Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2021 maidir le hathbhreithniú ar threoirlínte an Ghréasáin Thras-Eorpaigh Iompair (TEN-T) ()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh.1315/2013 ó Pharlaimint nahEorpa agus ón gComhairle an 11Nollaig2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an Gréasán Tras-Eorpach Iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE(1) (Rialachán TEN-T),
–ag féachaint don rún reachtach uaithi an 17 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE)(2),
–ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair(3) (Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta),
–ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2008/96/CE maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú(4),
–ag féachaint don rún uaithi an 19 Meitheamh 2020 maidir le hiompar agus turasóireacht in 2020 agus sna blianta amach romhainn(5),
–ag féachaint dá rún an 25 Deireadh Fómhair 2016 maidir le nasc agus inrochtaineacht an bhonneagair iompair i Lár agus in Oirthear na hEorpa a fheabhsú(6),
–ag féachaint dá rún an 11 Nollaig 2018 maidir le soghluaisteacht mhíleata(7),
–ag féachaint dá rún an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(8),
–ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh.10/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 16 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Bonneagair iompair AE: níos mó luais de dhíth chun meigeathionscadail a chur chun feidhme chun éifeachtaí gréasáin a chur ar fáil in am’(9),
–ag féachaint d’Athbhreithniú Uimh.09/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 6 Nollaig 2018 dar teideal ‘I dtreo earnáil iompair rathúil in AE: dúshláin nach mór aghaidh a thabhairt orthu’(10),
–ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh.13/2017 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal ‘Córas Eorpach aonair um Bainistiú Tráchta Iarnróid: an dtiocfaidh an rogha pholaitiúil chun a bheith ag feidhmiú choíche?’ (11),
–ag féachaint do Riail54 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0251/2020),
A.de bhrí go bhfuil bonneagar iompair ilmhódach atá cothrom le dáta, inbhuanaithe agus inrochtana, mar aon le agus lóistíocht atá dírithe ar an todhchaí, bunriachtanach do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus do nasc agus iomaíochas AE, agus mar chumasóir na soghluaisteachta inbhuanaithe, inacmhainne, cliste, éifeachtúil, idir-inoibritheach agus sábháilte;
B.de bhrí gur cheart go n-áiritheodh an Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus inrochtaineacht ar fud AE agus a réigiún, lena n-áirítear réigiúin thuaithe, iargúlta agus shléibhtiúla, réigiúin ina bhfuil dlús daonra an-íseal, réigiúin fhorimeallacha, oileánacha agus is forimeallaí, rud a spreagfaidh fás eacnamaíoch agus cruthú post agus a laghdóidh neamhionannais, a chothóidh an digitiú agus an nuálaíocht, a rachaidh i ngleic leis an athrú aeráide agus a fheabhsóidh inoiriúnaitheacht agus athléimneacht;
C.de bhrí go rannchuidíonn TEN-T ar bhealach ríthábhachtach le cuspóirí polaitiúla AE a bhaint amach i mbeartas aontachais agus comharsanachta, go háirithe trí thionscadail trasteorann, agus de bhrí go bhfuil tábhachtach shuntasach ann do AE dlúthnasic iompair le tríú tíortha a chothabháil agus a neartú, laistigh de TEN-T, agus thíortha na mBalcán Thiar agus Chomhpháirtíochta an Oirthir a chomhtháthú tuilleadh;
D.de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach TEN-T a chur i gcrích chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo modhanna iompair níos inbhuanaithe amhail iarnród agus uiscebhealach intíre, i dtreo breosla malartacha a chur in úsáid i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus i dtreo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú;
E.de bhrí go bhfuil gá le conairí iompair a fhorbairt go cothrom ar fud na hEorpa, lena n-áiritheofar nascacht thuaidh-theas agus thoir-thiar trasna na hEorpa ar fad, chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú tuilleadh;
F.de bhrí gur cheart go dtabharfar san áireamh sa chaibidlíocht leanúnach ar chistiú ó Shaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) tiomantas na mBallstát chun croíghréasán TEN-T a chur i gcrích faoi 2030 agus an gréasán cuimsitheach a chur i gcrích faoi 2050;
G.de bhrí gur cosúil go bhfuil amhras tarraingthe ar chur i gcrích tráthúil ghréasán TEN-T, faoin luas reatha, go háirithe le moilleanna suntasacha ar thionscadail trasteorann agus naisc in easnamh agus naisc don ‘mhíle deireanach’ de bharr deacrachtaí airgeadais, oibríochtúla agus riaracháin a bhí ag tionscnóirí tionscadal; de bhrí go léirítear i dtuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa gurb iad easnaimh i gcreat maoirseachta an Choimisiúin agus sna próisis cinnteoireachta polaitiúla ar an leibhéal náisiúnta, agus an ugach agus suim lag atá léirithe ag cuid de na Ballstáit i TENT-T na príomhthosca atá le moilleanna;
H.de bhrí go bhfuil baol ann i leith na n-acmhainní atá leithdháilte chun TEN-T a chur i gcrích faoi chuimsiú chlár SCE go ndéanfar iad a laghdú go mór, go háirithe tar éis na gconclúidí ón gComhairle Eorpach mar a glacadh iad i mí Iúil 2020, nuair is léir nach leor an méid atá beartaithe don imchlúdach ginearálta iompair;
I.de bhrí gur cheart go dtreorófaí cur chun feidhme ghréasán TEN-T le prionsabal na córa comhionainne idir conairí an chroíghréasáin, gan a bheith fabhrach do chonairí áirithe agus cinn eile a bheith thíos leis sin;
J.de bhrí gur cheart go gcuirfear chun cinn le beartas TEN-T úsáid ar fud AE de réitigh maidir le hiompar nuálach agus inrochtana, aistriú córa iompair, soghluaisteacht astaíochtaí ísle agus nialasacha, córais chliste iompair (e.g. ITS, an Chórais um Fhaisnéis Abhann (RIS)), bonneagar athluchtúcháin agus athbhreoslúcháin agus breoslaí malartacha; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta chun TEN-T a dhéanamh nuálaíoch agus digiteach;
K.de bhrí go bhfuil sé léirithe de dhroim ráig na paindéime a thábhachtaí atá earnáil an iompair agus na lóistíochta agus a gcuid oibrithe don gheilleagar, a bhíonn ag brath go smior ar líonraí gan uaim chun paisinéirí agus earraí a iompar, agus atá riachtanach le haghaidh feidhmiú slabhraí soláthair; de bhrí gur cheart go mbeadh forbairt bonneagair iompair éifeachtaigh agus athléimneach ag croílár na bpleananna agus iarrachtaí téarnaimh Eorpacha agus náisiúnta go léir, le béim ar leith ar naisc iompair ilmhódacha idir calafoirt, aerfoirt, iarnróid agus bóithre;
L.de bhrí go bhfuil Bliain Eorpach an Iarnróid ina deis chun tús a chur le hathrú lena ndéanfar cnámh droma an iompair de phaisinéirí agus lasta ar fud an Aontais den iarnród agus chun béim a leagan ar an ról cinntitheach atá ag gréasáin TEN-T comhtháthú agus forbairt shocheacnamaíoch a chur chun tosaigh, agus an margadh inmheánach á fheabhsú agus modhanna iompair inbhuanaithe níos iomaíche agus níos éifeachtúla a chur chun cinn d’fhonn an t-aistriú córa iompair go hiarnród a mhéadú agus d’fhonn Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a chur i gcrích faoi 2030;
TEN-T a bheidh oiriúnach don todhchaí
1.á chur i bhfáth breisluach chonairí an chroíghréasáin ilmhódaigh lena gcumhdaítear an príomhsreabhadh paisinéirí agus lasta idir na Ballstáit agus laistigh díobh; á mheas go bhfuil breisluach Eorpach na dtionscadal sin ina phríomhthosca maidir le tacaíocht phoiblí a chothú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil sé bunriachtanach iad a chur i gcrích go tráthúil faoi 2030, agus gur tosaíocht é scrogall tráchta agus naisc easnamhacha a dhíothú, mar aon le cur i gcrích na gcodanna trasteorann, i dteannta le nuachóiriú agus uasghrádú a dhéanamh ar chodanna gréasáin de na conairí atá ann cheana;
2.á mheabhrú gur cheart go gcuirfeadh beartas TEN-T gréasáin idir-inoibritheacha chun cinn; ag tabhairt dá haire gurb ionann réigiúin le teorainneacha inmheánacha talún ar fud AE agus 40% de chríoch an Aontais agus go bhfuil an triú chuid den daonra ina gcónaí iontu; á athdhearbhú gur cheart, san athbhreithniú ar Rialachán TEN-T agus a chur chun feidhme, go dtabharfar aird ar leith ar naisc trasteorann a éascú, idir-inoibritheacht a fheabhsú agus cur leis an gcomhtháthú ilmhódach de bhonneagar iompair ar fud an Aontais;
3.á iarraidh ar na Ballstáit nach ndearna a gcuid pleananna agus clár iompair náisiúnta a ailíniú go leordhóthanach le cuspóirí TEN-T, aghaidh a thabhairt ar an easnamh sin gan mhoill mhíchuí, d’fhonn spriocdhátaí, spriocanna agus creataí ama a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha AE a chur i bhfeidhm agus cloí leo; á mheabhrú, thairis sin, ó rud é gur gréasán é TEN-T, d’fhéadfadh neamhchomhlíonadh nó neamh-inoibritheacht coda bige cuir isteach ar éifeachtúlacht agus iomaíochas an chórais ina iomláine; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar sainaithint práinneach agus cur i gcrích ar na teophointí agus codanna straitéiseacha sin;
4.á mheas gur deis thábhachtach atá san athbhreithniú ar Rialachán TEN-T chun an gréasán a dhéanamh slán u bhfad na haimsire chun dea-fheidhmiú mhargadh inmheánach AE a áirithiú agus tuilleadh a dhéanamh chun Limistéar Eorpach Aonair Iompair, agus iomaíochas domhanda an Aontas sna deicheanna de bhlianta amach anseo, a bhaint amach, agus chun tacú leis an aistriú chuig soghluaisteacht chliste, inbhuanaithe, éifeachtúil agus shábháilte; á chur i bhfios go láidir, chuige sin, a thábhachtaí atá sé an gréasáin a nuashonrú chun aird a thabhairt ar dhálaí nua margaidh, an aeráid, athruithe comhshaoil agus sochaíocha agus riachtanais dhigiteacha, ar éifeachtúlacht an ghréasáin atá ann cheana a mhéadú agus dlús a chur le húsáid breoslaí malartacha don iompar;
5.á mheas go bhfuil sé tábhachtach tuilleadh forbartha a dhéanamh ar TEN-T chun díriú ar an idirnasc idir na croíghréasáin agus na gréasáin chuimsitheacha i réigiúin thuaithe, imeallacha, ina bhfuil dlús daonra an-íseal, agus oileánacha agus is forimeallaí, agus sna codanna a bhfuil an acmhainneacht is mó acu buntáistí socheacnamaíocha a chothú; á chur i bhfáth nár cheart aon athruithe móra a dhéanamh ar na léarscáileanna go dtí go mbeidh an croíghréasán i gcrích; á chur i bhfios, áfach, an gá atá le coigeartuithe srianta ar TEN-T chun forbairt gréasán iompair a léiriú agus leis an aidhm nascacht idir conairí éagsúla agus nascacht réigiún forimeallach a fheabhsú, lena n-áirítear naisc iarnróid trasteorann a neartú níos faide ná na croí-aiseanna, go háirithe naisc ar scála níos lú atá in easnamh le hard-bhreisluach Eorpach i réigiúin trasteorann agus tríd an gcomhlántacht idir TEN-T agus beartais réigiúnacha a neartú, agus trí riachtanais chomhshaoil, eacnamaíocha agus shochaíocha atá ag teacht chun cinn a chomhlíonadh á iarraidh ar an gCoimisiún seilbh a ghlacadh ar na coigeartuithe uile a leagtar síos san athbhreithniú ar SCE(12), mar aon leis na riachtanais a eascraíonn as togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích ();
6.ag tathant ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt faoi TEN-T don úsáid iomlán breoslaí malartacha do gach modh iompair, go háirithe breoslaí inathnuaite, d’fhonn dícharbónú, lena n-áirítear forbairt a dhéanamh ar theicneolaíochtaí ábhartha, bonneagar athluchtúcháin agus athbhreoslúcháin (i.e. saoráidí r-luchtúcháin agus saoráidí athbhreoslúcháin GNL agus hidrigine), caighdeáin sábháilteachta, slándála agus idir-inoibritheachta, agus an creat rialála maidir le breoslaí malartacha chun neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050, agus prionsabal neodracht na teicneolaíochta á urramú agus éagsúlacht teicneolaíochta á háirithiú; á iarraidh go mbeidh treochlár AE ann maidir le bonneagar bóthair a bheith ailínithe le treochlár na hearnála mótarfheithiclí chun a áirithiú go mbeidh infheistíochtaí bonneagair ag gabháil bonn ar bhonn le táirgeacht feithiclí sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma;
7.á chur i bhfáth gur gá naisc iompair a chur chun cinn tuilleadh i agus le nóid uirbeacha, stáisiúin traenach agus moil, calafoirt intíre agus mhuirí, aerfoirt, moil lóistíochta agus ardáin ilmhódacha, lena n-áirítear trí naisc chucu a chur i gcrích agus a uasghrádú, sna croí-ghréasáin agus sna gréasáin chuimsitheacha araon, chun córas soghluaisteachta inbhuanaithe agus dea-fheistithe, idirnasctha, sábháilte, cliste, comhtháite, inrochtana, éifeachtúil agus gan uaim a áirithiú d’iompar paisinéirí agus lóistíocht lasta, mar aon le tríd an tréthicéadú a fhorbairt, agus dá bharr sin, aistriú módúil éifeachtúil a chur chun cinn, go háirithe trí chórais iompair poiblí a neartú agus nascacht nód uirbeach agus ceantar tuaithe a mhéadú;
8.á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go mbeidh an t-athbhreithniú atá ag teacht aníos ar threoirlínte TEN-T ag gabháil bonn ar bhonn leis na hathbhreithnithe a fógraíodh ar an treoir maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid(13), rialachán TEN-T(14) agus an rialachán maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lastas iomaíoch(15);
9.á chur i bhfios go láidir go bhfuil príomhról ag taighde, nuálaíocht agus digitiú maidir le hiompar a dhícharbonú tuilleadh agus déileáil le méideanna iompair méadaitheacha ó thaobh paisinéirí agus lastas araon, feabhas a chur ar idir-inoibritheacht ilmhódach agus iompar a dhéanamh níos sábháilte, níos éifeachtúla agus níos athléimní, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; á chur i bhfáth an gá atá ann go gcuirfeadh TEN-T borradh faoi fheidhmeanna digiteacha nuálacha i ngach modh, lena n-áirítear córais chliste iompair, an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERMTS), córais faireacháin agus faisnéise um thrácht árthach, seirbhísí faisnéise abhann, córais bainistíochta aerthráchta (Taighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair) agus córais faireacháin i gcomhair shláinte struchtúrtha na mbonneagar; á athdhearbhú sa chomhthéacs sin a thábhachtaí atá sé tionscadal Galileo a chur i gcrích; ag moladh don Choimisiún maoiniú na gcóras sin faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun cinn i measc na mBallstát;
10.á chur i bhfios go bhfuil réitigh soghluaisteachta chliste agus uathoibrithe ag éirí inmharthana ó thaobh tráchtála de agus gur gá dlús a chur le huasghrádú bonneagar ábhartha iompair agus dhigitigh i TEN-T, agus idir-inoibritheacht trasteorann, cosaint sonraí agus cibearshlándáil á áirithiú, chun oibriú sábháilte d’fheithiclí uathoibrithe agus nasctha a éascú, ar fheithiclí iad atá ag cloí leis an Rialachán nua-ghlactha maidir le Sábháilteacht Ghinearálta ;
11.á thabhairt chun suntais go bhfuil géarghá le tacaíocht Eorpach maidir le taighde agus forbairt ar mhodhanna nuálaíocha iompair, amhail, mar shampla, forbairt ar aerárthach gan foireann agus teicneolaíocht ‘maglev’ (ardú maighnéadach); á chur i bhfáth gur féidir le comhpháirtíochtaí Eorpacha i modhanna éagsúla iompair dea-thionchar mór a imirt ar úsáid shábháilte, éifeachtúil agus chliste TEN-T;
12.den tuairim gur cumasóir le haghaidh Fíorlimistéar Aonair Iompair Eorpach iad caighdeáin bhonneagair chomhchuibhithe agus ar fud an ghréasáin; á mheas go bhfuil sé tábhachtach an bonneagar atá ann cheana a chothabháil agus a uasghrádú, go háirithe i gcodanna trasteorann, i bhfianaise an dul chun cinn teicneolaíochta, an athraithe ar chaighdeáin sábháilteachta, an mhéadaithe ar thoilleadh, feidhmeanna nua, an fheabhsaithe ar iontaofacht trasteorann agus ar idir-inoibritheacht, agus an ghá atá le cur chuige saolré agus le feabhas a chur ar athléimneacht bhonneagair maidir le tionchair géarchéimeanna amhail paindéimí agus an t-athrú aeráide; ag tabhairt dá haire, áfach, nach leor cistiú SCE chun na spriocanna sin uile a chomhlíonadh; á chur i bhfios go bhfuil comhordú idir na Ballstáit ríthábhachtach chun géarchéimeanna a bhainistiú agus chun sreabhadh leanúnach earraí agus soláthar earraí bunriachtanacha chuig daonra an Aontais a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún creat reachtach a mholadh chun feabhas a chur ar bhainistíocht riosca, athléimneacht agus oiriúnú don athrú aeráide i dtaobh bonneagair iompair ar an gcroíghréasán, lena n-áiritheofar gach modh iompair;
13.á mheas go bhféadfadh droch-chothabháil an bhonneagair iompair difear a dhéanamh do leanúnachas, inbhuanaitheacht, feidhmíocht, sábháilteacht agus, mar sin, athléimneacht TEN-T; á chur i bhfios a thábhachtaí atá cothabháil rialta agus chaighdeánaithe bhonneagar TEN-T, go háirithe droichid agus tolláin, chun bonneagar marthanach ar ardcháilíocht a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún tagarmharc soiléir a thabhairt isteach le haghaidh ceanglais cháilíochta do bhonneagar, go háirithe droichid agus tolláin, agus cur chuige comhchoiteann Eorpach a fhorbairt le haghaidh cigireachtaí agus rátálacha cáilíochta bhonneagar TEN-T; á iarraidh ar an gCoimisiún plean faireacháin croíghréasáin maidir le cothabháil a bhunú ar an leibhéal Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i dteannta leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus na bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh (NPBInna), staidéar a dhéanamh ar scéimeanna nua cistiúcháin chun infheistíochtaí i gcothabháil an ghréasáin a éascú; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, pleananna náisiúnta sonracha a fhorbairt do ghnáthchistiú cothabhála agus do chistiú cothabhála urghnách;
Maoiniú, rialachas agusmaoirseacht
14.á chur i bhfáth, ionas go mbeidh infheistíocht i mbonneagar TEN-T leordhóthanach, go bhfuil sé riachtanach go ndéanfar gach ciste ábhartha AE (SCE, InvestEU, cistí struchtúracha agus infheistíochta na hEorpa, Fís Eorpach, etc.) agus iasachtaí ó BEI a chur in oiriúint do riachtanais shonracha na hearnála iompair agus go ngabhfaidh na Ballstáit orthu féin an cistiú leordhóthanach a chur ar fáil; á chur in iúl gur oth léi go mór an cinneadh ón gComhairle Eorpach ciorruithe buiséid a mholadh ar chláir atá dírithe ar an todhchaí amhail SCE agus InvestEU, go háirithe á chur san áireamh an ról cumasaithe atá ag clár SCE maidir le gréasán TEN-T a chur i gcrích; á thabhairt dá haire gur gá ionstraimí comhfhreagracha cistiúcháin agus airgeadais a bheith mar thaca le clár oibre an-uaillmhianach an Aontais maidir le dícharbónú, ionas go mbeidh rath air agus iomaíochas na n-earnálacha lena mbaineann á chothú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún sineirgí agus comhtháthú beartais a neartú idir ionstraimí ábhartha AE lasmuigh de SCE (e.g. Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa) agus, ina theannta sin, an leas is fearr is féidir a bhaint as uirlisí cumaisc chun infheisteoirí príobháideacha a mhealladh agus cistiú poiblí a ghiaráil; á chur i bhfios gur cheart go mbeadh ionstraimí airgeadais ábhartha faoin gComhaontú Glas don Eoraip atá dírithe ar an aeráid agus ar an gcomhshaoil curtha ar fáil i gcomhair infheistíochtaí i ngréasán TEN-T atá in ann a bheith ina gcabhair le hastaíochtaí na hearnála iompair a laghdú go héifeachtach;
15.á chur in iúl gurb oth léi sa togra don chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) nua agus don phlean téarnaimh, nach dtugann na Ballstáit comhartha láidir maidir le hinfheistíochtaí bonneagair ná tosaíocht do TEN-T a chur i gcrích; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go dtugann na hacmhainní atá ar fáil faoin gciste Next Generation EU deis uathúil chun forbairt chroíghréasáin TEN-T a áirithiú go dtí 2030; á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa ar bhonn bliantúil ar dhul chun cinn na tógála; á iarraidh ar an gCoimisiún, le linn caibidlíochtaí leis na Ballstáit, méid iomchuí na cabhrach a choimeád chun beartais iompair an Aontais a fhorbairt agus chun tuarascáil chríochnaitheach a thíolacadh chuig an Parlaimint na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar ról tábhachtach d’infheistíochtaí i mbonneagar iompair nua-aimseartha, digiteach, inbhuanaithe agus sábháilte sna pleananna náisiúnta lena gcuirtear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun feidhme;
16.á mheabhrú gur réamhchoinníoll bhunriachtanach é cur i gcrích ERTMS, ERTMS cois iarnróid agus ar bord araon, chun Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a chruthú agus chun feidhmiú cuí an mhargaidh iarnróid i gconairí TEN-T a cheadú; á chur i bhfios go láidir, chuige sin, go bhfuil gá le tuairim is EUR15bhilliún chun ERTMS a chur i gcrích ar na croíghréasáin, agus gur cheart go mbeadh ról tábhachtach ag an gCoimisiún maidir le cistiú agus oibríochtaí úsáide a chomhordú;
17.á chur i bhfáth gur cheart comhlíonadh na teorann ama a leagtar amach sa treoir atá molta maidir le TEN-T a chuíchóiriú(16) a chur san áireamh nuair a dhéantar meastóireacht ar thionscadail ó thaobh na gcritéar aibíochta chun tionscadal a roghnú arna mbunú le SCE; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart go dtabharfadh aon moilleanna údar cuí chun imscrúdú a dhéanamh ar staid dul chun cinn an tionscadail agus athbhreithniú ar an gcúnamh airgeadais a fuarthas ón Aontais faoi SCE, dá bhforáiltear in Airteagal17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013(17), a d’fhéadfadh laghdú nó aistarraingt an deontais a bheith mar thoradh air;
18.á chur i bhfáth cé go bhfuil gréasán TEN-T á chur chun feidhme i gcéimeanna agus gur tosaíocht ghearrthéarmach é cur i gcrích an chroíghréasáin, toisc gurb ionann é agus cnámh droma forbairt gréasáin iompair inbhuanaithe ilmhódaigh agus go spreagann sé forbairt an ghréasáin chuimsithigh ina iomláine, go bhfuil sé tábhachtach cistiú leordhóthanach a áirithiú don ghréasán cuimsitheach nach cumhdaítear leis an gcroíghréasán chun neamhionannais mhéadaitheacha a sheachaint; á thabhairt chun suntais chuige sin go bhfuil an dá shraith de TEN-T ríthábhachtach don chomhtháthú nascachta agus lóistíochta den Aontas Eorpach;
19.á mheas gur cheart go rannchuideodh cistí AE, go háirithe cistiú a leithdháiltear faoi SCE, go solúbtha agus go héifeachtach le tionscadail trasteorann agus naisc in easnaimh a chur i gcrích ar bhealach ceartaitheach, i gcás ina gcuirtear an dul chun cinn maidir le cur i gcrích tráthúil an tionscadail i mbaol trí neamhréireanna nó míchothromaíochtaí a bheith braite idir ualach na gcostas atá le maoiniú ar an leibhéal náisiúnta agus na sochair shocheacnamaíocha a bhfuiltear ag súil leo ar an dá thaobh den teorainn agus ó dhearcadh Eorpach níos leithne; á iarraidh ar an gCoimisiún, chuige sin, cur chuige níos spriocdhírithe a ghlacadh trí rátaí cómhaoinithe níos airde a chur i bhfeidhm maidir le tionscadail a bhfuil an breisluach Eorpach is airde acu chun leas a bhaint as infheistíochtaí náisiúnta;
20.á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na moilleanna i gcur i gcrích tionscadal, go háirithe tionscadail trasteorann, a chuireann isteach ar conairí chroíghréasán TEN-T gan uaim a bhunú go tráthúil agus a bhfuil costais mhéadaithe tionscadail mar thoradh orthu; á iarraidh ar na Ballstáit a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh maidir lena gcodanna siúd den ghréasán agus nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha éifeachtacha agus tráthúla a áirithiú le lán-urraim don dlí Eorpach agus náisiúnta, agus ag tathant orthu digitiú na bpróiseas riaracháin agus breithiúnach a mhéadú; á mheabhrú do na Ballstáit comhar le húdaráis na mBallstát eile a neartú i dtionscadail trasteorann, e.g. trí údarás comhpháirteach a bhunú trí chomhaontú frithpháirteach, go háirithe d’fhonn tráthchláir agus spriocdhátaí a chomhordú, agus ag tathant ar na Ballstáit an treoir nua maidir le TEN-T a chuíchóiriú a chur chun feidhme gan a thuilleadh moille; á iarraidh ar an gCoimisiún cuidiú leis na Ballstáit ar mian leo clásail shubstainteacha toirmisc a thabhairt isteach – i gcomhréir le dlí an Aontais – a d’fhéadfadh dlús suntasach a chur le nósanna imeachta breithiúnacha náisiúnta;
21.á thabhairt chun suntais go bhfuil cur chun feidhme bhearta cuíchóirithe AE i nósanna imeachta um dheonú ceadanna, nósanna imeachta um sholáthar trasteorann agus nósanna imeachta riaracháin eile ríthábhachtach chun bacainní teicniúla agus an ualach riaracháin a laghdú, agus chun moilleanna agus costais mhéadaithe a d’fhéadfadh a bheith ann a laghdú dá réir sin i dtionscadail bhonneagar iompair TEN-T; á thabhairt dá haire go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis sin i leith níos mó cinnteachta a thabhairt do thionscnóirí tionscadail agus infheisteoirí príobháideacha ionchasacha(18); á iarraidh ar an gCoimisiún go gcuirfear leis an tuarascáil ar dhul chun cinn TEN-T caibidil faoi ualaí riaracháin gan údar cuí a laghdú;
22.ag tathant ar an gCoimisiún a fhormhaoirseacht ar chur chun feidhme TEN-T a neartú trí úsáid a bhaint as na cumhachtaí a tugadh dó cheana féin faoin rialachán, trí ionstraimí ábhartha a athneartú chun é a chur de cheangal ar na Ballstáit a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh agus trí ról na gcomhordaitheoirí Eorpacha i rialú na gconairí a neartú, go háirithe a mhéid a bhaineann le naisc trasteorann, mar aon leis an ról ilfhreastail atá ag an údarás ainmnithe sa nós imeachta um dheonú ceadanna; á iarraidh ar an gCoimisiún forálacha Airteagal65 de Rialachán (AE) Uimh.1315/2013 a neartú agus a úsáid san athbhreithniú uaidh ar threoirlínte TEN-T atá dírithe ar na Ballstáit a spreagadh chun dlús a chur le pleanáil agus cur i gcrích tionscadal; á iarraidh ar an gCoimisiún a shoiléiriú conas is ceart rialacha agus ceanglais a léirmhíniú chun críocha meastóireachta, tuairiscithe agus measúnuithe incháilitheachta; á iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas maidir le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus geallsealbhóirí agus comhairliúchán idir Ballstáit a chur chun cinn, agus iad sin a chur chun cinn ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;
23.á iarraidh ar na Ballstáit an chomhsheasmhacht idir pleananna náisiúnta iompair agus gréasáin TEN-T a beartú, chun cur chun feidhme cuí rialachán TEN-T a áirithiú;
24.den tuairim gur cheart go dtabharfaí ról níos tábhachtaí do Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) i gcur chun feidhme TEN-T, go háirithe a mhéid a bhaineann le hidir-inoibritheacht trasteorann, feabhas a chur ar shábháilteacht, iomaíochas a mhéadú agus ERTMS a úsáid; á iarraidh go méadófar buiséad 2021 ERA, chun acmhainní airgeadais leormhaithe a thabhairt dó chun a chuid cúraimí a chomhlíonadh, go háirithe ós 2021 a bheith ainmnithe Bliain Eorpach an Iarnróid;
Modhanna iompair
25.á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé cáilíocht an bhonneagair bóthair in TEN-T a fheabhsú ar fud an Aontais;
26.á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, bearta breise a chur i gcrích chun an feidhmiú céimneach ar bhreoslaí malartacha agus an úsáid a bhainfear as pointí luchtaithe leictreacha agus as stáisiúin líonta hidrigine a mhéadú, agus réitigh breoslaí malartacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo á gcur san áireamh agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na neodrachta teicneolaíochta;
27.á iarraidh go ndéanfar bearta a chur i gcrích chun an tsábháilteacht ar bhóithre a neartú tuilleadh agus an tsábháilteacht oibríochtúil a chothabháil agus a fheabhsú i gcaitheamh shaolré an bhonneagair chriticiúil, agus riachtanais na n-úsáideoirí iompair neamhmheicnithe á gcur san áireamh a bhfuil mar aidhm leis cosaint a thabhairt d’úsáideoirí leochaileacha na mbóithre; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé réitigh nuálacha agus chliste maidir le sábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn chun sprioc straitéiseach Fhís Nialais AE a bhaint amach; á thabhairt chun suntais an gá atá le ceanglais Threoir (AE) 2019/1936 a chomhlíonadh agus á chur i bhfios, chun na críche sin, go bhfuil gá le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh in oiriúnú agus i gcothabháil an bhonneagair agus gur cheart go ndéanfaí é sin a áirithiú; á chur i bhfáth nár cheart go rachadh aon simpliú a dhéanfar ar na ceanglais rialála le haghaidh nósanna imeachta tionscadail chun dochair do na caighdeáin sábháilteachta is airde agus athbhreithniú á dhéanamh ar threoirlínte TEN-T;
28.á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit an gá atá le limistéir pháirceála leordhóthanacha a bheidh slán agus sábháilte do thrucailí a sholáthar feadh an TEN-T ar mhaithe le sábháilteacht ar bhóithre agus le dea-bhail úsáideoirí an ghréasáin araon a mhéadú, go háirithe oibrithe iompair;
29.á thabhairt chun suntais gur cheart codanna deimhnithe speisialta de ghréasán TEN-T, mar aon leis an ngréasán mótarbhealaí, a thabhairt isteach agus a oiriúnú chun go ndéanfar íoschaighdeáin feidhmíochta i gcás feithiclí uathoibrithe agus leath-uathoibrithe a chomhlíonadh agus chun go gcomhlíonfar na caighdeán feidhmíochta bonneagair a mhéid a bhaineann le hinfheictheacht, staid na gcomharthaí tráchtála, comharthaí bóthair agus marcanna bóthair;
30.á chur i bhfios an acmhainneacht a bhaineann le modhanna nua agus gníomhacha soghluaisteachta nasctha in iompar uirbeach agus áitiúil daoine agus earraí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú go dlúth le réigiúin agus le cathracha, go háirithe thar theorainneacha, chun feabhas a chur ar an mbonneagar míle dheireanaigh agus ar naisc idirmhódúla ar fud TEN-T, agus ar an mbealach sin úsáid níos éifeachtúla agus gan uaim a bhaint as bonneagar agus seirbhísí, lena ndéanfar plódú a chosc agus astaíochtaí a laghdú;
31.ag athdhearbhú an róil lárnaigh atá ag an iompar d’iarnród ó thaobh dhícharbónú na hearnála iompair de agus á mheabhrú a thábhachtaí atá sé an Ceathrú Pacáiste Iarnróid a chur chun feidhme ina iomláine chun gur féidir le hiompar d’iarnród a lánacmhainneacht a fhorbairt; á iarraidh go mbeidh bearta ag gabháil leis an bhforbairt ar an mbonneagar iarnróid chun laghdú a dhéanamh ar ualaí riaracháin gan údar. á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa ar bhonn bliantúil ar an dul chun cinn san fhearann sin; á mheas nach foláir go mbeidh sé ina thosaíocht ag TEN-T athruithe córa iompair agus iompar éifeachtach iarnróid agus traschórais a chur chun cinn, go háirithe i gcásanna trasteorann agus i gcás ina bhfuil naisc in easnamh i gcodanna a mbaintear dianúsáid astu agus gur cheart go gcuirfí an méid sin i gcrích trí úsáid iomlán a bhaint as ERTMA, lena gcuirfear deireadh le bacainní rialála, oibríochtúla agus teicniúla sa ghréasán agus lena n-áiritheofar rochtain chothrom d’oibreoirí iarnróid, lena gcuirfear dlús faoi leictriú, lena n-áiritheofar idirnascadh agus idir-inoibritheacht, lena n-áirítear trí bharr feabhais a chur ar acmhainneacht an bhonneagair agus trí nuachóiriú a dhéanamh ar threalamh rothra, lena dtacófar le taighde agus nuálaíocht lena n-áirítear an comhghnóthas Shift2Rail, agus lena gcuirfear barr feabhais ar chonairí lasta iarnróid i gcomhréir leis an éileamh, go háirithe i moil lóistíochta amhail calafoirt agus aerfoirt; á chur i bhfáth, thairis sin, an gá atá le nóid idirthurais agus chríochfoirt a shainiú laistigh den ghréasán, agus na nóid lárnacha a fheistiú le hardáin i gcomhair idirthurais chun éascú a dhéanamh ar an sreabhadh paisinéirí agus earraí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tionscadail lena bhfeabhsófar an inrochtaineacht, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumais agus do dhaoine scothaosta;
32.á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna tréimhsiúla ceangailteacha a ghlacadh don úsáid a bhainfear as ERTMS, ar mhaithe lena thabhairt isteach i gcroíghréasán TEN-T a thabhairt i gcrích faoi 2030; á mheas gur cheart do ERA gníomhú mar údarás córais a bheidh éifeachtúil agus éifeachtach agus a ról agus freagrachtaí feabhsaithe maidir le ERTMS faoin gCeathrú Pacáiste Iarnróid a chomhlíonadh; á iarraidh go ndéanfar treochlár ar chur chun feidhme ERTMS maidir le conairí lasta iarnróid a mhaoiniú trí Thionscadal Leasa Choitinn faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur i bhfios a thábhachtaí atá cobhsaíocht rialála a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla don idir-inoibritheacht mar mhodh chun infheistíochtaí in ERTMS a scaoileadh agus á iarraidh ar an gCoimisiún anailís chúramach a dhéanamh ar athruithe breise agus nuashonrú á dhéanamh aige ar TSI do 2030 agus chun comhoiriúnacht a áirithiú;
33.á chur i bhfios go láidir nach foláir do bhonneagar iarnróid na hEorpa toilleadh leordhóthanach a áirithiú i gcás traenacha lastais agus paisinéirí araon, lena bhforálfar d’úsáid ar bhonn níos mó a bheith á baint as an mbonneagar agus lena nginfear toradh níos fearr ar infheistíochtaí; ag tathant ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do nascacht traenach trasteorann ar mhaithe leis an athrú córa iompar in iompar idirnáisiúnta paisinéirí a neartú; á chur i bhfáth, ina leith sin, an acmhainneacht a bhaineann le traenacha oíche le haghaidh taisteal atá neamhdhíobhálach don aeráid agus iomaíoch; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le comhar trasteorann éigeantach i measc bainisteoirí bonneagair chun go mbeidh ann d’iompar iarnróid trasteorann gan uaim ar ghréasán TEN-T agus feadh conairí lasta iarnróid na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta ceangailteacha a chur ar aghaidh do bhainisteoirí bonneagair mar chuid den athbhreithniú ar TEN-T;
34.á chur i bhfios go láidir nach foláir ardtosaíocht a thabhairt don fhorbairt ar sheirbhísí iarnróid ardluais agus ardcháilíochta do phaisinéirí feadh chroíghréasáin TEN-T sna blianta amach romhainn, agus é mar aidhm leis gréasán forleathan de naisc iarnróid ardluais a chruthú idir cathracha móra na hEorpa nach bhfuil rochtain acu ar na seirbhísí sin faoi láthair agus méadú substainteach a dhéanamh ar iomaíochas na modhanna inbhuanaithe iompair de thalamh;
35.á chur i bhfáth a thábhachtaí atá iompar ar uiscebhealaí intíre mar mhodh inbhuanaithe iompair agus á chur i bhfios go láidir an gá atá le bonneagar ardacmhainneachta agus a sheasfaidh an aimsir a áirithiú, mar aon le hiontaofacht, cáilíocht agus dea-inseoltacht na n-uiscebhealaí, go háirithe i bhfianaise an athraithe aeráide; ag aithint an ról thábhachtaigh atá ag calafoirt mar nóid straitéiseacha sna croíghréasáin agus sna gréasáin chuimsitheacha araon; á iarraidh ar an gCoimisiún naisc gan uaim a áirithiú idir calafoirt lárnacha agus chuimsitheacha intíre agus mhuirí agus gréasáin iarnróid agus bóithre, ar mhaithe le hilmhódúlacht a éascú; á iarraidh go gcuirfear bearta i gcrích chun úsáid chomhchuibhithe thrasteorann RIS a áirithiú agus chun éascú a dhéanamh ar an nglacadh le réitigh nuálacha, éifeachtúla agus inbhuanaithe san earnáil;
36.á iarraidh go ndéanfar treochlár d’fhorbairt na n-uiscebhealaí intíre a mhaoiniú trí Thionscadal Leasa Choitinn faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;
37.ag cur béim ar an ról atá ag naisc mhuirí ardcháilíochta, ní hamháin i gcás thrádáil idirnáisiúnta AE, ach freisin i gcás trádáil laistigh de AE; á chur i bhfios go láidir ról tábhachtach cholún Uiscebhealaí na Mara de chuid TEN-T agus na loingseoireachta gearrthurais mar mhodhanna inbhuanaithe iompair sa chomhthéacs sin; á mheas gurb é is cuspóir le colún Uiscebhealaí na Mara ná éascú a dhéanamh ar naisc agus ar sheirbhísí gearrthurais mara atá bunaithe ar riachtanais, a bheidh comhtháite go leanúnach le hiompar de thalamh agus a dhéanfaidh comhlánú air sin, chun comhar idir calafoirt mhuirí a éascú agus borradh a chur faoin nasc atá acu lena gcúlchríoch, agus chun an fhorbairt agus an feidhmiú céimneach ar bhreoslaí glana agus malartacha a chur chun cinn, faoi réir measúnú tionchair, agus réitigh éifeachtúlachta fuinnimh don mhuiriompar; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, meastóireacht a dhéanamh i dtaobh cé na pointí deiridh de na croíchonairí ba cheart a bheith ar fáil mar naisc mhara le croíchonairí eile agus an áit inar cheart léarscáileanna TEN-T a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le torthaí na meastóireachta sin;
38.á chur i bhfáth ról ríthábhachtach na gcalafort muirí agus intíre mar nóid straitéiseacha an ghréasáin iompair, lena ndéanfar loingseoireacht ghearrthurais agus loingseoireacht domhainfharraige a nascadh le hiarnróid, bóithre, uiscebhealaí intíre agus píblínte agus iad ag crosbhóthar na slabhraí soláthair lóistíochta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an inrochtaineacht ar chalafoirt TEN-T a áirithiú do na soithí is mó trí bhearta ráthaíochta acmhainneachta; á thabhairt chun suntais an ghné thrasteorann a bhaineann le calafoirt mhuirí agus á chur i bhfáth nach é amháin gur comhchuid iad na calafoirt den mhuiriompar ach gur braislí ar bhonn méadaitheach iad de na modhanna uile iompair, mar aon le bheith mar chuid de na geilleagair fuinnimh, thionsclaíocha agus ghorma; ag tabhairt dá haire an tábhacht a bhaineann le comhar agus braisliú na gcalafort mar aon le tuilleadh forbairt a dhéanamh ina leith; á chreidiúint gur cheart do TEN-T, dá bhrí sin, éascú a dhéanamh ar thionscadail atá beartaithe chun sineirgí laistigh de na calafoirt idir na bonneagair iompair, fuinnimh agus dhigiteacha a mhéadú agus foráil a dhéanamh do ghníomhaíochtaí chun nuashonrú a dhéanamh ar naisc iarnróid agus bóithre le calafoirt mhuirí agus uiscebhealaí intíre, i gcás inar gá, chun tacú leis an athrú córa iompair agus lóistíochtaí inbhuanaithe a fheabhsú;
39.á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá naisc gearrthurais mara don nascacht réigiúnach, go háirithe do réigiúin fhorimeallacha agus d’oileáin; á mheas go ndéantar naisc gearrthurais mara náisiúnta a eisiamh le ceanglais Uiscebhealaí na Mara; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, na ceanglais sin a shimpliú i rialachán TEN-T, chun naisc mhuirí a chur ar chomhchéim le naisc thalamhbhunaithe, agus naisc chuig calafoirt ar an ngréasán cuimsitheach á gcur san áireamh, go háirithe;
40.ag cur béim ar an acmhainneacht atá ann chun astaíochtaí thionscal na loingseoireachta a laghdú go suntasach trí bhíthin infheistíochtaí a dhéanamh i mbonneagar calafoirt lena dtacófar leis an úsáid a bhainfear as breoslaí malartacha agus leis an aistriú chuig luchtú ceallraí agus soláthar cumhachta fad atá soithí feistithe le balla; á chur i bhfios gur cheart go dtabharfaí tús áite ar leith do na hinfheistíochtaí sin mar bhealach chun iompar ilmhódach atá bunaithe ag calafoirt a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh forbairt a dhéanamh ar na hionstraimí airgeadais atá ar fáil chun borradh a chur faoi infheistíochtaí chun na críche sin, agus tacú tuilleadh leis an bhforbairt leanúnach ar theicneolaíochtaí glana éagsúla trí thaighde a spreagadh;
41.ag tathant ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt do ról níos leithne na gcalafort, nach bhfuil taobh le feidhmeanna iompair amháin, a mhéid a bhaineann le hiarrachtaí dícharbónaithe, go háirithe a n-acmhainneacht chun rannchuidiú le saothrú a dhéanamh ar dheiseanna fuinnimh gaoithe ar tír agus amach ón gcósta;
42.á chur i bhfios go láidir go bhfuil aeriompar agus na bonneagair a bhaineann leis, amhail aerfoirt, ríthábhachtach chun AE a nascadh ar fud an domhain agus go hinmheánach, lena n-áirítear na réigiúin tuaithe, na réigiúin imeallacha, na réigiún oileánach agus na réigiúin is forimeallaí, agus chun ilmhódúlacht a áirithiú, mar shampla trí idir-inoibritheacht le hiompar d’iarnród, mar aon le sineirgí a chruthú idir gníomhaireachtaí gaolmhara AE; á mheas gur uirlis thábhachtach é TEN-T chun dlús a chur le glacadh breoslaí malartacha san earnáil, mar aon lena mbonneagar luchtaithe agus athbhreoslaithe, tríd an toilleadh is gá a sholáthar ag aerfoirt sna croíghréasáin agus sna gréasáin chuimsitheacha; á mheas go bhfuil géarghá agus ríthábhachtach le tuilleadh forbairt a dhéanamh ar thionscnamh an Aerspáis Eorpaigh Aonair II+ chun nascacht bonneagair níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe a chur i gcrích; á mheabhrú gur léiríodh le géarchéim COVID-19 luach an aeriompair don gheilleagar chomh maith le nascacht paisinéirí agus earraí, agus, dá bhrí sin, gur gá a athléimneacht i gcoinne rioscaí agus géarchéimeanna nua a áirithiú;
43.á mheas gur cheart sineirgí agus comhlántachtaí TEN-T agus GTE-F a chur chun cinn, agus deiseanna cistiúcháin agus leibhéil mhaoinithe atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo á n-áirithiú go hiomlán maidir le forbairt TEN-T; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, nach amháin gur gné den bhonneagar fuinnimh iad píblínte, ach gur cumasóir iad freisin den aistriú ionsar iompar níos inbhuanaithe; ag aithint an róil atá ag píblínte mar nasc idir braislí tionsclaíochta agus moil iompair agus mar mhodh iompair le haghaidh tráchtearraí, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá siad maidir le teicneolaíochtaí áirithe dícharbónaithe a chur chun feidhme;
44.á chur i bhfáth an gá atá ann le gréasán TEN-T dea-fhorbartha, cliste, sábháilte agus inbhuanaithe a bheith ag na Ballstáit uile lena n-éascófar soghluaisteacht, nascacht agus inrochtaineacht chríochach ar fud AE, go háirithe i réigiúin fhorimeallacha, sna réigiúin oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí, ar mhaithe le turasóireacht Eorpach agus idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a threisiú; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar na sineirgí a d‘fhéadfadh a bheith ann le EuroVélo agus lena 16 de chonairí, go háirithe trí thacaíocht airgeadais a mhéadú, chun turasóireacht sa timthriall áitiúil agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn san Eoraip;
Treoshuíomh straitéiseach
45.á thabhairt chun suntais an luach straitéiseach atá ann do AE na dlúthnaisc iompair a choimeád le tríú tíortha laistigh de TEN-T agus le tíortha comhpháirtíochta Limistéar Saorthrádála na hEorpa (CSTE), na mBalcán Thiar agus Chomhphobal Iompair Oirdheisceart na hEorpa, agus tíortha Comhpháirtíochta an Oirthir a chomhtháthú tuilleadh agus nascacht níos fearr a chur chun cinn le limistéir fhorimeallacha AE; á mheas freisin gur caoithiúil, i bhfianaise na n-infheistíochtaí straitéiseacha agus an bhorrtha faoin tionchar ó thríú tíortha sa réigiún sin, a naisc iompair TEN-T a leathnú chuig tíortha is iarrthóirí, chuig tíortha Chomhpháirtíocht na Meánmhara Theas agus an Oirthir, agus chuig an Áise, bunaithe ar chaighdeáin AE agus ar dhearbhuithe cómhalartachta; á thabhairt chun suntais, thairis sin, tábhacht straitéiseach na Meánmhara don Aontas agus an gá atá le bonneagar thíortha na Meánmhara Theas agus réigiún oileánach AE a neartú;
46.á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé naisc TEN-T leis an Ríocht Aontaithe a choimeád, ag tosú leis an aitheantas a thugtar di mar ‘thír chomharsanachta’ de réir mar a shainmhínítear é in Airteagal 3(b) de rialachán TEN-T, agus cur chun feidhme agus cur i gcrích thionscadal bonneagair TEN-T a comhaontaíodh go comhpháirteach á choimirciú ag an am céanna agus á áirithiú go mbeidh an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i maoiniú an naisc sin; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar theorainneacha seachtracha AE agus faireachán a dhéanamh ar thionchar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ar réigiúin teorann; ag meabhrú an róil thábhachtaigh atá ag an Ríocht Aontaithe agus ag an droichead talún, mar a thugtar air, mar chomhchuid de ghréasán TEN-T agus ag aithint an tionchair dhiúltaigh a bheidh ag Brexit ar an nascacht, ar an inrochtaineacht agus ar an gcomhtháthú eacnamaíoch idir Éire agus mór-roinn na hEorpa, agus ar fud oileán na hÉireann chomh maith; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh nasc éifeachtach idir Éire agus mór-roinn na hEorpa, agus aird ar leith á tabhairt ar na bealaí muirí, tríd an gcroíghréasán cuimsitheach, cibé cén cineál caidrimh a bheidh ann sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe;
47.á chur i bhfios go láidir go bhfuil feidhm straitéiseach ag TEN-T, lena phríomhmhoil, don Aontas; ag tathant ar an gCoimisiún pleananna a fhorbairt chun bonneagar straitéiseach agus TEN-T ina iomláine a chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go hiomlán le linn nósanna imeachta tairisceana le haghaidh tionscadail TEN-T leas straitéiseach AE, an toirmeasc ar dhumpáil praghsanna, urraim iomlán do chaighdeáin arda oibre Eorpacha agus prionsabal na cómhalartachta ó thaobh rochtain ar sholáthar poiblí de;
48.á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sineirgí a mhéadú idir gréasáin thras-Eorpacha i réimse an iompair, an fhuinnimh agus na teileachumarsáide, agus idir a gconairí faoi seach, chun rochtain rianúil ar an margadh agus dáileadh breoslaí malartacha don iompar a áirithiú agus chun riachtanais dhigiteacha éabhlóideacha na hearnála iompair agus a húsáideoirí a chur san áireamh;
49.á thabhairt chun suntais go gcuirtear deis shoiléir ar fáil leis an mbeartas maidir le bonneagar iompair chun cur leis na sineirgí idir riachtanais chosanta agus TEN-T, agus é mar aidhm fhoriomlán leis feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata ar fud an Aontais, agus cothromaíocht gheografach agus na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ann do chosaint shibhialta á gcur san áireamh; á áitiú gur cheart bonneagar iompair i gcodanna den ghréasán tras-Eorpach a aithníodh a bheith oiriúnach do dhé-úsáid a oiriúnú go docht i gcomhréir le prionsabal na dé-úsáide, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shibhialta agus chosanta araon; á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra bunaidh maidir le maoiniú na soghluaisteachta míleata a choimeád faoi CAI 2021-2027;
o oo
50.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
Go háirithe, na coigeartuithe a leagtar síos i gCuid III den Բé (a ghabhann le rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE)).
Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh.347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh.1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh.713/2009, (CE) Uimh.714/2009 agus (CE) Uimh.715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).
Rialachán (AE) Uimh.913/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22Meán Fómhair2010 maidir le gréasán Eorpach iarnróid do lastas iomaíoch (IO L 276, 20.10.2010, lch. 22).
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích (), athraithe go togra le haghaidh treorach de réir nóta 8726/20 ón gComhairle an 12 Meitheamh 2020 ().
Rialachán(AE)Uimh.1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an11Nollaig2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán(AE)Uimh.913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán(CE)Uimh.680/2007 agus Rialachán(CE)Uimh.67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).
De réir mar a shonraítear i gcomhaontú sealadach an 17 Meitheamh 2020 a bhí mar thoradh ar caibidlíochtaí idirinstitiúideacha ar an rialachán maidir le bearta cuíchóirithe chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair a chur i gcrích.