TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINmaidir le próiseas aontachais na Tuirce leis an Aontas Eorpach a scor go buan
20.5.2020
Julie Lechanteux
9‑0163/2020
Tairiscint i gcomhair rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le próiseas aontachais na Tuirce leis an Aontas Eorpach a scor go buan
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint do Riail143 dá Rialacha Nós Imeachta,
A.de bhrí gur cháin airí gnóthaí stáit de chuid an Aontais Eorpaigh, i ráiteas uathu an 15Bealtaine2020, cinneadh na Tuirce chun druileáil thaiscéalaíoch ola agus gáis a dhéanamh sa Mheánmhuir i limistéar eacnamaíoch eisiaimh na Cipire;
B.de bhrí gur cheart don Tuirc, de réir an ráitis dá dtagraítear thuas, ‘bagairtí agus gníomhaíochtaí a bhainfeadh an bonn den dea-chaidreamh comharsanachta a sheachaint’ agus, ina áit sin, ‘ba cheart di urraim a thabhairt don dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear dlí na farraige, agus go háirithe don cheannasacht atá ag Ballstáit uile an Aontais ar a bhfarraigí críochacha chomh maith lena gcearta ceannasacha uile ina gcriosanna muirí, lena n-áirítear criosanna muirí i ngeall ar na hoileáin, agus staonadh ó cheannasacht na mBallstát ar a n-aerspás a shárú’;
C.de bhrí, le roinnt de bhlianta anuas, go bhfuil beartas pain-Ioslamaíoch agus neo-Otamánach ag an Tuirc sna Balcáin, sa Mheánoirthear agus san Áise Láir, atá i gcodarsnacht go follasach le leasanna na hEorpa;
1.ag tathant ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh próiseas aontachais na Tuirce leis an Aontas Eorpach a scor go buan;
2.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gCoimisiún.