Ϸվ

Բé
Ar ais
Ar aghaidh
Téacs iomlán
ѾDzԳٳܲí
XML5k
Dé Luain, 10 Márta 2025-Strasbourg
Míniú ar ghiorrúcháin agus ar shiombailí

9.Ord gnó
Tuarascálacha focal ar fhocal

Cuireadh ar fáil d’Fheisirí dréacht críochnaitheach de chlár oibre páirtseisiúin Márta 2025 (PE 770.393/PDOJ) i gcomhréir le Riail 163( 1).

Chuir an tUachtarán in iúl go raibh an tuarascáil ó Dainius Žalimas maidir le harraidh ar dhíolúine Adam Bielan a tharscaoileadh (A10-0015/2025) cláraithe le ham vótála ar an Máirt, i gcomhréir le Riail 9(9).

Tograí i gcomhair 𲹲ú ar an dréachtchlár oibre críochnaitheach i gcomhréir le Riail 164(1)

Le comhaontú ó na grúpaí polaitiúla

Dé Máirt

Cuireadh an díospóireacht dar teideal "Cur i láthair an togra maidir leis an nGníomh um Tháirgí Íocshláinte Criticiúla (CMA)" (pointe 43 de PDOJ) as áit mar dara pointe ar chlár oibre an iarnóin, agus cuireadh an díospóireacht dar teideal "Cur i láthair an togra le haghaidh cur chuige coiteann nua maidir le filleadh" (pointe 44 de PDOJ) as áit mar thríú pointe ar chlár oibre an iarnóin.

D'fhormheas an Pharlaimint an togra.

Tograí eile le haghaidh leasuithe:

Dé Céadaoin

Iarraidh ón ngrúpa ECR chun díospóireacht a chlárú roimh an díospóireacht dar teideal "Sócmhainní reoite na Rúise" (pointe 41 de PDOJ), mar chúigiú pointe ar chlár oibre an iarnóin, ar ráitis ón gComhairle agus ón gCoimisiún dar teideal "Teagmhais le déanaí sa Rómáin: Imscrúdú gníomhach ar an iarrthóir i dtoghcháin na huachtaránachta". Dá bharr sin, chuirfí fad leis an suí go dtí 23.00

Labhair na daoine seo a leanas: Gheorghe Piperea, thar ceann an Ghrúpa ECR, a thug réasúnú leis an iarraidh, agus Nicolae Ştefănuță, a chuir ina haghaidh.

Dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh.

Torthaí mionsonraithe vótála

Iarraidh ón ngrúpa ESN chun díospóireacht a chlárú, mar dhara pointe ar chlár oibre an iarnóin, ar ráiteas ón gCoimisiún dar teideal "Toghcháin na huachtaránachta sa Rómáin, go háirithe cinneadh ón gcúirt bhunreachtúil an 8 Márta 2025". Dá bharr sin, chuirfí fad leis an suí go dtí 23.00

Labhair na daoine seo a leanas: Christine Anderson, thar ceann an Ghrúpa ESN, a thug réasúnú leis an iarraidh, agus Lukas Sieper, a chuir ina haghaidh.

Dhiúltaigh an Pharlaimint don iarraidh.

Torthaí mionsonraithe vótála

Iarraidh ón ngrúpa Verts/ALE chun díospóireacht a chlárú, mar phointe deiridh ar an gclár oibre, ar ráiteas ón gCoimisiún dar teideal "Bagairtí scarthacha sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus an géarú a rinneadh le déanaí". Dá bharr sin, chuirfí fad leis an suí go dtí 23.00

Labhair na daoine seo a leanas: Tineke Strik, thar ceann an Ghrúpa Verts/ALE, a thug réasúnú leis an iarraidh, agus Željana Zovko, a chuir ina haghaidh (thug an tUachtarán sonraí ina leith).

D'fhormheas an Pharlaimint an iarraidh.

Torthaí mionsonraithe vótála

Bunaíodh an t-ord gnó dá bhrí sin.

(Cuireadh an suí ar fionraí ar feadh cúpla nóiméad.)

An nuashonrú is déanaí: 12 Márta 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais