Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach-Eanáir 2025
EPUB163kPDF763k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL II:NÓSANNA IMEACHTA REACHTACHA, BUISÉADACHA, URSCAOILTE AGUS EILE
CAIBIDIL 3:AN GNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH
ROINN 4 - IDIR-RÉITEACH AGUS AN TRÍÚ LÉAMH

Riail 78:Toscaireacht chuig an gCoiste Idir-réitigh

1.Beidh toscaireacht na Parlaiminte chuig an gCoiste Idir-réitigh comhdhéanta de líon comhaltaí a bheidh comhionann le líon comhaltaí thoscaireacht na Comhairle.

2.Comhfhreagróidh comhdhéanamh polaitíochta na toscaireachta do chomhdhéanamh na Parlaiminte de réir na ngrúpaí polaitiúla. Cinnfidh Comhdháil na nUachtarán an líon beacht Feisirí a fhónfaidh mar chomhaltaí thoscaireacht na Parlaiminte ó gach grúpa polaitiúil.

3.Is iad na grúpaí polaitiúla a cheapfaidh comhaltaí na toscaireachta le haghaidh gach cáis idir-réitigh, agus is fearr go roghnófaí as measc chomhaltaí an choiste fhreagraigh iad, seachas triúr comhaltaí a cheapfar mar bhuanchomhaltaí de thoscaireachtaí comhleanúnacha ar feadh tréimhse 12 mhí. Is iad na grúpaí polaitiúla a cheapfaidh an triúr buanchomhaltaí as measc na Leas-Uachtarán agus beidh siad ionadaitheach ar dhá ghrúpa pholaitiúla éagsúla ar a laghad. I ngach cás, beidh Cathaoirleach agus rapóirtéir sa dara léamh an choiste fhreagraigh ina gcomhaltaí den toscaireacht.

4.Déanfaidh na grúpaí polaitiúla a bhfuil ionadaíocht acu ar an toscaireacht comhaltaí ionaid a cheapadh.

5.Féadfaidh gach grúpa polaitiúil nach bhfuil ionadaíocht acu ar an toscaireacht ionadaí amháin a chur chuig aon réamhchruinniú inmheánach de chuid na toscaireachta. Mura bhfuil aon Fheisirí neamhcheangailte sa toscaireacht, féadfaidh Feisire neamhcheangailte amháin freastal ar aon réamhchruinniú inmheánach de chuid na toscaireachta.

6.Beidh an toscaireacht faoi stiúir an Uachtaráin nó duine den triúr buanchomhaltaí.

7.Is trí thromlach a comhaltaí a thiocfaidh an toscaireacht ar chinneadh. Ní dhéanfar pléití na toscaireachta go poiblí.

Leagfaidh Comhdháil na nUachtarán síos tuilleadh treoirlínte nós imeachta i gcomhair obair na toscaireachta chuig an gCoiste Idir-réitigh.

8.Tabharfaidh an toscaireacht tuairisc ar thorthaí an idir-réitigh don Pharlaimint.

An nuashonrú is déanaí: 10 Eanáir 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais