Ϸվ

ճܲá - A9-0194/2020ճܲá
A9-0194/2020

TUARASCÁILmaidir le leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta chun feidhmiú na Parlaiminte in imthosca neamhghnácha a áirithiú

16.10.2020-()

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla
Rapóirtéir: Gabriele Bischoff


Nós Imeachta:
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe:
A9-0194/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0194/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta chun feidhmiú na Parlaiminte in imthosca neamhghnácha a áirithiú

()

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint do Rialacha 236 agus 237 dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0194/2020),

1.á chinneadh a Rialacha Nós Imeachta a leasú de réir mar a léirítear anseo thíos;

2.á chur i bhfáth go bhfuil sé léirithe ag an ngéarchéim shláintíochta a tháinig as paindéim COVID-19 go bhfuil gá le nósanna imeachta níos forbartha ina Rialacha Nós Imeachta chun feidhmiú neamhtheoranta na Parlaiminte i gcineálacha éagsúla imthosca neamhghnácha a áirithiú;

3.á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na bearta sealadacha a ghlac a hUachtarán agus a comhlachtaí rialaithe, i gcomhréir leis an smacht reachta, sa ghéarchéim shláintíochta atá ann faoi láthair chun dul i ngleic leis na himthosca neamhghnácha sin; á chur i bhfáth nach raibh aon rogha eile ann ach na bearta sin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go leanfaí de ghnó na Parlaiminte de réir mar a cheanglaítear sna Conarthaí agus gurbh fhéidir leis an bParlaimint dá mbarr a cuid feidhmeanna reachtacha, buiséadacha agus rialaithe pholaitiúil a chur i gcrích le linn na géarchéime i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear sna Conarthaí;

4.á chur i bhfáth go raibh údar iomlán cuí leis na bearta sealadacha sin agus gur áirithíodh leo bailíocht na vótaí uile a caitheadh le linn thréimhse a gcur i bhfeidhm;

5.ag meabhrú a thábhachtaí atá sé a áirithiú, chomh fada agus is féidir, go ndéanfar socruithe iomchuí do na 𾱲í atá faoi mhíchumas agus dá bhfoireann fad atá an Pharlaimint ag feidhmiú in imthosca neamhghnácha;

6.á mheas gur cheart na leasuithe a léirítear thíos a ghlacadh i gcomhréir le nósanna imeachta caighdeánacha;

7.á chinneadh go dtiocfaidh na leasuithe sin i bhfeidhm an chéad lá tar éis lá a nglactha;

8.á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta mar eolas.

𲹲ú1

Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

Teideal XIII a (nua)

An téacs atá ann

𲹲ú

TEIDEAL XIIIa: IMTHOSCA NEAMHGHNÁCHA

𲹲ú2

Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

Riail 237 a (nua)

An téacs atá ann

𲹲ú

Riail237 a

Bearta urghnácha

1.Tá feidhm ag an Riail seo maidir le cásanna ina gcuirtear bac ar Pharlaimint na hEorpa, de dheasca imthosca eisceachtúla agus imthosca nárbh fhéidir a thuar nach bhfuil neart aici orthu, a cuid dualgas a chomhlíonadh agus a cuid sainchumas a fheidhmiú faoi na Conarthaí agus ina bhfuil gá le maolú sealadach ar ghnáthnósanna imeachta na Parlaiminte a leagtar amach in áiteanna eile sna Rialacha seo chun bearta urghnácha a ghlacadh chun gur féidir léi leanúint de na dualgais sin a chomhlíonadh agus na sainchumais sin a fheidhmiú.

Measfar gurb ann d’imthosca neamhghnácha den sórt sin i gcás ina gcinneann an tUachtarán, ar bhonn fianaise iontaofa arna deimhniú, i gcás inarb iomchuí, ag seirbhísí na Parlaiminte, go bhfuil sé nó go mbeidh sé dodhéanta nó contúirteach, ar chúiseanna slándála nó sábháilteachta nó de bharr nach bhfuil modhanna teicniúla ar fáil, ag an bParlaimint comóradh i gcomhréir lena cuid gnáthnósanna imeachta mar a leagtar amach iad in áiteanna eile sna Rialacha seo agus i gcomhréir lena féilire arna ghlacadh.

2.I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i mír1, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh, le formheas Chomhdháil na nUachtarán, ceann amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear i mír3 a chur i bhfeidhm.

Más rud é, ar chúiseanna mórphráinne, nach féidir le Comhdháil na nUachtarán comóradh i bpearsa nó go fíorúil, féadfaidh an tUachtarán a chinneadh ceann amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear i mír3 a chur i bhfeidhm. Titfidh an cinneadh sin ar lár cúig lá tar éis a ghlactha mura rud é go ndéanfaidh Comhdháil na nUachtarán é a fhormheas laistigh den tréimhse sin.

Tar éis cinneadh ón Uachtarán, arna fhormheas ag Comhdháil na nUachtarán, féadfaidh 𾱲í nó grúpa nó grúpaí polaitiúla a shroicheann an mheántairseach ar a laghad a iarraidh, aon tráth, go ndéanfaí cuid de na bearta nó na bearta go léir dá bhforáiltear sa chinneadh sin a chur faoi bhráid na Parlaiminte ceann ar cheann lena bhformheas gan díospóireacht. Déanfar an vótáil i suí iomlánach a chur isteach ar chlár oibre an chéad suí tar éis an lae ar cuireadh síos an iarraidh. Ní fhéadfar aon leasú a chur síos. Mura bhfaigheann beart tromlach na vótaí a chaitear, titfidh sé ar lár tar éis dheireadh an pháirtseisiúin. Ní fhéadfaidh beart a fhormheasfaidh an suí iomlánach a bheith ina ábhar vótála eile le linn an pháirtseisiúin chéanna.

3.Féadfar a fhoráil leis an gcinneadh dá dtagraítear i mír2 do na bearta iomchuí go léir lena dtugtar aghaidh ar na himthosca neamhghnácha dá dtagraítear faoi mhír1, agus go háirithe do na bearta seo a leanas:

(a) páirtseisiún, suí nó cruinniú coiste atá sceidealta a chur siar go dtí dáta níos déanaí agus/nó cruinnithe de thoscaireachtaí idirpharlaiminteacha agus de chomhlachtaí eile a chur ar ceal nó a theorannú;

(b) páirtseisiún, suí nó cruinniú coiste a aistriú ó shuíomh na Parlaiminte go dtí ceann dá háiteanna oibre nó go háit sheachtrach nó ó cheann dá háiteanna oibre go dtí suíomh na Parlaiminte, go dtí ceann d’áiteanna oibre eile na Parlaiminte nó go háit sheachtrach;

(c) páirtseisiún nó suí a thionól in áitreabh na Parlaiminte ach go hiomlán nó go páirteach i seomraí cruinnithe ar leithligh lenar féidir scaradh fisiciúil iomchuí a choinneáil;

(d) páirtseisiún, suí nó cruinniú de chomhlachtaí na Parlaiminte a thionól faoin gcóras rannpháirtíochta cianda a leagtar síos i Riail237c;

(e) i gcás nach ndéanfar leigheasanna leordhóthanacha ar na himthosca neamhghnácha atá á mbreithniú a chur ar fáil leis an sásra ionadaíochta ad hoc a leagtar síos i Riail209(7), 𾱲í a ionadú go sealadach i gcoiste ag grúpaí polaitiúla, mura rud é go mbeidh an Feisire lena mbaineann ina choinne.

4.Beidh teorainn ama ag gabháil le cinneadh dá dtagraítear i mír2 agus luafar ann na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe. Tiocfaidh sé i bhfeidhm tráth a fhoilsithe ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte nó, mura féidir é a fhoilsiú ansin de dheasca na n-imthosca, tríd an modh is fearr atá ar fáil.

Cuirfear an cinneadh in iúl do gach Feisire ina nduine agus ina nduine freisin gan mhoill.

Féadfaidh an tUachtarán an cinneadh a athnuachan i gcomhréir leis an nós imeachta faoi mhír2 aon uair amháin nó níos mó ar feadh tréimhse theoranta. Luafar sa chinneadh athnuachana na príomhchúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe.

Déanfaidh an tUachtarán cinneadh arna ghlacadh faoin Riail seo a chúlghairm a luaithe a bheidh deireadh leis na himthosca neamhghnácha dá dtagraítear i mír1 arb iad ba chúis lena ghlacadh.

5.Ní chuirfear an Riail seo i bhfeidhm ach amháin mar rogha dheireanach, agus ní dhéanfar ach na bearta sin a bhfuil fíorghá leo chun aghaidh a thabhairt ar na himthosca neamhghnácha atá á mbreithniú a roghnú agus a chur i bhfeidhm.

Agus an Riail seo á cur i bhfeidhm, tabharfar aird chuí, go háirithe, ar phrionsabal an daonlathais ionadaíoch, ar phrionsabal na córa comhionainne idir na 𾱲í, ar cheart na bh𾱲í a sainordú parlaiminteach a fheidhmiú gan bhac, lena n-áirítear a gcearta a eascraíonn ó Riail167 agus vótáil de lánrogha, ar a gconlán féin agus i bpearsa, agus ar Phrótacal Uimh.6 a ghabhann leis na Conarthaí.

𲹲ú3

Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

Riail 237 b (nua)

An téacs atá ann

𲹲ú

Riail 237b

Cur isteach ar an gcóimheá pholaitiúil sa Pharlaimint

1.Féadfaidh an tUachtarán, le formheas Chomhdháil na nUachtarán, bearta a ghlacadh a bhfuil gá leo chun rannpháirtíocht na bh𾱲í nó grúpa pholaitiúil lena mbaineann a éascú, más rud é, ar bhonn fianaise iontaofa, go gcinnfidh an tUachtarán go bhfuil an chóimheá pholaitiúil sa Pharlaimint lagaithe go mór mar nach féidir le líon suntasach 𾱲í nó grúpa polaitiúil a bheith rannpháirteach in imeachtaí na Parlaiminte i gcomhréir lena cuid gnáthnósanna imeachta mar a leagtar amach iad in áiteanna eile sna Rialacha seo, ar chúiseanna slándála nó sábháilteachta nó de bharr nach bhfuil modhanna teicniúla ar fáil.

Is é an t-aon aidhm atá leis na bearta sin ná a chur ar chumas na bh𾱲í lena mbaineann a bheith rannpháirteach go cianda trí mhodhanna teicniúla roghnaithe a chur i bhfeidhm faoi Riail237c(1) nó trí mhodhanna iomchuí eile a bhfuil an cuspóir céanna leo.

2.Féadfar bearta faoi mhír1 a ghlacadh chun tairbhe líon suntasach 𾱲í más rud é nach mbeidh siad rannpháirteach mar thoradh ar imthosca eisceachtúla agus imthosca nárbh fhéidir a thuar nach bhfuil neart acu orthu a tharlaíonn i gcomhthéacs réigiúnach.

Féadfar bearta faoi mhír 1 a ghlacadh freisin chun tairbhe comhaltaí de ghrúpa polaitiúil más rud é gur iarr an grúpa sin iad i gcás nach mbeidh an grúpa sin rannpháirteach mar thoradh ar imthosca eisceachtúla agus imthosca nárbh fhéidir a thuar nach bhfuil neart ag an ngrúpa sin orthu.

3.Beidh feidhm dá réir sin ag an dara fomhír agus an tríú fomhír de Riail237a(2) agus ag na rialacha agus na prionsabail a leagtar síos i Riail237a(4) agus (5).

𲹲ú4

Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

Riail 237 c (nua)

An téacs atá ann

𲹲ú

Riail237 c

Córas rannpháirtíochta cianda

1.I gcás ina gcinnfidh an tUachtarán, i gcomhréir le pointe(d) de Riail237a(3), an córas rannpháirtíochta cianda a chur i bhfeidhm, féadfaidh an Pharlaimint a cuid imeachtaí a sheoladh go cianda, inter alia, trí chead a thabhairt do na 𾱲í go léir cuid dá gcearta parlaiminteacha a fheidhmiú trí mheán leictreonach.

I gcás ina gcinnfidh an tUachtarán i gcomhréir le Riail237b go bhfuil modhanna teicniúla roghnaithe faoin gcóras rannpháirtíochta cianda le húsáid, ní bheidh feidhm ag an Riail seo ach amháin a mhéid is gá agus maidir leis na 𾱲í lena mbaineann.

2.Áiritheofar leis an gcóras rannpháirtíochta cianda:

– go mbeidh na 𾱲í in ann a sainordú parlaiminteach a fheidhmiú, lena n-áirítear, go háirithe, a gceart labhairt i suí iomlánach agus sna coistí, vótáil agus téacsanna a chur síos, gan bhac;

– go gcaithfidh na 𾱲í a gcuid vótaí ar a gconlán féin agus i bpearsa;

– go mbeidh na 𾱲í in ann, tríd an gcóras cianvótála, gnáthvótaí, vótaí le glaoch rolla agus ballóidí rúnda a chaitheamh agus a fhíorú gur áiríodh a gcuid vótaí mar vótaí atá caite;

– go gcuirfear córas vótála aonfhoirmeach i bhfeidhm maidir leis na 𾱲í go léir, cibé acu a bheidh siad i láthair in áitreabh na Parlaiminte nó nach mbeidh;

– go gcuirfear Riail167 i bhfeidhm a mhéid is féidir;

– go mbeidh na réitigh teicneolaíochta faisnéise a chuirfear ar fáil do na 𾱲í agus dá bhfoireann ‘neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de’;

– go mbeidh na 𾱲í rannpháirteach i ndíospóireachtaí parlaiminteacha agus vótaí trí úsáid a bhaint as modhanna leictreonacha slána a ndéanann seirbhísí na Parlaiminte bainistiú agus maoirseacht orthu go díreach agus go hinmheánach.

3.Agus an cinneadh dá dtagraítear i mír1 á dhéanamh aige, cinnfidh an tUachtarán an bhfuil feidhm ag an gcóras sin maidir le feidhmiú chearta na bh𾱲í le linn an tsuí iomlánaigh amháin, nó an bhfuil feidhm aige freisin maidir le feidhmiú chearta na bh𾱲í i gcoistí agus/nó comhlachtaí eile na Parlaiminte.

Cinnfidh an tUachtarán freisin ina chinneadh nó ina cinneadh conas a dhéanfar cearta agus cleachtais nach féidir a fheidhmiú go hiomchuí gan na 𾱲í a bheith i láthair go fisiciúil a oiriúnú ar feadh ré an chórais.

Baineann na cearta agus na cleachtais sin, inter alia, leis an méid seo a leanas:

– an chaoi a gcomhairtear an freastal ar shuí nó ar chruinniú;

– na coinníollacha faoina ndéantar iarraidh ar sheiceáil an chóraim;

– téacsanna a chur síos;

– iarrataí ar vótáil dheighilte nó ar vótáil ar leithligh;

– an t-am labhartha a leithdháileadh;

– díospóireachtaí a sceidealú;

– leasuithe ó bhéal a thíolacadh agus agóid a dhéanamh ina n-aghaidh;

– ord na vótaí;

– na spriocdhátaí agus na teorainneacha ama le haghaidh an clár oibre agus tairiscintí nós imeachta a shocrú.

4.Chun forálacha na Rialacha a bhaineann leis an gcóram agus vótáil sa Seomra a chur i bhfeidhm, measfar 𾱲í atá rannpháirteach go cianda a bheith i láthair go fisiciúil sa Seomra.

De mhaolú ar Riail171(11), féadfaidh 𾱲í nár labhair i ndíospóireacht ráiteas i scríbhinn a thabhairt isteach uair amháin in aghaidh an tsuí agus cuirfear an ráiteas sin mar aguisín leis an tuarascáil focal ar fhocal ar an díospóireacht.

Cinnfidh an tUachtarán, i gcás inar gá, an bealach a bhféadfaidh na 𾱲í an Seomra a úsáid le linn an córas rannpháirtíochta cianda a bheith á chur i bhfeidhm, agus go háirithe an líon uasta 𾱲í is féidir a bheith i láthair go fisiciúil.

5.I gcás ina gcinnfidh an tUachtarán, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír de mhír3, an córas rannpháirtíochta cianda a chur i bhfeidhm maidir le coistí nó comhlachtaí eile, beidh feidhm mutatis mutandis ag an gcéad fhomhír de mhír4.

6.Glacfaidh an Biúró bearta a bhaineann le hoibriú agus slándáil na modhanna leictreonacha a úsáidfear faoin Riail seo, i gcomhréir leis na ceanglais agus na caighdeáin a leagtar síos i mír2.

𲹲ú5

Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa

Riail 237 d (nua)

An téacs atá ann

𲹲ú

Riail 237d

An seisiún iomlánach a thionól i seomraí cruinnithe ar leithligh

I gcás ina gcinnfidh an tUachtarán, i gcomhréir le pointe(c) de Riail237a(3), cead a thabhairt go dtionólfaí seisiún iomlánach den Pharlaimint go hiomlán nó go páirteach i níos mó ná aon seomra cruinnithe amháin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an seomra tionóil, beidh feidhm ag na rialacha seo a leanas:

measfar gurb ionann na seomraí cruinnithe le chéile a úsáidfear sa chomhthéacs sin agus an Seomra;

féadfaidh an tUachtarán, más gá, cinneadh a dhéanamh faoin mbealach ar féidir úsáid a bhaint as na seomraí cruinnithe faoi seach, chun a áirithiú go n-urramófar na ceanglais maidir le scaradh fisiciúil.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

12.10.2020

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

25

0

3

𾱲í a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gerolf Annemans, Gabriele Bischoff, Damian Boeselager, Geert Bourgeois, Fabio Massimo Castaldo, Leila Chaibi, Włodzimierz Cimoszewicz, Gwendoline Delbos-Corfield, Pascal Durand, Daniel Freund, Charles Goerens, Esteban González Pons, Sandro Gozi, Brice Hortefeux, Laura Huhtasaari, Giuliano Pisapia, Paulo Rangel, Antonio Maria Rinaldi, Domènec Ruiz Devesa, Helmut Scholz, Antonio Tajani, László Trócsányi, Mihai Tudose, Loránt Vincze, Rainer Wieland

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Jorge Buxadé Villalba, Sophia in ‘t Veld, Miapetra Kumpula-Natri


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

25

+

GUE/NGL

Leila Chaibi, Helmut Scholz

ID

Gerolf Annemans, Laura Huhtasaari, Antonio Maria Rinaldi

NI

Fabio Massimo Castaldo

PPE

Esteban González Pons, Brice Hortefeux, Paulo Rangel, Antonio Tajani, Loránt Vincze, Rainer Wieland

RENEW

Pascal Durand, Charles Goerens, Sandro Gozi, Sophia in 't Veld

S&D

Gabriele Bischoff, Włodzimierz Cimoszewicz, Miapetra Kumpula Natri, Giuliano Pisapia, Domènec Ruiz Devesa, Mihai Tudose

VERTS/ALE

Damian Boeselager, Gwendoline Delbos Corfield, Daniel Freund

0

-

3

0

ECR

Geert Bourgeois, Jorge Buxadé Villalba

PPE

László Trócsányi

Eochair:

+:i bhfabhar

-:i gcoinne

0:staonadh

An nuashonrú is déanaí: 11 Samhain 2020
Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais