Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
10ú téarma parlaiminteach-Eanáir 2025
EPUB163kPDF763k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V:CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ EILE AGUS CUNTASACHT PHOLAITIÚIL
CAIBIDIL 2:RÁITIS

Riail 137:Ráitis ina mínítear cinntí ón gCoimisiún

Iarrfaidh an tUachtarán ar Uachtarán an Choimisiúin, ar an gCoimisinéir atá freagrach as caidreamh le Parlaimint na hEorpa nó, trí chomhaontú, ar Choimisinéir eile ráiteas a dhéanamh sa Pharlaimint tar éis gach cruinnithe den Choimisiún, ar ráiteas é ina mínítear na príomhchinntí a glacadh, mura rud é go gcinnfidh Comhdháil na nUachtarán nach bhfuil gá leis sin, ar chúiseanna a bhaineann le socrú amchláir nó toisc é a bheith ábhartha go polaitiúil leis an ábhar lena mbaineann. Beidh díospóireacht a mhairfidh 30 nóiméad ar a laghad ann tar éis an ráitis agus féadfaidh Feisirí ceisteanna gearra, achoimre a chur lena linn.

An nuashonrú is déanaí: 10 Eanáir 2025Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais