TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚINar an ngéarú ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
3.10.2022-()
de bhun Riail132(2) de na Rialacha Nós Imeachta
Petras Auštrevičius, Nicola Beer, Dita Charanzová, Olivier Chastel, Bart Groothuis, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Karin Karlsbro, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Karen Melchior, Dragoş Pîslaru, Michal Šimečka, Nicolae Ştefănuță, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache, Hilde Vautmans, Frédérique Ries
thar ceann an Ghrúpa Renew
Féach freisin comhthairiscint i gcomhair rúinRC-B9-0430/2022
9‑0432/2022
Rún ó Pharlaimint na hEorpa ar an ngéarú ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an Rúis agus leis an Úcráin,
–ag féachaint don dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh an 28 Meán Fómhair 2022 maidir leis na ‘reifrinn’ bhréagacha neamhdhleathacha arna reáchtáil ag an Rúis i réigiúin Donetsk, Kherson, Luhansk agus Zaporizhzhia,
–ag féachaint don ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí agus do theachtaireacht an Uachtaráin Charles Michel an 30 Meán Fómhair 2022 maidir le hionghabháil neamhdhleathach na Rúise ar réigiúin na hÚcráine,
–ag féachaint don ráiteas ó Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh an 22 Meán Fómhair 2022 maidir leis na ‘reifrinn’, mar a thugtar orthu, i gcodanna den Úcráin,
–ag féachaint do ráiteas G7 an 27 Meitheamh 2022 maidir le tacaíocht don Úcráin, do ráiteas airí airgeadais G7 an 2 Meán Fómhair 2022 maidir le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus do ráiteas airí gnóthaí eachtracha G7 an 30 Meán Fómhair 2022 maidir le ionghabháil neamhdhleathach chríoch cheannasach na hÚcráine,
–ag féachaint don dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh maidir le sceitheadh i bpíblínte gáis Nord Stream an 28 Meán Fómhair 2022,
–ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe agus d’Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí 1975 agus do dhoiciméid ina dhiaidh sin,
–ag féachaint do bheartas AE mar fhreagairt ar an ngéarchéim san Úcráin, lena n-áirítear a bhearta sriantacha, atá i bhfeidhm ó 2014,
–ag féachaint do Riail132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A.de bhrí gur lean Cónaidhm na Rúise dá hionsaithe míleata gan chúis agus gan údar i gcoinne na hÚcráine le míonna beaga anuas; de bhrí gur chaill an Rúis cuid shuntasach de na críocha a bhí faoi fhorghabháil aici i réigiún Kharkiv na hÚcráine agus i réigiúin eile in oirthear na hÚcráine mar thoradh ar fhrith-ionsaí rathúil na hÚcráine a seoladh go luath i mí Mheán Fómhair 2022;
B.de bhrí gur leag ECAT béim ina ráiteas an 22 Meán Fómhair 2022 go bhfuil freagracht iomlán ar an Rúis as an gcogadh agus nach mór don Rúis stop a chur láithreach leis an gcogadh sin agus tarraingt siar ón Úcráin;
C.de bhrí, go gairid tar éis fhrith-ionsaí rathúil na hÚcráine, gur fhógair oifigigh arna n-insealbhú ag an Rúis i réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson go n-eagrófaí ‘reifrinn’, mar a thugtar orthu, maidir le hionghabháil ag an Rúis ar na réigiún sin atá faoi fhorghabháil na Rúise;
D.de bhrí gur tharla na ‘reifrinn’ bhréagacha seo, arna n-eagrú faoi dheifir, idir an 23 agus an 27 Meán Fómhair 2022 i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil ag an Rúis agus sa Rúis, agus gur fhógair údaráis na Rúise céatadáin réamhordaithe agus ró-ard de rátálacha vótála agus formheasta le haghaidh na hionghabhála ag an Rúis; de bhrí gur áiríodh sa phróiseas vótála mí-úsáid shistéamach ar chearta an duine agus ar imeaglú, go háirithe saighdiúirí armtha Rúiseacha a bheith ann; de bhrí go léiríonn na ‘reifrinn’ bhréagacha seo cosúlachtaí leis an reifreann a d’eagraigh an Rúis sa Chrimé tar éis dó seilbh a ghabháil ar an leithinis go luath in 2014;
E.de bhrí gur fhógair Vladimir Putin go hoifigiúil, Dé hAoine, an 30 Meán Fómhair, ionghabháil fhoirmiúil réigiúin Donetsk, Luhansk, Zaporizhzhia agus Kherson, ar neamhchead soiléir don dlí idirnáisiúnta; de bhrí gur aisiompaigh an Rúis a cinneadh i mí Feabhra 2022 aitheantas a thabhairt do réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine atá faoi fhorghabháil ag an Rúis mar ‘stáit neamhspleácha’, agus, ina ionad sin, gur ionghabháil siad an dá ‘dhaonphoblacht’ sin chomh maith le réigiúin Zaporizhzhia agus Kherson, atá faoi fhorghabháil pháirteach aici; de bhrí go bhfuil reachtóirí na Rúise chun scrúdú a dhéanamh ar ionghabháil neamhdhleathach na gceithre réigiún Úcránacha an tseachtain seo; de bhrí, de réir ráitis iomadúla ó oifigigh na Rúise, go bhfuil sé ar intinn ag an Rúis ionsaí i gcoinne na Rúise a chur i leith na hÚcráine i ndiaidh na n-ionghabhálacha sin agus í ag iarraidh a ceithre chríoch a athbhunú trí rinn agus fhaobhar, agus roinnt oifigeach Rúiseach ag bagairt go n-úsáidfear airm núicléacha;
F.de bhrí, mar a mheabhraigh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Gutteres, gur sárú ar Phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar an dlí idirnáisiúnta é aon ionghabháil a dhéanann Stát ar chríoch Stáit eile mar thoradh ar fhorneart a bhagairt nó a úsáid;
G.de bhrí gur coir thromchúiseach idirnáisiúnta per se é bagairtí Putin airm núicléacha a úsáid;
H.de bhrí gur fhógair an tUachtarán Vladimir Putin, an 21 Meán Fómhair 2022, lá amháin tar éis na ‘reifrinn’ a fhógairt, slógadh trúpaí sa Rúis a bhí ag iarraidh 300 000 Rúiseach a shlógadh, le tuairisciú go gceadófaí 1 nó 1.2 milliún cúltacaithe a choinscríobh le hairteagal rúnda den fhoraithne slógtha;
I.de bhrí gur eascair agóidí as an bhfógra maidir le slógadh na Rúise, agus ghabh údaráis na Rúise níos mó ná 2400 léirsitheoir go dtí seo; de bhrí, ó fógraíodh an slógadh, gur theith na céadta míle Rúiseach ón Rúis chun éalú ó choinscríobh;
J.de bhrí go bhfuil sé de fhreagracht ar an Eoraip a bheith ullamh do chliseadh féideartha Chónaidhm uathlathach na Rúise agus fís an daonlathais a chur ar fáil do mhuintir na Rúise;
K.de bhrí gur aimsíodh roinnt olluaigheanna, lena n-áirítear láithreán amháin ina raibh 440 corp ar a laghad, i gcathair Izium na hÚcráine tar éis d’fhórsaí na hÚcráine é a shaoradh, agus ba chosúil go raibh bás foréigneach ag formhór na marbh, agus 30 acu a raibh rian de chéasadh agus de bhású achomair orthu;
L.de bhrí, le laethanta beaga anuas, gur buaileadh ag ionsaí sliogán arís suíomh Ghléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhia, an gléasra cumhachta núicléiche is mó san Eoraip, rud a leagann béim ar an staid slándála neamhchinnte atá ag an ngléasra, atá fós faoi fhorghabháil mhíleata na Rúise;
M.de bhrí, an 26 agus an 29 Meán Fómhair 2022, gur aimsíodh roinnt sceitheadh ollmhór gáis ar phíblínte Nord Stream 1 agus 2 i Muir Bhailt, laistigh de limistéir eacnamaíocha na Danmhairge agus na Sualainne; de bhrí gur cosúil gur pléascanna d’aon ghnó ba chúis leis an sceitheadh;
N.de bhrí go bhfuil smachtbhannaí AE ar an Rúis ag obair agus go raibh tionchar acu ar an réimeas agus ar gheilleagar na Rúise, agus gur cheart, dá bhrí sin, leanúint leo agus iad a mhéadú go diongbháilte.
1.ag cáineadh, go neamhbhalbh, chogadh foghach Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le rannpháirtíocht na Bealarúise sa chogadh sin, agus á éileamh go gcuirfeadh an Rúis deireadh láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin; ag cur a dlúthpháirtíochta le muintir na hÚcráine in iúl agus ag tacú go hiomlán le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta;
2.ag cáineadh na ‘reifreann’ bréagach neamhdhleathach a d’eagraigh an Rúis i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháíl aici faoi láthair agus aon iarrachtaí atá á ndéanamh ag an Rúis codanna den Úcráin a ionghabháil; á chur in iúl gur saoth léi rannpháirtíocht náireach roinnt saoránach de chuid an Aontais i mbreathnóireacht na ‘reifreann’, mar a thugtar orthu;
3.á chur i bhfios go láidir nach n-aithneoidh sé bailíocht na ‘reifreann’ sin riamh agus iarrachtaí na Creimile codanna den Úcráin a ionghabháil, ar iarrachtaí iad atá neamhdhlisteanach agus atá ina sárú soiléir ar Chairt na Náisiún Aontaithe chomh maith le hoibleagáidí idirnáisiúnta na Rúise;
4.á chur in iúl gur geal léi na dearbhuithe ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Antonio Gutteres agus ó Chomhaltaí na Comhairle Eorpaí lena gcáintear go láidir ionghabháil neamhdhleathach réigiúin Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia agus go dtacaíonn sí go hiomlán leo;
5.ag tathant ar gach stát agus ar gach eagraíocht idirnáisiúnta seasaimh chomhchosúla a ghlacadh chun diúltú do na ‘reifrinn’ sin agus d’aon ionghabhálacha Rúiseacha agus an dlí idirnáisiúnta a chosaint go gníomhach;
6.ag cáineadh reitric neamhfhreagrach na Rúise maidir le hairm núicléacha agus á chur in iúl gur do-ghlactha iad na bagairtí ó uachtarán Putin agus oifigigh eile de chuid na Rúise maidir le hairm núicléacha a úsáid;
7.á iarraidh go gcuirfí ar fionraí ballraíocht na Rúise sna Náisiúin Aontaithe agus ina Comhairle Slándála mar thoradh ar a cogadh foghach i gcoinne na hÚcráine, na hiarrachtaí is déanaí ón gCreimil chun críocha na hÚcráine a ionghabháil agus bagairtí poiblí Putin maidir le hairm núicléacha a úsáid;
8.ag cáineadh go láidir na hainghníomhartha a rinne fórsaí na Rúise agus a n-ionadaithe san Úcráin; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit oibriú le comhlachtaí idirnáisiúnta chun fianaise a bhailiú agus chun tacú le himscrúdú na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar choireanna cogaidh arna ndéanamh laistigh de chríoch na hÚcráine ón 20 Feabhra 2014 ar aghaidh;
9.ag tathant ar an Rúis a fórsaí míleata agus pearsanra neamhúdaraithe eile go léir a tharraingt siar ó Ghléasra Cumhachta Núicléiche Zaporizhia ionas gur féidir leis an oibreoir agus le húdaráis na hÚcráine a bhfreagrachtaí ceannasacha a atosú laistigh de theorainneacha na hÚcráine a aithnítear go hidirnáisiúnta;
10.á chur in iúl gur geal léi na tograí ón gCoimisiún Eorpach le haghaidh an 8ú pacáiste smachtbhannaí i gcoinne na Rúise; á iarraidh ar na Ballstáit uile an pacáiste smachtbhannaí a fhormheas go pras, aon mhoill fhéinleasach a sheachaint, agus na smachtbhannaí a chur chun feidhme go críochnúil; á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit aontacht AE a choinneáil agus an brú ar an gCreimil a mhéadú, lena n-áirítear trí phacáistí smachtbhannaí breise, lena n-áirítear toirmeasc ar allmhairí breosla iontaise ón Rúis, toirmeasc ar onnmhairiú aon táirgí ardteicneolaíochta agus earraí straitéiseacha, agus smachtbhannaí eile atá dírithe ar gheilleagar agus bonn tionsclaíoch na Rúise a lagú go straitéiseach, go háirithe an coimpléasc tionsclaíoch míleata; ag tacú le glacadh smachtbhannaí aonair i gcoinne daoine agus eintiteas a bhfuil baint dhíreach acu le heagrú agus le breathnóireacht na ‘reifreann’ bréagach neamhdhleathach;
11.ag cáineadh straitéis il-leibhéil na Rúise chun insintí bréagacha agus saofa a thabhairt isteach, a mhéadú agus a scaipeadh ar fud an domhain; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit smachtbhannaí a chur ar eintitis, ar dhaoine aonair agus ar ionadaithe eile na Rúise a scaipeann bréagaisnéis na Rúise agus bearta breise a dhéanamh chun déileáil le harmú faisnéise na Rúise;
12.ag áitiú nach mór go ndéanfaí smachtbhannaí uile AE a bheidh ann amach anseo a chomhordú go dlúth le comhghuaillithe trasatlantacha agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta a bhfuil an dearcadh céanna acu chun a n-éifeachtacht a uasmhéadú;
13.á iarraidh ar gach tír cogadh foghach na Rúise agus a hiarracht críoch a fháil le forneart a cháineadh go neamhbhalbh; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a bheith rannpháirteach go gníomhach leis an iliomad rialtas a bhfuil seasamh neodrach glactha acu maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chun cur i gcoinne láidir idirnáisiúnta a thógáil i gcoinne aon athruithe le fórsa ar theorainneacha na hÚcráine agus an dlí idirnáisiúnta a chosaint;
14.á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt do mhuintir na hÚcráine i gcosaint a dtíre ó ionsaí míleata na Rúise, lena n-áirítear trí thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, mhíleata agus dhaonnúil a mhéadú, agus trí iarrachtaí chun bonneagar criticiúil a athbhunú roimh an ngeimhreadh; ag tathant ar na Ballstáit a bhfuil ardtionscail mhíleata acu deireadh a chur le bacainní a chuireann teorainn le soláthairtí míleata a thabhairt isteach san Úcráin, nó a chuireann moill orthu;
15.á iarraidh go ndéanfar imscrúdú críochnúil ar shabaitéireacht phíblínte gáis Nord Stream agus á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit bearta iomchuí a dhéanamh chun bonneagar criticiúil san Eoraip a chosaint, lena n-áirítear píblínte agus cáblaí amach ón gcósta;
16.á chur in iúl gur mór aici na saoránaigh sin de chuid na Rúise a cháineann an cogadh, ag cáineadh ghabháil na mílte agóideoir síochánta ag údaráis na Rúise agus á iarraidh go scaoilfear saor láithreach iad;
17.á iarraidh ar Bhallstáit AE comhsheasamh AE a ghlacadh, i gcomhréir le dlíthe AE agus idirnáisiúnta, maidir le tréigtheoirí na Rúise agus iad siúd atá ag éalú ó choinscríobh a iarrann teacht isteach in AE; ag tabhairt dá haire nár cheart stádas dídeanaí a dheonú ach amháin tar éis grinnfhiosrúchán críochnúil a dhéanamh ar éilimh agus ar sheiceálacha slándála, i gcomhréir le leasanna slándála na mBallstát;
18.á iarraidh go gcruthófaí mol daonlathais don Rúis, arna óstáil ag Parlaimint na hEorpa mar cheannródaí chlár oibre an daonlathais san Eoraip, chun cabhrú le hinstitiúidí AE seasamh gníomhach a ghlacadh, páirt a ghlacadh in idirphlé foirmiúil le ceannairí daonlathais na Rúise agus leis an tsochaí shibhialta, oibriú mar a gcontrapháirt agus a bheith ríthábhachtach maidir le clár oibre cuimsitheach a cheapadh chun ár gcúnamh a shlógadh do chlaochlú na Rúise ón uathlathas go dtí an daonlathas;
19.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine, chuig údaráis na Bealarúise agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Chónaidhm na Rúise.