Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2021 maidir le gné na hinscne i ngéarchéim COVID-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime ()
Tá Parlaimint na hEorpa,
–ag féachaint d’Airteagail2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus d’Airteagail6, 8 agus 153 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint d’Airteagal23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
–ag féachaint don Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus, go háirithe, prionsabail2, 3, 5, 9, 10, 16 agus 20 de,
–ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, don phrionsabal nach bhfágfaí aon duine ar lár, agus, go háirithe, do Sprioc 1 lena bhféachfar le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, do Sprioc 3 lena bhféachtar lena áirithiú gur féidir le daoine saol folláin a bheith acu, do Sprioc 5 lena bhféachtar le comhionannas inscne a bhaint amach agus dálaí maireachtála a fheabhsú do mhná, agus do Sprioc 8 lena bhféachtar le fás inbhuanaithe agus eacnamaíoch a bhaint amach,
–ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú an 18Nollaig1979,
–ag féachaint d’Airteagal6 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD) an 3Bealtaine2008,
–ag féachaint do threoracha AE ó 1975 ar aghaidh maidir le gnéithe éagsúla de chóir chomhionann idir mná agus fir (Treoracha 79/7/CEE(1), 86/613/CEE(2), 92/85/CEE(3) agus 2004/113/CE(4) ón gComhairle, Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5), Treoir 2010/18/AE ón gComhairle(6) agus Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7)),
–ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20Meitheamh2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus cúramóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/18/AE(8) ón gComhairle,
–ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’),
–ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5Márta2020 dar teideal ‘ Aontas an Chomhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025’ (),
–ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre Comhpháirteach an 21Meán Fómhair2015 dar teideal Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan: Saol na gCailíní agus na mBan a Bhunathrú chun Feabhais trí Chaidreamh Seachtrach an Aontais Eorpaigh 2016-2020’ (SWD(2015)0182),
–ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle an 4 Márta 2016 maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (), a thabhairt i gcrích,
–ag féachaint do rún uaithi an 13Feabhra2020 maidir le tosaíochtaí AE don 64ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe ar Stádas na mBan(9),
–ag féachaint do rún uaithi an 30Eanáir2020 maidir leis an mbearna phá idir na hinscní(10),
–ag féachaint do rún uaithi an 13Feabhra2019 maidir le frithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE(11),
–ag féachaint do rún uaithi an 28Samhain2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac(12),
–ag féachaint do rún uaithi an 15Samhain2018 maidir le seirbhísí cúraim in AE le haghaidh comhionannas inscne níos fearr a bhaint amach(13),
–ag féachaint dá rún an 29Samhain2018 maidir le staid na mban faoi mhíchumais(14),
–ag féachaint do rún uaithi an 17Aibreán2018 maidir le mná agus cailíní a chumhachtú tríd an earnáil dhigiteach(15),
–ag féachaint do rún uaithi an 16Eanáir2018 maidir le mná, comhionannas inscne agus ceartas aeráide(16),
–ag féachaint do rún uaithi an 3DeireadhFómhair 2017 maidir le cumhachtú eacnamaíoch na mban sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí in AE(17),
–ag féachaint do rún uaithi an 14Meitheamh2017 maidir le Straitéis AE chun deireadh a chur leis an mbearna phinsin idir na hinscní agus í a chosc(18),
–ag féachaint do rún uaithi an 14Márta 2017 maidir le comhionannas idir mná agus fir san Aontas Eorpach in 2014-2015(19),
–ag féachaint do rún uaithi an 4Aibreán2017 maidir le mná agus a róil i gceantair thuaithe(20),
–ag féachaint do rún uaithi an 14Feabhra2017 maidir le comhionannas inscne sa mheabhairshláinte agus sa taighde cliniciúil a chur chun cinn(21),
–ag féachaint do rún uaithi an 8Márta2016 maidir le staid na mban agus na n-iarrthóirí tearmainn ar mná iad in AE(22),
–ag féachaint do rún uaithi an 19Eanáir2016 maidir le tosca seachtracha arb é atá iontu constaicí ar fhiontraíocht na mban san Eoraip(23),
–ag féachaint do rún uaithi an 9Meán Fómhair2015 maidir le gairmeacha ban san eolaíocht agus sna hollscoileanna, agus na síleálacha gloine a tháinig chun cinn(24),
–ag féachaint do rún uaithi an 9Meitheamh2015, maidir le Straitéis AE le haghaidh comhionannas idir mná agus fir i ndiaidh 2015(25),
–ag féachaint do chonclúidí na Comhairle an 10Nollaig2019 maidir le Comhionannas Inscne i nGeilleagair an Aontais: An Bealach Chun Cinn,
–ag féachaint don tuarascáil ón Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) dar teideal ‘COVID-19 agus saol na hoibre. An ceathrú heagrán’ a foilsíodh an 27Bealtaine2020,
–ag féachaint don anailís a rinne EIS dar teideal ‘Tionchar earnálach, freagairtí agus moltaí a bhaineann le COVID-19’,
–ag féachaint don tuarascáil ó ECFE dar teideal ‘Mná i gcroílár an chomhraic in aghaidh COVID-19’, a foilsíodh i mí Aibreáin 2020,
–ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 6Márta2019 dar teideal ‘Tuarascáil 2019 maidir le comhionannas idir mná agus fir in AE’ (SWD(2019)0101),
–ag féachaint don tuarascáil ó Mhná na Náisiún Aontaithe dar teideal The Impact of COVID-19 on Women [Tionchar COVID-19 ar Mhná], a foilsíodh an 9Aibreán2020,
–ag féachaint don tuarascáil ó Mhná na Náisiún Aontaithe dar teideal From Insights to Action: Gender Equality in the wake of COVID-19 [Ó léargais go gníomh: Comhionannas Inscne i ndiaidh COVID-19], a foilsíodh an 2Meán Fómhair2020,
–ag féachaint don fhoilseachán ó Mhná na Náisiún Aontaithe dar teideal Online and ICT* facilitated violence against women and girls during COVID-19 [Foréigean ar líne in aghaidh ban agus cailíní éascaithe ag TFC* le linn COVID-19],
–ag féachaint do thuarascáil Chiste na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis an bPobal (UNFPA) dar teideal ‘Tionchar Phaindéim COVID-19 ar Phleanáil Teaghlaigh agus deireadh a chur le Foréigean Inscne, Ciorrú Ball Giniúna Ban, agus Pósadh Leanaí’, a foilsíodh an 27Aibreán2020,
–ag féachaint don ráiteas ó UNFPA dar teideal ‘Milliúin níos mó cásanna foréigin, de phósadh leanaí, de chiorrú ball giniúna ban, de thoircheas neamhbheartaithe a bhfuiltear ag dréim leo mar gheall ar phaindéim COVID-19’, a foilsíodh an 28Aibreán2020,
–ag féachaint don Ráiteas an 24Márta2020 ó Uachtarán Ghrúpa Saineolaithe Chomhairle na hEorpa um Ghníomhaíocht i gcoinne Foréigean Ban agus Foréigean Teaghlaigh (GREVIO), Marceline Naudi, maidir leis an ngá atá ann seasamh le caighdeáin Choinbhinsiún Iostanbúl tráth paindéime,
–ag féachaint don tuarascáil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde dar teideal ‘Conas a rachaidh géarchéim COVID-19 i bhfeidhm ar dheighiltí inscne atá ann cheana san Eoraip?’,
–ag féachaint d'Բé Comhionannais Inscne 2019 ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE), a foilsíodh an 15Deireadh Fómhair2019,
–ag féachaint do thuarascáil IECI dar teideal ‘Dul i ngleic leis an mbearna phá idir na hinscní: ní gan chothromaíocht oibre is saoil níos fearr’, a foilsíodh an 29Bealtaine2019,
–ag féachaint do thuarascáil IECI dar teideal ‘Béising +25: an cúigiú hathbhreithniú ar chur chun feidhme Clár Oibre Bhéising don Ghníomhaíocht i mBallstáit an AE ’a foilsíodh an 5Márta2020,
–ag féachaint do thacar sonraí 2020 le haghaidh shuirbhé Eurofound dar teideal ‘Maireachtáil, Obair agus COVID-19’,
–ag féachaint don suirbhé a rinne Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) dar teideal ‘Achar fada le dul le haghaidh chomhionannas LADTIA’, a foilsíodh an 14Bealtaine2020,
–ag féachaint do thuarascáil FRA dar teideal ‘Imní leanúnach: frithghiofógachas mar bhac ar chuimsiú na Romach’, a foilsíodh an 5Aibreán2018,
–ag féachaint do thuarascáil FRA dar teideal ‘Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé uile Aontais’, a foilsíodh an 5Márta2014,
–ag féachaint d’fhaisnéisiú beartais Eorpach ILGA dar teideal:’ COVID-19: Foréigean baile i gcoinne daoine LADTIA’,
–ag féachaint don fhoilseachán Eorpach um Stocaireacht na mBan dar teideal ‘Comhionannas idir mná agus fir á chur i gcroílár na freagairte ar COVID-19 ar fud na hEorpa’,
–ag féachaint d’fhoilseachán Líonra Eorpach IPPF dar teideal ‘Conas aghaidh a thabhairt ar an tionchar ar mhná, ar chailíní agus ar ghrúpaí leochaileacha agus ar a sábháilteacht gnéis agus atáirgthe’,
–ag féachaint don fhaisnéisiú beartais Eorpach um Stocaireacht na mBan dar teideal Walk-the-talk: EU funds must mirror women’s equality [Beart a dhéanamh de réir do bhriathair: Ní mór comhionannas na mban a léiriú le cistí an Aontais],
–ag féachaint don fhaisnéisiú beartais Eorpach um Stocaireacht na mBan dar teideal ‘Caithfidh mná gan an praghas a íoc as COVID-19!’,
–ag féachaint don staidéar a rinne an tOllamh Sabine Oertelt-Prigione dar teideal 'Tionchar gnéis agus inscne ar phaindéim COVID-19', a foilsíodh an 27Bealtaine2020,
–ag féachaint don tuarascáil chomhpháirteach ó Fhóram Parlaimint na hEorpa um Chearta Gnéis & Atáirgthe agus an Líonra Eorpach de chuid Chónaidhm Idirnáisiúnta na Tuismitheoireachta Pláintiúla dar teideal Sexual and Reproductive Health and Rights during the COVID-19 pandemic [Sláinte agus Cearta Gnéasacha agus Atáirgthe le linn phaindéim COVID-19], a foilsíodh an 22Aibreán2020,
–ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
–ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0229/2020),
A.de bhrí go bhfuil gnéithe soiléire inscne ag géarchéim COVID-19 agus a hiarmhairtí toisc go ndéanann siad difear do mhná agus d’fhir ar bhealach éagsúil agus gur leag siad béim ar na héagothromaíochtaí agus ar na heasnaimh atá ann faoi láthair maidir le comhionannas inscne agus cearta na mban; de bhrí go bhfuil gá le freagairt inscne-íogair dá bhrí sin;
B.de bhrí go ndéanann COVID-19 difear do ghrúpaí éagsúla sa tsochaí ar bhealaí éagsúla agus ar leibhéil éagsúla, lena n-áirítear mná agus fir, daoine óga, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas, íospartaigh foréigin inscnebhunaithe agus teaghlaigh, daoine ó chúlraí socheacnamaíocha éagsúla, leanaí, tuismitheoirí aonair agus grúpaí mionlaigh lena n-áirítear Romaigh, daoine LADTIA+ agus dídeanaithe mná agus mná imirceacha, agus go bhfuil impleachtaí trasnaí eile ag baint leis freisin; de bhrí go mbeidh tionchar díréireach ar mhná agus ar chailíní sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus gur chuir an phaindéim leis an neamhionannais inscne struchturtha atá ann faoi láthair, go háirithe do chailíní agus do mhná ó ghrúpaí imeallaithe;
C.de bhrí go léiríonn figiúirí básmhaireachta oifigiúla tosaigh go bhfuil ráta báis níos airde ag fir scothaosta ón víreas ná mar atá ag mná, cé go bhfuil mná i mbaol níos mó an víreas a tholgadh mar gheall ar a n-ionadaíocht díréireach ard i measc oibrithe túslíne in earnálacha riachtanacha le linn na ngéarchéimeanna reatha;
D.de bhrí nach raibh an tAontas ná na Ballstáit ullmhaithe do ghéarchéim sláinte den chineál sin; de bhrí go bhfuil rochtain ar shláinte gan idirdhealú ina cheart bunúsach ag an duine; de bhrí gur chuir an ghéarchéim sláinte go mór leis na bacainní a bhí ann cheana maidir le rochtain ar sheirbhísí cúraim chriticiúil; de bhrí go raibh moill ann, agus bacainní uaireanta, maidir le rochtain a fháil ar dhianchúram le haghaidh gearáin phráinneacha mar thoradh ar sheirbhísí sláinte 'neamhriachtanacha' a chealú nó a chur siar, lena n-áirítear do mhná; de bhrí, i ndáil leis sin, gur cuireadh bac ar rochtain ar chúram sláinte agus seirbhísí gnéis agus atáirgthe le hiarmhairtí tromchúiseacha, agus go ndearnadh roinnt iarrachtaí dlíthiúla chun teorainn a chur leis an gceart chun ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil i mBallstáit áirithe; de bhrí go n-áirítear le riachtanais chriticiúla do mhná rochtain ar chúram máithreachais agus breith sábháilte, infhaighteacht frithghiniúna, seirbhísí ginmhillte sábháilte agus seirbhísí IVF, agus forálacha maidir le bainistiú cliniciúil i gcás éignithe; de bhrí go bhfuil mná agus cailíní i mbaol a gceart bunúsach chun seirbhísí sláinte a chailleadh mar thoradh ar an gcás eisceachtúil i gcórais sláinte náisiúnta agus de réir mar a éiríonn seirbhisí agus táirgí riachtanacha níos teoranta le linn na géarchéime; de bhrí gur féidir le hiarrachtaí chun ráigeanna a shrianadh acmhainní a atreorú ó ghnáthsheirbhísí sláinte agus gur féidir an rochtain theoranta ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, atá teoranta cheana féin, a dhéanamh níos measa;
E.de bhrí gur léirigh tuarascálacha agus figiúirí ó roinnt Ballstát le linn na tréimhse gaibhniúcháin agus ina dhiaidh sin go bhfuil méadú imníoch tagtha ar fhoréigean teaghlaigh agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean fisiciúil, foréigean síceolaíoch, rialú comhéigneach agus cibearfhoréigean; de bhrí nach ceist phríobháideach é an foréigean ach gur ábhar imní don tsochaí é; de bhrí go bhfágann bearta dianghlasála go mbíonn sé níos deacra d’íospartaigh an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh cúnamh a lorg toisc gur minic go mbíonn siad gaibhnithe lena mí-úsáideoirí, agus gur féidir le rochtain theoranta ar sheirbhísí tacaíochta amhail ionaid dídine do mhná, beolínte agus easpa struchtúir tacaíochta agus acmhainní cur leis an ‘scáthphaindéim’ atá ann cheana; de bhrí nach bhfuil i líon leapacha in ionaid dídine do mhná ach leath den líon a éilítear faoi Choinbhinsiún Iostanbúl; de bhrí go bhfuil saol agus folláine go leor grúpaí leochaileacha ban i mbaol níos minice anois ná riamh mar gheall ar ghéarchéim phaindéim COVID-19; de bhrí nach n-áirítear feimeamharuithe sna staitisticí oifigiúla maidir le bás de dheasca COVID-19, ach go bhféadfadh siad a bheith bainteach leis an ráig agus leis na bearta dianghlasála a rinneadh le linn na tréimhse sin; de bhrí go bhféadfadh riosca níos airde maidir le ciorrú ball giniúna ban (FGM) a bheith mar thoradh ar bhearta gaibhniúcháin agus leithlisithe agus go bhféadfadh sé nach ndéanfaí cásanna a bhrath mar gheall ar chur isteach ar scolaíocht; de bhrí gur tosca iad na struis eacnamaíocha agus sóisialta a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le méadú ar fhoréigean teaghlaigh agus inscnebhunaithe san fhadtéarma agus go bhféadfadh sé a bheith níos deacra do mhná comhpháirtithe mí-úsáideacha a fhágáil mar thoradh air sin;
F.de bhrí go méadaítear foréigean inscnebhunaithe éascaithe ag TFC ar líne le húsáid méadaithe idirlín le linn na paindéime, mar aon le mí-úsáid ghnéasach leanaí, agus go háirithe cailíní, ar líne; de bhrí gur ar chosantóirí chearta an duine, mná sa pholaitíocht, iriseoirí ar mná iad, mná ar de mhionlaigh eitneacha iad, mná dúchasacha, mná leispiacha, déghnéasacha agus trasinscneacha, agus mná faoi mhíchumas a dhírítear go háirithe le foréigean éascaithe ag TFC; de bhrí go bhfuil an baol is airde maidir le foréigean ar líne a fhulaingt san Eoraip ann do mhná óga idir 18 agus 29 bliain d’aois(26);
G.de bhrí gur mná iad tromlach na n-oibrithe a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil sa ghéarchéim reatha, lena n-áirítear 76% d’oibrithe cúraim sláinte (dochtúirí, altraí, cnáimhseacha, baill foirne i dtithe cúraim chónaithe), 82% d’airgeadóirí, 93% d’oibrithe cúraim leanaí agus de mhúinteoirí, 95% d’oibrithe tí, de ghlantóirí agus cúntóirí, agus 86% d’oibrithe cúraim phearsanta(27) in AE; de bhrí go bhfuil sé a bhuí leis na hoibrithe sin nach féidir scaradh fisiciúil a dhéanamh go minic agus ar an gcaoi sin, a bhfuil ualach méadaithe orthu maidir leis an víreas a scaipeadh dá dteaghlaigh, go bhfuil ár gcórais eacnamaíocha, sóisialta agus sláinte, ár saoil phoiblí agus ár gníomhaíochtaí riachtanacha á gcoinneáil;
H.de bhrí gur féidir le pá in go leor earnálacha arb iad na mná is mó a bhíonn ag obair iontu a bheith íseal, agus gur minic nach n-íoctar ach an pá íosta; de bhrí go bhfuil deighilt chothrománach agus ingearach sa mhargadh saothair in AE fós suntasach, agus mná ró-ionadaíoch in earnálacha ina bhfuil níos lú brabúis i gceist; de bhrí go bhfuil 30% de mhná ag obair i ngairmeacha oideachais, sláinte agus in obair shóisialta, i gcomparáid le 8% d’fhir, agus go bhfuil 7% de mhná ag obair i ngairmeacha eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice i gcomparáid le 33% d’fhir(28); de bhrí go dtugann EIS rabhadh go ndéanfar difear díréireach leis an ngéarchéim eacnamaíoch do ghrúpaí áirithe, lena n-áirítear iad siúd atá ag dul isteach sa mhargadh saothair, rud a chuirfeadh leis an éagothromaíocht, agus gur lú an rochtain atá ag mná ar chosaint shóisialta agus go mbeidh ualach díréireach orthu; de bhrí go bhfuil bunús ann don imní maidir le cailliúint post i ngairmeacha arb iad na mná is mó a bhíonn mar fhostaithe iontu mar gheall ar an ngéarchéim; de bhrí gur dócha go dtéarnóidh earnálacha arb iad na fir is mó a bhíonn ag obair iontu níos luaithe ná na hearnálacha arb iad na mná is mó a bhíonn ag obair iontu de ghnáth; de bhrí gur cheart go dtabharfaí aghaidh le plean téarnaimh Next Generation EU ar na hearnálacha sin ina bhfuil ró-ionadaíocht á déanamh ar mhná; de bhrí go léirítear leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh plean téarnaimh go bhfuil an infheistíocht in aistrithe digiteacha ríthábhachtach do rathúnas agus d’athléimneacht na hEorpa amach anseo; de bhrí gur léiríodh san Բé Comhionannais Inscne do 2019 gur ann d’éagothromaíochtaí leanúnacha idir fir agus mná san earnáil dhigiteach agus dé bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí chun bearnaí inscne agus leithscaradh sa mhargadh saothair a mhaolú le linn chlaochlú digiteach an mhargaidh saothair;
I.de bhrí gur dóichí go mbeidh mná i bhfostaíocht shealadach, pháirtaimseartha agus neamhbhuana ná fir (26,5% i gcomparáid le 15,1% de na fir(29)), agus dá bhrí sin go raibh tionchar suntasach ag caillteanais post agus a bheith briste as post go sealadach orthu, agus go mbeidh tionchar aige sin orthu go fadtéarmach, mar thoradh ar an ngéarchéim;
J.de bhrí go dtugann taighde Eurofound chun suntais go bhfuil baol tromchúiseach ag baint leis an ngéarchéim COVID-19 go gcuirfear ar gcúl na blianta fada de dhul chun cinn a baineadh amach maidir le comhionannas inscne i rannpháirtíocht i margadh an tsaothair, go háirithe má chuirtear bac breise ar ghníomhaíocht in earnálacha ina bhfuil barraíocht ionadaíochta ag mná(30); de bhrí go léiríonn taighde gur beag an dul chun cinn atá déanta idir 2015 agus 2018 maidir leis an mbearna fostaíochta idir na hinscní a laghdú, agus go gcosnaíonn na héagothromaíochtaí leanúnacha i rannpháirtíocht san fhostaíocht breis agus EUR335billiún in aghaidh na bliana ar an Eoraip, arb ionann é sin agus 2,41% d’OTI an Aontais in 2019(31);
K.de bhrí go bhfuil tionchar inscne-shonrach na géarchéime léirithe go maith le hobair IECI agus Mná NA, i measc eagraíochtaí eile; de bhrí go bhfuil sé deacair tionchar iomlán na géarchéime a thomhas os rud é go bhfuil easpa sonraí inchomparáide atá imdhealaithe ó thaobh inscne de ann ar fud na mBallstát; de bhrí go raibh tionchar nach bhfacthas riamh ag paindéim COVID-19 ar mhargadh saothair na hEorpa; de bhrí gur gá an staid a scrúdú go cúramach de réir earnála le sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne agus aoise de, le linn na tréimhsí géarchéime agus téarnaimh araon; de bhrí nach eol fós iarmhairtí iomlána eacnamaíocha, fostaíochta ná sóisialta na paindéime, ach go dtugann réamhstaidéir, lena n-áirítear ó Eurofound, le tuiscint go gcaillfear líon suntasach post in earnálacha na seirbhíse agus na tionsclaíochta, chomh maith le hearnálacha teagmhála lena n-áirítear seirbhísí miondíola, fóillíochta agus pearsanta, ar mná iad formhór mór na ndaoine a oibríonn iontu; de bhrí go bhfuil slándáil fostaíochta caomhnaithe, os a choinne sin, ag earnálacha eile, lena n-áirítear na hearnálacha poiblí, leighis agus TFC, in ainneoin na géarchéime;
L.de bhrí go raibh tionchar suntasach ag géarchéim COVID-19 ar fhiontraithe gnólachtaí nuathionscanta;
M.de bhrí gur léirigh COVID-19 fadhb sheanbhunaithe maidir le soláthar cúraim i roinnt mhaith Ballstát san Aontas; de bhrí gur gá féachaint ar riachtanais chúraim ar bhealach iomlánaíoch feadh contanaim, ó chúram leanaí go cúram tar éis na scoile, go cúram do dhaoine faoi mhíchumas go cúram do dhaoine scothaosta;
N.de bhrí, mar thoradh ar dhúnadh scoileanna, ionad cúraim agus áiteanna oibre, go bhfuil méadú tagtha ar dháileadh éagothrom freagrachtaí tí agus cúraim neamhíoctha laistigh den bhaile do mhná a fágadh gan dóthain tacaíochta do chúram leanaí agus do dhaoine scothaosta, agus go minic sa bhreis ar iarrachtaí cothromaíocht a aimsiú idir na freagrachtaí sin agus an obair ón mbaile; de bhrí nach féidir cianobair a chur in ionad cúram leanaí; de bhrí gur gnáth go gcaitheann mná 13 uair an chloig níos mó gach seachtain ná fir i mbun cúram agus obair tí gan phá(32); de bhrí gur tugadh deis d’fhir le géarchéim COVID-19 páirt níos mó a ghlacadh i bhfreagrachtaí cúraim, ach gur léiríodh leis an bpaindéim freisin go bhfuil dáileadh an chúraim agus na hoibre tí fós éagothrom, rud ar dócha a dhéanfaidh difear níos tromchúisí do mhná agus do chailíní; de bhrí go gcuirtear brú breise ar mhná maidir le cothromaíocht idir freagrachtaí teilea-oibre agus freagrachtaí teaghlaigh a fháil agus, dá bhrí sin, go bhfuil ualach mothúchánach, meabhrach agus sóisialta méadaithe ar mhná; de bhrí go bhféadfadh sé go mbeadh níos lú éachtaí acu ag an obair mar thoradh air sin agus go mbeadh tionchar aige ar a bhforbairt ghairmiúil i gcomparáid lena gcomhghleacaithe fireanna;
O.de bhrí gur bhfuil ualach díréireach agus as cuimse curtha ar thuismitheoirí aonair, ar mná iad 85% díobh sin arb ionann iad agus 6,7milliún teaghlach aonmháthar san Aontas(33), agus go bhfuil beagnach leath díobh i mbaol mór eisiaimh shóisialta nó bochtaineachta;
P.de bhrí go léiríonn torthaí suirbhé(34) go raibh tionchar níos troime ag COVID-19 ar mhná a bhfuil leanaí óga acu ná ar fhir a bhfuil an cás teaghlaigh céanna acu; de bhrí gur mheas beagnach aon trian (29%) de mhná a bhfuil leanaí óga acu go raibh sé deacair díriú ar a gcuid oibre, i gcomparáid le 16% d’fhir a bhfuil leanaí óga acu; de bhrí gur dócha go mbraithfeadh a dhá oiread ban (29%) a bhfuil leanaí acu ná fir a bhfuil leanaí acu (16%) ró-thuirseach tar éis na hoibre chun obair tí a dhéanamh; de bhrí, in Aibreán 2020, go raibh sé níos dóchúla go mbraithfeadh mná a raibh leanaí idir 0 agus 11 bliain d’aois acu faoi bhrú ná fir a raibh leanaí san aoisghrúpa céanna acu (23% vs 19%), nó go mbraithfeadh siad uaigneach (14% vs 6%) nó go mbeadh siad faoi dhúlagar (14% vs 9%);
Q.de bhrí go leagtar béim sa togra ón gCoimisiún le haghaidh plean téarnaimh ar an infheistíocht san aistriú glas; de bhrí nach ionann an tionchar a bhíonn ag an athrú aeráide ar mhná, ós rud é go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar rioscaí agus ualaí níos mó ar chúiseanna éagsúla; de bhrí go bhfuil comhionannas inscne agus cuimsiú na mban sa chinnteoireacht ina réamhriachtanas don fhorbairt inbhuanaithe agus do bhainistiú éifeachtach na ndúshlán aeráide; de bhrí nach mór, sa ghníomhú ar son na haeráide, go n-áireofaí gné inscne agus gné thrasnach;
R.de bhrí, maidir le grúpaí áirithe sa tsochaí, amhail tuismitheoirí aonair, íospartaigh an fhoréigin, mná a bhaineann le mionlaigh chine agus eitneacha, mná scothaosta agus óga, mná faoi mhíchumas, mná Romacha, daoine LADTIA+ , mná striapachais, dídeanaithe agus imircigh, go bhfuil siad i mbaol mór ón víreas nó óna iarmhairtí sláinte nó socheacnamaíocha, i bhfianaise na mbeart a rinneadh agus na n-easnamh bonneagair agus seirbhíse atá ann cheana;
S.de bhrí go bhfuil dúshláin shonracha fós os comhair mná gan dídean i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, agus lóistín sealadach agus éigeandála go háirithe leochaileach do thraschur galar, d’fhoréigean inscne agus d’easpa rochtana ar shaoráidí sláinteachais agus cúraim sláinte;
T.de bhrí gur paindéim dhomhanda é COVID-19 a théann i bhfeidhm ar gach tír ar domhan; de bhrí go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an bpaindéim ar dhaonraí, go háirithe ar mhná agus ar chailíní, i dtíortha ina bhfuil córais sláinte tearcmhaoinithe agus ar dhaonraí tíortha ina bhfuil coinbhleacht; de bhrí go mbeidh níos mó ná 47 milliún bean agus cailín ar fud an domhain faoi bhun thairseach na bochtaineachta faoi 2021(35) mar gheall ar an bpaindéim;
U.de bhrí go meastar de réir sonraí a fuarthas le déanaí ó UNFPA go mbeidh 2milliún cás breise de FGM agus 13milliún pósadh leanaí eile sna deich mbliana amach romhainn i gcomparáid leis na meastacháin a bhí ann roimh an bpaindéim mar thoradh ar mhoilliú nó briseadh isteach ar chláir for-rochtana pobail agus ar oideachas maidir le cleachtais dhíobhálacha ar fud an domhain;
V.de bhrí gur cheart go mbeadh soláthar seirbhísí bunaithe ar sainaithint sonraíbhunaithe riachtanais, agus acmhainní buiséadacha á leithdháileadh ar bhonn an taighde sin; de bhrí go gcaithfidh buiséid agus leithdháileadh acmhainní riachtanais agus cúinsí éagsúla na bhfear agus na mban a chur san áireamh;
W.de bhrí nach mbíonn an ról céanna ag mná sa phróiseas cinnteoireachta sa tréimhse téarnaimh ná mar a bhíonn ag fir, toisc gur ann don tsíleáil ghloine; de bhrí nach mór go mbeadh ról lárnach agus gníomhach ag mná agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a dhéanann ionadaíocht orthu sna próisis chinnteoireachta chun a áirithiú go gcuirfear a ndearcthaí agus a riachtanais san áireamh i gcinnteoireacht, i ndearadh, i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán thréimhse an téarnaimh agus i mbearta gaolmhara ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais;
X.de bhrí gur gá saincheisteanna maidir le cearta na mban agus cur chun cinn an chomhionannais inscne a phríomhshruthú agus a phlé ar an leibhéal is airde, go háirithe chun Straitéis AE maidir le Comhionannas Inscne a chur chun feidhme; de bhrí, cé go bhfuil coiste ag Parlaimint na hEorpa atá tiomanta do chearta na mban agus don chomhionannas inscne, agus cé go bhfuil Coimisinéir amháin ag an gCoimisiún atá freagrach as comhionannas inscne, nach ann d’fhoirmíocht shonrach de chuid na Comhairle maidir leis an gcomhionannas inscne ná d’aon fhóram atá tiomanta do phlé agus do chinnteoireacht ag na hAirí agus na Rúnaithe Stáit a bhfuil an comhionannas inscne mar chúram orthu;
Y.de bhrí go bhforbróidh na gníomhartha bunriachtanacha a shainaithnítear anseo athléimneacht agus ullmhacht do ghéarchéimeanna sa todhchaí;
Barúlacha ginearálta
1.á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige inscne-íogair, ina mbeidh prionsabail maidir le príomhshruthú inscne agus buiséadú inscne léirithe i ngach gné den fhreagairt ar an ngéarchéim COVID-19, chun cearta na mban a chaomhnú agus a chosaint ar feadh na tréimhse paindéime agus sa tréimshe i ndiaidh na paindéime agus chun comhionannas inscne a fheabhsú;
2.á chur i bhfios go láidir gur gá na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéimeanna roimhe seo agus ó ghéarchéimeanna reatha a chur i bhfeidhm maidir le beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme amach anseo ionas nach ndéanfar botúin a rinneadh cheana arís, agus gur gá freagairtí inscne-íogair a ullmhú do gach céim de ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo chun iarmhairtí diúltacha ar chearta na mban a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún cruthú líonra seasta a éascú chun na cleachtais is fearr a roinnt idir na Ballstáit maidir le conas dul i ngleic le gnéithe inscne‑bhainteacha COVID-19; á iarraidh ar an gComhairle foirmíocht thiomnaithe a bhunú don chomhionannas inscne agus meitheal fhoirmiúil chun bearta comhchoiteanna agus nithiúla a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na dúshláin i réimse chearta na mban agus an chomhionannais inscne, agus chun a áirithiú go ndéanfar saincheisteanna comhionannais inscne a phlé ar an leibhéal polaitiúil is airde;
3.á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit measúnuithe tionchair inscne a dhéanamh go rialta, lena n-áirítear maidir le bearta ar cuid den phlean téarnaimh iad; ag beartú comhionannas inscne a ionchorprú agus a neartú in Next Generation EU trí sheasamh Pharlaimint na hEorpa;
4.ag tathant ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar leitheadúlacht an víris i measc oibrithe in earnálacha riachtanacha le linn na géarchéime reatha, go háirithe daonraí na mban agus na mionlach eitneach i bhfianaise a n-ardionadaíochta díréirí sna hearnálacha seo; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit freagairt le gníomhaíocht iomchuí chun cur lena sábháilteacht ag an obair agus á iarraidh ar na Ballstáit a ndálaí oibre a fheabhsú, lena n-áirítear tríd an gCreat-Treoir(36), Treoir 92/85/CEE agus Creat Straitéiseach AE maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair i ndiaidh 2020;
5.á iarraidh ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún, ar Eurostat agus ar IECI sonraí atá imdhealaithe de réir inscne, aoise agus idirdhealú trasnach, i measc gnéithe eile, maidir le COVID-19 agus an tionchar socheacnamaíoch atá ag an víreas a bhailiú go rialta; á chur i bhfáth gur gá go mbeadh bearta téarnaimh ag brath ar shonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de agus go mbunófaí na bearta ar na sonraí sin chun a áirithiú go mbeidh na freagraí cuimsitheach, agus aird ar leith á tabhairt do réimsí ina bhfuil sonraí gann agus neamh-inchomparáide, amhail foréigean in aghaidh ban agus seirbhísí cúraim; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá na sonraí sin a chur ar fáil go córasach agus go poiblí; ag cur béim ar an ngá atá ann go dtacódh an Coimisiún agus na Ballstáit le fothú acmhainneachta ag comhlachtaí staidrimh náisiúnta agus ag gníomhaithe ábhartha eile i ndáil leis sin;
6.ag cur béim ar an ngá atá le hionadaíocht chothrom ar mhná agus ar fhir, lena n-áirítear ó na grúpaí is leochailí, sa cheannaireacht agus sa phróiseas cinnteoireachta maidir le bearta a achtú agus a ardú i ngéarchéimeanna, chomh maith le pleananna téarnaimh a dhearadh, a ghlacadh agus a chur chun feidhme, ionas go gcuirfear a riachtanais agus a n-imthosca sonracha san áireamh go hiomlán agus go hiomchuí agus ar an ngá atá le bearta éifeachtacha agus spriocdhírithe beartaithe lena áirithiú go mbeidh an pacáiste tacaíochta is gá ag freagairt dá gcuid riachtanas; á iarraidh ar na Ballstáit tascfhórsaí tiomnaithe a bhunú a mbeidh geallsealbhóirí agus ionadaithe ábhartha ó eagraíochtaí shochaí sibhialta na mban rannpháirteach iontu i rith na ngéarchéimeanna sin chun príomhshruthú inscne a áirithiú; á iarraidh ar pharlaimintí náisiúnta na mBallstát coistí maidir le tionchar ghéarchéim COVID-19 ar mhná agus ar chailíní a bhunú chun spás tiomnaithe a áirithiú don phlé agus don fhaireachán ar an ngéarchéim agus ar thionchair inscne na géarchéime; á chur in iúl gur geal léi rún an Choimisiúin spreagadh a thabhairt go nglacfaí togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cothromaíocht inscne a fheabhsú i measc stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin cuideachtaí a liostaítear ar stocmhalartáin agus bearta gaolmhara(37) (An Treoir maidir le Mná ar Bhoird) agus ag tathant ar an gComhairle é a dhíbhlocáil agus a ghlacadh; á chur i bhfáth freisin gur gá go mbeadh níos mó ban rannpháirteach sa Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus i sásraí eile freagartha géarchéime ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta araon; á ghealladh freisin go n-áiritheoidh sí go mbeidh na painéil in éisteachtaí agus i gceardlanna Pharlaimint na hEorpa cothrom ó thaobh inscne de agus go gcuirfear leis ar an bplé ar bhearta téarnaimh tríd an éagsúlacht;
7.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlúthfhaireachán a dhéanamh agus freagairt láidir a thabhairt ar bhréagaisnéis, dioscúrsaí poiblí diúltacha, beartú tosaíochta neamhleor, rochtain ar sheirbhísí ábhartha a shrianadh nó a dhiúltú agus tionscnaimh chúlchéimnitheacha a bhaineann le cearta na mban, cearta LADTIA+ agus comhionannas inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an spás atá á laghdú d’eagraíochtaí na sochaí sóisialta agus do thaispeántais a bhaineann leis na topaicí thuasluaite mar gheall ar bhearta gaibhniúcháin le linn ghéarchéim COVID-19 agus na tréimhse iar-ghéarchéime mar ábhair daonlathais agus ceart bunúsach; ag tabhairt dá haire go ndéanfar bearta iomchuí nuair a shuífear go ndéanann sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta i mBallstát difear ar bhealach atá sách díreach do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais Eorpaigh, nó go bhfuil baol mór ann go ndéanfadh siad amhlaidh; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú gur chun críche na paindéime amháin a bheidh na bearta sriantacha éigeandála, go mbeidh siad teoranta ó thaobh ama de agus go mbeidh siad ag teacht leis na cearta bunúsacha;
Gnéithe de COVID-19 a bhaineann leis an tsláinte agus leis an tionchar inscne
8.á chur in iúl gur díol imní di ráta ard básmhaireachta COVID-19; ag tabhairt dá haire an ráta básmhaireachta tosaigh níos airde i measc na bhfear agus ag tathant ar an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) agus ar ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais scrúdú a dhéanamh ar na tionchair éagsúla ar an tsláinte a bhíonn ar fhir agus ar mhná; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an staid d’fhonn tuiscint a fháil ar thionchair fhadtéarmacha shláinte an víris ar mhná agus ar fhir; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá ionadaíocht chothromaithe inscne a bheith i gceist le taighde cliniciúil ar an víreas chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an víreas agus aon vacsaín nó cóireáil fhéideartha dul i bhfeidhm ar mhná agus ar fhir ar bhealach difriúil;
9.á thathant ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ar ghnéithe bunriachtanacha de chúram sláinte agus de chúram sláinte síceolaíoch ardcháilíochta d’fhir agus do mhná nach mbaineann le COVID-19, amhail scagthástáil agus cóireáil ailse, cúram sláinte do mháithreacha agus do leanaí nuabhreithe agus cúram práinneach do dhaoine a bhuaileann taom croí nó stróc iad; ag tathant ar na Ballstáit oibriú de réir threoirlínte EDS sna réimsí sin;
10.á chur in iúl gurb oth léi gur tugadh neamhaird ar rochtain ar sheirbhísí sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR), gur cuireadh srian leo agus go ndearnadh ionsaí orthu fiú i roinnt Ballstát le linn na géarchéime; á chur i bhfios go láidir gur gá go ráthódh na Ballstáit rochtain ardcháilíochta atá ar phraghas réasúnta agus gan idirdhealú ar sheirbhísí, faisnéis agus tráchtearraí SRHR le linn na géarchéime agus na tréimhse iar-ghéarchéime agus i gcásanna éigeandála comhchosúla, trína aithint gur seirbhísí riachtanacha iad sin agus gur seirbhísí iad atá íogair ó thaobh ama go minic agus gur cheart iad a chur ar fáil i gcomhréir le treoirlínte EDS agus le cur chuige bunaithe ar chearta an duine atá dírithe ar an othar; ag diultú go láidir d’aon iarrachtaí dul siar ar an seasamh i leith cearta SRHR agus LADTIA agus á thabhairt chun suntais nár cheart go gceadófaí do lucht freasúra SRHR mí-úsáid a bhaint as an ngéarchéim seo mar bhealach chun cearta na mban a theorannú, amhail an ceart chun ginmhilleadh sábháilte; á iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a éascú i measc na mBallstát agus, ag an am céanna, eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach freisin, ar eagraíochtaí iad atá saineolach sna réimsí sin go minic, maidir le modhanna nua chun cúram a bhaineann le SRHR a sholáthar agus maidir le bealaí chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí i soláthar seirbhísí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cumarsáid a dhéanamh le soláthraithe seirbhíse chun a shoiléiriú go bhfuil na seirbhísí sin fós bunriachtanach agus gur cheart iad a chur ar fáil go comhsheasmhach; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór gach seirbhís máithreachais a bheith ar fáil agus foireann leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha a bheith acu;
11.ag tathant ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i gcórais sláinte láidir athléimneach agus oibrithe riachtanacha amhail oibrithe sláinte agus sóisialta a mholadh agus tacú leo trí dhálaí oibre sábháilte a áirithiú, trealamh iomchuí a chur ar fáil, coinníollacha maidir le pá cothrom a bhunú, forbairt ghairmiúil a chur ar fáil, lena n-áirítear trí ardoideachas, agus rochtain ar sheirbhísí amhail cúram leanaí agus seirbhísí meabhairshláinte a áirithiú;
12.ag tathant ar an gCoimisiún imthosca éigeandála amhail COVID-19 a chur san áireamh, lena n-áirítear a dtionchar ar cheisteanna cúraim sláinte inscne-shonracha amhail SRHR, ina fhreagairtí beartais sláinte, mar shampla Clár EU4Health, Plean Sáraithe Ailse AE agus Straitéis Sláinte AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na gnéithe sláinte den Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025 agus Clár EU4Health á chur chun feidhme acu, amhail SRHR mar chuid lárnach den tsláinte agus mar ghné riachtanach den fholláine agus chun comhionannas inscne a chur chun cinn; á iarraidh go gcuirfí dlús le hinfheistíochtaí i seirbhísí atá riachtanach do chomhionannas inscne agus go ndéanfaí saineolaithe sláinte inscne agus cothromaíocht inscne a ionchorprú i gcur chun feidhme Chlár EU4Health;
13.á mheabhrú gur ceart daonna é rochtain ar chúram sláinte agus go bhfuil maoiniú leormhaith ag teastáil ina leith; á mheabhrú do na Ballstáit riachtanais uathúla na mban agus na bhfear a chur san áireamh agus acmhainneachtaí na gcóras cúraim sláinte agus an bonneagar criticiúil á neartú acu mar thoradh ar COVID-19, go háirithe maidir le caiteachas ar shláinte, brath agus freagairt galar, ullmhacht i gcás éigeandála, taighde agus forbairt agus an lucht saothair i réimse na sláinte;
14.á iarraidh ar na Ballstáit tionscnaimh tacaíochta sláinte meabhrach a threisiú le linn na géarchéime seo agus ina dhiaidh sin, i bhfianaise an struis, na himní, an dhúlagair agus an uaignis a bhíonn mar thoradh ar dhianghlasáil, chomh maith le hábhair imní eacnamaíocha agus foréigean inscnebhunaithe nó gnéithe eile a bhaineann leis an ngéarchéim, agus an tionchar difreálach ar mhná agus fir á chur san áireamh, agus á iarraidh orthu freisin acmhainní airgeadais a infheistiú chun a áirithiú go mbeidh seirbhísí leormhaithe ar fáil nuair is gá; á iarraidh ar an gCoimisiún feachtas meabhairshláinte uile-AE a eagrú;
Foréigean inscnebhunaithe le linn COVID-19
15.ag tathant ar na Ballstáit, ina bhfreagairt ar phaindéim COVID-19, aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean inscnebhunaithe a bhíonn os comhair na mban agus na gcailíní, lena n-áirítear mná trasinscne, chomh maith le daoine idirghnéasacha, neamh-dhénártha agus daoine le féiniúlacht neamh-chomhréireacha ó thaobh inscne de; ag tathant ar na Ballstáit leanúint d’anailís a dhéanamh ar shonraí maidir leis an tuairisciú a dhéantar ar gach cineál foréigin inscnebhunaithe agus teaghlaigh agus ar threochtaí i dtaca lena leitheadúlacht, agus ar na hiarmhairtí do leanaí freisin, fad is atá bearta gaibhniúcháin i bhfeidhm agus sa tréimshe díreach ina dhiaidh; á aithint nach leor na freagraí poiblí maidir le haghaidh a thabhairt ar an bhforéigean in aghaidh ban agus cailíní agus aird leormhaith a thabhairt ar an ngá atá le foréigean in aghaidh na mban a chosc i bpleananna freagartha éigeandála, agus le haghaidh éigeandálaí a bheidh ann amach anseo freisin, agus easpa béime ar dhíolúintí a thabhairt isteach ó na rialacha i leith gaibhnithe, línte cabhracha agus uirlisí agus comharthaí comhroinnte faisnéise a chur ar bun, agus rochtain leanúnach ar sheirbhísí cúraim sláinte a áirithiú, chomh maith le rochtain shábháilte ar chlinicí dlí agus ar ionaid dídine nó chóiríocht mhalartach le hacmhainneacht, seirbhísí póilíní agus ceartais, cúirteanna éigeandála leordhóthanacha chun orduithe srianta agus/nó cosanta iomchuí a eisiúint agus ar a áirithiú go meastar go bhfuil siad bunriachtanach; á iarraidh ar na Ballstáit córais rabhaidh éigeandála atá sábháilte agus solúbtha a bhunú, seirbhísí cúnaimh nua a chur ar fáil tríd an bhfón, trí ríomhphost agus trí theachtaireacht téacs le haghaidh seirbhísí for-rochtana póilíní díreacha agus seirbhísí ar líne amhail línte cabhracha, aipeanna ceilte, ardáin dhigiteacha, líonraí cógaslainne, agus maoiniú éigeandála a chur ar fáil chun tacú le seirbhísí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta (CSOnna); á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cur chuige comhordaithe ag na seirbhísí tacaíochta chun mná atá i mbaol a shainaithint, chun a áirithiú go mbeidh na bearta sin ar fad ar fáil do na mná agus do na cailíní uile laistigh dá ndlínse agus go mbeidh rochtain acu orthu, lena n-áirítear mná faoi mhíchumas, gan beann ar a stádas imirce, agus chun tréanáil inscne-íogair a chur ar fáil d’oibrithe sláinte agus do phóilíní túslíne agus do chomhaltaí na mbreithiúna; á iarraidh ar na Ballstáit nuálaíochtaí náisiúnta agus dea-chleachtais a roinnt chun aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe d’fhonn cleachtais éifeachtúla a shainaithint agus a chur chun cinn ar bhealach níos fearr agus á iarraidh ar an gCoimisiún na cleachtais sin a chur chun cinn;
16.i bhfianaise na paindéime, á iarraidh ar na Ballstáit cur chuige comhordaithe idir rialtais agus seirbhísí poiblí, saoráidí tacaíochta agus an earnáil phríobháideach a áirithiú agus nuashonrú a dhéanamh ar phrótacail le haghaidh íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe chun cabhrú leo cabhair a lorg, coireanna a thuairisciú agus rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte, mar aon le finnéithe a spreagadh coireanna den sórt sin a thuairisciú; á iarraidh ar an gCoimisiún prótacal AE maidir le foréigean in aghaidh na mban a fhorbairt i dtráth na géarchéime agus na héigeandála chun cosc a chur ar fhoréigean in aghaidh na mban agus chun tacú le híospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe le linn éigeandálaí amhail paindéim COVID-19; á thabhairt chun suntais gur cheart go n-áireofaí seirbhísí cosanta bunriachtanacha d’íospartaigh sa phrótacal sin; á chur in iúl gur geal léi moladh Uachtaránacht na Gearmáine líne chabhrach, uile-Eorpach i ngach teanga AE a bhunú d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh agus inscnebhunaithe agus ag tathant ar an gComhairle tacú leis;
17.á iarraidh ar an gCoimisiún feachtais múscailte feasachta, faisnéise agus abhcóideachta a chur chun cinn lena dtabharfar aghaidh ar fhoréigean teaghlaigh agus inscnebhunaithe de gach cineál, amhail foréigean fisiciúil, gnéaschiapadh, cibearfhoréigean agus teacht i dtír gnéasach, go háirithe maidir le bearta coiscthe nua-chruthaithe agus córais rabhaidh éigeandála solúbtha, chun tuairisciú ar chomhordú agus comhar le heagraíochtaí ban aitheanta agus speisialaithe a spreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún obair le hardáin theicneolaíochta faoi raon feidhme an Achta um Sheirbhísí Digiteacha chun dul i ngleic le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar líne, lena n-áirítear foréigean ar líne in aghaidh na mban agus na gcailíní de gach cineál, ós rud é gur baineadh úsáid fhorleathan as an idirlíon ó thús na paindéime le haghaidh oibre, oideachais agus siamsaíochta, agus go leanfar d’úsáid fhorleathan a bhaint as;
18.á mheabhrú gur thug Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le foréigean in aghaidh na mban dá haire gur léirigh géarchéim COVID-19 nach mbíonn dóthain coinbhinsiúin lárnacha á gcur chun feidhme go cuí chun foréigean inscnebhunaithe a chosaint agus a chosc; á iarraidh ar an gComhairle daingniú AE ar Choinbhinsiún Iostanbúl a thabhairt i gcrích go práinneach ar bhonn aontachas leathan gan aon teorainneacha, agus a mholadh go ndéanfaidh na Ballstáit go léir é a dhaingniú, a chur chun feidhme go pras agus go cuí, agus é a fhorfheidhmiú; á iarraidh ar na Ballstáit eile an coinbhinsiún a dhaingniú go pras agus acmhainní airgeadais agus daonna leordhóthanacha a leithdháileadh chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac, agus chun íospartaigh a chosaint freisin, go háirithe le linn tréimhsí géarchéime; ag tathant ar na Ballstáit moltaí GREVIO a chur san áireamh agus feabhas a chur ar a reachtaíocht chun é a chur i gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún Iostanbúl ar bhealach níos fearr, go háirithe maidir le sainmhínithe comhchoiteanna i ndáil le gníomhartha foréigin inscnebhunaithe;
19.á iarraidh ar an gComhairle foréigean in aghaidh na mban a chur le liosta na gcionta coiriúla in AE agus á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a mholadh chun dul i ngleic le foréigean inscnebhunaithe de gach cineál chun creat dlí láidir a chur i bhfeidhm, chun comhroinnt na gcleachtas is fearr idir na Ballstáit a chomhordú, chun bailiú cruinn agus comparáideach sonraí a chur chun cinn, chun a fhairsinge is atá foréigean den sórt sin a thomhas go cruinn, chun breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht réamhaisnéisí a sholáthar, agus chun measúnú a dhéanamh ar thionchar COVID-19 ar sholáthar príomhsheirbhísí d’íospartaigh; á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin suirbhé nua AE a dhéanamh maidir le foréigean inscnebhunaithe, a ndéanfar na torthaí a chur i láthair in 2023; á chur i dtreis gur gá sonraí comhchuibhithe ar fhoréigean inscnebhunaithe a bhailiú agus á iarraidh ar na Ballstáit na sonraí ábhartha a bhailiú agus a sholáthar, nuair a iarrtar sin, lena n-áirítear do Eurostat;
20.á athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an gclár um Cheartas agus leis an gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) araon; á chur in iúl gur geall léi cruthú shraith nua Luachanna an Aontais laistigh de CERV agus á chur i bhfáth gur cheart díriú léi ar chearta a chosaint agus a chur chun cinn, agus ar fheasacht a ardú ina leith, trí thacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus trasnáisiúnta; ag meabhrú sheasamh Pharlaimint na hEorpa maidir le maoiniú leordhóthanach a áirithiú do na cláir sin; á chur in iúl gur geal léi an leithdháileadh breise do na cláir shuaitheanta mar a comhaontaíodh sa chaibidlíocht deiridh maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) do 2021-2027 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, rud a mbainfidh clár CERV tairbhe as; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú sealadach do bhuiséad an Aontais do 2021, lena leithdháiltear EUR6,6milliún breise ar chlár CERV; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cistiú leordhóthanach ó na leithdháiltí sin do ghníomhaíochtaí lena ndírítear ar an bhforéigean inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac faoi chuspóir sonrach DAPHNE agus á chur in iúl gur geal léi an cur i leataobh a comhaontaíodh chun na críche sin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le AE a bheith níos uaillmhianaí maidir lenár luachanna a chosaint agus go bhfuil gá le cistiú leordhóthanach a bheith á chur ar fáil aige do na gníomhaíochtaí sin; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfar bearta a chur chun feidhme go práinneach lena ndíreofar ar inscne go soiléir, trí chistí a chur ar leataobh, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na mban tar éis na géarchéime, go háirithe i réimsí na fostaíochta, an fhoréigin inscnebhunaithe agus SRHR, lena n-áirítear i gcláir agus in ionstraimí eile laistigh de Next Generation EU agus i CAI don tréimhse 2021-2027, i gcomhréir le cur chuige déach na Straitéise maidir le Comhionannas Inscne; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh air sin agus pleananna freagartha maidir le COVID-19 á gcur isteach acu, agus aird chuí a thabhairt ar na bearta agus an cistiú atá cheana ann, agus le comhionannas inscne i gcroílar an téarnaimh eacnamaíoch; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún príomhshruthú inscne agus an buiséadú inscne a chur i bhfeidhm sna bearta téarnaimh;
21.ag tabhairt dá haire, agus é ina cúis mhór imní di, thionchar na géarchéime ar dhaoine LADTIA+, go háirithe daoine óga, a raibh ar go leor acu scaradh sóisialta a dhéanamh nó dul ar coraintín i dtimpeallachtaí naimhdeacha teaghlaigh, rud a chuir leis an mbaol go mbeidís faoi réir foréigean teaghlaigh agus LADTIA+-fóbach; á thabhairt dá haire go bhfuil ráta dhaoine LADTIA+ atá dífhostaithe nó a bhfuil poist fhorbhásacha agus acmhainní airgeadais éagobhsaí acu, níos airde ná an meán, rud a fhágann go bhfanann siad i dtimpeallacht naimhdeach nó dhrochídeach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na tionscnaimh uile a bhaineann go sonrach le COVID-19 maidir le foréigean teaghlaigh, inscnebhunaithe agus gnéasach an riosca méadaithe do dhaoine LADTIA+ a chur san áireamh, mar aon leis na dúshláin shonracha atá rompu, agus le seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh agus tionscnaimh speisialta COVID-19 lena dtugtar aghaidh ar fhoréigean teaghlaigh, go ndéanfar teagmháil shainráite le híospartaigh LADTIA+ an fhoréigin teaghlaigh;
22.á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar tacaíocht leighis agus shíceolaíoch atá éifeachtach, inrochtana, inacmhainne agus ar ardchaighdeán d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, go háirithe in amanna géarchéime inar cheart tacaíocht den sórt sin a mheas a bheith bunriachtanach; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir maidir le Cearta Íospartach(38) chun feidhme ina hiomláine, agus béim a leagan ar an ngné inscne i ndiaidh a tuarascáil cur chun feidhme a foilsíodh le déanaí(39), agus d’fhonn cearta íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe a neartú sa Stráitéis nua um Chearta Íospartach;
COVID-19, an geilleagar, an téarnamh agus an tionchar inscne
23.á iarraidh ar an gCoimisiún, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle a chur san áireamh go mbíonn tionchar díréireach ag géarchéim COVID-19 ar mhná sa réimse socheacnamaíoch, lena n-áirítear a n-ioncam agus a ráta fostaíochta, agus go mbeidh neamhionannais níos mó fós ann idir fir agus mná i margadh an tsaothair dá bharr, agus á iarraidh orthu oibriú leis na Ballstáit chun scrúdú géar a dhéanamh ar riachtanais shocheacnamaíocha na bhfear agus na mban agus foráil shonrach a dhéanamh dóibh i ndiaidh na géarchéime, agus scrúdú a dhéanamh ar an ndeighilt cothrománach agus ingearach sa mhargadh saothair agus cláir laistigh de bhuiséad AE 2021, den chéad CAI eile agus de Next Generation EU á gcur chun feidhme, trína áirithiú go ndéanfaidh gach clár an gné inscne agus buiséadú inscne mar aon le measúnuithe tionchair inscne ex-post a ionchorprú mar a tugadh le fios i Straitéis an Choimisiúin 2020-2025 maidir le Comhionannas Inscne; á iarraidh go ndéanfaí an stráitéis a chur chun feidhme agus go ndéanfaí faireachán air; á iarraidh ar na Ballstáit caibidil a ionchorprú a bhfuil gníomhaíochtaí spriocdhírithe ann chun an comhionannas inscne a chur chun cinn mar chuid de na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta, arna fhorbairt i gcomhar leis na comhlachtaí comhionannais náisiúnta;
24.ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh gá le cineál agus suíomh na hoibre a athscrúdú tar éis na géarchéime; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir obair sa bhaile a chur in ionad cúram leanaí nó an ghá rochtain ar sheirbhísí cúraim leanaí atá inacmhainne agus ar ardchaighdeán a sholáthar ná nach féidir é a chur in ionad coigeartuithe ar an ionad oibre a bhaineann le míchumas; á chur i bhfios gur féidir le hobair sholúbtha mar a aontaíodh le fostóirí deiseanna a sholáthar do mhná agus d’fhir oibriú ón mbaile nó ó spásanna comhoibre áitiúla, agus go bhfuil an acmhainneacht aici a bheith ina siocair le cothromaíocht oibre is saoil níos fearr, rud a d’fhéadfadh fás inscne-chuimsitheach leanúint as; á thabhairt dá haire go bhfuil an acmhainneacht ag an gcur chuige sin chun borradh a chur faoi ceantair thuaithe agus faoi bhonneagar; á iarraidh ar an gCoimisiún a ráthú go gcomhlíonfar spriocanna Barcelona; ag tathant ar na Ballstáit Coinbhinsiún 2019 EIS maidir le Foréigean agus Ciapadh (Uimh. 190) a dhaingniú gan mhoill, agus é a chur chun feidhme in éineacht leis an moladh (Uimh. 206) a ghabhann leis, lena gcumhdaítear gach ionad ina bhféadfadh foréigean agus ciapadh oibre tarlú, amhail áiteanna poiblí agus príobháideacha oibre mar aon le cumarsáid oibre;
25.á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí imdhealaithe agus inchomparáide a bhailiú maidir le soláthar cineálacha éagsúla cúraim, lena n-áirítear cúram leanaí, cúram do dhaoine scothaosta agus cúram do dhaoine atá faoi mhíchumas, mar aon le hinscne, aois agus stádas fostaíochta an chúramóra, chun iad a chur le staidéar lena scrúdófar an bhearna chúraim, d’fhonn Straitéis Eorpach Cúramóirí a cheapadh lena nglacfaí cur chuige iomlánaíoch i leith cúraim, a mhairfeadh ar feadh an tsaoil, agus riachtanais na gcúramóirí agus na ndaoine a fhaigheann cúram á gcur san áireamh; á thabhairt dá haire go gcaithfidh an straitéis inniúlachtaí na mBallstát agus na réigiún a urramú, ach gur cheart go mbeadh sé mar aidhm di comhar agus comhordú ar leibhéal AE a fheabhsú, trí thionscnaimh agus infheistíocht ábhartha, lena n-áirítear faoi chlár InvestEU agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, le tairbhí do chúramóirí neamhfhoirmiúla agus foirmiúla agus do na daoine a dtugann siad aire dóibh; á chur i bhfáth gur féidir comhar agus gníomhaíocht ar leibhéal AE, in éineacht le húsáid éifeachtúil chistí AE, a bheith ina rannchuidiú le forbairt seirbhísí cúraim atá ar ardchaighdeán, inrochtana agus inacmhainne;
26.á chur i bhfáth go bhfuil infheistíocht i gcúram tábhachtach chun comhionannas inscne agus cumhachtú eacnamaíoch na mban a áirithiú, chun sochaithe athléimneacha a thógáil agus chun feabhas a chur ar fhostaíocht a bheith á tabhairt chun rialtachta, ar an tslándáil shóisialta agus ar phinsin in earnálacha faoi cheannas na mban, agus go bhfuil éifeacht dhearfach aici ar OTI ós rud é go lamháiltear léi níos mó ban a bheith ag glacadh páirt in obair íoctha; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hathrú a dhéanamh ar shamhlacha i soláthar cúraim mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar na bearta gaolmhara; i bhfianaise an mhéid sin, á iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a éascú maidir le cáilíocht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht seirbhísí cúraim, chomh maith leis na samhlacha éagsúla seirbhísí cúraim; ag tathant ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar staid na gcúramóirí neamhfhoirmiúla agus dea-chleachtais a chomhroinnt maidir le conas a d’fhéadfadh na Ballstáit a gcuid oibre a thabhairt chun rialtachta; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar riachtanais cúramóirí ar dhul ar scor; á iarraidh, i ndáil leis sin, go gcuirfí togra síos le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le cosaint agus seirbhísí sóisialta do chúramóirí;
27.ag tathant ar na Ballstáit fir a spreagadh, trí bhearta dreasachta mar shampla, chun socruithe oibre solúbtha a ghlacadh, toisc gurb iondúil go mbaineann líon díréireach ban leas as socruithe den sórt sin; ag tathant ar na Ballstáit an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil a thrasuí agus a chur chun feidhme ina hiomláine gan mhoill agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán dlúth agus córasach a dhéanamh ar chur chun feidhme na treorach ag na Ballstáit ar bhonn bliantúil; ag moladh do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sa chothromaíocht oibre is saoil trí dhul thar na caighdeáin a leagtar síos sa treoir, go háirithe ós rud é gur gá aghaidh a thabhairt ar imthosca a léirigh bearta COVID-19 agus ar a n-iarmhairtí maidir le prótacail leighis i saoráidí, lena n-áirítear saoráidí cúraim leanaí ar ardchaighdeán;
28.á iarraidh ar na Ballstáit saoire speisialta atá neamh-inaistrithe agus lena ngabhann luach saothair iomlán a bhunú do chúramóirí agus do thuismitheoirí a bhíonn ag obair, agus bearta chun dul i ngleic le COVID-19 fós i bhfeidhm;
29.ag aithint na n-imthosca uathúla dúshlánacha a bhí le sárú ag tuismitheoirí aonair, ar mná iad formhór mór acu (85%), le linn thréimhse na paindéime agus iar-ghéarchéime mar thoradh ar ualaí iolracha, lena n-áirítear soláthar leanúnach cúraim, ábhair imní maidir le socruithe coimeádta, agus imní eacnamaíochta féideartha agus uaigneas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a staid shonrach a chur san áireamh agus a scrúdú tuilleadh, lena n-áirítear na hualaí breise i dtéarmaí oibre, scolaíochta agus cúraim, rochtain ar dhlíodóirí agus comhaontuithe coimeádta a chur chun feidhme;
30.á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé rannpháirtíocht na mban sa gheilleagar a mhéadú agus níos mó fás cuimsitheach a ráthú mar chuid den réiteach ar an téarnamh iar-phaindéimeach, toisc go bhféadfadh comhdheiseanna agus rannpháirtíocht níos airde i measc na mban i margadh an tsaothair a bheith ina siocair le méadú ar an bhfostaíocht, ar an rathúnas eacnamaíoch agus ar iomaíochas san Eoraip; ag moladh do na Ballstáit Treoirlínte le haghaidh Beartais Fostaíochta in AE ón gCoimisiún a leanúint, agus aird chuí á tabhairt ar a samhlacha náisiúnta i margadh an tsaothair; i ndáil leis sin, á iarraidh ar na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar dheighilt sa mhargadh saothair, ar fhostaíocht fhorbhásach, ar bhearnaí pá agus pinsin d’fhonn feabhas a chur ar dhálaí oibre agus ar chosaint shóisialta trí bheartais shaincheaptha;
31.á chur i bhfáth go gcaithfidh pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a bheith mar threoirphrionsabal don Choimisiún, do Pharlaimint na hEorpa agus do na Ballstáit go léir agus bearta freagartha ar ghéarchéim COVID-19 á ndearadh acu; ag tathant ar an gChoimisiún a ghealltanas i dtaobh bearta ceangailteacha maidir le trédhearcacht pá a thíolacadh go pras chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar bhearnaí pá agus pinsin idir na hinscní, toisc go dtugtar le fios leis na tascairí eacnamaíocha go bhfuil na bearnaí sin ag leathnú tuilleadh mar thoradh ar an bpaindéim; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, breithniú a dhéanamh ar dhea-chleachtais na mBallstát, agus aird chuí á tabhairt ar choinníollacha uathúla fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) agus ar shamhlacha éagsúla i margadh an tsaothair in AE; á iarraidh, thairis sin, ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2006/54/CE;
32.ag cur béim ar na dúshláin don earnáil teaghlaigh agus cúraim baile agus dá hoibrithe; á iarraidh ar na Ballstáit Coinbhinsiún EIS Uimh. 189 maidir le hoibrithe tí a dhaingniú agus a áirithiú go mbeidh an earnáil incháilithe le haghaidh bearta arb é is aidhm dóibh maolú a dhéanamh ar thionchar airgeadais na géarchéime, ionas go bhféadfaidh siad a ngníomhaíochtaí a atosú i gcoinníollacha leormhaithe; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go dtabharfar earnáil na hoibre tí chun rialtachta;
33.á chur in iúl gur geal léi an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII) agus pacáiste CRII Plus, lena ndéantar beartas comhtháthaithe a shlógadh chun tacú leis na hearnálacha is lú cosaint agus á iarraidh freisin go mbeidh bearta spriocdhírithe ann chun aghaidh a thabhairt ar na hearnálacha ina bhfostaítear mná den chuid is mó; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ionstraim an Choimisiúin le haghaidh Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE), lena n-áiritheofaí tacaíocht ioncaim d’oibrithe dífhostaithe nó d’oibrithe a bhfuil a bpost caillte acu go sealadach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-ionstraimí sin ar staid na mban agus na bhfear i margadh saothair AE agus le hathchoigeartú a dhéanamh ar na beartais a bheidh ann amach anseo dá réir sin; ag cur béim ar an ngá atá le cláir athoiliúna agus uas-scilithe do mhná chun athruithe sa mhargadh saothair mar thoradh ar COVID-19 a chur san áireamh;
34.á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le fiontraithe, go háirithe fiontraithe mná, agus iad ag iarraidh scileanna nó leasanna a gnóthaíodh le linn thréimhse COVID-19 a fhorbairt agus tógáil orthu, lena n-áirítear trí dheiseanna fiontraíochta do mháithreacha, do thuismitheoirí aonair agus do dhaoine eile nach dtéann i mbun gníomhaíochtaí fiontraíochta go minic, a neamhspleáchas eacnamaíoch a chur chun cinn agus rochtain agus feasacht ar iasachtaí, maoiniú cothromais agus micreamhaoiniú a fheabhsú trí chláir agus cistí AE, ionas go mbeidh an ghéarchéim ina deis chun dul chun cinn a dhéanamh trí oiriúnú agus claochlú mar chuid de na geilleagair ghlasa agus dhigiteacha; á iarraidh ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit béim speisialta a leagan ar thacú le FBManna, go háirithe FBManna atá á dtreorú ag mná a mbíonn dúshláin uathúla rompu go minic ó thaobh rochtain a fháil ar mhaoiniú riachtanach agus a mbeidh tacaíocht ag teastáil uathu le linn na céime téarnaimh; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar EIGE agus ar Eurostat méadú a dhéanamh ar bhailiú sonraí maidir le FBManna atá á dtreorú ag mná, mná féinfhostaithe agus gnólachtaí nuathionscanta atá á dtreorú ag mná, agus maidir le tionchar phaindéim COVID-19;
35.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit méadú a chur ar láithreacht agus rannchuidiú na mban in earnálacha na hintleachta saorga agus na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice, sna hearnálacha digiteacha, agus sa gheilleagar glas freisin; á iarraidh go mbeidh cur chuige il-leibhéil ann chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna inscne ar gach leibhéal den oideachas agus den fhostaíocht dhigiteach ionas go ndúnfar an deighilt dhigiteach a tugadh chun suntais mar thoradh ar obair agus scolaíocht, chomh maith le roinnt seirbhísí agus saoráidí, a bhogadh ar líne go tobann; á chur i bhfáth, tríd an bhearna dhigiteach a dhúnadh, go méadófar an comhionannas inscne ní hamháin sa mhargadh saothair ach trí rochtain ar theicneolaíochtaí sa saol pearsanta freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún an Margadh Aonair Digiteach agus an Clár Oibre Digiteach a phríomhshruthú ó thaobh inscne de d’fhonn aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar ghannionadaíocht na mban in earnálacha atá i mbun fáis do gheilleagar AE a bheidh ann amach anseo; á chur in iúl gur geal léi Scórchlár na mBan sa Ré Dhigiteach ón gCoimisiún, lena ndéantar faireachán ar rannpháirtíocht na mban sa gheilleagar digiteach, ar a n-úsáid idirlín, ar a scileanna maidir le húsáid idirlín, ar a scileanna speisialaithe agus ar a bhfostaíocht; ag cur i bhfáth an tábhacht atá leis maidir le cúnamh a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún chun cinntí eolasacha a dhéanamh agus spriocanna ábhartha spriocanna a leagan síos, go háirithe i bhfianaise impleachtaí COVID-19;
36.ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé staid speisialta na mban atá ag filleadh ó shaoire mháithreachais a chur san áireamh chun a áirithiú gur féidir leo rochtain a fháil ar thacaíocht rialtais gan idirdhealú;
37.ag cur béim ar na dúshláin don earnáil talmhaíochta agus don soláthar bia in AE, chomh maith le staid shonrach na mban i gceantair thuaithe; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá an fochlár téamach do mhná i gceantair thuaithe atá ann cheana a choinneáil trí phleananna straitéiseacha an chomhbheartais talmhaíochta arna maoiniú ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe; á chur i bhfáth go bhfuil sé mar aidhm leis an bhfochlár sin fostaíocht na mban agus fiontraíocht na mban a spreagadh; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí cistí AE a chur i leataobh chun feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre i gceantair thuaithe; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfar machnamh ar ról na mban tuaithe maidir le coimirciú a dhéanamh ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht faoin gComhaontú Glas don Eoraip; á iarraidh ar na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú maidir le stádas gairmiúil céilí cuidithe san earnáil talmhaíochta agus á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún treoir a ullmhú i ndáil leis sin;
COVID-19 agus trasnachas
38.á chur i bhfáth go gcruthaíonn idirdhealú trasnach agus struchtúrach bacainní agus dúshláin bhreise agus droch-thionchair shocheacnamaíocha do ghrúpaí ar leith ban, agus dá bhrí sin, nach mór sábháilteacht, cosaint agus folláine shocheacnamaíoch an uile dhuine a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar a riachtanais shonracha trí aird chuí a thabhairt ar chur chuige trasnach i leith na géarchéime agus ar bhearta iar-ghéarchéime;
39.á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé mná agus cailíní a chur san áireamh i ndearadh faisnéise atá inrochtana agus spriocdhírithe, agus an fhaisnéis sin a scaipeadh i ngach suíomh, go háirithe in amanna géarchéime;
40.á chur i bhfios go láidir, ós rud é go bhfuil ionchas saoil níos airde ag mná agus gur dóichí go mbeidh fadhbanna sláinte orthu, gur minic gur mná scothaosta iad tromlach na gcónaitheoirí i saoráidí cúraim fadtéarmacha(40), ar saoráidí iad a éiríonn ina dteophointí den víreas i mórán tíortha de bharr, inter alia, easpa acmhainní leordhóthanacha agus eolais chun sábháilteacht agus cosaint na gcónaitheoirí a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún anailísiú a dhéanamh ar shuíomhanna éagsúla soláthair cúraim fhadtéarmaigh fhoirmiúil agus ar a leibhéal athléimneachta le linn phaindéim COVID-19; á iarraidh ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar sholáthar cúraim do dhaoine scothaosta in ionaid chónaithe agus suíomhanna cúraim pobalbhunaithe, lena n-áirítear trí chúram baile 24 uair nó cúram cónaitheach a sholáthar, agus chun folláine na mban scothaosta a áirithiú, lena n-áirítear rochtain ar chúram agus ar sheirbhísí sláinte agus neamhspleáchas eacnamaíoch; á iarraidh ar an gComhairle spriocanna a leagan síos chun cúram fadtéarmach atá inrochtana, inachmhainne agus ar ardchaighdeán a sholáthar, atá coibhéiseach le spriocanna Barcelona;
41.á chur in iúl gurb oth léi go raibh tionchar suntasach ag an bpaindéim ar mhná atá faoi mhíchumas, lena n-áirítear mná a bhíonn ag brath ar dhaoine eile le haghaidh cúram laethúil, agus go háirithe mná a mhaireann in institiúidí agus i suíomhanna dúnta eile agus a bhfuil ardriachtanais tacaíochta acu, ach nach raibh siad in ann rochtain a fháil ar a ngnáthlíonraí tacaíochta nó scaradh sóisialta a choinneáil, agus go raibh deacrachtaí acu rochtain a fháil ar sheirbhísí agus earraí; á iarraidh ar an Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na seirbhísí tacaíochta sin a mheas mar sheirbhísí riachtanacha agus go ndéanfar iad a oiriúnú go leordhóthanach do na himthosca, agus go ndéanfar foráil do riachtanais shonracha na ndaoine atá faoi mhíchumas, go háirithe mná agus cailíní, i mbearta géarchéime agus i mbearta maidir le pleanáil éigeandála a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit cearta na mban agus na gcailíní ar fad atá faoi mhíchumas a áirithiú, mar a chumhdaítear in CRPD, lena n-áirítear a gceart chun maireachtáil go neamhspleách agus rochtain a fháil ar oideachas, obair agus fostaíocht;
42.á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar tacaíocht do mhná agus d’fhir imirceacha trí rochtain ar shláinte dhianchúraim le linn na géarchéime; á chur i bhfáth gur gá go ndéanfadh ionaid dídeanaithe agus fáiltithe aird chuí a thabhairt ar riachtanais na mban agus na gcailíní i bhfianaise na ndúshlán aitheanta a bhaineann le scaradh sóisialta agus le sláinteachas a chothabháil, agus ar a leochaileacht i leith foréigean inscnebhunaithe, agus gur gá cistí leordhóthanacha a sholáthar chun na rioscaí sin a mhaolú;
43.ag tabhairt chun suntais imthosca uathúla na mban atá gan dídean agus na mban atá ag gabháil don striapachas agus a leochaileacht mhéadaithe i leith foréigean inscnebhunaithe, chomh maith le heaspa rochtana ar shaoráidí sláinteachais agus cúraim sláinte mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar bhearta éigeandála a glacadh ina dhiaidh sin; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar seirbhísí agus tacaíocht leordhóthanach a leathnú chuig na daoine sin atá i staideanna éiginnte, lena n-áirítear na mná atá i mbaol bochtaineachta nó atá faoi bhochtaineacht, agus mná atá gan dídean nó atá leochaileach i leith eisiamh sóisialta; á chur in iúl gur geal léi an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí, lena soláthraítear acmhainní breise chun aghaidh a thabhairt ar dhíth ábhartha chomh maith le cúnamh sóisialach; á thabhairt chun suntais gur gá go mbeadh rochtain ag daoine gan dídean agus ag mná gan doiciméid ar chúram sláinte; ag tabhairt dá haire go bhfuil imthosca na ngrúpaí sochaíocha sin curtha san áireamh i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin um Lánpháirtiú agus um Chuimsiú; á iarraidh ar na Ballstáit mná atá gan dídean a chur san áireamh mar is iomchuí ina bpleananna freagartha paindéime;
44.á thabhairt chun suntais go bhfuil riachtanais bhreise ag grúpaí mionlaigh, amhail mná de chúlra Romach, a mbíonn idirdhealú seanbhunaithe rompu chomh maith le sáruithe leanúnacha ar a gcearta mar gheall ar easpa rochtana ar bhonneagar, seirbhísí agus faisnéis bhunúsach, go háirithe le linn an ghaibhniúcháin;
45.ag cur béim ar chineál riachtanach na seirbhísí tacaíochta do dhaoine LADTIA +, lena n-áirítear tacaíocht sláinte meabhrach, grúpaí tacaíochta piaraí agus seirbhísí tacaíochta d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe;
46.á chur in iúl gur saoth léi cásanna d’idirdhealú seineafóibeach agus ciníoch, a méadaíodh i bhfianaise na géarchéime, agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige neamhfhulaingthe a ghlacadh i leith ionsaithe ciníocha agus cur chuige idir-rannach a ghlacadh i leith a bhfreagairtí lena dtugtar aghaidh ar riachtanais grúpaí imeallaithe sa phobal, lena n-áirítear mionlaigh chiníocha agus eitneacha;
47.ag tathant ar na Ballstáit an Treoir maidir leis an bhFrith-Idirdhealú a fhormheas agus a chur chun feidhme agus a ráthú go ndéanfar cineálacha iomadúla agus trasnacha idirdhealaithe a dhíothú i mBallstáit uile AE;
48.á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain leanúnach ag leanaí ar an oideachas, agus aird chuí á tabhairt ar ghrúpaí as cúlraí socheacnamaíocha imeallaithe, ar leanaí leochaileacha agus ar chailíní i mbaol bochtaineachta nó atá faoi bhochtaineacht, a bhfuil baol níos mó acu maidir le luathphósadh nó pósadh éigeantach; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh rochtain iomlán ag cách ar chianfhoghlaim; á thabhairt chun suntais go bhfuil riachtanais ag gach duine óg na hacmhainní agus an tacaíocht riachtanach a bheith acu le linn scoileanna a bheith dúnta agus ionas go n-éascófar a n-athiontráil sa chóras oideachais a luaithe is a bheidh an ghéarchéim thart;
Gníomhaíocht sheachtrach
49.ag cur béim ar an bhfíoras go n-éilítear freagairt dhomhanda le cineál domhanda phaindéim COVID-19; ag leagan béim ar sheasamh leochaileach na mban agus na gcailíní in go leor áiteanna ar fud an domhain – go háirithe i stáit leochaileacha agus i stáit atá buailte ag coinbhleachtaí – i leith COVID-19, mar shampla mar gheall ar easpa rochtana ar chúram sláinte, lena n-áirítear SRHR, leochaileacht i leith foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear FGM agus luathphósadh nó pósadh éigeantais, stádas fostaíochta, easpa rochtana ar oideachas agus fíorbhochtaineacht agus ocras; á thabhairt dá haire, in go leor tíortha comhpháirtíochta, go bhfuil mná fostaithe in earnálacha baineannaithe amhail an tionscal éadaigh agus táirgeadh bia arb iad na hearnálacha ba mheasa a buaileadh, as a leanann tionchair iarmhartacha do leibhéal bochtaineachta a dteaghlach agus a bpobal agus do neamhspleáchas eacnamaíoch agus sláinte agus sabháilteacht na mban agus na gcailíní; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar an tacaíocht airgeadais a thugtar do thíortha comhpháirtíochta chun dul i ngleic leis an ngéarchéim a leithdháileadh freisin chun tacú le mná agus cailíní; á iarraidh go mbeidh ann do thacaíocht threisithe do chosantóirí ban ar chearta an duine agus d’eagraíochtaí chearta na mban agus go mbeidh siad rannpháirteach i ngach leibhéal den chinnteoireacht; á chur i bhfáth nach mór gach dícheall a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh an vacsaín a bheidh ann amach anseo ar fáil do gach duine;
50.á chur in iúl gur geal léi pacáiste ‘Foireann na hEorpa’ a chuir an Coimisiún chun cinn chun tacú le tíortha comhpháirtíochta sa chomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de agus le caiteachas maidir le comhionannas inscne a chur ar leataobh i leithdháileadh na gcistí sin; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá go ndéanfadh freagairt ar COVID-19 atá íogair ó thaobh inscne de i gcur chun feidhme na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) agus na hIonstraime um Réamhaontachas III, imthosca uathúla na mban agus na gcailíní a chur san áireamh agus deiseanna iar-ghéarchéime a spreagadh; ag moladh go leanfaí den oideachas agus go dtabharfaí tosaíocht dó in éigeandálaí le linn an ama seo; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit tús áite a thabhairt don dlúthpháirtíocht dhomhanda trí leibhéal leordhóthanach de chistí do chúnamh forbartha oifigiúil a choinneáil agus trí thacú le freagairtí na dtíortha comhpháirtíochta ar an ngéarchéim ar shlí chuimsitheach; á iarraidh ar AE díriú ar neartú a dhéanamh ar rochtain ar chúram sláinte, lena n-áirítear SRHR, ina fhreagairt dhaonnúil agus forbartha ar phaindéim COVID-19, i bhforbairt idirnáisiúnta agus sa Phlean Gníomhaíochta Inscne III nua; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart prionsabail an phríomhshruthaithe inscne agus an bhuiséadaithe inscne a leanúint ar fud chláir gheografacha agus théamacha go léir NDICI;
51.á iarraidh ar an gCoimisiún beartas trádála de chuid AE atá bunaithe ar luachanna a chur ar bun, lena n-áiritheofar ardleibhéal cosanta do chearta saothair agus comhshaoil agus urraim do chearta bunúsacha agus cearta an duine, lena n-áirítear comhionannas inscne; á mheabhrú nach mór comhaontuithe trádála agus infheistíochta uile AE a phríomhshruthú ó thaobh inscne de agus caibidil uaillmhianach agus infhorfheidhmithe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a bheith san áireamh leo; á mheabhrú go bhféadfadh an chaibidlíocht ar chomhaontuithe trádála a bheith ina uirlis thábhachtach ar mhaithe le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban i dtríú tíortha a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaí cuimsiú caibidlí sonracha maidir le hinscne a chur chun cinn agus go dtacófaí leo i gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta de chuid AE a dhéanfar amach anseo ar bhonn a mbreisluacha, ag cur leis na samplaí idirnáisiúnta atá cheana ann;
52.á iarraidh ar an gCoimisiún mná agus cailíní a chur i gcroílár a fhreagartha domhanda agus iad a rannpháirtiú go hiomlán, éisteacht lena nguthanna, agus iad a spreagadh páirt ghníomhach a ghlacadh sa fhreagairt ar an bpaindéim;
Inscne agus téarnamh
53.á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchair inscne-shonracha na géarchéime agus ar na riachtanais a eascraíonn as agus ar a hiarmhairtí soch-eacnamaíocha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit acmhainní buiséadacha breise agus spriocdhírithe a leithdháileadh chun cabhrú le mná teacht slán ón ngéarchéim, lena n-áirítear i gcur chun feidhme an phacáiste téarnaimh, go háirithe i réimsí na fostaíochta, an fhoréigin agus SRHR, mar aon le faireachán a dhéanamh ar an gcaiteachas sin agus tograí uile buiséadacha, beartais agus reachtacha a phríomhshruthú ó thaobh inscne de, i gcomhréir lena ghealltanais sa Straitéis maidir le Comhionannas Inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún an nasc idir na beartais maidir leis an athrú aeráide, beartais dhigiteacha agus an comhionannas inscne a neartú ina chuid tograí atá le teacht; á chur i bhfáth gurb í an ghníomhaíocht ullmhúcháin an bealach is fearr chun athléimneacht a fhorbairt i ngach réimse le haghaidh géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo;
54.á iarraidh go n-áireofaí an comhionannas inscne mar cheann de na tosaíochtaí beartais atá le réiteach sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa atá le teacht agus go ndéanfadh AE cothromaíocht inscne ina chomhlachtaí a áirithiú agus eagraíochtaí chearta na mban agus eagraíochtaí ban a rannpháirtiú ina obair chun a áirithiú go ndéanfar riachtanais na mban a chur san áireamh tar éis phaindéim COVID-19;
55.á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit timpeallacht thacúil a choinneáil le haghaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe trí thacaíocht pholaitiúil agus leibhéal leordhóthanach cistiúcháin;
o oo
56.á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (IO L 6, 10.1.1979, lch. 24).
Treoir 86/613/CEE an 11 Nollaig 1986 ón gComhairle maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal na córa comhionainne idir mná agus fir atá rannpháirteach i ngníomhaíocht, lena n-áirítear an talmhaíocht, i gcáil fhéinfhostaithe, agus maidir le cosaint do mhná féinfhostaithe le linn toirchis agus máithreachais (IO L 359, 19.12.1986, lch. 56).
Treoir 92/85/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le bearta a thabhairt isteach arb é is aidhm dóibh feabhsúcháin a chur ar aghaidh ag an obair i dtaca le sábháilteacht agus sláinte oibrithe toircheasacha agus oibrithe atá tar éis leanbh a shaolú nó atá i mbun beathú cíche (an deichiú Treoir aonair de réir bhrí Airteagal16 (1) de Threoir89/391/CEE) (IO L 348, 28.11.1992, lch. 1).
Treoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (IO L 373, 21.12.2004, lch. 37).
Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23).
Treoir 2010/18/AE ón gComhairle an 8 Márta 2010 lena ndéantar an Comhaontú Réime athbhreithnithe um shaoire do thuismitheoirí a thug BUSINESSEUROPE, UEAPME, CEEP agus CEC chun críche a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Treoir 96/34/CE (IO L 68, 18.3.2010, lch. 13).
Treoir 2010/41/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bhonn féinfhostaithe a chur i bhfeidhm agus lena n-aisghairtear Treoir 86/613/CEE ón gComhairle (IO L 180, 15.7.2010, lch. 1).
Eurofound, Closing gender gaps in employment: defending progress and responding to COVID-19 challenges [Bearnaí inscne i bhfostaíocht a líonadh: dul chun cinn a chosaint agus dúshláin COVID-19 a fhreagairt] (2020).
Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lch. 1).
Treoir2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25Deireadh Fómhair2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta (IO L315, 14.11.2012, lch.57).
Tuarascáil ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2020 maidir le cur chun feidhme Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta ().