chothromaíocht mhaith oibre is saoil a áirithiú, deiseanna fostaíochta níos fearr a chruthú, agus rannchuidiú leis an gcóineasú socheacnamaíoch; de bhrí go mbeidh ról ríthábhachtach ag oibrithe agus ag a gceardchumainn maidir le rioscaí a eascraíonn as na dúshláin sin a thuar agus dul i ngleic leo;
AJ.de bhrí go bhfuil idirphlé sóisialta agus cómhargáil ríthábhachtach d’iomaíochas, do tháirgiúlacht saothair agus do chomhtháthú sóisialta an Aontais;
1.Á mheas gur cheart don Choimisiún agus don Chomhairle a gcuid iarrachtaí a neartú chun an EPSR a chur chun feidhme, i gcomhréir le plean gníomhaíochta Márta 2021 agus le Dearbhú La Hulpe, chun príomhspriocanna 2030 a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh JER 2026 anailís ar chur chun feidhme phrionsabail uile an EPSR i gcomhréir le Rialachán (AE)2024/1263 agus go n-áirítear leis anailís ar ghné shóisialta na bpleananna struchtúracha meántéarmacha náisiúnta a bhaineann le hathléimneacht shóisialta, lena n-áirítear an EPSR; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an fógra maidir le Plean Gníomhaíochta nua maidir le cur chun feidhme an EPSR[11] do 2025 spreagadh nua a thabhairt don dul chun cinn sóisialta; á chur in iúl gur geal léi go bhfuiltear ag súil go méadóidh beagnach gach Ballstát an infheistíocht phoiblí in 2025, rud atá riachtanach chun rochtain ar sheirbhísí poiblí ardchaighdeáin a áirithiú agus chun aidhmeanna an EPSR a bhaint amach; á mheabhrú gur féidir leis na Ballstáit an RRF a shlógadh laistigh den raon feidhme atá sainithe i Rialachán (AE)2021/241[12] go dtí an 31Nollaig2026 maidir le beartais don fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach agus do dhaoine óga;
2.Á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an Scórchlár Sóisialta agus an Creat maidir le Cóineasú Sóisialta a úsáid chun rioscaí a shainaithint agus chun dul chun cinn a rianú maidir le neamhionannais a laghdú, córais chosanta sóisialta a neartú agus dálaí réasúnta oibre agus bearta tacaíochta a chur chun cinn d’oibrithe chun na haistrithe a bhainistiú; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, gur gá Eoraip inbhuanaithe, chothrom agus chuimsitheach a áirithiú ina ndéantar cearta sóisialta a chosaint agus a chosaint go hiomlán ar an leibhéal céanna le saoirsí eacnamaíocha; á mheabhrú go n-aithníonn saoránaigh an Aontais an Eoraip shóisialta mar cheann dá dtosaíochtaí;
3.Á chur in iúl gurbh oth léi an easpa sonraí agus anailíse ar neamhionannas saibhris agus comhchruinniú saibhris san Aontas toisc go bhfuil sé seo ar cheann de phríomh-dheitéarmanaint na bochtaineachta; á chur in iúl, de réir na gCuntas Dáileacháin Saibhreas, tacar sonraí arna fhorbairt ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais, gurbh ionann sciar an rachmais a bhí ag an 10% barr agus 56% sa cheathrú ráithe de 2023, agus nach raibh ach 5% sa leath íochtair;
4.Á chur in iúl gur geal léi áireamh na hanailíse ar rannchuidiú dearfach na SDGanna agus na straitéisí Eorpacha um chomhionannas in JER 2025 agus iarrann sí ar an gCoimisiún a áirithiú go n-áirítear mír ina ndéantar anailís ar an dul chun cinn i dtreo na SDGanna a bhaineann le beartas fostaíochta agus sóisialta in JER 2026, agus mír eile ar dhul chun cinn i dtreo deireadh a chur le hidirdhealú sóisialta agus saothair i gcomhréir leis an Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025, an Plean Gníomhaíochta Frithchiníochais an Aontais Eorpaigh 2020-2025, an creat straitéiseach an Aontais le haghaidh chomhionannas, chuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 2020-2030, an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ, agus an Straitéis um chearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030;
5.Á iarraidh ar na Ballstáit na treoirlínte fostaíochta nuashonraithe a chur chun feidhme, agus béim á leagan ar oideachas agus oiliúint do chách, ar theicneolaíochtaí nua amhail IS, agus ar thionscnaimh bheartais le déanaí maidir le hobair ardáin, tithíocht inacmhainne agus réasúnta agus dul i ngleic le ganntanas saothair agus scileanna, d’fhonn cinnteoireacht dhaonlathach a neartú;
6.Á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt scileanna an fhórsa saothair agus in oiliúint ghairme agus fostaíocht ardchaighdeáin a chinntiú, le béim ar cheart an duine aonair chun oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil; Á mholadh do na Ballstáit bearta breisoiliúna agus athoiliúint a fhorbairt i gcomhar le geallsealbhóirí áitiúla, lena n-áirítear comhlachtaí oideachais agus oiliúna agus na comhpháirtithe sóisialta, chun an nasc idir na córais oideachais agus oiliúna agus margadh an tsaothair a atreisiú agus chun riachtanais mhargadh an tsaothair a réamh-mheas; á chur in iúl gur geal léi an fíric go bhfuil torthaí fostaíochta do chéimithe le déanaí ón ngairmoideachas agus ón ngairmoiliúint (VET) ag feabhsú i gcónaí ar fud an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an fheidhmíocht oideachais daoine óga ag dul i léig, go háirithe sna bunscileanna; á chur in iúl gur geal léi, ina leith seo, an fógra ar Phlean Gníomhaíochta ar Bhunscileanna agus ar Phlean Straitéiseach um Oideachas ETIM; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i gcláir chun na bunscileanna, digiteacha agus trasscileanna a theastaíonn do shaol na hoibre agus dá digitiú a thabhairt d’fhoghlaimeoirí chomh maith le cuidiú leo rannchuidiú go bríoch leis an tsochaí; á mheabhrú an ról tábhachtach is féidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a bheith aige d’oibrithe easáitithe chun tacú le hoibrithe a rinneadh iomarcach mar thoradh ar imeachtaí móra athstruchtúraithe agus chun iad a athoiliúint;
7.Á chur in iúl gur geal léi an fógra maidir le treochlár poist ar ardchaighdeán chun aistriú cóir a chinntiú do chách; á iarraidh ar an gCoimisiún breithnithe a chur san áireamh sa treochlár seo maidir le bearta a bhaineann le húsáid IS agus bainistíocht algartamach i saol na hoibre ionas go mbainfear leas as teicneolaíochtaí nua chun dálaí oibre agus táirgiúlacht a fheabhsú agus cearta oibrithe agus cothromaíocht oibre-saoil á n-urramú mar a aithnítear sa JER.[13]; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a mholadh maidir le húsáid IS san ionad oibre lena n-áirithítear go gcosnaítear agus go n-urramaítear cearta oibrithe;
8.á chur i bhfáth go mbaineann an fhreagairt ar ghanntanas saothair san Aontas Eorpach freisin le soghluaisteacht lucht saothair a fheabhsú agus a éascú laistigh den Aontas; á iarraidh ar na Ballstáit aitheantas scileanna agus cáilíochtaí san Aontas a neartú agus a éascú, lena n-áirítear scileanna agus cáilíochtaí náisiúnach tríú tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar éifeachtacht ardáin Eorpach Seirbhísí Fostaíochta (EURES) d'fhonn athbhreithniú féideartha a dhéanamh ar a oibríocht;
9.Ag tabhairt dá haire go bhfuil líon na luathfhágálaithe ón oideachas agus ón oiliúint, daoine a bhfuil leibhéil níos ísle oideachais acu, daoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta nó oiliúna (NEETanna) agus ina measc grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear Romaigh, mná, daoine scothaosta, daoine ísealcháilithe agus meáncháilithe, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil cúlra imirceach nó mionlaigh acu, ag brath ar an gcomhthéacs tír-shonrach, fós ard i roinnt Ballstát, in ainneoin treocht anuas san Aontas Eorpach; á iarraidh ar na Ballstáit an Ráthaíocht don Aos Óg a atreisiú mar atá sonraithe i bPrionsabal 4 den EPSR; chun tacú le daoine óga i ngátar le linn a bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil; á athdhearbhú an ról lárnach atá ag VET chun an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a sholáthar do dhaoine óga atá ag dul isteach sa mhargadh saothair; ag leagadh béim ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i gcáilíocht agus i dtarraingteacht VET trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+); á mheabhrú, dá bhrí sin, an gá atá le dul i ngleic leis an gcás seo agus réitigh a fhorbairt chun daoine óga a choinneáil san oideachas, san oiliúint nó san fhostaíocht agus a thábhachtaí atá sé a rochtain ar chúrsaí oiliúna agus ar phrintíseachtaí a áirithiú, a chumasú dóibh a gcéad taithí oibre a fháil agus a n-aistriú ón oideachas go dtí an fhostaíocht a éascú chomh maith le dálaí oibre a chruthú a chuireann ar chumas lucht saothair atá ag dul in aois fanacht i margadh an tsaothair;
10.Á mheas, cé go bhfuil feabhas tagtha, go bhfuil constaicí suntasacha fós le sárú ag daoine faoi mhíchumas, go háirithe mná faoi mhíchumas, i margadh an tsaothair, agus go bhfuil gá, dá bhrí sin, le gairmoiliúint agus le hoiliúint dhigiteach, agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas á gcur chun cinn, ag díriú ar an bhfórsa saothair neamhghníomhach agus ar ghrúpaí a bhfuil rannpháirtíocht íseal acu i margadh an tsaothair, lena n-áirítear mná, daoine óga, oibrithe scothaosta agus daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún Straitéis an Aontais um Míchumas a thabhairt cothrom le dáta le tionscnaimh shuaitheanta nua agus le gníomhaíochtaí suaitheanta ó 2025 ar aghaidh, amhail Ráthaíocht Eorpach um Fhostaíocht agus Scileanna do Dhaoine faoi Mhíchumas agus comhroinnt na gcleachtas is fearr amhail an cárta míchumais, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar chuimsiú sóisialta agus maireachtáil neamhspleách do dhaoine faoi mhíchumas, lena n-áirithítear freisin go mbeidh rochtain acu ar oideachas, oiliúint agus fostaíocht ardchaighdeáin trí threoir maidir le liúntais mhíchumais a choinneáil;
11.Á chur in iúl gur cúis bhuartha di go leanann na Romaigh de bheith ag tabhairt aghaidh ar bhacainní suntasacha ar fhostaíocht, agus go gcuireann laofachtaí leanúnacha srian lena n-ionchais; Ag tabhairt dá haire go dtugtar chun suntais i gcreat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach easpa dul chun cinn maidir le rochtain ar fhostaíocht agus sciar méadaitheach d’aos óg na Romach nach bhfuil i bhfostaíocht, in oideachas ná in oiliúint; á leagadh béim ar sprioc an chreata an bhearna fostaíochta idir na Romaigh agus an daonra i gcoitinne a laghdú ina leath agus a áirithiú go mbeidh ar a laghad 60% de na Romaigh in obair íoctha faoi 2030; á mholadh do na Ballstáit cur chuige comhtháite atá dírithe ar an gcomhionannas a ghlacadh agus a áirithiú go sroichfidh beartais agus seirbhísí poiblí go héifeachtach na Romaigh go léir, lena n-áirítear iad sin i limistéir iargúlta thuaithe;
12.á chur i bhfáth an gá aird a thabhairt ar ghnéithe sóisialta agus comhshaoil an iomaíochais, ag cur béime ar an ngá atá le hinfheistíochtaí in oideachas agus in oiliúint do chách chun rochtain uilíoch ar chláir oideachais phoiblí agus oiliúna gairmiúla ardchaighdeáin a áirithiú, chomh maith le cleachtais inbhuanaithe chun fás cuimsitheach a chothú; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh príomhról ag comhpháirtithe sóisialta maidir le riachtanais scileanna ar fud an Aontais a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu;
13.Á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit moltaí sonracha maidir le hinacmhainneacht tithíochta a áireamh sa Seimeastar Eorpach agus infheistíocht tithíochta a chur chun cinn; Á moladh do na Ballstáit a áirithiú go dtacaíonn infheistíochtaí tithíochta le réitigh thithíochta cháilíochta fhadtéarmacha atá inacmhainne iarbhír do theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mheánioncaim, ag cur i bhfios go láidir go bhfuil infheistíochtaí i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne ríthábhachtach chun cáilíocht saoil a áirithiú agus a fheabhsú do chách; á chur i bhfáth an gá le húsáid níos fearr a bhaint as cistiú an Aontais, amhail trí ionstraimí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, go háirithe chun tacú le hinfheistíochtaí chun éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beart cinntitheach a dhéanamh chun creat rialúcháin an Aontais a sholáthar don earnáil tithíochta, mar aon le measúnú ar bheartais, cistí agus scrogaill an Aontais ar cheart dóibh tógáil, tiontú agus athchóiriú tithíochta atá inrochtana, inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, a fhreastalaíonn ar riachtanais daoine óga, daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, grúpaí ar ioncam íseal agus meánioncaim, a chosaint, agus iad sin atá ag iarraidh rochtain ar thithe a laghdú a thuilleadh;
14.á chur in iúl gur geal léi an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne a fógraíodh chun tacú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim tithíochta agus cíosanna ardaithe; á iarraidh an gCoimisiún measúnú agus foilsiú a dhéanamh ar na bacainní a d'fhéadfadh a bheith ar rialacha maidir le státchabhair a chuireann isteach ar inrochtaineacht tithíochta; á mheabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag an gCiste um Aeráid Shóisialta cabhair airgeadais a sholáthar do na Ballstáit ó 2026 ar aghaidh chun tacú le teaghlaigh leochaileacha, go háirithe le bearta agus le hinfheistíochtaí atá ceaptha éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a mhéadú, téamh agus fuarú foirgneamh a dhícharbónú agus comhtháthú giniúna agus stórála fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh;
15.Á mheas gur fadhb shóisialta dhrámatúil í an easpa dídine san Aontas; á iarraidh sainmhíniú aonair ar an easpa dídine san Aontas, a d'fhágfadh go bhféadfaí comparáid agus measúnú córasach a dhéanamh ar mhéid na heaspa dídine ar fud Bhallstáit éagsúla an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis a fhorbairt agus oibriú i dtreo deireadh a chur le heaspa dídine san Aontas faoi 2030 trí rochtain ar thithíocht inacmhainne agus chuibhiúil a chur chun cinn mar aon le rochtain ar sheirbhísí sóisialta ardchaighdeáin; á mholadh do na Ballstáit úsáid níos fearr a bhaint as ionstraimí an Aontais atá ar fáil, lena n-áirítear an CSE+, san ábhar seo[14];
16.Á iarraidh ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta easpa dídine a dhearadh dírithe ar réitigh atá bunaithe ar thithíocht; á chur in iúl gur geal léi an rún moladh ón gComhairle maidir le heaspa dídine a sheachadadh[15]; á mholadh don Choimisiún uaillmhian an Ardáin Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac a mhéadú tuilleadh, go háirithe trí bhuiséad tiomnaithe a sholáthar dó;
17.Á mheas go bhfuil géarghá le gníomhaíocht an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na leibhéil arda leanúnacha bochtaineachta agus eisiaimh shóisialta san Aontas, go háirithe i measc leanaí, daoine óga agus daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, daoine aonair nár rugadh san Aontas, LGTBI agus pobail na Romach; á thabhairt chun suntais gur cheart tosaíocht a thabhairt do rochtain ar sheirbhísí sóisialta ardchaighdeáin, le spriocanna ceangailteacha chun easpa dídine a laghdú agus slándáil fuinnimh a áirithiú do theaghlaigh leochaileacha; á iarraidh ar an gCoimisiún an chéad Straitéis AE i gcoinne na Bochtaineachta riamh a ghlacadh;
18.Á mheabhrú cuspóir an Aontais maidir le haistriú ó chúram institiúideach go cúram pobail nó teaghlaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta a chur ar aghaidh maidir le díinstitiúidiú; á chur i bhfáth gur cheart go gcumhdódh an plean gníomhaíochta seo gach grúpa atá fós ina gcónaí in institiúidí, lena n-áirítear leanaí, daoine faoi mhíchumas, daoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu, daoine a bhfuil tionchar ag easpa dídine orthu agus daoine scothaosta; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as cistí CSE+ mar aon le cistí Eorpacha agus náisiúnta ábhartha eile chun an próiseas dí-institiúidithe a thabhairt chun críche chun a áirithiú gur féidir le gach saoránach aon Aontais maireachtáil i dtimpeallacht teaghlaigh nó pobail;
19.Á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta Eorpach don mheabhairshláinte a sheachadadh, i gcomhréir leis na moltaí a rinne sé le déanaí[16], agus chun é a chomhlánú le treoir maidir le rioscaí síceasóisialta san áit oibre; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar sheirbhísí meabhair-shláinte agus ar chláir thacaíochta mhothúchánacha a neartú do chách, go háirithe leanaí, daoine óga agus daoine scothaosta; á iarraidh go mbainfí úsáid níos fearr as táscairí an Scórchláir Shóisialta chun aghaidh a thabhairt ar an tionchar a bhíonn ag coinníollacha neamhbhuana maireachtála agus éiginnteacht ar mheabhairshláinte;
20.Á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an uaigneas trí straitéis iomlánaíoch an Aontais a chur chun cinn maidir leis an uaigneas agus rochtain ar chúram gairmiúil; á iarraidh freisin ar straitéis an Aontais seo aghaidh a thabhairt ar thionchar socheacnamaíoch an uaigneas ar tháirgiúlacht agus ar fholláine trí dhul i ngleic le saincheisteanna amhail iargúltacht na tuaithe; á mholadh do na Ballstáit leanúint de chur chun feidhme an mholta ón gComhairle maidir le rochtain ar chúram fadtéarmach ar phraghas réasúnta d’fhonn rochtain ar chúram ardchaighdeáin a áirithiú agus dálaí oibre réasúnta a áirithiú d’oibrithe in earnáil an chúraim, agus do chúramóirí neamhfhoirmiúla;
21.Á aithint gur cúramóirí fadtéarmacha neamhfhoirmiúla go minic iad 44milliún Eorpach, ar mná a bhformhór[17];
22.Á aithint ról uathúil na gcúramóirí sa tsochaí, agus cé nach bhfuil an sainmhíniú ar oibrithe cúraim comhchuibhithe ar fud an Aontais, fostaíonn earnáil an chúraim fhadtéarmaigh 6.4 milliún duine ar fud an Aontais;
23.Á chur in iúl gur ábhar imní di, in 2023, go raibh 94.6milliún duine san Aontas fós i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta; á chur i bhfáth nach mbainfidh an tAontas Eorpach ná a Bhallstáit a gcuspóirí laghdaithe bochtaineachta amach gan athrú paraidíme sa chur chuige chun an bhochtaineacht a chomhrac; á chreidiúint gur céim sa treo ceart é fógra na chéad Straitéise AE i gcoinne na Bochtaineachta riamh chun an treocht a aisiompú, ach go gcaithfidh sé cur chuige cuimsitheach a sholáthar chun dul i ngleic le gnéithe iltoiseacha na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta le gníomhaíochtaí nithiúla, cur chun feidhme láidir agus faireachán; á iarraidh go gcuimseofar leis an Straitéis seo gach duine atá thíos leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, go háirithe na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste, ach freisin bearta sonracha do ghrúpaí éagsúla amhail daoine atá thíos le bochtaineacht i mbun oibre, daoine gan dídean, daoine faoi mhíchumas, teaghlaigh aontuismitheora agus, thar aon rud eile, leanaí chun timthriall na bochtaineachta a bhriseadh go hinbhuanaithe; á chur i bhfáth go mbeidh trasuíomh na Treorach maidir le Pá Íosta ríthábhachtach chun rioscaí bochtaineachta i measc oibrithe a chosc agus a chomhrac, agus dreasachtaí oibre a neartú, agus á chur in iúl gur geal léi gur leasaigh roinnt Ballstát nó go bhfuil sé beartaithe ag roinnt Ballstát a gcreataí íosphá a leasú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú ar fhoirmeacha neamhchaighdeánacha fostaíochta nuair is dóichí go mbeidh oibrithe in aghaidh na bochtaineachta i mbun oibre agus nach bhfuil cosaintí dlíthiúla leordhóthanacha acu; á chur i bhfáth go rannchuideodh treoir réime an Aontais maidir le híosioncam leordhóthanach agus cuimsiú gníomhach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, leis na spriocanna maidir le bochtaineacht a laghdú agus le lánpháirtiú na ndaoine atá as láthair ó mhargadh an tsaothair a chothú;
24.Á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún faireachán cúramach a dhéanamh ar chur chun feidhme na Ráthaíochta do Leanaí sna Ballstáit uile mar chuid den Seimeastar Eorpach agus moltaí a bhaineann go sonrach le tír; á iarraidh an athuair go méadófar cistiú na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí le buiséad tiomnaithe de 20billiúnEUR ar a laghad agus á iarraidh ar na Ballstáit 5% ar a laghad dá gcistí CSE+ a leithdháileadh chun bochtaineacht leanaí a chomhrac agus folláine leanaí a chur chun cinn; á mheas gur cheart go léireodh na moltaí a bhaineann go sonrach le tír go sonrach comhlíonadh buiséadach na mBallstát leis an leithdháileadh íosta is gá chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí atá leagtha amach sa Rialachán CSE+[18]; á iarraidh ar an gCoimisiún buiséad uaillmhianach a sholáthar don Ráthaíocht do Leanaí sa chéad CAI eile chun freagairt don dúshlán atá ag dul i méid maidir le bochtaineacht leanaí agus eisiamh sóisialta;
25.Á chur in iúl gur cúis bhuartha di na beartais náisiúnta a chruthaíonn bearnaí sa chumhdach sláinte, a mhéadaíonn neamhionannais laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, amhail príobháidiú córas poiblí cúram sláinte, comhíocaíochtaí agus easpa cumhdaigh; á thabhairt chun suntais go ndéanann siad seo an bhochtaineacht a dhoimhniú, go gcreimeann siad an tsláinte agus an fholláine, agus go méadaíonn siad éagothroime shóisialta laistigh de thíortha an Aontais agus ar fud thíortha an Aontais; ag tabhairt rabhadh go mbaineann sé seo freisin an bonn de chur chun feidhme phrionsabal 16 den EPSR agus de SDG 3.8 maidir le cumhdach sláinte uilíoch, chomh maith le cuspóir foriomlán an EPSR maidir le cóineasú sóisialta aníos a chur chun cinn san Aontas, gan éinne a fhágáil taobh thiar de; á chreidiúint nach dtugann na táscairí a úsáidtear sa Scórchlár Sóisialta tuiscint chuimsitheach ar inacmhainneacht cúram sláinte;
26.Á chur i bhfios go láidir gur gá d’fhostóirí naisc idirghlúine laistigh den chuideachta agus foghlaim idirghlúine idir daoine óga agus aosta, sa dá threo, a chothú; á chur i bhfios go láidir gur féidir le lucht saothair níos sine cabhrú le gnólacht táirgí agus seirbhísí nua a fhorbairt chun oiriúnú ar bhealach níos cruthaithí agus níos táirgiúla do riachtanais sochaí atá ag dul in aois; á iarraidh, ina theannta sin, go gcruthófar dreasachtaí chun obair dheonach agus meantóireacht a spreagadh chun aistriú eolais idir na glúnta a spreagadh;
27.Ag tabhairt rabhadh, de réir tuarascálacha ón mBanc Ceannais Eorpach, go bhfuil fíorphá fós faoi bhun a leibhéal réamh-phaindéimeach, cé go raibh táirgiúlacht beagnach mar a chéile; á aontú go gcruthaíonn sé seo spás le haghaidh téarnamh neamh-bhoilscithe i bhfíorphá agus tugann sí rabhadh, mura dtagann téarnamh ar fhíorphá, go méadódh sé seo an baol go mbeidh laige eacnamaíoch fadálach ann, rud a d’fhéadfadh díobhálacha fadtéarmacha a chruthú agus déanfadh sé dochar do tháirgiúlacht sa limistéar euro i gcomparáid le codanna eile den domhan; á chreidiúint go bhféadfadh éifeacht thairbheach a bheith ag forghníomhú níos fearr ar íosphá agus trí chumhdach cómhargála a neartú ar leibhéil neamhionannais pá, go háirithe trí chabhrú le hoibrithe atá níos leochailí ag bun an dáilte pá atá níos mó ná riamh;
28.Á iarraidh ar na Ballstáit dálaí oibre réasúnta a áirithiú, lena gcuimsítear i measc rudaí eile pá réasúnta, rochtain ar chosaint shóisialta, deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil, sláinte agus sábháilteacht cheirde, cothromaíocht mhaith oibre is saoil agus an ceart chun dínascadh, am réasúnta oibre, ionadaíocht oibrithe, daonlathas ag an obair agus comhaontuithe comhchoiteanna; á mholadh do na Ballstáit an daonlathas ag an obair, an t-idirphlé sóisialta agus an chómhargáil a chothú agus cearta oibrithe a chosaint, go háirithe i gcomhthéacs na n-aistrithe glasa agus digiteacha, agus pá comhionann as obair chomhionann ó fhir agus ó mhná a áirithiú, trédhearcacht pá a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar neamhionannas inscne-bhunaithe chun an bhearna pá inscne san Aontas a dhúnadh;
29.Á mheabhrú a thábhachtaí atá sé rochtain ar chosaint shóisialta do dhaoine féinfhostaithe a fheabhsú agus iarrann sí ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar phleananna náisiúnta na mBallstát chun Moladh ón gComhairle an 8Samhain2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe a chur chun feidhme[19] mar chuid de na moltaí a bhaineann go sonrach le tír; á mheabhrú, i dtaca leis seo, ós rud é go bhfuil ráta na ngairmithe féinfhostaithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta níos mó ná dhá oiread an ráta sa daonra i gcoitinne, na 13 thionscnamh a leagtar síos i bhfreagairt an 21Feabhra 2024 ón gCoimisiún ar Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21Samhain 2023 maidir le creat an Aontais do staid shóisialta agus ghairmiúil ealaíontóirí agus oibrithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta[20] agus iarrann sí ar an gCoimisiún tús a chur lena gcur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit;
30.á chur i bhfáth gur cheart ról an chomhphlé shóisialta agus na gcomhpháirtithe sóisialta a chomhtháthú go córasach i ndearadh agus i gcur chun feidhme na mbeartas fostaíochta agus sóisialta, ag cinntiú rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta ar gach leibhéal;
31.Á iarraidh go gcuirfear chun feidhme beartais a chothaíonn cothromaíocht oibre is saoil agus an ceart chun dínascadh, d’fhonn cáilíocht na beatha a fheabhsú do gach teaghlach agus oibrí, chun cur chun feidhme na Treorach maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a áirithiú[21] agus an Straitéis Chúraim Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a chur ar aghaidh chun aghaidh a thabhairt ar theile-obair agus an ceart chun dínascadh; ina theannta le togra chun cárta Eorpach a chruthú do theaghlaigh mhóra agus plean gníomhaíochta Eorpach do thuismitheoirí aonair, lena dtairgfear buntáistí cánach, oideachais agus sóisialta; á iarraidh, ar deireadh, ar thionscnaimh chun eisiamh an lucht saothair mar iarmhairt ar thréimhsí saoire breoiteachta níos faide a chomhrac, chun an t-ionad oibre a oiriúnú agus chun dálaí oibre solúbtha a chur chun cinn agus chun straitéisí a fhorbairt chun tacú le hoibrithe filleadh tar éis tréimhsí neamhláithreachta níos faide;
32.Á iarraidh go dtabharfaí tús áite do dhúshláin dhéimeagrafacha i mbeartas comhtháthaithe an Aontais agus go ndéanfaí gníomhaíocht nithiúil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt d’fhorbairt na cumarsáide ón gCoimisiún maidir le leas a bhaint as tallann i réigiúin na hEorpa agus an ‘Sásra chun cur leis an Tallann’ chun comhtháthú sóisialta a chur chun cinn agus chun dlús a chur le cistiú do na limistéir thuaithe agus is forimeallaí agus do na réigiúin ina bhfuil ráta ard dídhaonraithe, ag tacú le cruthú post ar ardchaighdeán, le seirbhísí poiblí, le tionscadail forbartha áitiúla agus le bonneagar bunúsach atá i bhfabhar ‘ceart fanachta’ an daonra, go háirithe i gcás daoine óga; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé bearta sonracha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais réigiúnacha san oideachas agus san oiliúint, ag cinntiú go mbeidh rochtain chomhionann ar oideachas ardchaighdeáin agus inacmhainne do chách;
33.Á chur in iúl gur ábhar imní di, d’ainneoin feabhsuithe, go bhfuil roinnt grúpaí daonra faoi ghannionadaíocht shuntasach fós i margadh saothair an Aontais, lena n-áirítear mná, daoine scothaosta, daoine meáncháilithe, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil cúlra imirceach nó mionlaigh acu; ag tabhairt rabhadh go bhfuil neamhionannais oideachasúla níos doimhne, rud a chuireann níos measa fós ar leochaileachtaí mac léinn ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus imirceach; á chur in iúl, de réir an JER, gur féidir le daoine a bhfuil cúlra imirceach nó mionlaigh acu leas suntasach a bhaint as bearta spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar neamhréireanna scileanna, feabhas a chur ar inniúlacht teanga, chun an t-idirdhealú a chomhrac agus chun seirbhísí tacaíochta atá saincheaptha agus comhtháite a fháil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé iarrachtaí a neartú i gcur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta 2021-27 um Imeascadh agus Cuimsiú, lena soláthraítear creat comhbheartais chun tacú leis na Ballstáit beartais náisiúnta um lánpháirtiú imirceach a fhorbairt;
34.Á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tosaíocht a thabhairt d’ualaí riaracháin a laghdú d’fhonn simpliú a dhéanamh agus caighdeáin saothair agus shóisialta á n-urramú; á chreidiúint go gcuirfidh tacaíocht níos fearr d’fhiontraithe, go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, feabhas ar iomaíochas an Aontais, go gcuirfear borradh faoin nuálaíocht agus go gcruthófar poist ar ardchaighdeán; á thabhairt dá haire go bhfuil FBManna agus gairmithe féinfhostaithe i ngach earnáil riachtanach d’fhás eacnamaíoch an Aontais agus dá bhrí sin maoiniú na mbeartas sóisialta; á mholadh moltaí sonracha a chur chun feidhme chun an margadh aonair a fheabhsú; á thabhairt dá haire foilsiú an Choimisiúin ar an ‘Competitiveness Compass’ [Compás Iomaíochais] an 29Eanáir2025[22];
35.Á iarraidh ar an gCoimisiún seiceálacha iomaíochais a dhéanamh ar gach togra reachtach nua, ag cur san áireamh tionchar foriomlán reachtaíocht an Aontais ar chuideachtaí, agus ar bheartais agus ar chláir eile de chuid an Aontais;
36.Á mheas gur comhpháirt bhunriachtanach de gheilleagar sóisialta margaidh an Aontais é an geilleagar sóisialta agus go bhfuil sé ina thiománaí do chur chun feidhme an EPSR agus a spriocanna, go minic ag soláthar fostaíochta do ghrúpaí leochaileacha agus eisiata; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a dtacaíocht a neartú do gach gnóthas geilleagair shóisialta ach go háirithe do na fiontair neamhbhrabúis, mar a thugtar chun suntais i bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta 2021 agus i Treochlár Liège don Gheilleagar Sóisialta, chun obair cháilíochta, chuibhiúil chuimsitheach agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn, chun na Ballstáit a spreagadh rochtain ar mhaoiniú a éascú agus chun infheictheacht ghníomhaithe an gheilleagair shóisialta a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún iniúchadh a dhéanamh ar shásraí nuálacha cistiúcháin chun tacú le forbairt an gheilleagair shóisialta san Eoraip[23] agus timpeallacht ghnó dhinimiciúil agus chuimsitheach a chothú;
37.Á chreidiúint gur cheart do na Ballstáit, i mbliain an aistrithe seo, le cur chun feidhme na rialacha athbhreithnithe maidir le rialachas eacnamaíoch, an fhreagracht fhioscach a ailíniú le fás agus fostaíocht inbhuanaithe agus uilechuimsitheach, á thabhairt dá haire gur cheart rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta, lena n-áirítear i bhforbairt pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha, a fheabhsú chun rannchuidiú le spriocanna an chreata nua um rialachas eacnamaíoch;
38.Á chur in iúl gur geal léi nach mór na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí a fhreagróidh do na príomhdhúshláin a sainaithníodh i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh a áireamh sna pleananna struchtúracha meántéarmacha náisiúnta, faoin gcreat nua um rialachas eacnamaíoch, agus freisin chun inbhuanaitheacht fiachais a áirithiú agus infheistíocht straitéiseach á déanamh i bprionsabail an EPSR d’fhonn cóineasú sóisialta aníos a chothú;
39.Á chur in iúl gur ábhar imní di go bhfuil comhlíonadh na moltaí a bhaineann go sonrach le tír ar leith (CSRanna) fós íseal; á iarraidh an athuair, dá bhrí sin, go ndéanfadh na Ballstáit CSRanna a chur chun feidhme go héifeachtach chun cúram sláinte agus córais pinsin inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhréir le prionsabail 15 agus 16 den EPSR, agus le rathúnas fadtéarmach do na saoránaigh uile, ag cur san áireamh leochaileacht na n-oibrithe sin a bhfuil a ngairmeacha beatha deighilte, eadrána agus faoi réir aistrithe saothair; á áitiú gur cheart don Choimisiún a idirphlé leis na Ballstáit a atreisiú maidir le cur chun feidhme na moltaí atá ann cheana agus na dTreoirlínte Fostaíochta chomh maith le gníomhaíocht beartais atá ann faoi láthair nó a bheidh ann amach anseo chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin aitheanta;
40.Á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh creat chun rioscaí don chóineasú sóisialta a shainaithint laistigh den Seimeastar Eorpach, ar iarr an Pharlaimint go láidir air; á mheabhrú go ndéanann an Coimisiún, faoin gcreat seo, measúnú ar rioscaí don chóineasú sóisialta aníos sna Ballstáit agus go ndéanann sé faireachán ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an EPSR ar bhonn an Scórchláir Shóisialta agus phrionsabail an Chreata maidir le Cóineasú Sóisialta; á chur in iúl gur geal léi an fíric go seachadann JER 2025 anailís tír-shonrach bunaithe ar phrionsabail an Chreata maidir le Cóineasú Sóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí nuálaíocha anailíse cainníochtúla agus cáilíochtúla a fhorbairt tuilleadh faoin gCreat nua seo chun an úsáid is fearr a bhaint as i dtimthriallta an tSeimeastair Eorpaigh amach anseo;
41.Á chur in iúl gur geal léi an fíric go dtugann an chéad anailís atá bunaithe ar phrionsabail an Chreata maidir le Cóineasú Sóisialta le fios go bhfuil cóineasú aníos sa mhargadh saothair in 2023[24]; ag tabhairt dá haire gur ábhar imní di nach mór feabhas a chur ar thorthaí fostaíochta grúpaí faoi ghannionadaíocht fós agus go bhfuil rioscaí don chóineasú aníos fós ag an leibhéal Eorpach maidir le forbairt scileanna, ó oideachas luath go foghlaim ar feadh an tsaoil, agus torthaí sóisialta na rátaí atá i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís bhreise a dhéanamh ar na rioscaí sin don chóineasú sóisialta aníos sa dara céim den anailís agus plé a dhéanamh leis na Ballstáit lena mbaineann ar na bearta a rinneadh nó a bheartaítear chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin;
42.Á aithint géarchéim chostais mhaireachtála, a mhéadaigh an t-ualach ar theaghlaigh, agus costas méadaitheach na tithíochta, atá, i gcomhar le costais arda fuinnimh, ag cur le leibhéil arda bochtaineachta fuinnimh ar fud an Aontais; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar bhunchúiseanna na géarchéime seo trí thosaíocht a thabhairt do bheartais a chuireann athléimneacht eacnamaíoch, comhtháthú sóisialta agus forbairt inbhuanaithe chun cinn;
43.Ag tabhairt rabhadh faoi na rioscaí sóisialta a eascraíonn as an ngéarchéim in earnáil na ngluaisteán, a bhfuil brú nach bhfacthas riamh roimhe ó fhachtóirí seachtracha agus inmheánacha araon; á iarraidh ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar an earnáil seo agus idirphlé sóisialta agus rannpháirtíocht oibrithe i bpróisis aistrithe a fheabhsú; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le freagairt chomhordaithe an Aontais trí thascfhórsa éigeandála ceardchumann agus fostóirí chun freagairt don ghéarchéim reatha;
44.Á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar shonraí maidir le hathstruchtúrú agus an tionchar a bheidh aige ar fhostaíocht, amhail trí úsáid a bhaint as an bhFaireachlann Eorpach um Athstruchtúrú, chun bearta a thacaíonn le hathstruchtúrú agus le haistrithe sa mhargadh saothair a éascú, agus breithniú a dhéanamh ar aibhsiú bearta náisiúnta a thacaíonn le modh athstruchtúraithe atá freagrach go sóisialta sa Seimeastar Eorpach;
45.Á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairt íosphá sna Ballstáit tar éis an Treoir maidir le Pá Íosta a thrasuí chun a chinneadh an bhfuil an sprioc maidir le 'leordhóthanacht' íosphá á baint amach;
46.Á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hathbhreithnithe ón gCoimisiún ar Scórchlár an Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha, go háirithe an laghdú ar tháscairí fostaíochta agus sóisialta, atá ríthábhachtach chun staid shóisialta agus mhargadh an tsaothair sna Ballstáit a mheasúnú; is oth léi nach mbreathnaítear ar dhífhostaíocht i measc na n-óg a thuilleadh mar phríomhtháscaire, in ainneoin a ábhartha atá sé maidir le dúshláin shonracha mhargadh an tsaothair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu agus le beartais phoiblí leordhóthanacha a ghlacadh; á chur i bhfáth gur cheart níos mó airde a thabhairt ar tháscairí caighdeáin shóisialta sa phróiseas cinnteoireachta; is oth léi nár chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go cuí leis an bParlaimint agus cuireann sé i gcuimhne don Choimisiún a oibleagáid comhoibriú go dlúth leis an bParlaimint, leis an gComhairle agus le comhpháirtithe sóisialta sula ndréachtaigh sé scórchlár an MIP agus an tacar táscairí maicreacnamaíocha agus macra-airgeadais do na Ballstáit; á chur i bhfáth go gcaithfidh cur chun feidhme phrionsabail an EPSR a bheith mar chuid de scórchlár an MIP;
47.Á mheas go bhfuil comhtháthú críochach agus sóisialta ina gcomhpháirteanna riachtanacha den chlár oibre iomaíochais, agus go bhfuil reachtaíocht amhail an Ionstraim Eorpach le haghaidh Tacaíocht Shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a Mhaolú i gCás Éigeandála (SURE) fós ina sampla dearfach chun tionscnaimh an Aontais a spreagadh amach anseo;
48.Á mheas gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a áirithiú go dtacaíonn beartais fhioscacha faoin Seimeastar Eorpach le hinfheistíochtaí atá ailínithe leis an EPSR, go háirithe i réimsí amhail tithíocht chuibhiúil agus inacmhainne, cúram sláinte ardchaighdeáin, oideachas, agus córais cosanta sóisialta, ós rud é go bhfuil siad sin ríthábhachtach don chomhtháthú sóisialta agus don inbhuanaitheacht eacnamaíoch fhadtéarmach agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a shainaithnítear trí tháscairí sóisialta;
49.Á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin a shainaithnítear sa Scórchlár Sóisialta mar dhúshláin ‘chriticiúla’ agus ‘a bhfuil faireachán le déanamh orthu’, lena n-áirítear cúram leanaí, an bhearna fostaíochta maidir le daoine faoi mhíchumas, tionchar na n-aistrithe sóisialta ar an mbochtaineacht a laghdú, agus bunscileanna digiteacha[25];
50.Á chur i bhfáth na hiarmhairtí diúltacha atá ag an ngéarchéim costais mhaireachtála ar dhaoine faoi mhíchumas;
51.Molann sí do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar bheartais láidre a áirithíonn pá cothrom agus a fheabhsaíonn dálaí oibre, go háirithe d’oibrithe ar ioncam íseal agus neamhbhuana;
52.Á iarraidh ar na Ballstáit líontáin sábhála sóisialta a neartú chun tacaíocht leordhóthanach a sholáthar dóibh sin nach leor a n-ioncam ón bhfostaíocht chun bunchostais mhaireachtála a sheasamh;
53.Á chur i bhfáth an gá atá le sonraí tráthúla agus comhchuibhithe maidir le beartais shóisialta chun feabhas a chur ar cheapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise agus ar infheistíochtaí sóisialta spriocdhírithe; á iarraidh go ndéanfaí feabhsuithe ar an Scórchlár Sóisialta chun 20 prionsabal EPSR a chumhdach trí tháscairí ábhartha a thabhairt isteach a léiríonn treochtaí agus cúiseanna an neamhionannais, amhail fostaíocht cháilíochta, dáileadh rachmais, rochtain ar sheirbhísí poiblí, pinsin leordhóthanacha, an ráta easpa dídine, meabhairshláinte agus dífhostaíocht; á mheabhrú go dteipeann ar tháscaire riosca na bochtaineachta nó an eisiata shóisialta (AROPE) cúiseanna an neamhionannais chasta a nochtadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit creat Eorpach um bailiú sonraí a fhorbairt maidir le seirbhísí sóisialta chun faireachán a dhéanamh ar infheistíocht i seirbhísí sóisialta agus ar chumhdach na seirbhísí sóisialta sin;
54.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Dírítear i dtuarascáil na bliana seo ar an Seimeastar Eorpach um chomhordú beartais eacnamaíoch ar na tosaíochtaí fostaíochta agus sóisialta do 2025 i gcomhthéacs fás eacnamaíoch measartha, neamhionannais atá ag ardú, agus éagobhsaíocht gheopholaitiúil leanúnach. Cé go bhfanann na margaí saothair réasúnta seasmhach, leanann an ghéarchéim chostais mhaireachtála, athruithe déimeagrafacha agus ganntanas scileanna ag tabhairt dúshlán athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch an Aontais.
Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha an mhargaidh saothair, leagtar béim sa tuarascáil ar an ngá atá le margaí saothair a nuachóiriú, cosaintí sóisialta a neartú, agus infheistíocht a dhéanamh i gcaipiteal daonna. Tá rochtain ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar an ngairmoiliúint ríthábhachtach chun rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a fheabhsú agus chun oibrithe a ullmhú le haghaidh athruithe struchtúracha, lena n-áirítear an óige. Cuireann an tuarascáil i bhfáth a thábhachtaí atá sé córais oideachais agus oiliúna a ailíniú le riachtanais an mhargaidh.
Cuireann an tuarascáil i bhfios go láidir an ról ríthábhachtach atá ag an geilleagar sóisialta chun fás cuimsitheach agus cruthú post a chothú. Á thabhairt chun suntais go n-athinfheistíonn fiontair an gheilleagair shóisialta tuilleamh i gcuspóirí sóisialta, ag cur le hathléimneacht eacnamaíoch agus le comhtháthú sóisialta araon. Iarrann an tuarascáil tacaíocht níos láidre don gheilleagar sóisialta agus beartais shonracha chun é a leathnú.
Ina theannta sin, cuireann an tuarascáil béim ar a thábhachtaí atá FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta in earcú agus coinneáil oibrithe cáilithe. Is iad FBManna cnámh droma an fháis eacnamaíoch, ag tiomáint na fostaíochta agus na nuálaíochta. Trí thús áite a thabhairt do bhaint bacainní maorlathacha agus fioscacha, is féidir leis an Aontas níos mó gnólachtaí a spreagadh chun fás agus poist chobhsaí ar ardchaighdeán a chruthú.
Cuireann an tuarascáil i bhfáth freisin an gá atá le tiomantas láidir d’infheistíocht shóisialta, go háirithe i réimsí mar thithíocht inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an Seimeastar Eorpach go dtabharfaidh infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha aghaidh ar chostais tithíochta atá ag ardú agus go dtacóidh siad le cuimsiú sóisialta chomh maith le cosaint a thabhairt d’úinéirí tí agus dóibh atá toilteanach a bheith ann. Is tionscnamh é an Plean Eorpach um Thithíocht Inacmhainne, agus iarrtar sa tuarascáil go ndéanfaí comhordú níos fearr ar ionstraimí cistiúcháin an Aontais atá ann cheana chun tógáil tithíochta, athchóiriú agus inrochtaineacht a éascú, go háirithe do dhaoine óga, do theaghlaigh ar ioncam íseal agus meánach, agus do dhaoine aonair a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.
Is tosaíocht lárnach fós é dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus le heisiamh sóisialta. Leagann an tuarascáil béim ar a thábhachtaí atá sé a chinntiú go gcuireann beartais fostaíochta poist ar ardchaighdeán agus pá cothrom chun cinn, agus aithníonn sé freisin an gá atá le tacaíocht shóisialta spriocdhírithe do ghrúpaí leochaileacha a neartú. Tá ról an oideachais agus na hoiliúna thar a bheith ábhartha maidir le dul i ngleic le dífhostaíocht i measc na n-óg agus ag fágáil na scoile go luath, ag cinntiú go bhfaigheann daoine óga na scileanna atá riachtanach chun dul isteach sa lucht saothair go rathúil.
Leagann an tuarascáil béim ar a thábhachtaí atá sé tacú le ceantair thuaithe agus limistéir bhánaithe trí infheistíocht i seirbhísí poiblí, i mbonneagar agus i ndeiseanna eacnamaíocha a neartú trí nuálaíocht chun aghaidh a thabhairt ar éagsúlachtaí réigiúnacha agus chun comhtháthú críochach a áirithiú. Tugann chun suntais an gá atá le cur chuige fadtéarmach maidir le dúshláin dhéimeagrafacha, amhail daonra atá ag dul in aois agus ganntanas lucht saothair, ar cheart tosaíocht a thabhairt dó i mbeartas comhtháthaithe an Aontais.
Iarrtar sa tuarascáil go n-éascófar soghluaisteacht an lucht saothair laistigh den Aontas, go n-aithneofaí scileanna agus cáilíochtaí a fheabhsú, agus go bhfeabhsófar iarrachtaí chun tallann a mhealladh agus a choinneáil in earnálacha ina bhfuil mórghanntanas, agus beartais á gcur chun feidhme ag an am céanna a thacaíonn le cuimsiú sóisialta agus comhdheiseanna chun a áirithiú nach ndéanann aistrithe eacnamaíocha na héagothromaíochtaí atá ann cheana a mhéadú.
Leagtar béim sa tuarascáil ar a thábhachtaí atá sé beartais fhioscacha a ailíniú le cuspóirí sóisialta agus cobhsaíocht eacnamaíoch a áirithiú laistigh den Seimeastar Eorpach. Á thabhairt chun suntais an gá atá le hinfheistíochtaí san oideachas, i bhforbairt scileanna, agus le hathchóirithe ar mhargadh an tsaothair a bheith riachtanach d’fhás agus d’iomaíochas fadtéarmach, ag moladh cistí an Aontas a úsáid go héifeachtach chun tacú leis na spriocanna sin. Ina theannta sin, iarrtar sa tuarascáil ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí san oideachas, san oiliúint agus san chuimsiú sóisialta, agus inbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach á coinneáil ag an am céanna.
Díríonn an tuarascáil freisin ar chur chun cinn na cothromaíochta oibre is saoil chun cinn, agus é mar aidhm aige cáilíocht saoil a fheabhsú do gach teaghlach; Cuirtear fáilte roimh aon bheartais a thacaíonn le teaghlaigh chun na críche seo. Ba cheart féachaint ar smaointe nuálacha amhail cárta Eorpach do theaghlaigh mhóra agus plean gníomhaíochta Eorpach do thuismitheoirí aonair chun tacaíocht a áirithiú sna Ballstáit uile.
Mar fhocal scoir, cuirtear i láthair sa tuarascáil seo fís chuimsitheach maidir le beartais eacnamaíocha a ailíniú le tosaíochtaí sóisialta, lena n-áirithítear go bhfeidhmíonn an Seimeastar Eorpach mar chreat le haghaidh cobhsaíochta, fáis agus dea-bhail shóisialta. Éilíonn na dúshláin atá romhainn cur chuige cothromaithe a thacaíonn le hathléimneacht an mhargaidh saothair, a neartaíonn cosaintí sóisialta, agus a chothaíonn infheistíochtaí fadtéarmacha i gcaipiteal daonna agus i bhforbairt réigiúnach. Trí aghaidh a thabhairt ar na tosaíochtaí sin, is féidir leis an Aontas samhail eacnamaíoch níos rathúla agus níos comhtháite a thógáil a rachaidh chun sochair na saoránach uile.
IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
De bhun Airteagal8 d’IarscríbhinnI a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir go bhfuair sí ionchur ó na heintitis nó ó na daoine seo a leanas in ullmhú na tuarascála, go dtí go nglacfar sa choiste í:
Eintiteas agus/nó duine |
European Commission - DG EMPL, DG GROW |
ASSIDO |
CEOE |
BusinessEurope |
Social Economy Europe |
FRECOM |
International Union of Property Owners (CONCOVI) |
Organización Nacional de Ciegos de España (ONCE) |
Is faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara a dhéantar an liosta thuas a tharraingt suas.
I gcás ina sainaithnítear daoine nádúrtha ar an liosta de réir a n-ainm, a bhfeidhme nó an dá cheann, dearbhaíonn an Rapóirtéir go ndearna sí Fógra Cosanta Sonraí Pharlaimint na hEorpa Uimh.484 (/data-protect/index.do), a chur faoi bhráid na ndaoine nádúrtha lena mbaineann, lena sainmhínítear na coinníollacha is infheidhme maidir le próiseáil a sonraí pearsanta agus na cearta a bhaineann leis an bpróiseáil sin.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
19.2.2025 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
36 8 8 |
||
í a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Maravillas Abadía Jover, Marc Angel, Pascal Arimont, Konstantinos Arvanitis, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Andrzej Buła, David Casa, Estelle Ceulemans, Per Clausen, Henrik Dahl, Marie Dauchy, Mélanie Disdier, Elena Donazzan, Chiara Gemma, Niels Geuking, Isilda Gomes, Alicia Homs Ginel, Irena Joveva, Martine Kemp, Katrin Langensiepen, Miriam Lexmann, Marit Maij, Marlena Maląg, Jagna Marczułajtis-Walczak, Eleonora Meleti, Idoia Mendia, Maria Ohisalo, João Oliveira, Branislav Ondruš, Aodhán Ó Ríordáin, Dennis Radtke, Nela Riehl, Liesbet Sommen, Villy Søvndal, Romana Tomc, Raffaele Topo, Francesco Torselli, Brigitte van den Berg, Marie-Pierre Vedrenne, Marianne Vind, Mariateresa Vivaldini, Jan-Peter Warnke, Séverine Werbrouck |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Vivien Costanzo, Valérie Devaux, Rosa Estaràs Ferragut, Kathleen Funchion, Estrella Galán, Lara Magoni, Hristo Petrov, Andrea Wechsler |
|||
í faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Virgil Daniel POPESCU |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
36 |
+ |
NI |
Branislav Ondruš, Jan-Peter Warnke |
PPE |
Maravillas Abadía Jover, Andrzej Buła, David Casa, Rosa Estaràs Ferragut, Niels Geuking, Martine Kemp, Miriam Lexmann, Jagna Marczułajtis-Walczak, Eleonora Meleti, Virgil-Daniel Popescu, Dennis Radtke, Liesbet Sommen, Andrea Wechsler |
An Grúpa Renew Europe |
Valérie Devaux, Irena Joveva, Hristo Petrov, Brigitte van den Berg, Marie-Pierre Vedrenne |
An Grúpa d’Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe i bParlaimint na hEorpa |
Marc Angel, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Estelle Ceulemans, Vivien Costanzo, Isilda Gomes, Alicia Homs Ginel, Marit Maij, Idoia Mendia, Aodhán Ó Ríordáin, Raffaele Topo, Marianne Vind |
Na Glasaigh/SCE |
Katrin Langensiepen, Maria Ohisalo, Nela Riehl, Villy Søvndal |
8 |
- |
TdE |
Marie Dauchy, Mélanie Disdier, Séverine Werbrouck |
An Chlé |
Konstantinos Arvanitis, Per Clausen, Kathleen Funchion, Estrella Galán, João Oliveira |
8 |
0 |
ECR |
Elena Donazzan, Chiara Gemma, Lara Magoni, Marlena Maląg, Francesco Torselli, Mariateresa Vivaldini |
PPE |
Pascal Arimont, Romana Tomc |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+:i bhfabhar
-:i gcoinne
0:staonadh
- [1] IOC, C/2025/491, 29.1.2025, ELI: .
- [2] Letta, E., , – Speed, Security, Solidarity, Empowering the Single Market to deliver a sustainable future and prosperity for all EU Citizens, Aibreán2024.
- [3] IO L130, 16.5.2023, lch.1, ELI: .
- [4] IOL, 2024/1263, 30.4.2024, ELI: .
- [5] IO L476, 15.12.2022, lch.1.
- [6] IOL275, 25.10.2022, lch.33, ELI: .
- [7] An Coimisiún Eorpach, Employment and Social Developments in Europe 2024, September2024 [Forbairtí Fostaíochta agus Sóisialta san Eoraip (ESDE), MeánFómhair2024]
- [8] Seimeastar Eorpach2025: Togra ón gCoimisiún an 17Nollaig 2024 le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar an bhfostaíocht ón gCoimisiún agus ón gComhairle (COIM(2024)0701).
- [9] An Coimisiún Eorpach, Employment and Social Developments in Europe 2024, September2024 [Forbairtí Fostaíochta agus Sóisialta san Eoraip (ESDE), MeánFómhair2024]
- [10] Páipéir Oibre Sóisialta, Fostaíochta agus Imirce an ECFE Uimh.282.
- [11] von der Leyen, U., ‘Rogha na hEorpa - treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2024 - 2029’, 18Iúil2024.
- [12] Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an12Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L57, 18.2.2021, lch.17), ELI: ).
- [13] Togra ón gCoimisiún an 17Nollaig 2024 le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar an bhfostaíocht ón gCoimisiún agus ón gComhairle (COIM(2024)0701).
- [14] Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - Creat AE le haghaidh straitéisí náisiúnta um an easpa dídine bunaithe ar an bprionsabal ‘Tús Áite don Tithíocht’ (IO C, C/2024/1567, 5.3.2024, ELI: ).
- [15] Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13Nollaig 2023 maidir le Creat an Aontais do straitéisí náisiúnta um easpa dídine bunaithe ar an bprionsabal ‘Tús Áite don Tithíocht’.
- [16] Teachtaireacht ón gCoimisiún an7Meitheamh2023 maidir le cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte ().
- [17] An Coimisiún Eorpach: Ard‑Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú, Long‑term care report: trends, challenges and opportunities in an ageing society. Imleabhar1, Oifig na bhFoilseachán, 2021, https://data.europa.eu/doi/10.2767/677726.
- [18] Airteagal7 (3) de Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an24Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (IO L231, 30.6.2021, lch.21), ELI: ).
- [19] IO L387, 15.11.2019, lch.1.
- [20] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21Samhain 2023 le moltaí don Choimisiún maidir le creat an Aontais le haghaidh staid shóisialta agus ghairmiúil ealaíontóirí agus oibrithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta (IO C, C/2024/4208, 24.7.2024, ELI: ).
- [21] Treoir (AE)2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus cúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir2010/18/AE ón gComhairle (IO L188, 12.7.2019, lch.79, ELI: ).
- [22] Teachtaireacht ón gCoimisiún an 29Eanáir2025 dar teideal ‘A Competitiveness Compass for the EU’ [Compás Iomaíochais don Aontas] ().
- [23] Rún an 6Iúil 2022 maidir le plean gníomhaíochta an Aontais don gheilleagar sóisialta ().
- [24] Togra le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht ón gCoimisiún agus ón gComhairle ().
- [25] Togra ón gCoimisiún an 17Nollaig 2024 le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar an bhfostaíocht ón gCoimisiún agus ón gComhairle (COIM(2024)0701).