MOLADH LE hAGHAIDH CINNEADHgan aon agóidí a dhéanamh in aghaidh rialachán tarmligthe an Choimisiúin an 28 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 an 26 Deireadh Fómhair 2015, lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála do luacháil stuama faoi Airteagal 105 (14) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
10.6.2020-(C(2020)03428 - )
An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
An Feisire freagrach: Irene Tinagli
9‑0183/2020
Dréachtchinneadh ó Pharlaimint na hEorpa gan aon agóidí a dhéanamh in aghaidh rialachán tarmligthe an Choimisiúin an 28 Bealtaine 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/101 an 26 Deireadh Fómhair 2015, lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála do luacháil stuama faoi Airteagal 105 (14) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
(C(2020)03428 - )
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint do Rialachán tarmligthe ón gCoimisiún (C(2020)03428),
–ag féachaint don litir ón gCoimisiúin an 29 Bealtaine 2020 ag iarraidh ar an bParlaimint a dhearbhú nach ndéanfaidh sí aon agóidí i gcoinne an rialacháin tharmligthe,
–ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta chuig Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gǾí an 9 Meitheamh 2020,
–ag féachaint d’Airteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta d’institiúidí creidmheasa agus do ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012[1], agus go háirithe Airteagal 105(14 ) de,
–ag féachaint d’Airteagal 13 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún[2],
–ag féachaint don dréachchaighdeán rialála teicniúil arna chur isteach ag an Údarás Baincéireacht Eorpach (ÚBE/RTS/2020/04) an 22 Aibreán 2020 de bhun Airteagal 105(14) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013,
–ag féachaint do Riail111(6) dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don mholadh le haghaidh cinneadh ón gCoiste um Ghnóthais Eacnamaíocha agus Airgeadaíochta,
A.de bhrí go ndéantar leis an ngníomh tarmligthe an creat baincéireachta stuamachta a leasú mar fhreagairt ar ráig COVID-19 , go háirithe chun maolú a dhéanamh ar thionchair na luaineachta ollmhóire sa mhargadh ar an gcreat luachála stuama, méadaítear an factóir comhiomlánaithe a úsáidtear leis an ngníomh tarmligthe chun méid na gcoigeartuithe luachála breise iomlána (AVA) faoin ‘gcur chuige lárnach’ ó 50% go 66% go dtí an 31 Nollaig 2020 chun lamháil do na hinstitiúidí an ceann is fearr a fháil ar an luaineacht ollmhór reatha sa mhargadh. laghdódh sé sin méid iomlán na AVAnna, agus dá bhrí sin laghdófaí an méid a d’asbhainfí ó chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 (CETI) na in-institiúidí;
B.de bhrí gur cheart an gníomh tarmligthe teacht i bhfeidhm chomh luath agus is féidir chun faoiseamh caipitil tapa a áirithiú d'institiúidí fós le linn na ráithe seo agus go dtí deireadh na bliana;
1.á dhearbhú nach bhfuil aon agóidí aige in aghaidh an rialacháin tharmligthe;
2.á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.