Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Nollaig 2024 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le haontachas Niue leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile (07920/2024 – C10-0054/2024 – )
(մǾú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07920/2024),
–ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Eatramhach idir an Comhphobal Eorpach, de pháirt amháin, agus na Stáit san Aigéan Ciúin, den pháirt eile(1),
–ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a chuir an Chomhairle isteach i gcomhréir le hAirteagal207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal218(6), an dara fomhír, pointe(a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C10‑0054/2024),
–ag féachaint do Riail107(1) agus(4), agus Riail117(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A10-0024/2024),
1.ag tabhairt a toilithe d’aontachas Niue leis an gcomhaontú;
2.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Niue.