TUARASCÁILar Thuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún maidir leis an gCosaiv
16.4.2025-()
An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
Rapóirtéir: Riho Terras
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar Thuarascálacha 2023 agus 2024 ón gCoimisiún maidir leis an gCosaiv
()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus an Chosaiv, den pháirt eile[1], a tháinig i bhfeidhm an 1Aibreán2016,
–ag féachaint d’iarratas na Cosaive an 15 Nollaig 2022 ar bhallraíocht san Aontas Eorpach,
–ag féachaint d’iarratas na Cosaive an 12 Bealtaine 2022 ar bhallraíocht i gComhairle na hEorpa,
–ag féachaint don chreat-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Chosaiv maidir leis na prionsabail ghinearálta le haghaidh rannpháirtíocht na Cosaive i gcláir an Aontais[2], atá i bhfeidhm ón 1Lúnasa2017,
–ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)[3],
–ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1449 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú[4],
–ag féachaint do chonclúidí na hٲáԲa ó chruinniú den Chomhairle Eorpach in Thessaloniki an 19 agus an 20Meitheamh2003,
–ag féachaint do na dearbhuithe ó Chruinnithe Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar an 17 Bealtaine 2018 i Sóifia, an 6 Bealtaine 2020 i Ságrab, an 6 Deireadh Fómhair 2021 in Brdo pri Kranju, an 6 Nollaig 2022 i dTiorána, an 13 Nollaig 2023 sa Bhruiséil, agus an 18 Nollaig 2024 sa Bhruiséil,
–ag féachaint do Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 28Lúnasa2014,
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal Enhancing the accession process – A credible EU perspective for the Western Balkans [An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte an Aontais do na Balcáin Thiar] (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal An Economic and Investment Plan for the Western Balkans [Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar] (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘Teachtaireacht 2023 maidir le Beartas an Aontais um Méadú’ () agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal Kosovo 2023 Report [ճܲá 2023 ar an gCosaiv] (SWD(2020)0692),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Samhain 2023 dar teideal ‘Plean nua fáis do na Balcáin Thiar’ (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Márta 2024 maidir le hathchóirithe réamh-mhéadaithe agus athbhreithnithe beartais (),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Deireadh Fómhair 2024 dar teideal ‘Teachtaireacht 2024 maidir le Beartas an Aontais Eorpaigh um Méadú’ () agus don doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis dar teideal Kosovo 2024 Report [ճܲá 2024 ar an gCosaiv] (SWD(2020)0692),
–ag féachaint don achoimre ghinearálta agus do na measúnuithe tíre ón gCoimisiún, dar dáta an 31 Bealtaine 2023 agus an 13 Meitheamh 2024, ar chlár athchóirithe eacnamaíoch na Cosaive,
–ag féachaint do na conclúidí comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais idir an tAontas agus na Balcáin Thiar agus an Tuirc, a ghlac an Chomhairle an 16 Bealtaine 2023 agus do na conclúidí comhpháirteacha ón Idirphlé Eacnamaíoch agus Airgeadais idir an tAontas agus Comhpháirtithe na mBalcán Thiar, an Tuirc, an tSeoirsia, Poblacht na Moldóive agus an Úcráin, a ghlac an Chomhairle an 14 Bealtaine 2024,
–ag féachaint do Rún 1244 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 10 Meitheamh 1999, do thuairim chomhairleach an 22 Iúil 2010 ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais aontaobhach i leith na Cosaive a bheith i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, agus do Rún 64/298 an 9 Meán Fómhair 2010 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, inar aithníodh inneachar thuairim CBI, agus inar cuireadh fáilte roimh thoilteanas an Aontais chun an t-idirphlé idir an tSeirbia agus an Chosaiv a éascú,
–ag féachaint don chéad chomhaontú ar phrionsabail lena rialaítear normalú an chaidrimh idir an tSeirbia agus an Chosaiv an 19 Aibreán 2013 agus do chomhaontuithe an 25 Lúnasa 2015, agus don idirphlé leanúnach arna éascú ag an Aontas chun an caidreamh a normalú,
–ag féachaint do Chomhaontú na Bruiséile an 27 Feabhra 2023 agus do Chomhaontú Ohrid an 18 Márta 2023 agus don iarscríbhinn cur chun feidhme a ghabhann leis,
–ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2023/1095 ón gComhairle an 5 Meitheamh 2023 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/124/CBES maidir le Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX Kosovo) [5], lenar cuireadh síneadh le sainordú an mhisin go dtí an 14 Meitheamh 2025,
–ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/850 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an Chosaiv)[6],
–ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach ó Mhisean Breathnóireachta AE um Thoghcháin ar thoghcháin bhardasacha 2021 sa Chosaiv,
–ag féachaint don réamhthuarascáil ó Mhisean Breathnóireachta AE um Thoghcháin ar thoghcháin pharlaiminteacha 2025 sa Chosaiv,
–ag féachaint don cheathrú cruinniú den Chomhairle Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Chosaiv a tionóladh sa Bhruiséil an 7Nollaig2021,
–ag féachaint do na rúin uaithi roimhe seo maidir leis an gCosaiv,
–ag féachaint do na moltaí comhpháirteacha a glacadh ag an 12ú cruinniú den Choiste Parlaiminteach Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Chosaiv, a tionóladh an 9 Nollaig 2024,
–ag féachaint d’Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú 2024 ó Transparency International,
–ag féachaint d’Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2024 ag Tuairisceoirí gan Teorainneacha,
–ag féachaint do Thuarascáil an Daonlathais 2024 ó Mhárta 2024 ón Institiúid um Chineálacha Daonlathais (V-Dem),
–ag féachaint do Riail55 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A10-0075/2025),
A.de bhrí go bhfuil an beartas méadaithe ar cheann de na hionstraimí beartais eachtraigh is éifeachtaí de AE agus ar cheann de na beartais is rathúla chun athchóirithe bunúsacha a dhreasú agus a spreagadh, agus gur infheistíocht gheopholaitiúil straitéiseach é sa tsíocháin, sa chobhsaíocht agus sa tslándáil fhadtéarmach ar fud na mór-roinne;
B.de bhrí gurb iad an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta na luachanna bunúsacha ar a bhfuil AE bunaithe;
C.de bhrí gur uirlis straitéiseach é próiseas méadaithe AE chun cobhsaíocht, daonlathas agus forbairt eacnamaíoch a neartú san Eoraip, agus go meastar gach tír mhéadaithe ar a fiúntas féin agus de bhrí gurb é cur chun feidhme na n-athchóirithe riachtanacha agus comhlíonadh na sraithe critéar agus comhluachanna Eorpacha a chinntear amchlár agus dul chun cinn an aontachais; de bhrí go mbraitheann slí na Cosaive i dtreo bhallraíocht AE chomh maith ar normalú an chaidrimh leis an tSeirbia;
D.de bhrí gurb é an tAontas an soláthraí tacaíochta airgeadais is mó atá ag an gCosaiv;
E.de bhrí go ndearnadh cur isteach eachtrach agus feachtais bhréagaisnéise ar an gCosaiv, go háirithe ón Rúis, go speisialta trí eagraíochtaí náisiúnacha Seirbiacha, agus ón tSín, trí chumhacht bhog, arb é is aidhm di a hinstitiúidí daonlathacha a dhíchobhsú, comhtháthú sochaíoch a chur i mbaol, agus foréigean eitneach a spreagadh; de bhrí gur leath bréagaisnéis ollmhór tar éis ionsaí Banjska/Banjskë i Meán Fómhair 2023, rud a chuir leis an teannas; de bhrí gur ghlac údaráis na Cosaive an Dlí um Choimisiún Neamhspleách na Meán (IMC) in Iúil 2024; de bhrí, i mBealtaine 2024, gur fhoilsigh Comhairle na hEorpa tuairim dhlíthiúil ar an dréacht-dlí i ndáil le IMC inar cuireadh ábhair imní in iúl a bhain le gnéithe áirithe den dréacht-dlí ag an am sin, agus inar tugadh moltaí maidir le conas aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin; de bhrí nár léirigh téacs deiridh an Dlí um IMC formhór na moltaí a rinneadh;
F.de bhrí gurb é Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv, ar a dtugtar EULEX chomh maith, an misean sibhialtach is mó a seoladh riamh faoi chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh;
G.de bhrí, in 2018 agus 2023, gur shínigh os cionn 500 duine achainíocha a fhéinaithníonn mar Bhulgáraigh go stairiúil;
Tiomantas d’aontachas leis an Aontas Eorpach
1.ag moladh thiomantas na Cosaive d’aontachas leis an Aontas Eorpach, lena léirítear rogha shoiléir straitéiseach gheopholaitiúil, agus tacaíocht láidir leantach a saoránach do chonair Eorpach na Cosaive; á athdhearbhú go raibh an Chosaiv comhsheasmhach ina hiarrachtaí lánpháirtiú san Aontas Eorpach;
2.á athdhearbhú go gcreideann sí go láidir gur in AE atá todhchaí na Cosaive agus go bhfuil gach iarracht chun an Chosaiv a thabhairt amach as an ‘limistéar liath’ chun leasa mhuintir na Cosaive agus AE araon, go háirithe i gcomhthéacs na dinimice geopholaitiúla reatha sa réigiún, athruithe móra meara i bpolaitíocht an domhain agus na hiomaíochta atá ag dul i méid le réimis fhorlámhacha;
3.ag tacú le hiarratas na Cosaive ar bhallraíocht AE, a léiríonn an comhdhearcadh ollmhór traspháirtí ar lánpháirtiú AE agus rogha straitéiseach gheopholaitiúil shoiléir; á iarraidh an athuair ar na Ballstáit sa Chomhairle sainordú a thabhairt don Choimisiún chun a ceistneoir a chur i láthair agus a tuairim a thíolacadh ar thuillteanais iarratas na tíre; á iarraidh ar na cúig Bhallstát neamhaitheantais nár aithin neamhspleáchas na Cosaive go fóill é sin a dhéanamh gan mhoill agus, mar sin, ligean don Chosaiv dul chun cinn a dhéanamh ar a conair AE ar chomhchéim leis na tíortha eile is iarrthóirí; ag meabhrú thuairim chomhairleach CBI dar dáta an 22 Iúil 2010, ina luaitear nach sáraíonn dearbhú aontaobhach neamhspleáchais na Cosaive an dlí idirnáisiúnta ginearálta;
4.á mheabhrú go mbunaítear ballraíocht san Aontas Eorpach ar phróiseas fiúntasbhunaithe, ar choinníoll go ndéanfar athchóirithe atá ailínithe leis na caighdeáin Eorpacha is airde a chur chun feidhme go dian, go háirithe comhlíonadh chritéir Chóbanhávan agus an smachta reachta, agus go n-áiritheofar cur i bhfeidhm éifeachtach dlíthe i gcleachtas; ag spreagadh na Cosaive leanúint dá hiarrachtaí maidir leis sin, trína tiomantas do luachanna agus do chaighdeáin an Aontais a neartú tuilleadh; á chur i bhfáth go dtugtar le tuiscint leis an méadú chomh maith go n-ullmhófar comhaltaí nua féideartha go críochnúil, agus cobhsaíocht eacnamaíoch an mhargaidh inmheánaigh, caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil agus feidhmiú cuí na n-institiúidí Eorpacha á n-urramú ag an am céanna;
5.á chur in iúl gur geal léi an léirscaoileadh víosaí, a glacadh in Aibreán 2023 agus atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024, mar thoradh nithiúil ar chaidreamh buandlúite na Cosaive le AE agus mar fhianaise ar iarrachtaí na Cosaive ar chonair na lánpháirtíochta Eorpaí; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Cosaive ceanglais víosa do shaoránaigh na Boisnia agus na Heirseagaivéine a chealú go haontaobhach; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Spáinne gnáthphasanna arna n-eisiúint ag an gCosaiv a aithint mar dhoiciméid taistil bhailí amhail ó Eanáir 2024;
6.ag cur sonrú sa dul chun cinn inbhraite i réimsí an cheartais, na saoirse agus na slándála, sa chomhraic i gcoinne na coireachta eagraithe agus i ngeilleagar margaidh feidhmiúil; á chur in iúl gurb oth léi an dul chun cinn teoranta atá déanta agus á iarraidh go gcuirfí dlús le hathchóirithe i réimse an smachta reachta; á chur in iúl gur geal léi uaillmhian na Cosaive cur chun feidhme na n-athchóirithe a chur chun cinn, arb é tosaíocht na tíre i gcónaí é; á chur in iúl gurb oth léi an easpa córaim cinnteoireachta i dTionól Náisiúnta na Cosaive, toisc bhaghcat obair an Tionóil ag páirtithe polaitiúla roimh thoghcháin pharlaiminteacha;
7.á chur in iúl gurb oth léi polaitiú na n-institiúidí amhail an Lárchoimisiún մDzá agus IMC;
8.ag moladh ailíniú leanúnach na Cosaive le beartas eachtrach agus slándála AE, go háirithe a cáineadh láidir ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus a cur chun feidhme ar bhearta sriantacha AE i gcoinne na Rúise agus na Bealarúise, ag ailíniú le beartas eachtrach an Aontais, agus a tacaíocht trí chabhair dhaonnúil agus pacáistí cúnaimh mhíleata don Úcráin, a dheimhníonn gur comhpháirtí iontaofa luachmhar í an Chosaiv atá tiomanta do lánpháirtiú AE agus a dheimhníonn a treoshuíomh soiléir geopholaitiúil, atá fréamhaithe go daingean sa chomhghuaillíocht Eorpach agus thrasatlantach;
9.á iarraidh go mbainfí láithreach bearta AE i gcoinne na Cosaive, nach bhfuil bonn cirt leo a thuilleadh toisc go bhfuil ceanglais AE comhlíonta ag an gCosaiv agus ó tá na bearta ag teacht salach go mór ar thiomantas léirithe na Cosaive do luachanna Eorpacha agus d’ailíniú le beartais AE, ina dteorannaítear tionchar chomhpháirtíocht AE leis an gCosaiv agus ina mbactar atosú an idirphlé idir Béalgrád agus Pristine de mheon macánta;
10.á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le hiarratas na Cosaive ar bhallraíocht i gComhairle na hEorpa agus le plean treoshuímh straitéiseach na tíre dul isteach i gclár Chomhpháirtíocht ECAT um Shíocháin agus lena hiarrachtaí dul isteach in eagraíochtaí idirnáisiúnta eile; á iarraidh ar na heagraíochtaí ábhartha agus ar na Ballstáit tacú go réamhghníomhach le hiarrachtaí faoi seach na Cosaive; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Oifig AE sa Chosaiv dlús a chur lena n-iarrachtaí feabhas a chur ar infheictheacht agus an ról, iarrachtaí agus sochair a bhaineann le comhpháirtíocht níos dlúithe a bheith ann idir AE agus an Chosaiv a chur chun cinn;
11.á chur in iúl gur geal léi gur laghdaigh an Chosaiv an t-ualach riaracháin trí nósanna imeachta a shimpliú trí chur chun feidhme chlár gaolmhar 2022-2027; ag tabhairt dá haire go bhfuil creat straitéiseach an riaracháin phoiblí i bhfeidhm, ach nach bhfuil sé curtha chun feidhme go héifeachtúil; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil moilleanna ar athchóiriú an riaracháin phoiblí tar éis bainistíocht chistiú AE a fhágáil lag agus nach leor an chuntasacht san earnáil phoiblí; á iarraidh ar an gCosaiv an riarachán poiblí agus córas na státseirbhíse fiúntasbhunaithe a fheabhsú tríd an Dlí um oifigigh phoiblí agus an Dlí um bord maoirseachta neamhspleách na státseirbhíse a leasú agus a ghlacadh;
12.á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil rialú Chúirt Bhunreachtúil na Cosaive ar an Dlí um thuarastail, a aontaíonn córas reatha luacha saothair d’oifigigh phoiblí, feidhmiúil fós; á iarraidh ar Rialtas na Cosaive a reachtaíocht maidir le bainistiú airgeadais phoiblí a athbhreithniú chun caighdeáin idirnáisiúnta a chomhall agus chun an mhodheolaíocht infheistíochta poiblí a ionchorprú sa reachtaíocht athbhreithnithe;
An daonlathas agus an smacht reachta
13.á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn tábhachtach agus dearfach atá déanta ar aghaidh a thabhairt ar mhórán mholtaí seanbhunaithe Mhisean Breathnóireachta AE um Thoghcháin (EU EOM) agus ar dhlí comhthoiliúil a thíolacadh i dtaca le holltoghcháin; ag tabhairt dá haire go gcuireann sé sin bonn leormhaith ar fáil chun toghcháin dhaonlathacha a reáchtáil, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus réigiúnacha; ag tabhairt dá haire, mar fhreagairt ar chuireadh ó Uachtarán na Cosaive, go bhfuil EU EOM imscartha ag an Aontas Eorpach, lena n-áirítear toscaireacht bhreathnóra d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, chun na toghcháin pharlaiminteacha sa Chosaiv an 9 Feabhra 2025 a fhaire; á chur in iúl gur geal léi na conclúidí ó Mhisean Breathnóireachta Toghchán AE lena ndeimhnítear gur reáchtáladh toghcháin shíochánta, shaora agus chóra an 9 Feabhra 2025 le rannpháirtíocht na bpobal uile sa Chosaiv; á chur in iúl gurb oth léi reitric ghéar na bpáirtithe polaitiúla i rith an fheachtais; ag tabhairt dá haire na fadhbanna teicniúla a tháinig chun cinn i rith phróiseas an chomhairimh agus ag spreagadh údaráis na Cosaive a n-iarrachtaí a mhéadú chun eagrú na gcéad toghchán eile a fheabhsú; ag tabhairt dá haire an easpa fíoriolrachas polaitiúil i bpobal Seirbiach na Cosaive ag na toghcháin pharlaiminteacha, d’ainneoin liostaí toghcháin iomadúla Sheirbiacha na Cosaive; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuairiscí ar bhrú leanúnach ar vótálaithe ó phobal na Seirbia arna bhfeidhmiú ag Béalgrád; ag cáineadh chur isteach arís agus arís eile ó Thoscaire Speisialta na Stát Aontaithe, Richard Grenell, ar an bhfeachtas toghcháin;
14.ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil an Dlí um Thoghcháin Áitiúla agus an Dlí um Olltoghcháin fós á gcur chun feidhme agus á gcomhchuibhiú leis an Dlí um Chomhionannas Inscne, a shainordaíonn ionadaíocht chomhionann 50% idir mná agus fir; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht;
15.á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an dlí a bhaineann leis an Oifig Ionchúisimh Speisialta agus an dul chun cinn i mbreithniú ar chásanna éillithe; ag moladh obair ghníomhach na hOifige Ionchúisimh Speisialta as seacht gcás coire cogaidh a réiteach; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú breise ar roinnt na dlínse idir an Oifig Ionchúisimh Speisialta agus an tIonchúiseamh Bunúsach in imscrúduithe agus ionchúisimh a láimhseáil; á iarraidh ar an gCosaiv leanúint den Oifig Ionchúisimh Speisialta a neartú trína cumas a fheabhsú chun cásanna coireachta eagraithe ardphróifíle a imscrúdú agus a ionchúiseamh; á iarraidh ar na póilíní agus ar an Oifig Ionchúisimh Speisialta oibriú go dlúth le chéile chun straitéisí a fhorbairt chun imscrúduithe a sheoladh ar shlí níos éifeachtaí, agus freagracht á roinnt go soiléir;
16.ag tabhairt dá haire an dul chun cinn atá déanta i rangú na Cosaive in Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú, ó tá ardú 10 n-áit tagtha air ón mbliain seo caite, á mheas gur forbairt dhearfach é agus á aithint ag an am céanna gur laghduithe ar scóir tíortha eile agus, níos suntasaí, reachtaíocht cháilíochtúil a ghlacadh is cúis leis, ach go bhfuil sé fós míshásúil den chuid is mó; ag cur béim ar an bhfíoras nach amháin go bhfuil gá le hathchóirithe reachtacha chun muinín na ndaoine a fháil ach go bhfuil gá freisin le torthaí infheicthe i gcásanna éillithe a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a chiontú ar gach leibhéal; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil straitéis frithéillithe ag an gCosaiv ó 2019 agus ag tathant go ndéanfaí breis iarrachtaí chun í a thabhairt chun críche mar ábhar tosaíochta; á athdhearbhú gur gá tiomantas láidir polaitiúil chun teist láidir a bhunú in éilliú ardleibhéil a chomhrac; á athdhearbhú gur gá tiomantas láidir polaitiúil chun teist láidir a bhunú in éilliú ardleibhéil a chomhrac;
17.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di leochaileachtaí córasacha i mbreithiúnacht na Cosaive, go háirithe maidir le neamhspleáchas an chórais cheartais agus an urraim do scaradh na gcumhachtaí; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di na moilleanna ar thrialacha agus an cáineadh leantach ó oifigigh rialtais ar chinntí breithiúnacha i gcásanna aonair; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur theip ar an rialtas, d’ainneoin chomhairle AE, dul i gcomhairle le Coimisiún na Veinéise um athchóirithe breithiúnacha, rud a rinne difear diúltach dá gcáilíocht agus dá n-ailíniú le caighdeáin Eorpacha; á iarraidh ar an gCosaiv a áirithiú go mbeidh an reachtaíocht lena rialaítear sláine agus cuntasacht na mbreithiúna comhsheasmhach le caighdeáin Eorpacha agus le moltaí Choimisiún na Veinéise; á iarraidh ar Rialtas na Cosaive dóthain buiséid a leithdháileadh ar an gcóras breithiúnach; á chur in iúl gur geal léi bunú na Cúirte Tráchtála, an dul chun cinn i mbreithiúna agus ionchúisitheoirí nua a earcú i bpróiseas atá fiúntasbhunaithe agus trédhearcach, agus méadú foriomlán ar thrédhearcacht;
18.á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht Sheirbiaigh na Cosaive sna toghcháin pharlaiminteacha agus ag spreagadh a n-ionadaithe tofa chun ról gníomhach a bheith acu laistigh de chreat reachtach na Cosaive, chun tacú le todhchaí Eorpach na Cosaive; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, baghcat na bpáirtithe a rinne ionadaíocht ar Sheirbiaigh na Cosaive i rith na dtoghchán áitiúil in Aibreán 2023 agus tarraingt siar Sheirbiaigh na Cosaive as institiúidí na Cosaive; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cur isteach na Seirbia ar na toghcháin pharlaiminteacha trí Srpska Lista (SL);
19.á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme bhreithiúnas 2016 ón gCúirt Bhunreachtúil ar úinéireacht talún Mhainistir Visoki Dečani/Deçani tríd an mainistir a chlárú mar an t-úinéir, i Márta 2024;
20.á chur in iúl gur geal léi an méadú seasta ar phianbhreitheanna coireachta eagraithe agus go bhfuil an creat dlíthiúil maidir leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe ailínithe le acquis AE; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do na seirbhísí ionchúisimh agus do na póilíní a ngníomhaíocht chomhpháirteach i gcoinne grúpaí agus líonraí coiriúla a neartú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na dúshláin slándála i dtuaisceart na Cosaive, go háirithe i ndiaidh ionsaí Banjska/Banjskë i mí Mheán Fómhair 2023, inar gha acmhainní suntasacha póilíneachta; ag cur béim ar an ngá atá le comhar a dhoimhniú chun gáinneáil ar dhrugaí a chomhrac; á iarraidh go ndéanfaí breis ailínithe maidir leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta;
21.á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an straitéis agus an plean gníomhaíochta um rialú mionarm éadrom agus pléascán, chomh maith leis an ardleibhéal comhlíonta rialacha Phrótacal Arm Tine na Náisiún Aontaithe;
22.á chur in iúl gur cúis bhuartha di fós cur chun feidhme mall straitéis agus phlean gníomhaíochta an smachta reachta;
23.ag athdhearbhú a gealltanais i leith a comhair le Tionól na Cosaive agus lena chomhaltaí a choinneáil ar bun agus a neartú chun tacú le próisis dhaonlathacha a bhaineann le conair Eorpach na Cosaive trí úsáid a bhaint as uirlisí agus tionscnaimh tacaíochta daonlathais Pharlaimint na hEorpa láithreacha; á chreidiúint gur féidir an chomhpháirtíocht sin a athbheochan agus a threisiú tuilleadh i ndiaidh na dtoghchán daonlathach a reáchtáladh an 9 Feabhra 2025; ag spreagadh rannpháirtíocht ghníomhach agus comhoibriú na gcomhaltaí tofa uile de Thionól nuabhunaithe na Cosaive;
24.ag cáineadh na dteagmhas tromaí slándála i dtuaisceart na Cosaive ag deireadh na Samhna 2024, an gníomh is tromchúisí a tharla gar do shráidbhaile Vragë in Zubin Potok, áit a ndearna feistí pléascacha damáiste do bhonneagar criticiúil trí dhíriú ar phríomhchainéal chóras Ibër Lepenc; á chur in iúl go dtacaíonn sí le hinstitiúidí na Cosaive agus imscrúdú iomlán á dhéanamh acu ar na gníomhaíochtaí coiriúla sin ionas go dtabharfar déantóirí na coire chun an dlí;
25.ag moladh obair EULEX, atá ag cabhrú le húdaráis na Cosaive institiúidí inbhuanaithe agus neamhspleácha den smacht reachta a bhunú;
Saoirsí bunúsacha agus cearta an duine
26.ag tabhairt dá haire go bhfuil an leagan amach institiúideach is gá ag an gCosaiv chun cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an straitéis chun cearta na bpobal a chosaint agus a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras, áfach, go bhfuil cosaint chearta an duine fós lag toisc easpa cur chun feidhme reachtach, tola polaitiúla agus easpa acmhainní daonna agus airgeadais agus á iarraidh go mbeadh sásraí neartaithe forfheidhmithe agus cuntasachta ann;
27.á aithint go bhfuil bunreacht na Cosaive thar a bheith forchéimneach ó thaobh cosaint cearta mionlaigh de; ag tabhairt dá haire, gurb oth léi, nár breithníodh fós an achainí a shínigh beagnach 500 duine a d’fhéinaithin go stairiúil mar Bhulgáraigh, a cláraíodh i dTionól na Cosaive in Eanáir 2023, agus ag moladh go ndéanfar na cearta sin a chumhdach sa dlí agus a áirithiú i gcleachtas; á iarraidh ar an gCosaiv a áirithiú go ndéanfar gach mionlach a aithnítear faoin Dlí um chearta mionlaigh a chosaint agus daoine dá bpobail a ionchorprú go hiomlán i mbunreacht na tíre; á iarraidh ar údaráis na Cosaive dlús a chur leis na hiarrachtaí chun cearta na mionlach uile a chosaint, lena n-áirítear pobail náisiúnta, go háirithe pobail náisiúnta soghonta, agus comhdheiseanna agus ionadaíocht leormhaith sa saol polaitiúil agus cultúrtha, sna meáin phoiblí, sa riarachán agus sna breithiúna a chur ar fáil dóibh, chomh maith lena n-asamhlú a chosc agus a lánpháirtiú i sochaí na Cosaive a chur chun cinn agus gníomhaíochtaí a neartú chun dúshláin shóisialta agus eacnamaíocha na mionlach náisiúnta sin a scriosadh;
28.á chur in iúl gur geal léi an méadú ar chistiú ionad dídine d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh agus na gáinneála; ag tabhairt dá haire gurb é an foréigean teaghlaigh an saghas foréigin inscnebhunaithe is coitianta i gcónaí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil ag teip ar an gcóras i gcónaí a áirithiú go gcoscfar an foréigean teaghlaigh go héifeachtach;
29.á chur in iúl gurb oth léi nár glacadh dréacht-Chód Sibhialta na Cosaive fós; á thabhairt chun suntais go dtugtar aghaidh sa dréacht-Chód Sibhialta ar roinnt saincheisteanna tábhachtacha a bhaineann le comhionannas inscne mar luach bunúsach de chuid an Aontais, lena n-áirítear sciar comhionann de chómhaoin phósta a chumasú i measc céilí ban agus fear; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cearta a áirithiú do chách sa Chosaiv sa Chód Sibhialta chun urraim do chearta bunreachtúla agus do dheiseanna don phobal LADTIA a choimirciú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht i bpoist shinsearacha pholaitiúla, a bhaineann go sonrach leis an tslándáil agus leis an idirphlé, agus ag cur béim ar an ngéarghá go mbeidís páirteach i bpróisis déanta síochána agus athmhuintearais, i gcomhréir le Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun ionad na mban sa tsochaí a fheabhsú;
30.ag tabhairt dá haire go leanann córas na bpríosún Rialacha Íosta na Náisiún Aontaithe den chuid is mó agus á iarraidh go dtabharfaí cosaint níos fearr do chearta príosúnach, go háirithe príosúnaigh bhaineanna, mhionlaigh agus príosúnaigh faoi thinneas meabhrach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go fóill go bhfuil teanga idirdhealaitheach fós á húsáid i gcoinne na mban agus daoine LGBTIQ, agus á iarraidh ar na húdaráis straitéis náisiúnta inscne a chruthú agus a chur chun feidhme do réimsí taighde, amhail an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic; ag moladh rannpháirtíocht na mban i gcláir oiliúna ardcháilíochta maidir le gnó agus bainistíocht, agus i réimsí a bhaineann le TFC, arna n-éascú leis an ionstraim um chistí cúnaimh réamhaontachais; á chur in iúl gur oth léi go mbíonn ar mhná ó ghrúpaí mionlaigh, go háirithe na pobail Romacha, Aisceailígh agus Éigipteacha, dul i ngleic le cineálacha iomadúla idirdhealaithe, go háirithe san oideachas, san fhostaíocht agus sa rochtain ar chúram sláinte; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach ndéanann an riarachán lárnach ionadaíocht leormhaith ar phobail mhionlaigh, agus gur beag líon na mban atá i bpoist shinsearacha;
31.á chur in iúl gur oth léi nár glacadh Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas go fóill; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil ailíniú leordhóthanach ann idir reachtaíocht na Cosaive agus acquis AE maidir le cearta daoine faoi mhíchumas, a mbíonn orthu dul i ngleic le hidirdhealú agus le bacainní ar rochtain a fháil ar sheirbhísí sóisialta;
32.á chur in iúl gur geal léi an feabhas leanúnach ar áit na Cosaive in Innéacs Liobrálach Daonlathais 2024 agus in Innéacs an Daonlathais մDzá 2024, arna ullmhú ag Institiúid na gCineálacha Daonlathais, lena ndéantar an smacht reachta, srianta agus ceartúcháin, saoirsí sibhialta, agus saorthoghcháin chóra a thomhas;
33.ag cur suntas i dtimpeallacht iolraíoch meán na Cosaive agus í ag fanacht le cinneadh na Cúirte Bunreachtúla maidir le príomhdhlí na meán agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag IMC, ar gá a neamhspleáchas sa chinnteoireacht a áirithiú go docht agus a feidhmiú iomlán a athbhunú; á chur in iúl gur oth léi, áfach, an meath ar shaoirse na meán sa Chosaiv, mar is léir óna titim ón 56ú háit go dtí an 75ú háit in Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2024; á athdhearbhú gur réamhriachtanais d’aontachas AE iad iolrachas agus trédhearcacht na meán; á iarraidh go mbeadh tuilleadh trédhearcachta ann maidir le húinéireacht na meán d’fhonn neamhspleáchas agus iolrachas sna meáin a fheabhsú; ag cur béim ar an ngá atá le bearta láidre chun iriseoirí a chosaint ar chiapadh agus ar imeaglú, agus chun neamhspleáchas chomhlachtaí rialála na meán a áirithiú; ag cur suntas sna hábhair imní a chuir an tsochaí shibhialta in iúl maidir le toghadh Chathaoirleach IMC, ar toghadh é a líomhnaítear gur spreagadh go polaitiúil é; ag tathant ar údaráis na Cosaive athbhreithniú breise a dhéanamh ar an Dlí maidir le IMC chun na moltaí a rinne Comhairle na hEorpa a chur san áireamh, agus, ar an gcaoi sin, an dlí náisiúnta a ailíniú le caighdeáin agus cleachtais AE; á mholadh go dtabharfaí níos mó tacaíochta d’eagraíochtaí neamhspleácha na meán agus d’eagraíochtaí seiceála fíricí sa Chosaiv, agus aitheantas á thabhairt don ról ríthábhachtach atá acu maidir leis an mbréagaisnéis a chomhrac agus faisnéis chruinn a chur ar fáil don phobal; ag moladh don Aontas cúnamh teicniúil agus airgeadais a chur ar fáil do na heintitis sin; ag moladh d’údaráis na Cosaive comhlachtaí saincheaptha um Chúnamh Teicniúil agus um Malartú Faisnéise a iarraidh; á iarraidh go nglacfaí an dlí maidir le Teilifís Raidió na Cosaive agus an dlí maidir le foinsí iriseoirí a chosaint;
34.á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cibirionsaí a rinneadh le déanaí a díríodh ar bhonneagar digiteach na Cosaive; ag tathant ar Rialtas na Cosaive a acmhainneachtaí a threisiú chun cur isteach eachtrach agus bréagaisnéis a chomhrac, go háirithe iad siúd ó eagraíochtaí náisiúnacha na Seirbia agus na Rúise, arb é is aidhm dóibh an réigiún a dhíchobhsú agus an bonn a bhaint ó lánpháirtiú na mBalcán Thiar san Eoraip, trí straitéisí cuimsitheacha a fhorbairt lena n-áirítear feachtais feasachta poiblí freisin lena ndéantar bréagaisnéis a bhaineann an bonn ó rannpháirtíocht na mban sa saol poiblí a chomhrac, cibearshlándáil agus bonneagar gaolmhar a neartú, comhar a chothú le comhpháirtithe idirnáisiúnta, go háirithe an tAontas Eorpach, chun a gheilleagar digiteach, a sheirbhísí poiblí agus a shlándáil náisiúnta a chosaint, agus aghaidh a thabhairt ar fheachtais bhréagaisnéise agus ar bhagairtí hibrideacha arb é is aidhm dóibh an tír a dhíchobhsú agus an bonn a bhaint óna peirspictíocht Eorpach; ag moladh go ndéanfaí cláir litearthachta meán a chomhtháthú i gcuraclam oideachais na Cosaive chun na scileanna is gá a thabhairt do shaoránaigh chun bréagaisnéis a shainaithint agus chun gníomhú ina coinne;
35.á mholadh gur chuir an Chosaiv dídean agus tearmann ar fáil d’iriseoirí ón Úcráin agus ón Afganastáin;
36.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an méadú suntasach atá tagtha ar ionsaithe i gcoinne iriseoirí agus cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (cásanna SLAPP), lena n-áirítear ag oifigigh rialtais; á iarraidh ar na húdaráis a gcuid oibre ar reachtaíocht frith-SLAPP a chur chun cinn i gcomhréir le Treoir nua AE 2024/1069[7]; á iarraidh ar an gCosaiv oibriú go gníomhach chun a chinntiú gur féidir le iriseoirí a gcuid oibre a dhéanamh agus chun a áirithiú go mbeidh saoirse iomlán ag na meáin chun oibriú go neamhspleách; á chur i bhfios go láidir gur gá deireadh a chur le gach cineál foréigin;
37.á chur in iúl gur geal léi sochaí shibhialta bhríomhar agus chuiditheach na Cosaive, a bhfuil ról ríthábhachtach agus dearfach aici sa phróiseas athchóirithe; á mholadh do Rialtas na Cosaive feabhas a chur ar a chomhar leis an tsochaí shibhialta, go háirithe le heagraíochtaí um chearta na mban, maidir le cinnteoireacht agus úsáid níos mó a bhaint as an gComhairle Rialtais um Chomhar leis an tSochaí Shibhialta chun caidrimh chomhoibríocha a fhorbairt agus chun fíorthionchar a imirt ar an tsochaí shibhialta i bpróiseas reachtach trédhearcach ó chéim luath ar aghaidh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cuntasacht agus trédhearcacht a mhéadú maidir le cistiú poiblí d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tsochaí shibhialta ríthábhachtach maidir leis an daonlathas agus an t-iolrachas a chothú agus maidir le dea-rialachas agus dul chun cinn sóisialta a chur chun tosaigh;
38.á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil plean soiléir ann chun Seirbiaigh na Cosaive a fhostú sa tuaisceart agus go bhfuil tionscnaimh chun ról a thabhairt do phobal na Seirbiach i struchtúir pholaitiúla, shóisialta agus eacnamaíocha na Cosaive fós an-teoranta; á athdhearbhú a hiarrata feabhas a chur ar an idirphlé inmheánach agus dul i rannpháirtíocht i ndáiríre agus go díreach le heagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta Sheirbiaigh na Cosaive, go háirithe ó thuaidh, agus é mar aidhm leis sin muinín a chothú, saol laethúil Sheirbiaigh na Cosaive a éascú agus iad a chomhtháthú go rathúil;
Athmhuintearas agus dea-chaidreamh comharsanachta
39.ag moladh rannpháirtíocht na Cosaive i roinnt tionscnamh um chomhar réigiúnach agus ag moladh di feabhas ar a hiarrachtaí athmhuintearais agus réitigh a lorg ar dhíospóidí roimhe seo; ag moladh na Cosaive as a cur chuige cuiditheach agus as a rannpháirtíocht ghníomhach sa chomhar réigiúnach agus san éascú trádála as ar eascair díbhlocáil Chomhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa;
40.á iarraidh ar an tSeirbia gach cartlann ó am an chogaidh a oscailt agus rochtain a thabhairt ar chomhaid Sheirbhís Rúnda na hIar-Iúgslaive (UDBA) agus Sheirbhís Rúnda Arm Phobal na hIúgslaive (KOS), rud lena n-áiritheofar go bhfillfidh siad ar na rialtais faoi seach arna iarraidh sin dóibh; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá na cartlanna sin a oscailt ar fud an réigiúin chun coireanna ón ré chumannach a imscrúdú agus chun an daonlathas, an chuntasacht agus institiúidí sna Balcáin Thiar a neartú;
41.á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán leis an idirphlé arna éascú ag an Aontas agus á chur in iúl gur geal léi gur ceapadh Peter Sørensen mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine;
42.á athdhearbhú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht chuiditheach ó údaráis na Cosaive agus na Seirbia araon chun comhaontú cuimsitheach normalaithe atá ceangailteach ó thaobh dlí a bhaint amach, bunaithe ar aitheantas frithpháirteach agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCosaiv agus ar an tSeirbia araon Comhaontú na Bruiséile agus Comhaontú Ohrid a chur chun feidhme, lena n-áirítear Comhlachas/Comhphobal na mBardas ina bhfuil Móramh Seirbiach a bhunú, agus deireadh a chur leis an tSeirbia a bheith ag cur i gcoinne bhallraíocht na Cosaive in eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, agus gan gníomhaíochtaí aontaobhacha a dhéanamh a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ó phróiseas an idirphlé;
43.ag dréim leis go gcomhoibreoidh an Chosaiv agus an tSeirbia go hiomlán agus go ndéanfaidh siad gach beart is gá chun déantóirí ionsaí sceimhlitheoireachta 2023 in Banjska a ghabháil agus a thabhairt os comhair na cúirte go mear; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil na ciontóirí ionchúisithe fós ag an tSeirbia, go háirithe Milan Radoičić, Leas-Uachtarán Srpska Lista; á athdhearbhú nach mór déantóirí na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta uafásacha sin a thabhairt chun cuntais agus a thabhairt os comhair na cúirte gan mhoill;
44.á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ar an gCoimisiún ról níos réamhghníomhaí a ghlacadh maidir leis an bpróiseas idirphlé a stiúradh; á iarraidh go mbeadh ról feabhsaithe ag Parlaimint na hEorpa maidir leis an idirphlé a éascú trí chruinnithe rialta comhthionóil pharlaimintigh;
45.ag cáineadh na ngníomhaíochtaí uile a chuireann an chobhsaíocht i mbaol agus a chuireann próiseas an athmhuintearais i mbaol, lena n-áirítear an teannas i dtuaisceart na Cosaive agus an briogadh a dhéanann grúpaí státurraithe agus eagair armtha neamhdhleathacha na Seirbia, agus ag tathant ar an Aontas Eorpach seasamh níos láidre a ghlacadh i gcoinne cur isteach seachtrach ar ghnóthaí inmheánacha na Cosaive; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór don dá thaobh na comhaontuithe uile ar thángthas orthu a chur chun feidhme go hiomlán agus gníomhaíochtaí aontaobhacha a d’fhéadfadh cur leis an teannas a sheachaint; á iarraidh ar phóilíní na Cosaive a áirithiú go gcloífidh siad go hiomlán le ceanglais uile an smachta reachta agus chearta an duine, agus a ráthú go n-imscarfar fórsa póilíneachta il-eitneach agus cuimsitheach, i gcomhréir go hiomlán le ceanglais dhlíthiúla, i dtuaisceart na Cosaive; á mheabhrú go bhfuil freagracht chomhroinnte ar na hionadaithe polaitiúla uile agus ar na pobail uile sa Chosaiv as an tsíocháin, an tslándáil agus an smacht reachta a chaomhnú;
46.á chur in iúl gur geal léi go dearnadh an Coimisiún Comhpháirteach maidir le Daoine atá ar Iarraidh a bhunú i mí na Nollag 2024 agus á iarraidh go ndéanfar dul chun cinn pras maidir le cur chun feidhme Dhearbhú Polaitiúil mhí na Bealtaine 2023 maidir le Daoine atá ar Iarraidh; á iarraidh ar an gCosaiv agus ar an tSeirbia araon staonadh ón tsaincheist dhaonnúil sin a pholaitiú agus á iarraidh orthu dlús a chur lena n-iarrachtaí an dearbhú a chur chun feidhme mar chuid den Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus comhar a bhunú idir an Chosaiv agus an tSeirbia;
47.á chur in iúl gur geal léi na comhaontuithe a rinneadh le déanaí faoi chuimsiú Phróiseas Bheirlín;
48.á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Cosaive deireadh a chur le srianta ar theacht isteach táirgí críochnaithe na Seirbia ag trasnú teorann Merdare;
49.á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Fórsa na Cosaive ann agus an ról atá aige maidir le timpeallacht shábháilte agus shlán a thógáil agus a choinneáil ar bun agus maidir le Cosaiv chobhsaí agus shíochánta a fhorbairt ar an mbealach i dtreo lánpháirtiú Eora-Atlantach; á mheabhrú a thábhachtaí atá an misean d’fhorbairt leanúnach Fhórsa Slándála na Cosaive trí chomhairle, oiliúint agus fothú acmhainneachta a chur ar fáil;
Athchóirithe socheacnamaíocha
50.á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht ghníomhach na Cosaive i gcur chun feidhme an phlean nua fáis do na Balcáin Thiar, arb é is aidhm dó athchóirithe a bhaineann leis an Aontas a dhoimhniú agus an bhearna shocheacnamaíoch idir Ballstáit an Aontais agus tíortha na mBalcán Thiar a laghdú; á chur in iúl gur geal léi glacadh Chlár Oibre Athchóirithe na Cosaive agus á mheabhrú gur gá don Chosaiv (chomh maith leis an tSeirbia) tiomantas níos mó a léiriú don Idirphlé arna éascú ag an Aontas chun rochtain a fháil ar na hacmhainní;
51.á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an gCosaiv maidir le geilleagar margaidh feidhmiúil a fhorbairt agus á mholadh don Chosaiv na hathchóirithe struchtúracha is gá a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fhioscacha, agus cosaint leordhóthanach saothair, pá cothrom agus dálaí oibre feabhsaithe á n-áirithiú ag an am céanna i gcomhréir le reachtaíocht AE;
52.ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún straitéis réigiúnach a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar dhífhostaíocht agus ar imirce daoine oilte i measc na hóige trí dhul i ngleic leis an neamhréir scileanna atá idir an córas oideachais agus margadh an tsaothair, lena bhfeabhsófar cáilíocht an teagaisc, agus lena n-áiritheofar cistiú leordhóthanach do bhearta gníomhacha mhargadh an tsaothair agus do scéimeanna gairmoiliúna, mar aon le saoráidí leormhaithe oideachais do chúram leanaí agus don réamhscolaíocht;
53.á chur in iúl gur geal léi go bhfuil reachtaíocht chibearchoireachta na Cosaive ailínithe den chuid is mó le acquis AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn teoranta déanta ag an gCosaiv maidir le claochlú digiteach na seirbhísí poiblí; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá é a ailíniú le reachtaíocht dhigiteach an Aontais agus le riachtanais a phobail, go háirithe leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach, le Treoir AE maidir le Slándáil na gCóras Gréasáin agus Faisnéise (NIS2),[8] le bosca uirlisí an Aontais le haghaidh shlándáil 5G, agus leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha[9] agus leis an Ionstraim um Margaí Digiteacha[10]; ag tabhairt dá haire go bhfuil geilleagar na Cosaive fós ag brath go mór ar allmhairí agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le héagsúlú eacnamaíoch chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht a fheabhsú, go háirithe i gcomhthéacs comhtháthú níos doimhne i margaí AE;
54.á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an dréachtdlí maidir le téacsleabhair, a tíolacadh in 2022, fós ar feitheamh lena ghlacadh go críochnaitheach i dTionól na Cosaive; á iarraidh ar an gCosaiv cur chun feidhme an chreata curaclaim nua don bhunoideachas a thabhairt chun críche, an t-athbhreithniú ar na téacsleabhair reatha a thabhairt chun críche, oiliúint inbhuanaithe a chur ar fáil do mhúinteoirí, agus sásraí dearbhaithe cáilíochta a chur i bhfeidhm go córasach ar gach leibhéal oideachais;
55.ag tathant ar an gCosaiv rochtain níos fearr ar sheirbhísí cúraim sláinte ar ardchaighdeán a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil caiteachas ar chúram sláinte fós ar an dara leibhéal is ísle sa réigiún, agus á iarraidh go ndéanfar athchóiriú cuimsitheach ar chúram sláinte chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na saoránach uile, go háirithe i gceantair thuaithe agus i gceantair nach ndéantar freastal ceart orthu;
56.ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go ndeachaigh rochtain ar sheirbhísí sóisialta, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha, in olcas mar gheall ar an Aireacht Saothair agus Leasa Shóisialaigh a bheith dúnta ag an rialtas, rud a rinneadh gan comhairliúchán trédhearcach leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí eile agus a chuir le mearbhall suntasach a bheith ann; á iarraidh go mbeadh buiséadú fianaise-bhunaithe níos fearr ann chun seirbhísí sóisialta a fheabhsú, go háirithe do mharthanóirí foréigin inscnebhunaithe i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil nua;
57.á iarraidh ar an gCosaiv oideachas stáit comhionann agus neamh-idirdhealaitheach a chur ar fáil i mionteangacha;
58.á athdhearbhú gur gá teagmháil a dhéanamh le daoine óga ó bhardais inarb iad na Seirbiaigh an móramh agus iad a lánpháirtiú i struchtúir shocheacnamaíocha na tíre;
Fuinneamh, an comhshaol, forbairt inbhuanaithe agus nascacht
59.ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt dul chun cinn déanta ag an gCosaiv maidir le slándáil an tsoláthair fuinnimh ach go bhfuil sí fós ag brath go mór ar ghléasraí cumhachta an-truaillitheach atá as dáta, lena gcruthaítear rioscaí tromchúiseacha sláinte agus comhshaoil; ag tabhairt dá haire gur gá don Chosaiv a áirithiú go ndéanfar a clár fuinnimh do 2022-2025 a chur chun feidhme go héifeachtúil ó thaobh ama de chun a spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach agus chun a spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú; á iarraidh ar AE dlús a chur lena iarrachtaí agus tús áite a thabhairt dóibh chun cabhrú leis an gCosaiv a cuid fadhbanna truaillithe aeir a shárú; ag tabhairt dá haire nach gcuirtear tógáil gléasraí hidreachumhachta chun cinn le straitéis nua fuinnimh na Cosaive, mar gheall ar a dtionchar díobhálach ar an gcomhshaol, go háirithe mar gheall ar an nganntanas uisce sa tír;
60.á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le forbairt chuimsitheach bonneagair sa Chosaiv chun laghdú astaíochtaí ón iompar poiblí agus leathnú an iompair leictrithe a éascú; á chur i bhfáth nach mór leanúint de thús áite a thabhairt d’inrochtaineacht a fheabhsú agus do chomhoiriúnacht le gréasán iompair AE a áirithiú;
61.á chur in iúl gur geal léi an comhaontú a rinneadh ag Cruinniú Mullaigh Thiorána maidir le costais fánaíochta laghdaithe; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar na húdaráis, ar na gníomhaithe príobháideacha agus ar na geallsealbhóirí uile baint amach na spriocanna a comhaontaíodh a éascú chun laghdú suntasach ar mhuirir fánaíochta sonraí agus laghduithe breise a bhaint amach, rud a fhágfaidh go mbeidh praghsanna gar do na praghsanna intíre idir na Balcáin Thiar agus AE faoi 2027; á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm na chéad chéime de chur chun feidhme an treochláir fánaíochta idir na Balcáin Thiar agus AE;
62.ag tathant ar an gCosaiv feabhas a chur ar chomhlíonadh na n-uasteorainneacha astaíochtaí, feabhas a chur ar chomhtháthú breithnithe comhshaoil i mbeartais earnála agus na bearta is gá a ghlacadh maidir le truailliú, éilliú ithreach agus uisce a rialú agus bainistiú dramhaíola, i gcomhréir le caighdeáin agus gealltanais AE agus idirnáisiúnta; ag tathant ar an gCosaiv measúnuithe cuimsitheacha ar an tionchar ar an gcomhshaol a fheabhsú agus bearta inbhuanaitheachta a chomhtháthú i bpleanáil bonneagair; á iarraidh ar an gCosaiv na limistéir faoi chosaint sa tír a mhéadú agus feabhas a chur ar ionstraimí agus ar bhearta chun iad a chosaint d’fhonn an bhithéagsúlacht a choimirciú, lena n-áirítear príomhghnáthóga lincse na mBalcán atá i mbaol criticiúil; á mholadh don Chosaiv iarrachtaí comhoibríocha lena tíortha comharsanachta a threisiú agus dlús a chur leis na hiarrachtaí sin chun limistéir trasteorann faoi chosaint a ainmniú agus pleananna bainistithe trasteorann comhleanúnacha a bhunú;
°
°°
63.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Tionól Náisiúnta na Cosaive.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Tá Parlaimint na hEorpa ag coinneáil súil ghéar ar fhorbairtí polaitiúla agus socheacnamaíocha sa Chosaiv, agus a tuarascáil á tíolacadh aici i ndiaidh thuarascáil an Choimisiúin Eorpaigh ar an dul chun cinn sa Chosaiv. I ndiaidh ghlacadh an tuarascála deireanaí in 2023, fillfidh Parlaimint na hEorpa ar thuarascálacha bliantúla mar ba nós léi, rud nárbh fhéidir a dhéanamh in 2024 de bharr na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa agus an Coimisiún nua a bheith á fhoirmiú.
Go hachomair, le linn 2023 agus 2024, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an gCosaiv maidir le hathchóirithe toghcháin, athléimneacht eacnamaíoch, agus cosaint na gceart bunúsach. Mar sin féin, tá dúshláin fós ann maidir le hathchóiriú breithiúnach, saoirse na meán, éifeachtúlacht an riaracháin phoiblí, agus digitiú na seirbhísí poiblí. Tá tiomantas leanúnach d’athchóirithe cuimsitheacha agus do rialachas cuimsitheach ríthábhachtach chun go ndéanfaidh an Chosaiv dul chun cinn ar a conair lánpháirtíochta Eorpaí.
Is fadhbanna oidhreachta iad roinnt de dhúshláin na Cosaive, agus éilíonn réiteach na bhfadhbanna sin rannpháirtíocht an réigiúin ar fad i bpróiseas lánpháirtithe níos leithne an Aontais Eorpaigh. Ar an drochuair, níor tháinig na torthaí a raibh súil leo as idirphlé Pristina-Belgrade, a seoladh chun teacht ar chomhréiteach atá inghlactha ag na páirtithe. Is cinnte go gcaithfidh an Coimisiún Eorpach nua, chomh maith le Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit, gach a bhfuil ar a gcumas a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh an t-idirphlé Pristine-Béalgrád ar aghaidh le fuinneamh athnuaite. Is díol mór sásaimh, dá bhrí sin, é ceapachán an Ionadaí Speisialta nua, Peter Sörensen.
Tá méadú an Aontais Eorpaigh ar cheann de na scéalta ratha is tábhachtaí dá bhfuil ag an Aontas agus ní mór leanúint leis. Is é sprioc gheopholaitiúil níos leithne an mhéadaithe na limistéir liatha, mar a thugtar orthu, a bhaint de léarscáil na hEorpa. Ní mór do na hathruithe suntasacha a tharla i gcomhthéacs chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine méadú a dhéanamh ar ullmhacht an Aontais Eorpaigh aghaidh a thabhairt ar ghníomhaithe forlámhacha domhanda iomaíocha. Tá sé léirithe ag an Rúis agus ag an tSín araon go bhfuil leasanna an-soiléir acu sna Balcáin Thiar.
Leis an tuarascáil seo, is mian leis an rapóirtéir forléargas agus measúnú Pharlaimint na hEorpa a chur ar fáil ar na héachtaí agus na dúshláin is tábhachtaí atá os comhair na Cosaive inniu agus go luath amach anseo. Is cinnte nach féidir na réimsí fadhbanna agus na dúshláin go léir a chumhdach sa tuarascáil seo. Ceann de na réamhriachtanais thábhachtacha chun an tuarascáil seo a ullmhú ba ea an deis cuairt a thabhairt ar an gCosaiv le linn misean aimsithe fíoras agus bualadh le hoifigigh rialtais, ceannairí freasúra agus ionadaithe na sochaí sibhialta. Bhí malartuithe an-úsáideacha le hionadaithe ó institiúidí éagsúla de chuid an Aontais Eorpaigh agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta i gceist le hullmhú na tuarascála seo, agus tá an rapóirtéir an-bhuíoch díobh.
IARSCRÍBHINN: NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
I gcomhréir le hAirteagal8 d’IarscríbhinnI a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta, dearbhaíonn an rapóirtéir go bhfuair sé ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas le linn ullmhú na dréacht-tuarascála, go dtí go nglacfar sa choiste í:
Eintiteas agus/nó duine |
European External Action Service (EEAS)
|
Déantar an liosta thuas a tharraingt suas faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara/na rapóirtéirí.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH AG AN gCOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
9.4.2025 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
48 19 6 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Mika Aaltola, Lucia Annunziata, Petras Auštrevičius, Jordan Bardella, Dan Barna, Wouter Beke, Robert Biedroń, Adam Bielan, Marc Botenga, Helmut Brandstätter, Sebastião Bugalho, Petr Bystron, Tobias Cremer, Özlem Demirel, Elio Di Rupo, Michael Gahler, Alberico Gambino, Geadis Geadi, Giorgos Georgiou, Raphaël Glucksmann, Christophe Gomart, Bernard Guetta, Hana Jalloul Muro, Rasa Juknevičienė, Rihards Kols, Andrey Kovatchev, Vilis Krištopans, Nathalie Loiseau, Reinhold Lopatka, Antonio López-Istúriz White, Jaak Madison, Marion Maréchal, Costas Mavrides, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Arkadiusz Mularczyk, Hannah Neumann, Leoluca Orlando, Kostas Papadakis, Tonino Picula, Nacho Sánchez Amor, Mounir Satouri, Andreas Schieder, Alexander Sell, Davor Ivo Stier, Sebastiaan Stöteler, Stanislav Stoyanov, Marie-Agnes Strack-Zimmermann, Marta Temido, Riho Terras, Hermann Tertsch, Pierre-Romain Thionnet, Sebastian Tynkkynen, Reinier Van Lanschot, Roberto Vannacci, Hilde Vautmans, Nicola Zingaretti |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Jaume Asens Llodrà, Pernando Barrena Arza, Jan Farský, Merja Kyllönen, Ilhan Kyuchyuk, Liudas Mažylis, Şerban Dimitrie Sturdza, Marco Tarquinio, Ingeborg Ter Laak, Matej Tonin, Ivaylo Valchev, Matthieu Valet, Thomas Waitz |
|||
í faoi Riail 216(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Jüri Ratas, Adrián Vázquez Lázara, Annamária Vicsek |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAOCH ROLLA AG AN gCOISTE FREAGRACH
48 |
+ |
ECR |
Adam Bielan, Alberico Gambino, Rihards Kols, Jaak Madison, Arkadiusz Mularczyk, Sebastian Tynkkynen |
EPP |
Mika Aaltola, Wouter Beke, Sebastião Bugalho, Jan Farský, Michael Gahler, Rasa Juknevičienė, Andrey Kovatchev, Reinhold Lopatka, David McAllister, Liudas Mažylis, Jüri Ratas, Davor Ivo Stier, Ingeborg Ter Laak, Riho Terras, Matej Tonin |
Renew |
Petras Auštrevičius, Dan Barna, Helmut Brandstätter, Bernard Guetta, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Marie-Agnes Strack-Zimmermann, Hilde Vautmans |
S&D |
Lucia Annunziata, Robert Biedroń, Tobias Cremer, Elio Di Rupo, Raphaël Glucksmann, Sven Mikser, Tonino Picula, Andreas Schieder, Marco Tarquinio, Marta Temido, Nicola Zingaretti |
The Left |
Pernando Barrena Arza, Merja Kyllönen |
Na Glasaigh/SCE |
Jaume Asens Llodrà, Hannah Neumann, Leoluca Orlando, Mounir Satouri, Reinier Van Lanschot, Thomas Waitz |
19 |
- |
ECR |
Geadis Geadi, Marion Maréchal, Şerban Dimitrie Sturdza |
ESN |
Petr Bystron, Alexander Sell, Stanislav Stoyanov |
NI |
Kostas Papadakis |
EPP |
Antonio López-Istúriz White, Francisco José Millán Mon, Adrián Vázquez Lázara |
PfE |
Jordan Bardella, Vilis Krištopans, Sebastiaan Stöteler, Hermann Tertsch, Pierre-Romain Thionnet, Matthieu Valet, Roberto Vannacci |
The Left |
Özlem Demirel, Giorgos Georgiou |
6 |
0 |
EPP |
Christophe Gomart, Vangelis Meimarakis |
S&D |
Hana Jalloul Muro, Costas Mavrides, Nacho Sánchez Amor |
The Left |
Marc Botenga |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+:i bhfabhar
-:in aghaidh
0:staonadh
- [1] IO L71, 16.3.2016, lch. 3, ELI: .
- [2] IO L195, 27.7.2017, lch. 3, ELI: .
- [3] IO L330, 20.9.2021, lch.1, ELI: .
- [4] IOL, 2024/1449, 24.5.2024, ELI:.
- [5] IOL, 2024/22, 6.6.2024, ELI: .
- [6] IO L110, 25.4.2023, lch.1, ELI: .
- [7] Treoir (AE) 2024/1069 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le daoine a bhíonn ag gabháil don rannpháirtíocht phoiblí a chosaint ar éilimh atá go follasach gan bhunús nó ar imeachtaí cúirte mí-úsáideacha (‘Imeachtaí sibhialta straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht an phobail’) (IO L2024/1069, 16.4.2024, ELI: ).
- [8] Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint nahEorpa agus óngComhairle an 14Nollaig2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh.910/2014 agus Treoir(AE)2018/1972, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE)2016/1148 (Treoir NIS2), IO L333, 27.12.2022, lgh.80–152, ELI: ).
- [9] Rialachán(AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IOL 277, 27.10.2022, lch.1, ELI: ).
- [10] Rialachán (AE)2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14MeánFómhair2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE)2019/1937 agus (AE)2020/1828 (an Gníomh um Margaí Digiteacha), (IOL265, 12.10.2022, lch.1, ELI: ).