Comhaontú idir an tAontas agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2025 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (08441/2024 – C10-0086/2024 – )
(մǾú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08441/2024),
–ag féachaint don dréacht-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seirbia maidir le gníomhaíochtaí oibríochtúla arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na Seirbia (08447/2024),
–ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le pointí (b) agus (d) d’Airteagal77(2), agus pointe (c) d’Airteagal79(2) agus pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal218(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C10-0086/2024),
–ag féachaint do Riail107(1) agus(4), agus do Riail117(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A10-0027/2024),
1.ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2.á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Seirbia.