Ϸվ

ճܲá - A9-0014/2020ճܲá
A9-0014/2020

TUARASCÁILina bhfuil tairiscint i gcomhair rún neamhreachtach ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um Chosaint Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais

27.1.2020-(05931/2019 – C9‑0020/2019 – )

An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
鲹óé: Geert Bourgeois


Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
A9-0014/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0014/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN NEAMHREACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um Chosaint Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais

(05931/2019 – C9‑0020/2019 – )

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (05931/2019),

ag féachaint don Chomhaontú um Chosaint Infheistíochta molta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile (05932/2019),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagail207(4) agus 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C9-0020/2019),

ag féachaint do threoracha caibidlíochta an 23 Aibreán 2007 le haghaidh comhaontú saorthrádála (CST) le Ballstáit Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), ar cuireadh leo i mí Dheireadh Fómhair 2013 chun cosaint infheistíochta a áireamh;

ag féachaint do chinneadh an 22 Nollaig 2009 chun gabháil do chaibidlíocht dhéthaobhach CST le Ballstáit aonair de chuid ASEAN,

ag féachaint don Chreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach (PCA) idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a síníodh sa Bhruiséil an 27 Meitheamh 2012, agus a tháinig i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2016[1],

ag féachaint dá rún an 6 Aibreán 2011 maidir leis an mbeartas infheistíochta idirnáisiúnta Eorpach amach anseo[2],

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1219/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 lena mbunaítear socruithe idirthréimhseacha le haghaidh comhaontuithe déthaobhacha infheistíochta idir Ballstáit agus tríú tíortha[3],

ag féachaint dá rún an 28 Meitheamh 2016 maidir le straitéis nua, réamhbhreathnaitheach agus nuálach don am atá le teacht le haghaidh trádála agus infheistíochta[4],

ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal ‘Trádáil do chách – faoi thuairim beartas trádála agus infheistíochta níos freagraí a chothú’ (),

ag féachaint don tuairim ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh dar dáta an 16 Bealtaine 2017 i nós imeachta 2/15[5], de bhun Airteagal 218(11) CFAE, mar a d’iarr an Coimisiún an 10Iúil2015,

ag féachaint dá rún an 9 Meitheamh 2016 maidir le Vítneam[6],

ag féachaint dá rún an 14 Nollaig 2017 maidir leis an tsaoirse tuairimíochta i Vítneam, go háirithe cás Nguyen Van Hoa[7],

ag féachaint dá rún an 15 Samhain 2018 maidir le Vítneam, go háirithe staid na bpríosúnach polaitiúil[8],

ag féachaint don chinneadh ón Ombudsman Eorpach dar dáta an 26 Feabhra 2016 i gcás 1409/2014/MHZ maidir le mainneachtain an Choimisiúin Eorpaigh réamh-mheasúnú ceart tionchair um chearta an duine a dhéanamh ar an gcomhaontú saorthrádála idir AE agus Vítneam[9],

ag féachaint dá rún an 4 Deireadh Fómhair 2018 maidir le hionchur AE i dtaca le hionstraim cheangailteach de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le corparáidí trasnáisiúnta i leith chearta an duine[10],

ag féachaint do Rialacha Choimisiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Dlí Trádála Idirnáisiúnta maidir le Trédhearcacht in Eadráin Chonradhbhunaithe idir Infheisteoirí agus Stáit[11],

ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Teideal V de maidir le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais,

ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2016 maidir le saothar leanaí, inar moladh don Choimisiún leanúint de scrúdú a dhéanamh ar shlite le húsáid a bhaint as ionstraimí trádála AE ar bhealach níos éifeachtaí, lena n-áirítear comhaontuithe saorthrádála chun saothar leanaí a chomhrac,

ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2016 maidir le gnó agus cearta an duine, inar sonraíodh go ‘n-aithníonn AE go bhfuil urraim chorparáideach do chearta an duine agus a neadú in oibríochtaí corparáideacha agus i slabhraí luacha agus soláthair fíor-riachtanach don fhorbairt inbhuanaithe agus chun na SDGanna a bhaint amach’ agus ‘gur cheart go mbeadh na comhpháirtíochtaí uile i gcur chun feidhme na SDGanna bunaithe ar urraim do chearta an duine agus ar iompar freagrach gnó’, agus inar moladh do chuideachtaí AE ‘sásraí casaoide a bhunú ar an leibhéal oibríochtúil, nó tionscnaimh chomhpháirteacha casaoide a chruthú idir cuideachtaí’,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Cuid V, Teidil I, II agus V de, agus go sonrach Airteagal 207 i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v),

ag féachaint dá rún reachtach an ...[12] ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle,

ag féachaint do Riail105(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0014/2020),

A.de bhrí gurb é AE príomhfhaighteoir na hinfheistíochta dírí coigríche agus príomhfhoinse na hinfheistíochta dírí coigríche sa domhan;

B.de bhrí go bhfuil AE rangaithe sa chúigiú háit as 80 infheisteoir dírí coigríche i Vítneam;

C.de bhrí gur geilleagar bríomhar í Vítneam ina bhfuil an meánaicme is mó fás in ASEAN, ag a bhfuil lucht saothair óg agus dinimiciúil, ráta ard litearthachta, leibhéil arda oideachais, pá measartha íseal, naisc mhaithe iompair, agus ag a bhfuil suíomh lárnach laistigh de ASEAN;

D.de bhrí go bhfuil riachtanais bhonneagair agus infheistíochta Vítneam i bhfad níos mó ná méid an chistithe phoiblí atá ar fáil faoi láthair;

E.de bhrí go bhfuair Vítneam, in 2017, infheistíocht dhíreach choigríche ab fhiú 8 % dá OTI — níos mó ná dhá oiread an ráta a fuair geilleagair de mhéid comhchosúil sa réigiún;

F.ag cur in iúl gur díol sásaimh di é go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar an timpeallacht trádála, gnó agus infheistíochta i Vítneam leis na deicheanna de bhlianta anuas;

G.de bhrí go bhfuil níos mó ná 3 000 conradh infheistíochta idirnáisiúnta i bhfeidhm faoi láthair agus gur páirtí iad Ballstáit an Aontais Eorpaigh i dtimpeall 1 400 acu;

H.de bhrí, tar éis an Chomhaontaithe um Chosaint Infheistíochta idir AE agus Singeapór, gurb ionann é sin agus an dara ‘comhaontú neamhspleách um chosaint infheistíochta’ a tugadh i gcrích idir AE agus tríú tír tar éis plé a bheith déanta ag na hinstitiúidí Eorpacha maidir le struchtúr nua CSTanna AE, ar bhonn na tuairime ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) 2/15 an 16 Bealtaine 2017, a bheidh mar phointe tagartha do chomhar AE amach anseo lena chomhpháirtithe trádála;

I.de bhrí go dtiocfaidh an comhaontú in ionad na gconarthaí déthaobhacha infheistíochta atá ann cheana idir 21 Bhallstát de chuid an Aontais agus Vítneam, agus go nglacfaidh sé áit na gconarthaí sin, ar conarthaí iad nár áiríodh leo cur chuige nua AE i leith na cosanta infheistíochta agus a shásra forfheidhmithe, an Córas Cúirte Infheistíochta poiblí (ICS);

J.de bhrí gur comhtháthaíodh ICS i gcomhaontú CETA a tugadh chun críche cheana, a dhaingnigh an Pharlaimint an 15 Feabhra 2017 agus atá fós le daingniú ag roinnt Ballstát, rud a d’fhág gur tháinig sé in ionad an chórais um réiteach díospóide idir infheisteoirí agus an stát (ISDS).

K.de bhrí gur rialaigh CBAE an 30 Aibreán 2019 go bhfuil an sásra le haghaidh díospóidí idir infheisteoirí agus Stáit dá bhforáiltear le CETA a réiteach i gcomhréir le dlí AE[13];

L.de bhrí gur dhearbhaigh na Páirtithe go bhfuil siad tiomanta do Chúirt Iltaobhach Infheistíochta (CII) a shaothrú — tionscnamh ar thacaigh an Pharlaimint leis go láidir agus go leanúnach;

M.de bhrí gur ghlac an Chomhairle, an 20Márta2018, na treoracha caibidlíochta, lenar údaraíodh don Choimisiún coinbhinsiún a chaibidliú, thar ceann AE, lena mbunófaí CII; de bhrí gur cuireadh na treoracha caibidlíochta sin ar fáil don phobal;

1.ag cur in iúl gur díol sásaimh di cur chuige nua AE i leith na cosanta infheistíochta agus a shásra forfheidhmithe (ICS), lenar athchóiríodh SDIS agus lena bhfeabhsaítear cáilíocht cur chuige aonair conarthaí déthaobhacha infheistíochta arna dtabhairt i gcrích ag Ballstáit AE; á chur i dtreis gur sásra réitigh infheistíochta atá nua-aimseartha, nuálach agus athchóirithe é an ICS a mhéid a bhaineann le heasnaimh nós imeachta ISDS; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur athrú suntasach é ar leibhéal na cosanta substaintí a thugtar d’infheisteoirí agus ar an mbealach a réitítear díospóidí idir infheisteoirí agus an stát; ag cur in iúl gur ábhar imní di é go dtéann an raon feidhme beagán níos faide ná díreach neamh-idirdhealú idir infheisteoirí coigríocha agus infheisteoirí intíre; ag meabhrú go bhfágfadh cúirt infheistíochta iltaobhach neamhspleách a bhunú go mbeadh breis deimhneachta dlíthiúla ann do na páirtithe uile; ag cur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas láidir Vítneam don chóras iltaobhach trádála atá bunaithe ar rialacha;

2.ag tabhairt dá haire go n-áiritheofar ardleibhéal cosanta infheistíochta agus deimhneachta dlíthiúla leis an gcomhaontú agus, ag an am céanna, go gcosnófar ceart na bPáirtithe cuspóirí beartais phoiblí dlisteanacha, amhail sláinte phoiblí, seirbhísí poiblí agus cosaint an chomhshaoil, a rialú agus a shaothrú; ag cur i dtreis go n-áiritheofar trédhearcacht agus cuntasacht leis an gcomhaontú freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún aird níos mó a thabhairt ar an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus ar an urraim do Chomhaontú Pháras i ndáil le ceart rialála na bPáirtithe a choimirciú, mar a rinneadh le CETA; ag éileamh go ndéanfaí faireachán agus tuairisciú rialta do Pharlaimint na hEorpa maidir le húsáid na forála sin ag infheisteoirí Eorpacha;

3.á chur i dtreis go ráthaítear leis an gcomhaontú go gcaithfear go cóir agus go cothrom le hinfheisteoirí sin AE atá i Vítneam, ar caighdeán cosanta é atá níos airde ná an chóir náisiúnta; ag tabhairt dá haire go ndéantar, leis an gcomhaontú, infheisteoirí AE a chosaint go cuí ar dhíshealbhú neamhdhlisteanach; den tuairim gur cheart go mbeadh sé sin fite fuaite leis na freagrachtaí atá ar infheisteoirí dícheall cuí a dhéanamh maidir le cleachtais inbhuanaithe gnó i gcomhréir le cearta an duine agus le coinbhinsiúin idirnáisiúnta saothair chomh maith le caighdeáin chomhshaoil;

4.á chur i dtreis gur uirlisí tábhachtacha iad forbairt eacnamaíoch agus iltaobhachas chun saol daoine a fheabhsú; á chur in iúl gur ceann de na cuspóirí atá le CCI ná an caidreamh eacnamaíoch, trádála agus infheistíochta idir AE agus Vítneam a neartú i gcomhréir le cuspóir na forbartha inbhuanaithe, agus trádáil agus infheistíocht a chur chun cinn i gcomhréir iomlán le caighdeáin agus comhaontuithe, a aithnítear fud fad an domhain, maidir le cearta an duine, leis an gcomhshaol agus le saothar;

5.ag meabhrú gur tír i mbéal forbartha is ea Vítneam; á chur i dtreis nach mór don infheistíocht rannchuidiú le poist ardcháilíochta a chruthú, tacú leis an ngeilleagar áitiúil agus rialacháin náisiúnta a urramú go hiomlán, lena n-áirítear ceanglais chánach, chun cuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, go háirithe SFI 1 maidir le díothú na bochtaineachta, SFI 8 maidir le hobair chuibhiúil agus SFI 10 maidir le héagothromaíochtaí laghdaithe;

6.ag meabhrú go bhfuil sé beartaithe le ICS Binse Infheistíochta Buan Céadchéime agus Binse Achomhairc a bhunú, a mbeidh ar a chomhaltaí cáilíochtaí atá inchomparáide leo siúd atá ag breithiúna na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta a bheith acu, agus a mbeidh orthu saineolas sa dlí idirnáisiúnta poiblí a léiriú agus ní sa dlí tráchtála amháin, chomh maith le rialacha dochta maidir le neamhspleáchas, neamhchlaontacht, ionracas agus iompar eiticiúil a chomhlíonadh trí chód ceangailteach iompair atá ceaptha coinbhleachtaí leasa díreacha nó indíreacha a chosc; á chur i dtreis go measann Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go gcomhlíonann ICS dlí an Aontais ina iomláine, mar a tugadh le fios ina tuairim 1/17;

7.ag cur in iúl gur díol sásaimh di rialacha trédhearcachta a bhfuil feidhm acu maidir le himeachtaí os comhair na mbinsí, lena n-áirítear forálacha lena ráthaítear go mbeidh cásdoiciméid ar fáil go poiblí, go dtionólfar éisteachtaí go poiblí, agus go mbeidh cead ag páirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh; á chreidiúint go gcabhróidh trédhearcacht mhéadaithe le muinín an phobail as an gcóras a chothú, chomh maith lena áirithiú go reáchtálfar éisteachtaí éifeachtacha os comhair na mbinsí infheistíochta i dtaobh an uile ghné de chearta an duine agus den fhorbairt inbhuanaithe; ag cur in iúl gur díol sásaimh di, thairis sin, an tsoiléireacht maidir leis na forais ar ar féidir le hinfheisteoir caingean a thionscnamh, lena n-áirithítear go mbeidh próiseas ann atá níos trédhearcaí agus níos cothroime;

8.á chur i dtreis gur féidir le triú páirtithe amhail eagraíochtaí saothair agus comhshaoil rannchuidiú le himeachtaí ICS trí achoimrí amicus curiae;

9.ag cur i bhfios nach mbeifear in ann siopadóireacht dlínse a dhéanamh agus go ndéanfar imeachtaí iomadúla agus comhthreomhara a sheachaint;

10.ag meabhrú gurb ionann an comhaontú agus feabhas ar na forálacha cosanta infheistíochta in CETA, ós rud é go bhfuil forálacha ann maidir le hoibleagáidí ar iarbhreithiúna, cód iompair chun coinbhleachtaí leasa a chosc, agus Binse Achomhairc lánfheidhmiúil tráth a thabhartha i gcrích;

11.á chreidiúint go bhféadfaí, le bunú Binse Achomhairc, cáilíocht agus comhsheasmhacht cinntí a fheabhsú i gcomparáid leis an staid reatha;

12.ag tabhairt dá haire nach bhfuil caibidil ar leith maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe sa Chomhaontú um Chosaint Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus Vítneam (EVIPA), mar go bhfuil feidhm ag an gcaibidil sin maidir le rochtain ar mhargaí infheistíochta faoin gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Vítneam (EUVFTA); á chur i dtreis go bhfuil foráil freisin in EVIPA lena mbunaítear nasc institiúideach agus dlíthiúil leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar Cuimsitheach (PCA), chomh maith le tagairtí sonracha ina bhrollach do luachanna agus prionsabail TSD, mar a chumhdaítear in EUVFTA, agus le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, rud a áirithíonn go gcuirtear cearta an duine i gcroílár an chaidrimh idir AE agus Vítneam; á chur i bhfáth nach mór do na Páirtithe agus do na hinfheisteoirí na caighdeáin agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha uile um chearta an duine a urramú; á chur i dtreis na freagrachtaí atá ar infheisteoirí mar a leagtar amach i dTreoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus i bPrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine; á thabhairt le fios, thairis sin, nach mór forálacha EVIPA agus EUVFTA a chur chun feidhme ar bhealach comhlántach, go háirithe maidir le cearta an duine, cearta comhshaoil agus cearta sóisialta agus forbairt inbhuanaithe nuair a chuirtear i bhfeidhm iad sin faoi cheart rialála na bPáirtithe; á chur i dtreis gur gá, ina theannta sin, comhsheasmhacht a áirithiú le cuspóirí sin an chomhair um fhorbairt faoi Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);

13.á chur i dtreis a thábhachtaí atá treochtaí atá dearfach le fírinne ó thaobh chearta an duine de le haghaidh an comhaontú sin a dhaingniú go pras agus á iarraidh ar údaráis Vítneam bearta nithiúla a leagan amach chun feabhas a chur ar an staid mar chomhartha dá dtiomantas; á mheabhrú di na héilimh atá aici maidir le reachtaíocht phionósach a athchóiriú, maidir le pionós an bháis a úsáid, maidir le príosúnaigh pholaitiúla agus maidir le saoirsí bunúsacha; á thathant ar na Páirtithe leas iomlán a bhaint as na comhaontuithe chun feabhas a chur ar an staid i Vítneam ó thaobh chearta an duine de agus á chur i dtreis a thábhachtaí atá idirphlé uaillmhianach maidir le cearta an duine idir AE agus Vítneam; á thabhairt le fios go bhfuil clásal caighdeánach maidir le cearta an duine in Airteagal 1 de CCC, ar féidir leis bearta iomchuí a thionscnamh, lena n-áirítear, mar rogha dheireanach, CCC a chur ar fionraí láithreach agus, dá réir sin, CCI nó gnéithe de;

14.á athdhearbhú go bhfuil Airteagal 35 de CCC agus Airteagal 13 de CST, i gcomhar le córas um meastóireacht thréimhsiúil, ina n-uirlisí chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le cearta an duine a bhaineann le cur chun feidhme CCI, ach nach mór a bheith ag gabháil leo grinnscrúdú ag AE agus a Bhallstáit, agus sásra neamhspleách faireacháin agus gearán, trínar féidir le saoránaigh agus geallsealbhóirí dá ndéantar difear leas éifeachtach a bhaint as réiteach agus atá ina uirlis acu chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar chearta an duine;

15.á chur in iúl go bhfuil imní uirthi faoi chur chun feidhme an dlí nua cibearshlándála, go háirithe maidir le ceanglais logánaithe agus nochta, faireachas agus rialú ar líne, agus cosaint na mbeart maidir le sonraí pearsanta, nach bhfuil i gcomhréir le clár oibre trádála AE atá bunaithe ar luachanna agus ar léirscaoileadh; ag cur in iúl gur díol sásaimh di é an toilteanas atá ann dul i mbun idirphlé dian, lena n-áirítear tiomantas Chathaoirleach Thionól Náisiúnta Vítneam an dá pharlaimint a rannpháirtiú sa phlé agus sa chíoradh ar na foraitheanta cur chun feidhme; á iarraidh ar údaráis Vítneam bearta nithiúla a ghlacadh agus ag cur in iúl gur díol sásaimh di cúnamh AE ina leith sin;

16.á mheabhrú go luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 8 CFAE: ‘beidh sé d’aidhm ag an Aontas ina ghníomhaíochtaí uile neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh’; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur shínigh Vítneam agus AE araon Dearbhú Buenos Aires EDT maidir le Mná agus Trádáil agus á iarraidh ar na Páirtithe a dtiomantas d’inscne agus do thrádáil sa chomhaontú sin a neartú; ag iarraidh go bhfeabhsófaí coinníollacha na mban ionas go bhféadfaidís tairbhe a bhaint as an gcomhaontú sin, lena n-áirítear trí fhothú acmhainneachta do mhná ag an obair agus i gcúrsaí gnó, ionadaíocht na mban a chur chun cinn sa chinnteoireacht agus i bpoist a ngabhann údarás leo, agus feabhas a chur ar rochtain na mban ar an eolaíocht, ar an teicneolaíocht agus ar an nuálaíocht, agus ar rannpháirtíocht agus ceannaireacht na mban iontu;

17.ag iarraidh go n-oibreodh AE agus Vítneam i gcomhar le chéile chun plean gníomhaíochta a fhorbairt chun saothar leanaí a chomhrac, lena n-áirítear an creat is gá d’fhiontair;

18.ag cur in iúl gur díol sásaimh di cinneadh na Comhairle treoracha caibidlíochta an 20 Márta 2018 maidir le CII a chur ar fáil don phobal, agus á iarraidh ar an gComhairle na treoracha caibidlíochta uile roimhe seo maidir le comhaontuithe trádála agus infheistíochta a chur ar fáil don phobal;

19.á chur i dtreis go dtiocfaidh an comhaontú in ionad an aon chonartha dhéthaobhaigh infheistíochta ar fhichid atá ann cheana idir Ballstáit AE agus Vítneam; á mheas gur céim thábhachtach é sin i ndáil le dlisteanacht agus glacadh an chórais idirnáisiúnta infheistíochta a mhéadú;

20.á iarraidh ar an gCoimisiún bearta tionlacain a ghlacadh d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) chun go mbeidh an comhaontú trédhearcach agus inrochtana; ag spreagadh an Choimisiúin le leanúint dá obair i ndáil le ICS a chur i riocht is inrochtana ag FBManna; á chur i dtreis an acmhainneacht fáis agus na tairbhí suntasacha a chuirtear ar fáil leis seo do FBManna Eorpacha, atá ríthábhachtach do rathúnas agus nuálaíocht Eorpach;

21.á chur i dtreis a thábhachtaí a d'fhéadfadh CCI a bheith i ndáil le rannchuidiú le caighdeáin mhaireachtála a ardú, le rathúnas agus cobhsaíocht a chur chun cinn, le cuidiú leis an smacht reachta, dea-rialachas, forbairt inbhuanaithe agus urraim do chearta an duine a chur ar aghaidh in Vítneam, agus le cur ar chumas AE ag an am céanna freisin a chuspóirí síochána agus cobhsaíochta sa réigiún a chothú; á chur i dtreis gur cuid choinníollach d’aon chomhaontú idir AE agus tríú stát is ea na luachanna uilíocha sin a urramú gan iomrall;

22.á mheas go ndéanfar, le formheas an chomhaontaithe seo, infheisteoirí agus a n-infheistíochtaí ar an dá thaobh a chosaint go daingean agus cearta rialála na rialtas a chosaint ag an am céanna, agus go gcruthófar tuilleadh deiseanna dá bhuíochas don tsaorthrádáil chothrom idir AE agus Vítneam; á iarraidh ar na Ballstáit an comhaontú a dhaingniú go pras chun a áirithiú go mbeidh na geallsealbhóirí uile in ann tairbhe a bhaint as a luaithe is féidir, i bhfianaise iarrachtaí Vítneam ar fheabhas a chur ar staid na gceart sibhialta agus saothair i gcomhréir lena ngealltanais;

23.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht Shóisialach Vítneam.


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA(5.12.2019)

chuig an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um Chosaint Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais

()

鲹óé don tuairim: Isabel Wiseler‑Lima

ѰմÍ

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha ar an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1.á chur i dtreis gur uirlisí tábhachtacha iad forbairt eacnamaíoch agus iltaobhachas chun saol daoine a fheabhsú; á chur in iúl gur ceann de na cuspóirí atá le CCI ná an caidreamh eacnamaíoch, trádála agus infheistíochta idir AE agus Vítneam a neartú i gcomhréir le cuspóir na forbartha inbhuanaithe, agus trádáil agus infheistíocht a chur chun cinn i gcomhréir iomlán le caighdeáin agus comhaontuithe, a aithnítear fud fad an domhain, maidir le cearta an duine, leis an gcomhshaol agus le saothar;

2.faoi dhíomá nach ndearna an Coimisiún measúnú tionchair um chearta an duine ar an gComhaontú um Chosaint Infheistíochta idir AE agus Vítneam, atá bunoscionn leis an gcinneadh a rinne Ombudsman AE in 2015, ná ar Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair ar chearta an duine a dhéanamh láithreach; á thabhairt le fios gur thug an Coimisiún gealltanas freisin measúnú tionchair eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil ex post a dhéanamh;

3.á chur in iúl gur díol sásaimh an t-idirphlé polaitiúil feabhsaithe idir AE agus Vítneam agus an fhéidearthacht atá ann aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le cearta an duine i gcreat na sásraí institiúideacha a bunaíodh faoi Airteagal 35 CCC agus Airteagal 13 CST; á athdhearbhú go bhfuil na hairteagail sin, i gcomhar le córas um meastóireacht thréimhsiúil, ina n-uirlisí chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní maidir le cearta an duine a bhaineann le cur chun feidhme CCI, ach nach mór a bheith ag gabháil leo grinnscrúdú ag AE agus a Bhallstáit, agus sásra neamhspleách faireacháin agus gearán, trínar féidir le saoránaigh agus geallsealbhóirí dá ndéantar difear leas éifeachtach a bhaint as réiteach agus atá ina uirlis chun aghaidh a thabhairt ar thionchair dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar chearta an duine; á thabhairt dá haire, fiú má fhéadann Páirtí bearta iomchuí a ghlacadh go haontaobhach nuair a mheasann sé go ndearna an Páirtí eile sárú ábhartha ar CCC, go bhfuil na bearta sin faoi rogha na bPáirtithe go hiomlán agus nár úsáideadh iad ach in imthosca fíoreisceachtúla;

4.á chur i dtreis go gcomhaontaíonn na Páirtithe, faoi Theideal VI de CCC, go n-oibreoidh siad i gcomhar le chéile i ndáil le cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, agus i réimsí an chomhionannais inscne, an athraithe aeráide, na himirce, na sláinte, an oideachais agus na hoiliúna, na ngnóthaí socheacnamaíocha, agus i ndáil le hathchóiriú ar an riarachán poiblí, chun a áirithiú go ndéanfar na caighdeáin agus na luachanna arda a chuireann AE chun cinn a léiriú sna hathchóirithe atá ar na bacáin i Vítneam, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme ionstraimí idirnáisiúnta um chearta an duine ar páirtí iontu é Vítneam; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an staid maidir le cearta an duine imithe in olcas ó tháinig CCC i bhfeidhm;

5.á chur i dtreis nach mór do na Páirtithe agus do na hinfheisteoirí na caighdeáin agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha uile um chearta an duine a urramú; á chur i bhfáth na freagrachtaí atá ar infheisteoirí, i gcomhréir le Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta agus le Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine; á mheabhrú di nach mór do ghnóthais caighdeáin náisiúnta maidir le cearta an duine agus leis an gcomhshaol a chomhlíonadh; á iarraidh go n-oibreodh AE agus Vítneam i gcomhar le chéile chun plean gníomhaíochta a fhorbairt chun saothar leanaí a chomhrac, lena n-áirítear an creat is gá d’fhiontair;

6.ag tacú go hiomlán le comhar leanúnach, dílis agus torthaí-dhírithe a bheith ann idir AE agus Vítneam maidir le cearta an duine, lena n-áirítear faoi chuimsiú an idirphlé dhéthaobhaigh maidir le cearta an duine agus cruinnithe eile ar an leibhéal sinsearach is ábhartha d’infheistíocht dhéthaobhach; ag iarraidh go neartófaí an t-idirphlé bliantúil idir AE agus Vítneam maidir le cearta an duine le rannpháirtíocht eagraíochtaí áitiúla neamhspleácha den tsochaí shibhialta agus cosantóirí chearta an duine; á chur i dtreis, i dtaca leis sin, gur gá don Choimisiún agus do SEGS aird ar leith a thabhairt ar an tsochaí shibhialta neamhspleách á bheith á cur faoi chois go brúidiúil agus a bheith ag feidhmiú faoi cheilt ar an mórgóir ar eagla na géarleanúna agus an díoltais; faoi dhíomá go ndearna Vítneam, dhá uair ar a laghad, gníomhaithe a choinneáil díreach roimh an idirphlé; ag seasamh ar a thábhachtaí atá sé cásanna aonair a tharraingt anuas agus obair leantach a dhéanamh ar a staid le linn an idirphlé sin; faoi dhíomá nár baineadh torthaí nithiúla ar bith amach tar éis roinnt babhtaí d’idirphlé idir AE agus Vítneam maidir le cearta an duine; ag iarraidh go ndéanfaí faisnéis a fuarthas ó eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha a mheas san idirphlé, ar cheart dó a bheith dírithe ar spriocanna insoláthartha nithiúla;

7.á chur i dtreis a thábhachtaí a d'fhéadfadh CCI a bheith i ndáil le rannchuidiú le caighdeáin mhaireachtála a ardú, le rathúnas agus cobhsaíocht a chur chun cinn, le cuidiú leis an smacht reachta, dea-rialachas, forbairt inbhuanaithe agus urraim do chearta an duine a chur ar aghaidh in Vítneam, agus le cur ar chumas AE ag an am céanna freisin a chuspóirí síochána agus cobhsaíochta sa réigiún a chothú. á chur i dtreis gur cuid choinníollach d’aon chomhaontú idir AE agus tríú stát is ea na luachanna uilíocha sin a urramú gan iomrall; ag cur in iúl gur cúis imní di uireasa na n-oibleagáidí infhorfheidhmithe d’infheisteoirí maidir le cearta an duine;

8.á thabhairt dá haire gur cheart go ndearbhódh dlí-eolaíocht an Chórais Cúirte Infheistíochta (ICS) cumhdach na gcaighdeán maidir le cearta an duine; á thabhairt dá haire go bhféadfadh sé, mar gheall ar na costais arda a ghabhann le nósanna imeachta ICS, nach mbeadh an oiread céanna rochtana ar cheartas ná ar réiteach ag saoránaigh dá ndéantar difear; faoi dhíomá go bhféadfadh sé go mbeadh rochtain theoranta ag an tsochaí shibhialta ar chásanna, agus gur beag deis a bheadh acu páirt a ghlacadh iontu, mar gheall ar fhorálacha ráthaithe Amicus Curiae a bheith ar díth;

9.ag moladh nach dtabharfadh Parlaimint na hEorpa a toiliú don chomhaontú mura rud é go ndéanfaí moltaí an rúin seo a acthú go dlíthiúil agus go héifeachtach.


NÓS IMEACHTA – COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

An Comhaontú um Chosaint Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile

ղí

An Coiste Freagrach

INTA

Tuairim ó

Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

AFET

24.10.2019

鲹óé

Dáta an cheapacháin

Isabel Wiseler‑Lima

30.9.2019

Pléite sa choiste

14.10.2019

2.12.2019

Dáta a ghlactha

4.12.2019

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

48

8

6

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alexander Alexandrov Yordanov, Maria Arena, Traian Băsescu, Phil Bennion, Fabio Massimo Castaldo, Susanna Ceccardi, Włodzimierz Cimoszewicz, Gina Dowding, Tanja Fajon, Michael Gahler, Giorgos Georgiou, Raphaël Glucksmann, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Márton Gyöngyösi, Sandra Kalniete, Andrius Kubilius, Ilhan Kyuchyuk, David Lega, Nathalie Loiseau, Jaak Madison, Thierry Mariani, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Javier Nart, Urmas Paet, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Manu Pineda, Kati Piri, Diana Riba i Giner, Catherine Rowett, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Jacek Saryusz-Wolski, Radosław Sikorski, Sergei Stanishev, Hermann Tertsch, Idoia Villanueva Ruiz, Viola Von Cramon-Taubadel, Irina Von Wiese, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers, Isabel Wiseler-Lima

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Andrea Cozzolino, Arnaud Danjean, Loucas Fourlas, Jytte Guteland, Andrzej Halicki, Martin Horwood, Katrin Langensiepen, Hannah Neumann, Juozas Olekas, Kris Peeters, Bert-Jan Ruissen, Mick Wallace, Javier Zarzalejos, Bernhard Zimniok

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Heidi Hautala, Gilles Lebreton, Geoffrey Van Orden


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

48

+

ID

Bernhard Zimniok

NI

Fabio Massimo Castaldo, Márton Gyöngyösi

PPE

Alexander Alexandrov Yordanov, Traian Băsescu, Arnaud Danjean, Loucas Fourlas, Michael Gahler, Andrzej Halicki, Sandra Kalniete, Andrius Kubilius, David Lega, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Kris Peeters, Radosław Sikorski, Isabel Wiseler-Lima, Javier Zarzalejos

RENEW

Phil Bennion, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Martin Horwood, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Javier Nart, Urmas Paet, Irina Von Wiese

S&D

Maria Arena, Włodzimierz Cimoszewicz, Andrea Cozzolino, Tanja Fajon, Raphaël Glucksmann, Jytte Guteland, Sven Mikser, Juozas Olekas, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Kati Piri, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Sergei Stanishev

VERTS/ALE

Gina Dowding, Heidi Hautala, Katrin Langensiepen, Hannah Neumann, Diana Riba i Giner, Catherine Rowett, Viola Von Cramon-Taubadel

8

-

ECR

Bert-Jan Ruissen, Jacek Saryusz-Wolski, Hermann Tertsch, Geoffrey Van Orden, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers

GUE/NGL

Manu Pineda, Mick Wallace

6

0

GUE/NGL

Giorgos Georgiou, Idoia Villanueva Ruiz

ID

Susanna Ceccardi, Gilles Lebreton, Jaak Madison, Thierry Mariani

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+:i bhfabhar

-:i gcoinne

0:staonadh


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT(3.12.2019)

chuig an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um Chosaint Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais

()

鲹óé don tuairim: Tomas Tobé

ѰմÍ

Iarann an Coiste um Fhorbairt ar an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. ag meabhrú gur tír i mbéal forbartha is ea Vítneam; á chur i dtreis nach mór don infheistíocht rannchuidiú le poist ardcháilíochta a chruthú, tacú leis an ngeilleagar áitiúil agus rialacháin náisiúnta a urramú go hiomlán, lena n-áirítear ceanglais chánach, chun cuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, go háirithe SFI 1 maidir le díothú na bochtaineachta, SFI 8 maidir le hobair chuibhiúil agus SFI 10 maidir le héagothromaíochtaí laghdaithe;

2.ag cur in iúl gur díol sásaimh di é an tiomantas a léirigh na Páirtithe sa Chomhaontú um Chosaint Infheistíochta idir AE agus Vítneam i leith feabhas a chur ar rannchuidiú na trádála agus na hinfheistíochta le sprioc na forbartha inbhuanaithe ina gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil; ag aithint gur feabhas é an Córas Cúirte Infheistíochta ar na Conarthaí Déthaobhacha Infheistíochta atá ann cheana idir 21 Bhallstát de chuid an Aontais agus Vítneam maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna;

3. ag athdhearbhú ar an mbealach is láidre is féidir nach mór do na Páirtithe in IPA agus do na hinfheisteoirí a chosnaítear leis na caighdeáin agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta uile um chearta an duine a urramú, sa bhreis orthu sin a eascraíonn as dlíthe náisiúnta;

4. ag cur in iúl gur díol sásaimh di é úsáid a bheith á baint as rialacha trédhearcachta Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí Trádála Idirnáisiúnta (UNCITRAL) le haghaidh réiteach díospóidí; á chur i dtreis nach bhféadfaidh infheisteoirí cosaint cinntí dlisteanacha beartais phoiblí ná an ceart chun rialála a agóid; ag éileamh go ndéanfaí faireachán agus tuairisciú rialta do Pharlaimint na hEorpa maidir le húsáid na forála sin ag infheisteoirí Eorpacha;

5.á thabhairt dá haire go bhféadfadh sé gur cuimsithí cosaintí a thugtar d’infheisteoirí ná forbairt freagrachtaí infheisteoirí toisc go ráthaítear le IPA cearta infhorfheidhmithe d’infheisteoirí coigríche tríd an gclásal eadrána, ach nach soláthraítear sásra smachtbhannaí leis i gcás neamhchomhlíonadh caighdeán sóisialta agus comhshaoil; ag athdhearbhú gur gá cothromaíocht chóir a áirithiú sa IPA maidir le cearta agus dualgais infheisteoirí, ó thaobh caighdeáin chorparáideacha, shóisialta agus chomhshaoil agus cearta an duine i gcoitinne; á chur i bhfáth, i dtaca leis sin, a thábhachtaí atá sé sásra neamhspleách faireacháin agus gearáin a bhunú ar féidir leis na pobail dá ndéantar difear é a urghabháil agus a bhfuil an t-údarás aige rialuithe ceangailteacha a dhéanamh maidir leis an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag comhaontuithe trádála agus infheistíochta; á chur i dtreis gur gá Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas maidir le gníomhaíocht a dhéantar tríd an sásra sin mar fhreagairt ar ghearáin a bhaineann le hinfheisteoirí a bhfuil oifigí cláraithe acu in aon cheann de na Ballstáit;

6. á iarraidh ar na Páirtithe prionsabail agus ionstraimí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a chur san áireamh amhail Treoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, Prionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, agus na Prionsabail maidir le hInfheistíocht Fhreagrach arna dtacú ag na Náisiúin Aontaithe;

7. á mheabhrú nach mór forálacha CCI agus an Chomhaontaithe Saorthrádála idir AE agus Vítneam a chur chun feidhme ar bhealach comhlántach, go háirithe maidir le cearta an duine, cearta comhshaoil agus cearta sóisialta agus forbairt inbhuanaithe; á chur i dtreis gur gá, ina theannta sin, comhsheasmhacht a áirithiú le cuspóirí sin an chomhair um fhorbairt faoi Airteagal 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);


NÓS IMEACHTA – COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

An Comhaontú um Chosaint Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile

ղí

An Coiste Freagrach

INTA

Tuairim ó

Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

DEVE

24.10.2019

鲹óé

Dáta an cheapacháin

Tomas Tobé

4.9.2019

Pléite sa choiste

5.9.2019

8.10.2019

Dáta a ghlactha

3.12.2019

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

17

7

0

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Hildegard Bentele, Dominique Bilde, Charles Goerens, Mónica Silvana González, Pierrette Herzberger-Fofana, György Hölvényi, Martin Horwood, Rasa Juknevičienė, Beata Kempa, Pierfrancesco Majorino, Lukas Mandl, Norbert Neuser, Michèle Rivasi, Louis Stedman-Bryce, Marc Tarabella, Tomas Tobé, Miguel Urbán Crespo, Chrysoula Zacharopoulou, Bernhard Zimniok

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alessandra Basso, Stéphane Bijoux, Marlene Mortler, Caroline Roose, Patrizia Toia


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

17

+

ECR

Beata Kempa

ID

Bernhard Zimniok

PPE

Hildegard Bentele, György Hölvényi, Rasa Juknevičienė, Lukas Mandl, Marlene Mortler, Tomas Tobé

RENEW

Stéphane Bijoux, Charles Goerens, Martin Horwood, Chrysoula Zacharopoulou

S&D

Mónica Silvana González, Pierfrancesco Majorino, Norbert Neuser, Marc Tarabella, Patrizia Toia

7

-

GUE/NGL

Miguel Urbán Crespo

ID

Alessandra Basso, Dominique Bilde

NI

Louis Stedman-Bryce

VERTS/ALE

Pierrette Herzberger-Fofana, Michèle Rivasi, Caroline Roose

0

0

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+:i bhfabhar

-:i gcoinne

0:staonadh


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

An Comhaontú um Chosaint Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht Shóisialach Vítneam, den pháirt eile

ղí

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

17.1.2019

An Coiste Freagrach

Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

INTA

24.10.2019

Ǿí ar iarradh tuairim uathu

Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

AFET

24.10.2019

DEVE

24.10.2019

鲹óé/鲹óéí

Dáta an cheapacháin

Geert Bourgeois

23.9.2019

鲹óéí roimhe seo

Jan Zahradil

Pléite sa choiste

2.10.2019

6.11.2019

3.12.2019

Dáta a ghlactha

21.1.2020

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

27

7

5

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nikos Androulakis, Anna-Michelle Asimakopoulou, Tiziana Beghin, Geert Bourgeois, Anna Cavazzini, Ellie Chowns, Miroslav Číž, Arnaud Danjean, Nicola Danti, Emmanouil Fragkos, Barbara Ann Gibson, Enikő Győri, Roman Haider, Christophe Hansen, Heidi Hautala, Danuta Maria Hübner, Karin Karlsbro, Jude Kirton-Darling, Maximilian Krah, Danilo Oscar Lancini, Bernd Lange, Emmanuel Maurel, Samira Rafaela, Luisa Regimenti, Inma Rodríguez-Piñero, Massimiliano Salini, Helmut Scholz, Liesje Schreinemacher, Sven Simon, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt, Marie-Pierre Vedrenne, Jörgen Warborn, James Wells, Iuliu Winkler, Jan Zahradil

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Saskia Bricmont, Angelika Winzig

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Jordi Cañas

Dáta don chur síos

27.1.2020


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

27

+

ECR

Geert Bourgeois, Emmanouil Fragkos, Jan Zahradil

ID

Maximilian Krah

PPE

Anna-Michelle Asimakopoulou, Arnaud Danjean, Enikő Győri, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Massimiliano Salini, Sven Simon, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Angelika Winzig

RENEW

Jordi Cañas, Barbara Ann Gibson, Karin Karlsbro, Samira Rafaela, Liesje Schreinemacher, Marie-Pierre Vedrenne

S&D

Nikos Androulakis, Miroslav Číž, Nicola Danti, Bernd Lange, Inma Rodríguez-Piñero, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt

7

-

GUE/NGL

Emmanuel Maurel, Helmut Scholz

S&D

Jude Kirton-Darling

VERTS/ALE

Saskia Bricmont, Anna Cavazzini, Ellie Chowns, Heidi Hautala

5

0

ID

Roman Haider, Danilo Oscar Lancini, Luisa Regimenti

NI

Tiziana Beghin, James Wells

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+:i bhfabhar

-:i gcoinne

0:staonadh

An nuashonrú is déanaí: 7 Feabhra 2020
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais