TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINmaidir le buiséad an Aontais Eorpaigh i dtaca le slándáil
29.10.2018
Dominique Martin
8‑0513/2018
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le buiséad an Aontais Eorpaigh i dtaca le slándáil
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint d’Airteagal 133 dá Rialacha Nós Imeachta,
A.de bhrí go meastar gurb ionann buiséad na Parlaiminte agus 1.90 billiún euro sa bhliain agus gurb ionann buiséad an Aontais Eorpaigh agus 1,100 billiún euro thar 7 mbliana[1];
B.de bhrí go moltar i mbuiséad 2021-2027 an buiséad a roinnt trí 2.2 billiún[2] a leithdháileadh ar shlándáil inmheánach agus 100 billiún[3] ar an mBeartas Comharsanachta (!);
C.de bhrí, chun é a chur ar bhealach eile, go mbreathnaíonn sé go bhfuil dea-chaidreamh leis an Úcráin ina thosaíocht níos mó ag an Aontas Eorpach ná mar atá slándáil na bhFrancach agus na n-Eorpach, ainneoin baol sceimhlitheoireachta atá uileláithreach;
D.de bhrí nach bhfuil aon easpa samplaí anchúiseacha ann, ann an 200 milliún euro a caitheadh i Maracó cé go bhfuil saibhreas pearsanta measta de 6 billiún euro ag an rí;
1.á iarraidh ar an gCoimisiún leithdháileadh na gcistí sin a athchothromú sa chaoi is go mbeidh an buiséad arna leithdháileadh ar shlándáil inmheánach níos mó;
2.á iarraidh ar an gCoimisiún go mbeadh na buiséid arna leithdháileadh ar shlándáil níos mó ná na buiséid arna mbronnadh ar an mBeartas Comharsanachta[4].
- [1] 1,134,583 milliún euro i ngealltanais agus 1,104,805 milliún euro in íocaíochtaí.
- [2]
- [3] Ní chuirimid san áireamh an chabhair dhaonnúil a bhfuilimid fabhrach ina leith (prionsabal na dlúthpháirtíochta).
- [4] Murab ionann agus na céatadáin reatha: 2.1% ar chosaint agus slándáil agus 9.6% ar an mBeartas Comharsanachta!