Ϸվ

Ar ais
Ar aghaidh
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach-Samhain 2023
EPUB159kPDF726k
䳢Á
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA
leagan a thiocfaidh i bhfeidhm an 16 Iúil 2024PDF

TEIDEAL VII:SEISIÚIN
CAIBIDIL 7:TAIFEAD POIBLÍ AR NA hIMEACHTAÍ

Riail 204:Tuarascálacha focal ar fhocal (1)

1.Déanfar tuarascáil focal ar fhocal d'imeachtaí gach suí a tharraingt suas mar dhoiciméad ilteangach ina mbeidh na hionchuir ó bhéal uile ar fáil sa teanga oifigiúil bhunaidh.

2.Gan dochar dá chuid cumhachtaí araíonachta eile, féadfaidh an tUachtarán a chur faoi deara go ndéanfar óráidí Feisirí nár glaodh orthu chun labhairt nó a leanann orthu de bheith ag labhairt tar éis an ama atá tugtha dóibh a scriosadh as tuarascálacha focal ar fhocal.

3.Féadfaidh na cainteoirí ceartúcháin a dhéanamh ar chlóscríbhinní a n-ionchur ó bhéal laistigh de chúig lá oibre. Déanfar na ceartúcháin a chur chuig an Ardrúnaíocht laistigh den sprioc- am sin.

4.Foilseofar an tuarascáil ilteangach focal ar fhocal mar iarscríbhinn a ghabhann le hIris

5.Déanfar aon sliocht as an tuarascáil focal ar fhocal a aistriú go teanga oifigiúil ar bith má iarrann Feisire amhlaidh. Más gá, déanfar an t-aistriúchán a chur ar fáil ar gearrfhógra.

(1) Tá feidhm ag Riail 204(2), (3) agus (5) mutatis mutandis maidir le coistí i gcás ina ndéantar tuarascáil focal ar fhocal a tharraingt suas (féach Riail 216(5)).
An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil-Beartas príobháideachais