TEIDEAL II:NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3:AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 4 - IDIR-RÉITEACH AGUS AN TRÍÚ LÉAMH
Riail 77:An Coiste Idir-réitigh a chomóradh
I gcás ina gcuireann an Chomhairle in iúl don Pharlaimint nach bhfuil sí in ann gach leasú de chuid na Parlaiminte ar an seasamh ón gComhairle a fhormheas, déanfaidh an tUachtarán, i dteannta leis an gComhairle, am agus áit a chomhaontú don chéad chruinniú den Choiste Idir-réitigh. Mairfidh an tréimhse sé seachtaine nó, má fhadaítear í, an tréimhse ocht seachtaine dá bhforáiltear in Airteagal 294(10) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ón lá a dtagann an Coiste le chéile den chéad uair.